11 1968


Uimhir 11 de 1968


AN tACHT d'FHORCHUR DLEACHTANNA (DUMPÁIL AGUS FÓIRDHEONTAIS), 1968

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN DLEACHTANNA CUSTAM SPEISIALTA A FHORCHUR AR EARRAÍ ÓN gCOIGRÍCH A DUMPÁLADH NÓ AR TUGADH FÓIRDHEONTAS INA LEITH, DO DHÉANAMH SOCRÚ COIMISIÚN A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN COIMISIÚN DUMPÁLA AG A mBEIDH CUMHACHTAÍ GEARÁIN FAOI DHUMPÁIL A FHIOSRÚ AGUS, MÁS IOMCHUÍ, A MHOLADH DLEACHTANNA CUSTAM SPEISIALTA A FHORCHUR AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [5 Meitheamh, 1968]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1947, Uimh. 18 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “dleacht frithdhumpála” dleacht arna forchur faoi alt 14 den Acht seo;

ciallaíonn “an Coimisiún” An Coimisiún Dumpála a bhunaítear faoi alt 4 den Acht seo;

folaíonn “tír” críoch, limistéar agus áit;

ciallaíonn “dleacht frithchúiteach” dleacht arna forchur faoi alt 18 den Acht seo;

ciallaíonn “dumpáil”, maidir le hearraí, allmhairiú earraí ar mó a bpraghas margaidh cothrom ná a bpraghas onnmhairithe, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “dleacht” dleacht custam;

ciallaíonn “praghas onnmhairithe”, maidir le hearraí, praghas na n-earraí arna chinneadh faoi alt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “dumpáil dhíobhálach”, dumpáil is cúis nó is baol a bheith ina cúis le díobháil ábhartha a dhéanamh do thionscal sa Stát nó a bhacann go hábhartha tionscal a bhunú sa Stát;

ciallaíonn “marghan dumpála”, maidir le hearraí, an bhreis atá ag praghas margaidh cothrom na n-earraí ar phraghas onnmhairithe na n-earraí;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála, ach i gcás ina mbeadh, mura mbeadh an fhoráil seo, cumhacht, feidhm nó dualgas faoin Acht seo le feidhmiú nó le comhlíonadh ag an Aire sin maidir le haon earraí is táirge talmhaíochta de réir bhrí an Achta Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947, agus nach mbeidh cumhachtaí an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh ina leith faoin Acht sin dílsithe de thuras na huaire don Aire, is é an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh a fheidhmeoidh nó a chomhlíonfaidh an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas a dúradh agus forléireofar “Aire” dá réir sin;

ciallaíonn “praghas margaidh cothrom”, maidir le hearraí, praghas na n-earraí arna chinneadh faoi alt 3 den Acht seo;

folaíonn an briathar “táirgeadh” fás agus monarú go hiomlán nó go páirteach agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “dleacht shealadach” dleacht arna forchur faoi alt 13 den Acht seo;

tá le “fóirdheontas” an bhrí a shanntar dó le halt 19 den Acht seo.

(2) Aon tagairtí atá san Acht seo don tír inar táirgeadh earraí glacfar leo, i gcás dhá thír nó níos mó a bheith ann ag freagairt don tuairisc sin, mar thagairt d'aon cheann de na tíortha sin.

(3) Aon tagairtí atá san Acht seo don tír óna n-onnmhaireofar earraí is tagairtí iad, i gcás earraí a onnmhaireofar chun an Stáit, don tír ónar coinsíníodh iad chun an Stáit agus aon earraí a ghabhfaidh trí aon tríú tír nó a tharloingseofar in aon tríú tír agus iad á gcoinsíniú ó thír ar bith chun an Stáit ní dhéanfar mar gheall air sin iad a áireamh chun críocha an Achta seo mar earraí a onnmhairíodh ón tríú tír sin.

Praghas onnmhairithe.

