Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear)

17 1968


Uimhir 17 de 1968


AN tACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (UALACHLÍNTE), 1968

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE hUALACHLÍNTE DO LONGA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[24 Meitheamh, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1955, Uimh. 29 .

1955, Uimh. 29 .

1. —(1) San Acht seo, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “athrú” meath;

folaíonn “imréitheach” transire;

ciallaíonn “Coinbhinsiún 1966” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Ualachlínte a síníodh i Londain an 5ú lá d'Aibreán, 1966;

tá le “tír Choinbhinsiúin” agus “Rialtais Chonarthacha” na bríonna a shanntar dóibh le halt 30 (2) den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta;

ciallaíonn “máthairthír”, maidir le long, an tír nó an chríoch ina bhfuil an long cláraithe, nó, mura bhfuil an long cláraithe in aon áit, an tír nó an chríoch arb í a bratach a bhíonn ar foluain ag an long;

ciallaíonn “long chláraithe” long atá cláraithe faoin Acht Loingis Thráchtála, 1955 ;

tá le “deimhniú Coinbhinsiúin bailí” an bhrí a shanntar dó le halt 13 (5) den Acht seo.

(2) San Acht seo, faoi réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, ciallaíonn “turas idirnáisiúnta” turas—

(a) idir port sa Stát agus port lasmuigh den Stát, nó

(b) idir port i dtír Choinbhinsiúin (seachas an Stát) agus port in aon tír nó críoch eile (cibé acu tír Choinbhinsiúin í nó nach ea) atá lasmuigh den Stát.

(3) D'fhonn a chinneadh, chun críocha an fho-ailt deiridh roimhe seo, cad iad na poirt arb eatarthu a rinneadh nó a dhéanfar turas, ní áireofar aon chlaonadh ag an long óna turas beartaithe arb é is aonchúis leis drochaimsir nó aon imthoisc eile nach bhféadfadh an máistir ná an t-úinéir ná an cairtfhostóir (má b'ann) a chosc ná a oirichill; agus, chun críocha an fho-ailt sin, measfar gur críoch faoi leith aon chóilíneacht, coimireas nó spleáchríoch eile a bhfuil Rialtas freagrach ar leithligh ina caidreamh idirnáisiúnta agus aon chríoch arb iad na Náisiúin Aontaithe an t-údarás riaracháin ina leith.

(4) San Acht seo ciallaíonn “long nua” long ar leagadh a cíle, nó a bhí sa mhea déanmhais sin, ar an dáta ábhartha nó dáta dá éis sin, agus ciallaíonn “long láithreach” long nach long nua; agus chun críocha an fho-ailt seo is é an dáta ábhartha—

(a) maidir le long ar tír Choinbhinsiúin seachas an Stát a máthairthír, an dáta a ndearbhófar faoi alt 30 den Acht seo go bhfuil Rialtas na tíre sin tar éis glacadh, nó tar aontachas a thabhairt, le Coinbhinsiún 1966 nó gur críoch í a roicheann an Coinbhinsiún sin chuici, agus

(b) maidir le haon long eile, dáta tosach feidhme an Achta seo.

(5) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'olltonnáiste loinge a fhorléiriú mar thagairt do thonnáiste na loinge arna fhionnadh de réir rialacháin olltonnáiste an Achta Loingis Thráchtála, 1955 ; agus, má bhíonn malairt tonnáiste sannta do long de réir na rialachán sin, measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an tonnáiste is mó acu olltonnáiste na loinge.

(6) Chun críocha an Achta seo fionnfar fad loinge de réir rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo.

(7) Déanfar aon tagairt atá san Acht seo d'aon fhoráil atá i gCoinbhinsiún 1966 a fhorléiriú, maidir le haon tráth tar éis an fhoráil sin a leasú de bhun Airteagal 29 den Choinbhinsiún sin, mar thagairt don fhoráil sin arna leasú amhlaidh.

(8) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt atá san Acht seo d'achtachán mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile nó faoi.

Longa lena mbaineann an tAcht seo.

2. —Baineann an tAcht seo le gach long seachas—

(a) longa cogaidh;

(b) longa a bhíonn ag gabháil d'iascaireacht agus d'iascaireacht amháin; agus

(c) luaimh phléisiúir nach mbíonn ag gabháil do thrádáil.

Rialacha ualachlíne.

3. —(1) Déanfaidh an tAire rialacha de réir na bhforálacha seo a leanas den Acht seo (ar a dtabharfar agus dá ngairtear san Acht seo na rialacha ualachlíne), agus le linn don Aire a bheith ag déanamh na rialacha sin beidh aird shonrach aige ar Choinbhinsiún 1966.

(2) Beidh foráil sna rialacha ualachlíne—

(a) chun suirbhéireacht agus iniúchadh tréimhsiúil a dhéanamh ar longa lena mbaineann an tAcht seo;

(b) chun saorbhoird a shannfar ó am go ham do na longa sin a chinneadh;

(c) chun cinneadh a dhéanamh, maidir le haon long den sórt sin, ar an leibheann a measfar gurb é leibheann saorbhoird na loinge é, agus chun a cheangal go ndéanfar ionad an leibhinn sin a shonrú ar gach taobh den long le marc de thuairisc a fhorordóidh na rialacha; agus

(d) chun cinneadh a dhéanamh, faoi threoir an mhairc sin agus na saorbhord a bheidh sannta de thuras na huaire d'aon long den sórt sin, ar na hionaid ina ndéanfar línte de thuairisc a fhorordóidh na rialacha a mharcáil ar gach taobh den long, ag sonrú na ndoimhneas iomaí a fhéadfar an long a luchtú i gcúinsí a fhorordóidh na rialacha.

(3) Beidh na forálacha seo a leanas sna rialacha ualachlíne, is é sin le rá—

(a) forálacha ag sonrú cibé ceanglais i leith cabhaileanna, fordhéanmhais, feistis agus fearais long lena mbaineann an tAcht seo is dóigh leis an Aire a bheith iomchuí i ndáil le saorbhoird a shannadh do longa den sórt sin;

(b) forálacha trína ndéanfar, an tráth a shannfar saorbhoird do long de réir na rialacha ualachlíne, na sonraí sin i dtaobh na gceanglas sin a chinnfear de réir na rialacha a thaifeadadh i cibé slí a chinnfear amhlaidh; agus

(c) forálacha chun a chinneadh faoi threoir na gceanglas sin agus an taifid sin an bhfuil sé, aon tráth tar éis saorbhoird a shannadh amhlaidh do long agus an fad a leanfaidh siad de bheith sannta amhlaidh, le meas, chun críocha an Achta seo, go gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an long na coinníollacha sannaidh;

agus leagfar amach na coinníollacha sin ar leithligh sna rialacha ualachlíne faoin teideal “rialacha maidir le coinníollacha sannaidh”.

