Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear)

23 1968


Uimhir 23 de 1968


AN tACHT UM AM CAIGHDEÁNACH, 1968

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO BHUNÚ AN tAM CHUN CRÍOCHA GINEARÁLTA UAIR A CHLOIG CHUN TOSAIGH AR MHEÁN-AM GREENWICH AR FEADH NA BLIANA. [15 Iúil, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Am caighdeánach.

1925, Uimh. 8 .

1. —(1) Beidh an t-am chun críocha ginearálta sa Stát (ar a dtabharfar am caighdeánach) uair a chloig chun tosaigh ar mheán-am Greenwich ar feadh na bliana agus, mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite, forléireofar dá réir sin aon tagairt do phointe sonraithe ama in aon achtachán nó in aon doiciméad dlíthiúil (cibé acu roimh dháta, nó tar éis dáta, an Achta seo a rith a ritheadh nó a rinneadh sin).

(2) Aon achtachán a ndeirtear ann go mbeidh sé i ngníomh nó go mbeidh feidhm aige i gcaitheamh tréimhse ama shamhraidh forléireofar é mar achtachán a bheidh i ngníomh nó a mbeidh feidhm aige i gcaitheamh na tréimhse atá forordaithe mar thréimhse an ama shamhraidh leis an Acht um Am Samhraidh, 1925 , agus leis an Ordú um Am Samhraidh, 1926, is é sin le rá, an tréimhse dar tosach an trí a chlog maidin an lae díreach tar éis an tríú Satharn i mí Aibreáin nó, más Domhnach Cásca an lá sin, dar tosach an uair sin den lá díreach tar éis an dara Satharn i mí Aibreáin agus, i gceachtar cás, dar críoch an uair sin maidin an lae díreach tar éis an chéad Shathairn i mí Deireadh Fómhair.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'úsáid meán-ama Greenwich chun críocha réalteolaíochta, meitéareolaíochta, loingseoireachta nó críocha eile a bhfuil glactha leis an am sin chucu de thairbhe úsáid idirnáisiúnta, ná d'fhorléiriú aon doiciméid a thagraíonn do phointe ama i ndáil le haon chríoch acu sin.

Gearrtheideal, tosach feidhme agus aisghairm.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Am Caighdeánach, 1968 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 27ú lá de Dheireadh Fómhair, 1968.

(3) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.