2. —(1) Is é an Comisiún a chinnfidh praghas onnmhairithe earraí agus, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, i gcás ina ndéanfar earraí a allmhairiú isteach sa Stát faoi chonradh díola is díol ar an margadh oscailte idir ceannaitheoir agus díoltóir ar neamhspleidh le chéile, is é praghas onnmhairithe na n-earraí an praghas faoin gconradh díola, faoi réir asbhainte i leith costas árachais agus iompair na n-earraí óna bport nó óna n-áit eile onnmhairithe go dtí a bport nó a n-áit eile allmhairithe agus aon chostais, muirir nó caiteachais eile a tabhaíodh i leith na n-earraí tar éis iad a bheith aistrithe óna bport nó óna n-áit eile onnmhairithe, ach amháin sa mhéid a bhfuil ceangal ann go ndéanfaidh an ceannaitheoir aon chostais, muirir nó caiteachais den sórt sin a íoc ar leithligh.

(2) Is é praghas onnmhairithe aon earraí, i gcásanna nach bhfuil feidhm ag fo-alt (1) den alt seo nó nach féidir leis an gCoimisiún na fíorais a fháil amach óna bhféadfadh sé an praghas onnmhairithe a chinneadh faoin bhfo-alt sin, cibé praghas a chinnfidh an Coimisiún faoi threoir díol ar na hearraí sin nó earraí is inchomparáid leo (nó ar aon earraí ina raibh siad corpraithe) a roghnóidh sé, mar aon le cibé coigeartuithe is dóigh leis is ceart.

Praghas margaidh cothrom.

3. —(1) Is é an Coimisiún a chinnfidh praghas margaidh cothrom earraí in aon tír agus, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, is é praghas margaidh cothrom earraí in aon tír, i gcás ina ndéantar na hearraí sin nó earraí is inchomparáid leo a dhíol sa tír sin i ngnáth-chúrsa trádála lena dtomhailt nó lena n-úsáid sa tír sin, an praghas ar a ndíoltar iad amhlaidh, faoi réir cibé coigeartuithe i leith difir i gcoinníollacha nó i dtéarmaí díola, i leith cánachais nó i leith aon ní eile is gá chun a áirithiú gurb é praghas allmhairithe agus praghas margaidh cothrom na n-earraí praghsanna na n-earraí faoi dhá chonradh díola chosúla.

(2) Is é praghas margaidh cothrom earraí in aon tír, i gcásanna nach bhfuil feidhm ina leith ag fo-alt (1) den alt seo nó nach féidir leis an gCoimisiún na fíorais a fháil amach óna bhfeádfadh sé an praghas margaidh cothrom a chinneadh faoin bhfo-alt sin, cibé praghas a chinnfidh an Coimisiún faoi threoir aon phraghais a fuarthas ar earraí den chineál céanna nó ar earraí cosúil leo a onnmhairíodh ón tír sin, mar aon le cibé coigeartuithe den chineál céanna a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo is dóigh leis is ceart nó, más cuí leis an gCoimisiún é, faoi threoir chostas nó chostas measta táirgthe earraí den chinéal céanna nó earraí cosúil leo, mar aon le cibé coigeartuithe den chineál a dúradh is dóigh leis is cuí.

(3) Ní dhéanfar aon choigeartú faoin alt seo maidir le sriantachtaí nó muirir ar onnmhairiú earraí ó aon tír d'fhonn buntáiste a thabhairt do mhonaróirí sa tír sin a úsáideann na hábhair sin in earraí a tháirgeann siad.

An Coimisiún Dumpála.

4. —(1) Beidh coimisiún ann ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, An Coimisiún Dumpála.

(2) Is iad a bheidh ar an gCoimisiún cathaoirleach agus ceathrar gnáth-chomhalta, arb é an tAire a cheapfaidh an cathaoirleach agus dhá ghnáth-chomhalta díobh agus arb é an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh a cheapfaidh dhá ghnáth-chomhalta díobh.