(4) Beidh sna rialacha ualachlíne freisin forálacha d'iarraidh cibé eolas i dtaobh cobhsaíocht aon loinge dá sannfar saorbhoird faoi na rialacha sin, agus cibé eolas i dtaobh luchtú agus ballastú aon loinge den sórt sin, a chinnfear de réir na rialacha a chuirfear ar fáil mar threoir do mháistir na loinge i cibé slí a chinnfear amhlaidh.

(5) Maidir le haon ábhar a n-údaraítear nó a gceanglaítear leis an Acht seo iad a fhorordú leis na rialacha ualachlíne féadfaidh na rialacha sin foráil éagsúil a dhéanamh faoi threoir aon cheann (nó aon chónaisc) díobh seo a leanas, is é sin le rá, tuairiscí éagsúla long, limistéir éagsúla, ráithí éagsúla den bhliain agus aon chúinsí éagsúla eile.

(6) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, san Acht seo ciallaíonn “leibheannlíne” marc den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (c) den alt seo agus ciallaíonn “ualachlínte” línte den sórt dá dtagaítear i bhfo-alt (2) (d) den alt seo.

Longa cláraithe do chomhlíonadh rialacha ualachlíne.

1894, c. 60.

4. —(1) Faoi réir aon díolúine a thugtar leis an Acht seo nó faoi, ní rachaidh long lena mbaineann an tAcht seo, is long chláraithe, chun farraige, ná ní fhéachfaidh sí le dul chun farraige, mura rud é—

(a) go mbeidh suirbhéireacht de réir na rialacha ualachlíne déanta ar an long;

(b) go mbeidh leibheannlíne agus ualachlínte marcáilte de réir na rialacha sin ar an long;

(c) go gcomhlíonann an long na coinníollacha sannaidh; agus

(d) go mbeidh an t-eolas a cheanglaítear leis na rialacha sin a sholáthar mar a luaitear in alt 3 (4) den Acht seo soláthraithe mar threoir do mháistir na loinge sa tslí a cinneadh de réir na rialacha.

(2) Má théann aon long chun farraige, nó má fhéachann sí le dul chun farraige, contrártha don fho-alt roimhe seo, beidh úinéir nó máistir na loinge ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomhair, fíneáil nach mó ná céad punt, agus, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná dhá chéad punt, a chur air.

(3) Aon long a fhéachfaidh le dul chun farraige, contrártha d'fho-alt (1) den alt seo, gan suirbhéireacht agus marcáil mar a luaitear i míreanna (a) agus (b) den fho-alt sin, féadfar í a choinneáil nó go ndéanfar í a shuirbhéireacht agus a mharcáil amhlaidh.

(4) Aon long den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo nach gcomhlíonann na coinníollacha sannaidh measfar í a bheith neamhshábháilte chun críocha alt 459 den Merchant Shipping Act, 1894.

Ualachlínte ar longa cláraithe a bhá.

5. —(1) Ní dhéanfar aon long lena mbaineann an tAcht seo, is long chláraithe agus a bhfuil ualachlínte marcáilte uirthi, a luchtú chomh mór sin—

(a) má bhíonn an long sa sáile agus gan aon liosta uirthi, go mbeidh an ualachlíne iomchuí ar gach aon taobh den long báite, nó

(b) in aon chás eile, go mbeadh an ualachlíne iomchuí ar gach aon taobh den long báite dá mbeadh an long sa sáile agus gan aon liosta uirthi.

(2) Má luchtaítear aon long contrártha don fho-alt roimhe seo, beidh úinéir agus máistir na loinge, gach duine acu (faoi réir fho-alt (5) den alt seo) ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus ar é chiontú ar díotáil dlífear go gcuirfear air—

(a) fíneáil nach mó ná ceithre chéad punt, agus

(b) cibé fíneáil bhreise, nach mó ná méid arna ríomh de réir an fho-ailt díreach ina dhiaidh seo, is oiriúnach leis an gcúirt a fhorchur, ag féachaint don mhéadú ar chumas tuillimh na loinge de dhroim an tsáraithe.

(3) Ní rachaidh aon fhíneáil bhreise a fhorchuirfear faoi fho-ailt (2) (b) den alt seo thar ceithre chéad punt in aghaidh gach orlaigh iomláin, agus in aghaidh gach codáin d'orlach i dteannta agus os cionn orlach iomlán nó níos mó—

(a) i gcás faoi réim fho-alt (1) (a) den alt seo, a báitheadh an ualachlíne iomchuí ar gach taobh den long, nó

(b) i gcás faoi réim fho-alt (1) (b) den alt seo, a bháifí, mar a luaitear ansin, an ualachlíne iomchuí ar gach taobh den long;

agus, más lú ná orlach iomlán an méid a báitheadh nó a bháifí an ualachlíne, ní rachaidh aon fhíneáil bhreise den sórt sin thar ceithre chéad punt.

(4) Aon mháistir loinge a thabharfaidh an long chun farraige agus í luchtaithe contrártha d'fho-alt (1) den alt seo, nó aon duine eile, agus cúis aige a chreidiúint go bhfuil an long luchtaithe amhlaidh, a chuirfidh chun farraige í nó a bheidh páirteach ina cur chun farraige agus í luchtaithe contrártha don fho-alt sin beidh sé (gan dochar d'aon fhíneáil a dhlífear a chur air i leith ciona faoi fho-alt (2) den alt seo) ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, agus

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil a chur air a mbeidh inti cibé méid is cuí leis an gcúirt.

(5) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoi fho-alt (2) den alt seo, is cosaint a chruthú gur chlaonadh nó moill ab aon-chúis leis an sárú agus gurbh é ab aon-chúis leis an gclaonadh nó leis an moill drochaimsir nó imthosca eile nach bhféadfadh an máistir ná an t-úinéir ná an cairtfhostóir (má b'ann) a chosc ná a oirichill.

(6) Gan dochar d'aon imeachtaí faoi na forálacha roimhe seo den alt seo, féadfar aon long a bheidh luchtaithe contrártha d'fho-alt (1) a choinneáil nó go scoirfidh sí de bheith luchtaithe amhlaidh.

(7) Chun críocha an ailt seo a chur chun feidhme maidir le long in aon imthosca a fhorordaítear leis na rialacha ualachlíne de réir alt 3 (2) (d) den Acht seo, ciallaíonn “an ualachlíne iomchuí” an ualachlíne a shonraíonn an doimhneas uasta is cead an long a luchtú sa sáile sna himthosca sin.

Cionta ilghnéitheacha maidir le marcanna.

6. —I gcás ina ndéanfar long lena mbaineann an tAcht seo, is long chláraithe, a mharcáil de réir aon cheanglais maidir le marcáil a fhorchuirtear leis an Acht seo nó a bheidh forchurtha faoi, ansin—

(a) má mhainníonn úinéir nó máistir na loinge, gan chúis réasúnach, an long a choimeád marcáilte amhlaidh, nó

(b) má dhéanann aon duine, nó má chuireann sé faoi deara nó a cheadú d'aon duine faoina rialú, aon mharc a bheidh marcáilte amhlaidh ar an long a athrú, a aistriú, a aghlot nó a scriosadh, ach amháin i gcás ina ndéanfaidh duine ag a mbeidh cumhacht faoi na rialacha ualachlíne é a údarú chuige sin,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná céad punt, agus ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná dhá chéad punt, a chur air.

Deimhnithe ualachlíne a eisiúint.

7. —(1) I gcás ina ndéanfar long lena mbaineann an tAcht seo, is long chláraithe, a shuirbhéireacht agus a mharcáil de réir na rialacha ualachlíne, eiseofar an deimhniú iomchuí chun úineára na loinge ar é a iarraidh.

(2) Chun críocha an ailt seo is éard é an deimhniú iomchuí—

(a) i gcás long láithreach nach lú ná céad go leith tonna olltonnáiste, agus i gcás long nua nach lú ná fiche a ceathair méadar ar fhad, deimhniú ar a dtabharfar agus dá ngairtear san Acht seo Deimhniú Ualachlíne Idirnáisiúnta (1966), agus

(b) i gcás aon loinge eile, deimhniú ar a dtabharfar agus dá ngairtear san Acht seo deimhniú ualachlíne Éireannach.

(3) Faoi réir an chéad fho-ailt eile, aon deimhniú a cheanglaítear le fo-alt (1) den alt seo a eisiúint—

(a) is é an tAire a eiseoidh é nó duine ag á mbeidh údarás chuige sin ón Aire, agus

(b) is i cibé foirm a bheidh sé, agus eiseofar é i cibé slí, a fhorordófar leis na rialacha ualachlíne.

(4) Féadfaidh an tAire a iarraidh ar Rialtas Stáit Chonarthaigh seachas an Stát Deimhniú Ualachlíne Idirnáisiúnta (1966) a eisiúint i leith aon loinge lena mbaineann an tAcht seo is long chláraithe agus a thagann faoi réim fho-alt (2) (a) den alt seo; agus beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas den Acht seo maidir le deimhniú den sórt sin a eiseofar amhlaidh, ina mbeidh ráiteas gur eisíodh é ar iarratas ón Aire, mar atá éifeacht acu maidir le Deimhniú Ualachlíne Idirnáisiúnta (1966) a d'eisigh an tAire.

Éifeacht deimhnithe ualachlíne.

8. —I gcás ina ndéanfar deimhniú, a eisíodh de bhun alt 7 den Acht seo agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, a thabhairt ar aird i leith na loinge lena mbaineann an deimhniú—

(a) measfar go ndearnadh suirbhéireacht de réir na rialacha ualachlíne ar an long, agus

(b) má bhíonn línte a bheidh marcáilte ar an long ar comhréir ó thaobh lín agus tuairisce leis an leibheannlíne agus na hualachlínte a cheanglaítear leis na rialacha ualachlíne, agus má bhíonn ionaid na línte sin a bheidh marcáilte amhlaidh ar comhréir le hionaid na leibheannlíne agus na n-ualachlínte mar a bheidh sonraithe sa deimhniú, measfar an long a bheith marcáilte mar a cheanglaítear leis na rialacha sin.

Ré, formhuiniú agus cealú deimhnithe ualachlíne.

9. —(1) Beidh sna rialacha ualachlíne foráil chun an tréimhse a chinneadh a leanfaidh aon deimhniú a eiseofar faoi alt 7 den Acht seo i bhfeidhm, lena n-áirítear—

(a) foráil ag tabhairt cumhachta an tréimhse ar eisíodh aon deimhniú den sórt sin ina haghaidh i gcéadóir a shíneadh laistigh de cibé teorainneacha agus i cibé imthosca a fhorordófar leis na rialacha, agus

(b) foráil chun aon deimhniú den sórt sin a chealú i cibé imthosca a fhorordófar amhlaidh.

(2) An fad a bheidh aon deimhniú den sórt sin i bhfeidhm i leith loinge, formhuineofar ar an deimhniú cibé eolas i dtaobh—

(a) iniúchadh tréimhsiúil ar an long de réir na rialacha ualachlíne, agus

(b) aon síneadh ar an tréimhse ar eisíodh an deimhniú ina haghaidh,

a fhorordófar leis na rialacha.

Ní rachaidh longa chun farraige gan deimhniú ualachlíne.

10. —(1) Faoi réir aon díolúine a thugtar leis an Acht seo nó faoi, ní rachaidh an long lena mbaineanna an tAcht seo, is long chláraithe, chun farraige, ná ní fhéachfaidh sí le dul chun farrainge, mura mbeidh an deimhniú iomchuí i bhfeidhm maidir leis an long.

(2) Sula rachaidh aon long den sórt sin chun farraige, tabharfaidh máistir na loinge an deimhniú iomchuí ar aird don oifigeach custam ar a n-éileofar imréiteach don long; agus ní thabharfar imréiteach, agus féadfar an long a choinneáil, nó go dtahfar an dheimhniú iomchuí ar aird amhlaidh.

(3) Má théann aon long chun farraige, nó má fhéachann sí le dul chun farraige, contrártha don alt seo, beidh máistir na loinge ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomhair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt, agus ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná dhá chéad punt, a chur air.

(4) San alt seo, ciallaíonn “an deimhniú iomchuí” an deimhniú arb é an deimhniú iomchuí é chun críocha alt 7 den Acht seo.

Deimhniú ualachlíne a fhoilsiú agus sonraí a thaifeadadh sa leabhar loinge oifigiúil.

11. —(1) Nuair a eiseofar deimhniú i leith loinge faoi alt 7 den Acht seo—

(a) déanfaidh an t-úinéir, láithreach ar an deimhniú a fháil, a chur faoi deara é a fhrámáil agus a chur suas in áit fheiceálach éigin ar bhord na loinge, agus cuirfidh sé faoi deara é a choimeád frámáilte agus curtha suas amhlaidh agus inléite an fad a leanfaidh an deimhniú i bhfeidhm agus an long á húsáid, agus

(b) sula gcuirfidh máistir na loinge aon taifead eile in aon leabhar loinge oifigiúil a bhainfidh leis an long, taifeadfaidh sé ann na sonraí maidir le hionaid na leibheannlíne agus na n-ualachlínte a bheidh sonraithe sa deimhniú.