(3) Aon uair a bheidh baint ag gnó chruinniú den Choimisiún le hearraí a bhfeidhmíonn agus a gcomhlíonann an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh cumhachtaí, feidhmeanna agus dualgais ina leith faoin Acht seo, is é a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an gcruinniú comhalta den Choimisiún a cheap an tAire sin agus a roghnóidh an Coimisiún chuige sin, agus gníomhóidh an cathaoirleach mar ghnáthchomhalta den Choimisiún.

(4) Féadfaidh an tAire Stáit a cheap é comhalta den Choimisiún a chur as oifig.

(5) Déanfar céad-chomhaltaí an Choimisiúin a cheapadh a luaithe is féidir tar éis dáta an Achta seo a rith.

(6) Aon chorrfholúntas a tharlóidh i measc na gcomhaltaí den Choimisiún a cheap an tAire ar an gCoimisiún líonfar é le ceapachán a dhéanfaidh an tAire agus aon chorrfholúntas a tharlóidh i measc na gcomhaltaí a cheap an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh ar an gCoimisiún líonfar é le ceapachán a dhéanfaidh an tAire sin, agus beidh comhalta a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige ar feadh na coda eile den tréimhse a bheadh a réamhtheachtaí i seilbh oifige dá leanadh seisean de bheith ina chomhalta.

(7) Féadfaidh comhalta den choimisiún éirí as a oifig.

(8) Déanfaidh an tAire Stáit a cheapfaidh comhalta den Choimisiún a théarma oifige a shocrú tráth a cheaptha agus ní rachaidh an téarma oifige sin thar cúig bliana.

(9) Beidh comhalta den Choimisiún a bheidh ag dul as oifig inathcheaptha.

(10) Beidh comhalta den Choimisiún i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a socraíodh tráth a cheaptha ag an Aire Stáit a cheap é tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(11) Íocfar le comhalta den Choimisiún cibé luach saothair (más ann) agus liúntais (más ann) i leith caiteachas a chinnfidh an tAire Stáit a cheap é le toiliú an Aire Airgeadais.

(12) Ní bheidh feidhm ag Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, maidir le hoifig chomhalta den Choimisiún.

Oifigigh agus seirbhísigh don Choimisiún.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh is dóigh leis is gá chun cabhrú leis an gCoimisiún ag comhlíonadh a fheidhmeanna.

(2) Beidh na hoifigigh agus na seirbhísigh a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha i dtaobh aoisliúntais ar mhodh pinsin nó aisce nó iad araon a dheonú do na hoifigigh agus na seirbhísigh sin nó ina leith) agus gheobhaidh siad cibé luach saothair a chinnfidh an tAire Airgeadais.

Comhaltaí den Choimisiún a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.

6. —(1) Má dhéantar comhalta den Choimisiún a ainmniú mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Teach den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Choimisiún.

(2) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi bhuanorduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Choimisiún.

Fiosrú ag an gCoimisiún.

7. —(1) Uair ar bith—

(a) (i) maidir le haon earraí, a gheobhaidh an Coimisiún iarratas ó dhuine a tháirgeann earraí den chineál céanna nó de chineál a ndéanfadh dumpáil na n-earraí sin dochar dá ndíol nó a gheobhaidh sé iarratas ó chomhlachas trádála a ionadaíonn táirgeoirí den sórt sin á iarraidh go bhfiosrófaí an ndearnadh na hearraí sin a dhumpáil nó an bhfuil siad á ndumpáil, agus

(ii) a mheasfaidh an Coimisiún gur dóigh go ndearnadh na hearraí lena mbaineann an t-iarratas a dhumpáil nó go bhfuil siad á ndumpáil agus go raibh nó go bhfuil an dumpáil sin díobhálach,

(b) a mheasfaidh an tAire gur dóigh go ndearnadh aon earraí a dhumpáil nó go bhfuil siad á ndumpáil, go raibh nó go bhfuil an dumpáil sin díobhálach agus go bhfuil cúinsí neamhghnácha ann a thugann air a iarraidh ar an gCoimisiún a fhiosrú an ndearnadh na hearraí sin a dhumpáil nó an bhfuil siad á ndumpáil, agus go n-iarrfaidh an tAire amhlaidh,

déanfaidh an Choimisiún fiosrú i dtaobh an scéil agus tabharfaidh sé tuarascáil i scríbhinn don Aire ar thoradh a fhiosraithe.