(2) Sula bhfágfaidh aon long lena mbaineann an tAcht seo, is long chláraithe, aon duga, caladh, cuan nó áit eile chun dul chun farraige—

(a) taifeadfaidh máistir na loinge sa leabhar loinge oifigiúil cibé sonraí i dtaobh an doimhnis a bheidh an long luchtaithe de thuras na huaire a bheidh forordaithe le rialacháin a rinne an tAire faoin Acht seo, agus

(b) faoi réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, cuirfidh máistir na loinge faoi deara fógra i cibé foirm agus ina mbeidh na cinn sin de na sonraí a bheidh sonraithe sna rialacháin chun críocha na míre seo a chur suas in áit fheiceálach éigin ar bhord na loinge;

agus, i gcás ina mbeidh fógra den sórt sin curtha suas, cuirfidh máistir na loinge faoi deara é a choimeád curtha suas amhlaidh agus inléite go dtí go sroichfidh an long duga, caladh, cuan nó áit éigin eile.

(3) Féadfaidh rialacháin long trádála baile, ní aon aicme long trádála baile a shonrófar sna rialacháin, a dhíolmhadh ó na ceanglais maidir le fógraí atá san fho-alt deiridh roimhe seo.

(4) Má mhainníonn duine déanamh de réir aon rialachán a fhorchuirtear air leis na forálacha roimhe seo den alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Iniúchadh ar longa.

1894, c. 60.

12. —(1) Féadfaidh suirbhéir loinge nó innealtóir-shuirbhéir loinge aon long lena mbaineann an tAcht seo, is long chláraithe, a iniúchadh, go bhfeicfidh sé ar comhlíonadh forálacha an Achta seo maidir leis an long.

(2) Chun críocha aon iniúchta den sórt sin beidh ag aon suirbhéir den sórt sin cumhachtaí uile cigire faoin Merchant Shipping Act, 1894.

Deimhnithe Coinbhinsiúin bailí.

13. —(1) Baineann an tAcht seo le haon long is long lena mbaineann an tAcht seo agus nach long chláraithe—

(a) agus atá cláraithe i dtír Choinbhinsiúin, nó nach bhfuil cláraithe in aon tír den sórt sin ná in aon áit eile, agus a mbíonn bratach tíre Coinbhinsiúin ar foluain uirthi, agus

(b) is long láithreach nach lú ná céad agus caoga tonna olltonnáiste nó long nua nach giorra ná fiche a ceathair méadar ar fhad.

(2) Féadfaidh an tAire, ar Rialtas máthairthíre loinge lena mbaineann an t-alt seo á iarraidh, deimhniú i cibé foirm a fhorordófar leis na rialacha ualachlíne a eisiúint i leith na loinge, más deimhin leis an Aire go bhféadfadh sé go cuí deimhniú a eisiúint i leith na loinge faoi alt 7 (1) den Acht seo dá mba long chláraithe an long.

(3) Beidh sna rialacha ualachlíne cibé foráil is dóigh leis an Aire a bheith iomchuí chun a áirithiú go n-aithneofar chun críocha an Achta seo i cibé imthosca a fhorordófar leis na rialacha deimhnithe a eisíodh mar Dheimhnithe Ualachlíne Idirnáisiúnta (1966) i leith longa lena mbaineann an t-alt seo agus a eisíodh amhlaidh ag Rialtais seachas an Rialtas.

(4) Beidh deimhnithe a eisíodh mar a luaitear i bhfo-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo ar áireamh na ndeimhnithe ar a dtugtar “Deimhnithe Ualachlíne Idirnáisiúnta (1966)”.

(5) San Acht seo ciallaíonn “deimhniú Coinbhinsiúin bailí” deimhniú—

(a) a eisíodh faoi fho-alt (2) den alt seo agus atá i bhfeidhm de thuras na huaire, nó

(b) a eisíodh mar a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo agus a thabharfar ar aird in imthosca a gceanglaítear leis na rialacha ualachlíne é a aithint chun críocha an Achta seo.

Longa seachas longa cláraithe do chomhlíonadh na rialacha ualachlíne.

1894, c. 60.

14. —(1) Faoi réir an fho-ailt díreach ina dhiaidh seo, agus aon díolúine a thugtar leis an Acht seo nó faoi, ní rachaidh long lena mbaineann an tAcht seo, nach long chláraithe, chun farraige, ná ní fhéachfaidh sí le dul chun farraige, ó aon phort sa Stát mura rud é—

(a) go mbeidh suirbhéireacht de réir na rialacha ualachlíne déanta ar an long;

(b) go mbeidh leibheannlíne agus ualachlínte marcáilte de réir na rialacha sin ar an long;

(c) go gcomhlíonann an long na rialacha sannaidh; agus

(d) go mbeidh an t-eolas a cheanglaítear leis na rialacha sin a sholáthar mar a luaitear in alt 3 (4) den Acht seo soláthraithe mar threoir do mháistir na loinge sa tslí a cinneadh de réir na rialacha.

(2) Ní bhaineann an fo-alt sin roimhe seo le long a dtabharfar deimhniú Coinbhinsiúin bailí ar aird ina leith.

(3) Má théann aon long chun farrainge, nó má fhéachann sí le dul chun farraige, contrártha do na forálacha roimhe seo den alt seo, beidh úinéir agus máistir na loinge, gach duine acu, ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó céad punt, agus ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná dhá chéad punt, a chur air.

(4) Aon long a fhéachfaidh le dul chun farraige, contrártha don alt seo, gan suirbhéireacht agus marcáil mar a luaitear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) den alt seo, féadfar í a choinneáil nó go ndéanfar í a shuirbhéireacht agus a mharcáil amhlaidh.

(5) Aon long den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo (nach long a dtabharfar deimhniú Coinbhinsiúin bailí ar aird ina leith) nach gcomhlíonann na coinníollacha sannaidh—

(a) más long Éireannach an long, measfar í a bheith neamhshábhailte chun críocha alt 459 den Merchant Shipping Act, 1894, nó

(b) más long choigríche an long, beidh éifeacht ag alt 462 den Acht sin maidir leis an long ionann is dá mbeadh sí neamhshábháilte mar gheall ar cheann de na hábhair a shonraítear san alt sin

Ualachlínte ar longa seachas longa cláraithe a bhá.

15. —(1) I gcás ina mbeidh long lena mbaineann an tAcht seo, nach long chláraithe, in aon phort sa Stát, agus ualachlínte marcáilte uirthi, ní luchtófar an long chomh mór sin—

(a) má bhíonn an long sa sáile agus gan aon liosta uirthi, go mbeidh an ualachlíne iomchuí ar gach aon taobh den long báite, nó

(b) in aon chás eile, go mbeadh an ualachlíne iomchuí ar gach aon taobh den long báite dá mbeadh an long sa sáile agus gan aon liosta uirthi.

(2) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2), (3), (5) agus (6) d'alt 5 den Acht seo chun críocha an ailt seo ionann is dá mba éard aon tagairt sna fo-ailt sin d'fho-alt (1) den alt sin, nó do mhír (a) nó do mhír (b) den fho-alt sin (1), tagairt d'fho-alt (1) nó (de réir mar a bheidh) tagairt don mhír chomhréire d'fho-alt (1) den alt seo:

Ar choinníoll nach ndéanfar, i gcás long lena mbaineann alt 13 den Acht seo, an long a choinneáil ná aon imeachtaí a thionscnamh de bhua an fho-ailt seo mura mbeidh suirbhéir loinge nó innealtóirshuirbhéir loinge tar éis an long a iniúchadh de bhun alt 18 den Acht seo.

(3) Maidir le long a dtabharfar deimhniú Coinbhinsiúin bailí ar aird ina leith ciallaíonn “ualachlíne” i bhfo-alt (1) den alt seo líne atá marcáilte ar an long san ionad d'ualachlíne a shonraítear sa deimhniú sin; agus chun críocha na bhforálacha iomchuí a chur chun feidhme maidir leis an long sin in aon imthosca dá sonraítear ualachlíne áirithe sa deimhniú, ciallaíonn “an ualachlíne iomchuí” an ualachlíne a shonraíonn, dé réir an deimhnithe, an doimhneas uasta is féidir an long a luchtú sa sáile sna himthosca sin.

(4) I gcás nach dtabharfar deimhniú Coinbhinsiúin bailí ar aird maidir le long, ansin, chun críocha na bhforálacha iomchuí a chur chun feidhme maidir leis an long sin in aon imthosca a fhorordaítear leis na rialacha ualachlíne de réir alt 3 (2) (d) den Acht seo, ciallaíonn “an ualachlíne iomchuí” an ualachlíne a shonraíonn, de réir na rialacha sin, an doimhneas uasta is féidir an long a luchtú sa sáile sna himthosca sin.

(5) I bhfo-ailt (3) agus (4) den alt seo ciallaíonn “na forálacha iomchuí” forálacha fho-alt (1) den alt seo agus aon fhorálacha d'alt 5 den Acht seo arna gcur chun feidhme le fo-alt (2) den alt seo.

Deimhnithe ualachlíne Éireannacha.

16. —(1) I gcás ina mbeidh suirbhéireacht agus marcáil de réir na rialacha ualachlíne déanta ar long lena mbaineann an tAcht seo, nach long chláraithe, ansin, ar úinéir na loinge á iarraidh, eiseoidh an tAire nó duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire deimhniú ualachlíne Éireannach chuige.

(2) Faoi réir an fho-ailt díreach ina dhiaidh seo, beidh éifeacht ag forálacha ailt 8 agus 9 den Acht seo maidir le deimhniú a eisíodh faoin bhfo-alt roimhe seo mar atá éifeacht acu maidir le deimhniú a eisíodh faoi alt 7 den Acht seo.

(3) Aon deimhniú a eiseofar faoi fho-alt (1) den alt seo i leith long lena mbaineann alt 13 den Acht seo beidh sé dleathach an fad agus amháin an fad nach mbeidh an long ag dul ar thurais idirnáisiúnta, agus cealóidh an tAire é má bhíonn cúis aige a chreidiúint go mbíonn an long ag dul ar thurais idirnáisiúnta.

Deimhniú a thabhairt ar aird d'oifigeach custam.

17. —(1) Faoi réir aon díolúine a thugtar leis an Acht seo nó faoi, sula rachaidh long lena mbaineann an tAcht seo, nach long chláraithe, chun farraige as aon phort sa Stát, tabharfaidh máistir na loinge an deimhniú iomchuí ar aird don oifigeach custam ar a n-éileofar imréiteach don long; agus ní thabharfar imréiteach, agus féadfar an long a choinneáil, nó go dtabharfar an deimhniú iomchuí ar aird.

(2) Chun críocha an ailt seo is é is deimhniú iomchuí ann—

(a) i gcás long lena mbaineann alt 13 den Acht seo, nuair a éilítear imréiteach don long i leith tuarais idirnáisúnta, deimhniú Coinbhinsiúin bailí;

(b) i gcás aon loinge den sórt sin, nuair a éilítear imréiteach don long i leith aon turais eile, deimhniú Coinbhinsiúin bailí nó deimhniú ualachlíne Éireannach atá i bhfeidhm de thuras na huaire i leith na loinge; agus

(c) in aon chás eile, deimhniú ualachlíne Éireannach atá i bhfeidhm de thuras na huaire maidir leis an long.

Forálacha maidir le hiniúchadh.

1894, c. 60.

1894, c. 60.

18. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, féadfaidh suirbhéir loinge nó innealtóir-shuirbhéir loinge aon long lena mbaineann an tAcht seo, nach long chláraithe, a iniúchadh le linn don long a bheith in aon phort sa Stát; agus chun críocha aon iniúchta den sórt sin beidh cumhachtaí uile cigire faoin Merchant Shipping Act, 1894, ag aon suirbhéir den sórt sin.

(2) Féadfaidh aon suirbhéir den sórt sin dul ar bord aon loinge lena mbaineann alt 13 den Acht seo, le linn don long a bheith in aon phort sa Stát, chun a éileamh go dtabharfar ar aird aon Deimhniú Ualachlíne Idirnáisiúnta (1966) nó deimhniú ualachlíne Éireannach a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire maidir leis an long.

(3) Má thugtar deimhniú Coinbhinsiúin bailí den sórt sin ar aird i leith na loinge don suirbhéir ar aon éileamh den sórt sin a dhéanamh, is é a mbeidh de chumhacht ag an suirbhéir faoi fho-alt (1) den alt seo a fheiceáil—

(a) nach bhfuil an long luchtaithe thar na teorainneacha a cheadaítear leis an deimhniú;

(b) go bhfuil línte marcáilte ar an long in ionaid na n-ualachlínte a shonraítear sa deimhniú;

(c) nach ndearnadh aon athruithe ábhartha ar chabhail ná ar bharrdhéanmhais na loinge a dhéanann difear don ionad inar ceart aon línte acu sin a mharcáil; agus

(d) go bhfuil na feistis agus na fearais chun oscailtí a chosaint, na gardráillí, na comhlathoill agus na meáin rochtaine go dtí ceathrúna na foirne coimeádta chomh héifeachtach ar an long is a bhíodar nuair a eisíodh an deimhniú.