(2) Aon uair a mheasfaidh an tAire gur dóigh gur thug rialtas nó údarás lasmuigh den Stát fóirdheontas i leith táirgeadh nó onnmhairiú earraí de shórt ar bith a allmhairíodh nó atá á n-allmhairiú isteach sa Stát, féadfaidh sé a iarraidh ar an gCoimisiún fiosrú a dhéanamh féachaint an allmhairiú é de shórt ba chúis nó ba bhaol a bheith ina chúis le díobháil ábhartha a dhéanamh do thionscal sa Stát nó a bhacfadh go hábhartha tionscal a bhunú sa Stát, agus déanfaidh an Coimisiún an fiosrú agus tabharfaidh sé tuarascáil i scríbhinn don Aire ar thoradh a fhiosraithe.

(3) Tabharfaidh an Coimisiún aird ar aon chomhaontuithe nó coinbhinsiúin idirnáisiúnta ar páirtí iontu an Stát.

Fógra maidir le fiosrú agus aighneachtaí ag daoine leasmhara.

8. —(1) Cuirfidh an Coimisiún faoi deara go bhfoilseofar san Iris Oifigiúil agus i cibé nuachtán laethúil nó nuachtáin laethúla náisiúnta is cuí leis fógra go bhfuil sé chun fiosrú a chur ar siúl.

(2) Féadfaidh duine ar bith aighneacht a chur faoi bhráid an Choimisiúin sa tslí a ordóidh an Coimisiún.

Srian ar dhuine leasmhar gníomhú mar chomhalta.

9. —Má bhíonn leas pearsanta ag comhalta den Choimisiún in ábhar áirithe lena mbeidh an Coimisiún ag déileáil, cuirfidh sé é sin in iúl don Aire Stáit a cheap ar an gCoimisiún é agus ní ghníomhóidh sé mar chomhalta an fad a bheidh an t-ábhar sin á bhreithniú, mura ndéana an tAire sin, á mheas dó gur leas é sin aige de shórt nach mbacfaidh é óna dhualgais a chomhlíonadh go neamhchlaon, a údarú dó gníomhú agus a fhoilsiú de réir an nóis imeachta in alt 8 gur tugadh an t-údarás sin.

Cumhacht an Choimisiúin chun eolas a fháil.

10. —(1) Féadfaidh an Coimisiún chun críocha a fheidhmeanna:

(a) a iarraidh ar fhinnéithe (seachas na Coimisinéirí Ioncaim agus a gcuid oifigeach) freastal os a chomhair,

(b) na finnéithe a bheidh ag freastal os a chomhair a scrudú, agus

(c) a iarraidh ar aon fhinné den sórt sin aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina rialú a thabhairt ar aird.

(2) (a) Duine ar bith a dhéanfaidh go feasach nó go meargánta ráiteas nó uiríoll de bhriathar nó i scríbhinn leis an gCoimisiún a bheadh bréagach i bponc ábhartha beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile.

(b)  Má chruthaítear, i gcás cion faoin bhfo-alt seo nó faoi alt 11 (3) nó 22 (9) den Acht seo ag comhlacht corpraithe, go ndearnadh an cion sin le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é í leith faillí de chuid, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile den sort sin leis an gcomhlacht, nó aon duine a airbheartaíonn gníomhú in aon cháil den sórt sin, measfar eisean agus an comhlacht freisin a bheith ciontach sa chion.

(3) Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncaim cibé sonraí eolais a thabhairt dó a tugadh dóibh i ndoiciméid chun críocha custam ar sonraí iad is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh agus déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim de réir iarratais faoin bhfo-alt seo.

Cosc ar eolas faoi rún a nochtadh.