(4) Má fhaightear amach, ar long a iniúchadh faoin bhfo-alt seo, go bhfuil an long athraithe chomh hábhartha sin maidir leis na nithe a luaitear i mír (c) nó i mír (d) den fho-alt deiridh roimhe seo gur léir an long a bheith neamhoiriúnach le dul chun farraige gan bheith ina baol báis do dhaoine, ansin—

(a) más long Éireannach an long, measfar í a bheith neamhshábháilte chun críocha alt 459 den Merchant Shipping Act, 1894, nó

(b) más long choigríche an long, beidh éifeacht ag alt 462 den Acht sin maidir leis an long ionann is dá mbeadh sí neamhshábháilte mar gheall ar cheann de na hábhair a shonraítear san alt sin.

(5) I gcás ina gcoinneofar long faoi fhorálacha an Achta sin arna gcur chun feidhme leis an bhfo-alt deiridh roimhe seo, ordóidh an tAire an long a urscaoileadh a luaithe is deimhin leis go bhfuil an long oiriúnach le dul chun farraige gan bheith ina baol báis do dhaoine.

Cumhacht chun orduithe díolúine a dhéanamh.

19. —(1) Más é tuairim an Aire go dtagann d'fhoscúlacht agus dála turas idirnáisiúnta—

(a) idir poirt gharchomharsanacha sa Stát agus i dtír Choinbhinsiúin eile, nó

(b) idir poirt gharchomharsanacha in aon dá cheann nó níos mó de thíortha nó críocha lasmuigh den Stát,

gur míréasúnach nó nach indéanta forálacha an Achta seo a chur chun feidhme maidir le long a bhíonn ag dul ar thurais den sórt sin agus gur deimhin leis an Aire go n-aontaíonn Rialtas na tíre nó na críche eile (nó, de réir mar a bheidh, Rialtas gach ceann de na tíortha nó na críocha eile) leis an tuairim sin, féadfaidh an tAire, le hordú a shonróidh na poirt sin, a ordú go mbeidh long a bhíonn ag dul ar thurais idirnáisiúnta idir na poirt sin, nó aon aicme long den sórt sin a shonrófar san ordú, díolmhaithe ó fhorálacha an Achta seo.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú a ordú go mbeidh longa faoi ochtó tonna cláraithe a bhíonn ag gabháil go heisiach don trádáil chósta, nó aon aicme long den sórt sin a shonrófar san ordú, díolmhaithe ó fhorálacha an Achta seo an fad nach mbeidh lucht ar iompar acu, nó (má fhorálann an t-ordú amhlaidh) díolmhaithe ó fhorálacha an Achta seo cibé acu a iompraíonn nó nach n-iompraíonn siad lucht.

(3) Aon ordú faoin alt seo féadfar é a dhéanamh faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire; agus, i gcás na ndéanfar aon ordú den sórt sin faoi réir coinníollacha, ní bhdeidh éifeacht ag an díolúine a thabharfar leis an ordú mura gcomhlíonann an long na coinníollacha.

Cumhachtaí breise chun longa a dhíolmhadh.

20. —(1) Aon tagairt atá san alt seo do long a dhíolmhadh is tagairt í don long a dhíolmhadh—

(a) ó fhorálacha uile an Achta seo agus na rialacha ualachlíne, nó

(b) ón gcuid sin de na forálacha sin a shonraítear san ionstraim a thugann an díolúine.

(2) Ar iarratas ó úinéir loinge lena mbaineann an tAcht seo, is long chláraithe agus is long láithreach nach lú ná céad agus caoga tonna olltonnáiste nó long nua nach giorra ná fiche a ceathair méadar ar fhad, féadfaidh an tAire an long a dhíolmhadh má bhíonn, dar leis, gnéithe nuaí ag gabháil leis an long de shórt go dtarlódh, dá gcaithfeadh an long ceanglais uile an Achta seo agus na rialacha ualachlíne a chomhlíonadh, go mb'fhéidir go mbacfaí go mór forbairt na ngnéithe sin agus a gcur i longa a bhíonn ag dul ar thurais idirnáisiúnta.

(3) Ar iarratas ó úinéir loinge lena mbaineann an tAcht seo agus atá cláraithe sa Stát agus—

(a) is long láithreach is lú ná céad agus caoga tonna olltonnáiste nó long nua is giorra ná fiche a ceathair méadar ar fhad, nó

(b) is long (nach dtagann faoi réim na míre sin roimhe seo) nach mbíonn ag dul ar thurais idirnáisiúnta,

féadfaidh an tAire an long a dhíolmhadh.

(4) Gan dochar don fho-alt deiridh roimhe seo, i gcás long lena mbaineann an tAcht seo, is long chláraithe agus is long láithreach nach lú ná chead agus caoga tonna olltonnáiste nó long nua nach giorra ná fiche a ceathair méadar ar fhad, nach gnách léi dul ar thurais idirnáisiúnta ach a mbeidh uirthi, i ndála neamhghnácha, dul ar thuras idirnáisiúnta amháin, féadfaidh an tAire, ar iarratas ó úinéir na loinge a shonróidh an turas idir náisiúnta áirithe sin, an long a dhíolmhadh le linn di a bheith ar an turas sin.

(5) Féadfar aon díolúine a thabharfar faoin alt seo a thabhairt faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire; agus, i gcás ina dtabharfar an díolúine sin faoi réir coinníollacha, ní bheidh éifeacht ag an díolúine mura gcomhlíonfar na coinníollacha sin.

Deimhnithe díolúine a eisiúint.

21. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an tAire long a dhíolmhadh faoin alt deiridh roimhe seo, eiseoidh sé an deimhniú iomchuí chun úinéir na loinge.

(2) Chun críocha an ailt seo, is éard é an deimhniú iomchuí—

(a) i gcás an díolúine a thabhairt faoi fho-alt (2) nó faoi fho-alt (4) den alt deiridh roimhe seo, deimhniú ar a dtabharfar Deimhniú Díolúine Ualachlíne Idirnáisiúnta, agus

(b) i gcás an díolúine a thabhairt faoi fho-alt (3) den alt sin, deimhniú ar a dtabharfar deimhniú díolúine ualachlíne Éireannach.

(3) Aon deimhniú a eiseofar faoin alt seo is i cibé foirm a bheidh sé, agus eiseofar é ar cibé modh, a fhorordófar leis na rialacha ualachlíne.

Ré agus foirceannadh díolúintí, agus ré, formhuiniú agus cealú deimhnithe díolúine.

22. —(1) Beidh foráil sna rialacha ualachlíne chun an tréimhse a chinneadh a leanfaidh aon díolúine a thabharfar faoi alt 20 den Acht seo, nó aon deimhniú a eiseofar faoi alt 21 den Acht seo, i bhfeidhm, lena n-áirítear—

(a) foráil ag tabhairt cumhachta an tréimhse ar tugadh nó ar eisíodh aon díolúine nó deimhniú den sórt sin ina haghaidh i gcéadóir a shíneadh laistigh de cibé teorainneacha agus i cibé imthosca a fhorordófar leis na rialacha, agus

(b) foráil chun aon díolúine den sórt sin a fhoirceannadh, agus chun aon deimhniú den sórt sin a chealú, i cibé imthosca a fhorordófar amhlaidh.

(2) An fad a bheidh aon deimhniú den sórt sin i bhfeidhm i leith loinge, formhuineofar ar an deimhniú cibé eolas i dtaobh—

(a) iniúchadh tréimhsiúil ar an long de réir na rialacha ualachlíne agus

(b) aon síneadh ar an tréimhse ar eisíodh an deimhniú ina haghaidh,

a fhorordófar leis na rialacha.

Deimhnithe Díolúine Ualachlíne Idirnáisiúnta.

23. —(1) Beidh cibé foráil sna rialacha ualachlíne a mheasfaidh an tAire is iomchuí chun a áirithiú maidir le deimhnithe díolúine a eiseofar, de réir Choinbhinsiún 1966, i leith longa lena mbaineann alt 13 den Acht seo agus a eiseofar amhlaidh ag Rialtas seachas an Rialtas go mbeidh, i cibé imthosca a fhorordóidh na rialacha, an éifeacht chéanna acu chun críocha an Achta seo agus dá mba dheimhnithe Coinbhinsiúin bailí iad.

(2) Beidh deimhnithe a eiseofar mar a luaitear san fho-alt roimhe seo ar áireamh Deimhnithe Díolúine Ualachlíne Idirnáisiúnta.

Ualachlínte foroinne.

1952, Uimh. 29 .

24. —(1) I gcás ina mbeidh, de bhua an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Múir a síníodh i Londain an 17ú lá de Mheitheamh, 1960, ualachlínte foroinne marcáilte ar ghaltán paisinéirí lena mbaineann an tAcht seo, is long chláraithe, agus gurb ísle an líne is ísle acu sin ná an líne arbh í, ar leith ón bhfo-alt seo, an ualachlíne iomchuí í chun críocha alt 5 den Acht seo, beidh éifeacht ag an alt sin 5 ionann is dá mba í an ualachlíne fhoroinne sin an ualachlíne iomchuí chun críocha an ailt sin.

(2) I gcás ina mbeidh, de bhun an Choinbhinsiúin réamhráite nó aon dlí de chuid aon tíre a rinneadh chun éifeacht a thabhairt don Choinbhinsiún sin, ualachlínte foroinne marcáilte ar ghaltán paisinéirí lena mbaineann an tAcht seo, nach long chláraithe, agus gurb ísle an líne is ísle acu sin ná an líne arbh í, ar leith ón bhfo-alt seo, an ualachlíne iomchuí í chun críocha alt 15 den Acht seo, beidh éifeacht ag an alt sin ionann is dá mba í an ualachlíne fhoroinne sin an ualachlíne iomchuí chun críocha an ailt sin.

(3) San alt seo tá le “galtán paisinéirí” an bhrí a shanntar dó le halt 43 den Acht Loingis Cheannaíochta (Coinbhinsiún Sábháilteachta), 1952.

Leibheannlast.

1894, c. 60.

25. —(1) Déanfaidh an tAire rialacháin (dá ngairtear rialacháin leibheannlasta san alt seo) ag forordú ceanglais a bheidh le comhlíonadh nuair a bheidh last ar iompar ar aon spás neamhchumhdaithe ar leibheann loinge lena mbaineann an tAcht seo; agus féadfar ceanglais éagsúla a fhorordú amhlaidh maidir le tuairiscí éagsúla long, tuairiscí éagsúla lasta, turais éagsúla nó aicmí éagsúla turas, ráithí éagsúla den bhliain nó aon imthosca éagsúla eile.

(2) Má bhíonn foráil (do chásanna i gcoitinne nó do chásanna áirithe nó d'aicmí áirithe cásanna) chun saorbhoird speisialta a shannadh do longa nach mbeidh éifeacht acu ach nuair a bheidh last adhmaid á iompar amhlaidh, ansin (gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt roimhe seo) féadfaidh na rialacháin leibheannlasta ceanglais áirithe a fhorordú a bheidh le comhlíonadh in imthosca ina mbeidh éifeacht ag aon saorbhord speisialta den sórt sin.

(3) Nuair a bheidh aon cheanglais speisialta den sórt a luaitear san fho-alt deiridh roimhe seo á bhforordú aige, beidh aird, go háirithe, ag an Aire ar fhorálacha Chaibidil IV de Choinbhinsiún 1966.

(4) Má sháraítear aon cheann d'fhorálacha na rialachán leibheannlasta—

(a) i gcás loinge cláraithe, nó

(b) i gcás aon loinge eile le linn don long a bheith in aon phort sa Stát,

beidh máistir na loinge (faoi réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo) ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt, agus ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná míle punt, a chur air.

(5) I gcás na gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo, is cosaint gur chlaonadh nó moill ab aon-chúis leis an sárú agus gurbh é ab aon-chúis leis an gclaonadh nó leis an moill drochaimsir nó imthosca nach bhféadfadh an máistir ná an t-úinéir ná an cairtfhostóir (má b'ann) a chosc ná a oirichill.

(6) Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacháin leibheannlasta, féadfaidh aon duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire iniúchadh a dhéanamh ar aon long lena mbaineann an tAcht seo a mbeidh last ar iompar aici in aon spás neamhchumhdaithe dá leibheann; agus chun críocha aon iniúchta den sórt sin beidh cumhachtaí uile cigire faoin Merchant Shipping Act, 1894, ag aon duine den sórt sin.

Forálacha maidir le táillí.

1894, c. 60.

26. —(1) Déanfar cibé táille a fhorordófar le rialacháin a dhéanfaidh an tAire le haontú an Aire Airgeadais a íoc i leith aon suirbhéireacht nó iniúchadh a dhéanfar de bhun na rialacha ualachlíne agus i leith aon deimhniú a eiseofar faoin Acht seo.