11. —(1) Ní nochtfaidh duine ar bith aon eolas a bheidh ar fáil aige de bhua é a bheith ina chomhalta den Choimisiún nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Choimisiún nó trína bheith i láthair ag cruinniú den Choimisiún gan toiliú a bheith aige—

(a) i gcás eolas a thug na Coimisinéirí Ioncaim agus a thug aon duine eile dóibhsean, ón duine eile sin, agus

(b) in aon chás eile, ón duine a thug an t-eolas.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) (b) den alt seo—

(a) le cumarsáid a rinne comhalta den Choimisiún nó oifigeach nó seirbhíseach don Choimisiún agus a dhualgais á ndéanamh aige faoin Acht seo, ná

(b) le heolas a nochtadh i dtuarascáil ón gCoimisiún chun an Aire nó chun críche imeachtaí dlíthiúla faoin Acht seo.

(3) Má sháraíonn duine ar bith fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile.

Nós imeachta ag cruinniú den Choimisiún.

12. —(1) Beirt is córam do chruinniú den Choimisiún.

(2) Cruinniú príobháideach a bheidh i ngach cruinniú den Choimisiún.

(3) Faoi réir fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhú d'ainneoin folúntais ina chomhaltas.

(4) Faoi réir forálacha an Achta seo, féadfaidh an Coimisiún a nós imeachta agus a ghnó a rialú, le buanorduithe nó ar shlí eile.

Dualgais shealadacha.

13. —(1) Féadfaidh an Coimisiún, le linn fiosrú a bheith á dhéanamh aige faoin Acht seo maidir le hearraí d'aon chineál, a mholadh don Aire go ndéanfaí dleacht shealadach de cíbe méid (nach mó ná an marghan dumpála a bheidh measta ag an gCoimisiún maidir leis na hearraí) a shonróidh an Coimisiún a fhorchur ar cibé earraí den chineál sin a shonróidh an Coimisiún ar feadh cibé tréimhse nó tréimhsí nach faide ná sé mhí a shonróidh an Coimisiún.

(2) Aon uair a dhéanfaidh an Coimisiún moladh don Aire faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire le hordú, más oiriúnach leis sin, dleacht (ar a dtabharfar agus dá ngairtear san Acht seo dleacht shealadach) de cibé méid, nach mó ná an méid a shonróidh an Coimisiún sa mholadh, a fhorchur ar earraí den sórt sin a allmhaireofar isteach sa Stát (is earraí de chineál a shonrófar sa mholadh) agus ar feadh cibé tréimhse nach mó ná sé mhí a shonrófar san ordú.

(3) Aon uair a fhorchuirfidh an Rialtas dleacht frithdhumpála ar earraí de chineál a bhfuil dleacht shealadach orthu de thuras na huaire, rachaidh an t-ordú ag forchur na dleachta sealadaí in éag.

Dleachtanna frithdhumpála

14. —(1) Más rud é, de bhua fiosrú ag an gCoimisiún faoin Acht seo, gur deimhin leis an gCoimisiún go ndearnadh dumpáil dhíobhálach ar earraí d'aon chineál, féadfaidh an Coimisiún a mholadh don Aire go ndéanfar dleacht frithdhumpála de cibé méid (nach mó ná an marghan dumpála maidir leis na hearraí) a shonróidh an Coimisiún a fhorchur ar na hearraí sin nó ar cibé earraí den chineál sin a shonróidh an Coimisiún ar feadh cibé tréimhse nó tréimhsí a shonróidh an Coimisiún.

(2) (a) Aon uair a dhéanfaidh an Coimisiún moladh don Aire faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le hearraí d'aon chineál agus gur deimhin leis an Aire go ndearnadh dumpáil dhíobhálach ar earraí den sórt sin, nó

(b)  aon uair is deimhin leis an Aire go ndearnadh earraí d'aon chineál a dhumpáil agus gur baolach go leanfar dá ndumpáil agus gur dumpáil í de shórt ba chúis nó ba bhaol a bheith ina cúis le díobháil ábhartha a dhéanamh do thionscal i dtír seachas an Stát nó an tír ónar allmhairíodh iad nó inar táirgeadh iad, agus go n-iarrfaidh rialtas na tíre céadluaite sin amhlaidh,

féadfaidh an Rialtas le hordú, más oiriúnach leo, dleacht a fhorchur (ar a dtabharfar agus dá ngairtear san Acht seo dleacht frithdhumpála) de cíbé méid, nach mó ná an marghan dumpála maidir leis na hearraí, agus ar cibé earraí a allmhaireofar isteach sa Stát (is earraí de chineál a shonrófar sa mholadh nó san iarratas) agus a shonrófar san ordú.