(2) Faoi réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, déanfar aon táillí is iníoctha faoin bhfo-alt roimhe seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste de réir orduithe ón Aire Airgeadais.

(3) Ní bhainfidh an fo-alt deiridh roimhe seo le haon táille a íocfar i leith—

(a) suirbhéireacht nó iniúchadh a dhéanfar ar shlí eile seachas ag suirbhéir long a ceapadh faoin Merchant Shipping Act, 1894, nó

(b) deimhniú a eiseofar ar shlí seachas ag an Aire.

Forálacha forlíontacha ilghnéitheacha.

1933, Uimh. 42 .

1894, c. 60.

27. —(1) Gan dochar d'oibriú an Achta seo, beidh éifeacht ag alt 63 den Acht Loingis Cheannaíochta (Convensiúin um Shábháltacht agus um Ualach-Líne), 1933 , ionann is dá bhfolódh aon tagairt ann don Acht sin tagairt don Acht seo.

(2) I gcás ina gcoinneofar long faoi aon fhoráil den Acht seo a dhéanann foráil chun long a choinneáil nó go dtarlóidh teagmhas a shonraítear san fhoráil sin, beidh feidhm ag alt 460 (2) den Merchant Shipping Act, 1894, ionann is dá mbeadh an long coinnithe go críochnaitheach faoin Acht sin.

(3) Beidh éifeacht ag forálacha ailt 280 agus 282 den Merchant Shipping Act, 1894, maidir le haon deimhniú is féidir a eisiúint faoin Acht seo mar atá éifeacht acu maidir le deimhniú galtáin phaisinéirí.

(4) Ní bheidh éifeacht ag alt 436 (3) den Merchant Shipping Act, 1894, maidir le longa lena mbaineann an tAcht seo, cé is moite d'aon long atá díolmhaithe ó fhorálacha uile an Achta seo de bhua aon ordaithe a rinneadh nó díolúine a tugadh faoin Acht seo.

(5) In imeachtaí in aon chúirt beidh doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú é a eisíodh faoin Acht seo inghlactha i bhfianaise agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur deimhniú den sórt sin é, agus beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na hábhair a bheidh luaite ann.

An éifeacht a bheidh ag deimhnithe ualachlíne de chuid tíortha áirithe.

28. —(1) Más dóigh leis an Rialtas i gcás aon tíre nó críche lasmuigh den Stát—

(a) go brfuil na forálacha, is cuid de dhlí na tíre nó na críche sin, ag a bhfuil éifeacht chun ualachlínte a mharcáil ar longa, agus chun deimhnithe a eisiúint i leith longa a bheidh marcáilte amhlaidh, bunaithe ar na prionsabail chéanna le forálacha comhréire an Achta seo agus aon rialacha nó rialachán faoin Acht seo agus go bhfuil siad chomh héifeachtach céanna, agus

(b) go bhfuil foráil déanta, nó go ndéanfar, de bhun aon chomhaontaithe, foráil, le dlí na tíre nó na críche sin chun aitheantas a thabhairt do dheimhnithe ualachlíne Éireannacha mar dheimhnithe ar comhéifeacht i bpoirt na tíre nó na críche sin le deimhnithe a eisíodh faoi na forálacha dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo,

féadfaidh an Rialtas le hordú a ordú (faoi réir an chéad fho-ailt eile) go mbeidh an éifeacht chéanna chun críocha an Achta seo ag deimhnithe a eisíodh faoi na forálacha sin agus dá mba dheimhnithe ualachlíne iad.

(2) Ní bheidh éifeacht ag aon ordú faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le haon long—

(a) a bhíonn ag dul ar thurais idirnáisiúnta, agus

(b) is long de chuid tíre Coinbhinsiúin, agus

(c) is long láithreach nach lú ná céad agus caoga tonna olltonnáiste nó long nua nach giorra ná fiche a ceathair méadar ar fhad.

Forálacha maidir le horduithe, rialacháin agus rialacha.

29. —(1) Féadfaidh cibé forálacha eatramhacha nó cibé forálacha teagmhasacha nó forlíontacha eile is dóigh leis an Rialtas, nó (de réir mar a bheidh) leis an Aire, is iomchuí a bheith in aon ordú, rialachán nó riail a dhéanfar faoin Acht seo.

(2) Féadfar ordú faoin Acht seo a rinne an Rialtas nó an tAire a leasú nó a chúlghairm le hordú a dhéanfaidh an Rialtas nó an tAire, de réir mar a bheidh.

(3) Gach ordú, rialachán nó riail a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú, an rialachán nó an riail a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, an rialaháin nó na rialach, beidh an t-ordú, an rialachán nó an riail ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin gcéanna.

Tíortha Coinbhinsiúin.

30. —(1) Féadfaidh an Rialtas, más deimhin leis—

(a) go bhfuil glactha, nó aontachas tugtha, ag Rialtas le Coinbhinsiún 1966 nó go bhfuil Coinbhinsiún 1966 séanta ag Rialtas, nó

(b) go roicheann Coinbhinsiún 1966, nó go bhfuil scortha aige de roicheadh, go dtí críoch áirithe,

dearbhú sa chéill sin a dhéanamh le hordú.

(2) San Acht seo ciallaíonn “tír Choinbhinsiúin” tír nó críoch—

(a) is tír a bhfuil sé dearbhaithe faoin alt seo go bhfuil a Rialtas tar éis glacadh, nó aontachas a thabhairt, le Coinbhinsiún 1966, agus nach bhfuil sé dearbhaithe amhlaidh go bhfuil a Rialtas tar éis an Coinbhinsiún sin a shéanadh, nó

(b) críoch a bhfuil sé dearbhaithe amhlaidh go roicheann Coinbhinsiún 1966 chuici, nach críoch a bhfuil sé dearbhaithe amhlaidh go bhfuil scortha ag an gCoinbhinsiún sin roicheadh chuici,

agus ciallaíonn “Rialtas Conarthach” aon Rialtas den sórt dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo.

Aisghairm agus forálacha eatramhacha.

31. —(1) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin a fhoráil go mbeidh éifeacht ag forálacha an Achta seo faoi réir cibé forálacha eatramhacha a bheidh sna rialacháin.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

32. —(1) Féadfar an tAcht Loingis Cheannaíochta (Ualachlínte), 1968 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1966, mar aon ní amháin, agus, gan dochar go ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, déanfar tagairtí sna hAchtanna sin do na hAchtanna Loingis Cheannaíochta a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Acht seo.

(3) Féadfar na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1968, a ghairm de na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1966, agus den Acht seo le chéile.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó orduithe ón Aire i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forálacha áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.