(3) Aon uair a dhéanfaidh an Coimisiún moladh don Aire faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le haon earraí ar a mbeidh dleacht shealadach íoctha agus gur deimhin leis an Aire go raibh dumpáil á déanamh ar na hearraí sin agus go raibh an dumpáil sin, nó go mbeadh sé mura mbeadh an dleacht shealadach sin, ina cúis le díobháil ábhartha a dhéanamh do thionscal sa Stát, féadfaidh an Rialtas, más oiriúnach leo, le hordú faoi fho-alt (2) den alt seo, dleacht frithdhumpála a fhorchur ar na hearraí sin de cibé méid (nach mó ná an marghan dumpála maidir leis na hearraí nó an dleacht shealadach ar na hearraí, cibé acu is lú) a shonrófar san ordú agus, ar ordú den sórt sin a dhéanamh maidir leis na hearraí, measfar gur íoc ar an dleacht frithdhumpála an oiread sin a íoc den dleacht shealadach is inmhuirir i leith na n-earraí agus is comhionann le méid na dleachta frithdhumpála is inmhuirir ar na hearraí.

(4) (a) Féadfaidh an tAire le hordú, más dóigh leis gurb é leas an phobail é a dhéanamh—

(i) dleacht frithdhumpála nó a feidhm maidir le hearraí d'aicme nó de thuairisc áirithe a fhionraí, nó

(ii) earraí d'aicme nó de thuairisc áirithe a dhíolmhadh ón dleacht.

(b) Féadfar ordú faoin bhfo-alt seo a dhéanamh gan teorainn maidir le ham nó go ceann tréimhse sonraithe.

Dleacht shealadach a aisíoc.

15. —(1) Aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon dleacht shealadach a íocadh ar earraí—

(a) mura dtuga an Coimisiun tuarascáil don Aire maidir leis na hearraí nó le hearraí den chineál céanna laistigh de shé mhí tar éis dáta na dleachta a fhorchur,

(b) mura bhforchuirfear dleacht frithdhumpála ar na hearraí laistigh de shé mhí tar éis an dáta a thíolacfar don Aire tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis na hearraí nó le hearraí den chineál céanna, nó

(c) má chúlghairtear an t-ordú ag forchur na dleachta sealadaí.

(2) I gcás ina bhforchuirfear dleacht frithdhumpála ar aon earraí de thoradh fiosraithe ag an gCoimisiín de réir ráta is lú ná ráta dleachta sealadaí a forchuireadh ar na hearraí sin de thoradh molta na gCoimisiún a rinneadh le linn an fhiosraithe, aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an bhreis a bhí ag an dleacht shealadach a íocadh ar na hearraí sin ar an dleacht frithdhumpála ar na hearraí sin.

Tairiscintí le haghaidh conarthaí poiblí a fhiosrú.

1941, Uimh. 23 .

16. —Aon uair is dóigh leis an Aire, maidir le praghas nó praghsanna a bheidh luaite i dtairiscint ag aon duine i leith conartha idir an duine agus Aire Stáit, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí, Coimisiún Talún na hÉireann nó údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , gur praghas é nó gur praghsanna iad de shórt go ndéanfaí, dá ndéanfaí an conradh agus go mbeadh téarmaí na tairisceana ann, na hearraí a dhumpáil agus téarmaí an chonartha á gcur i gcrích nó go ndéanfaí amhlaidh chun críche na dtéarmaí sin a chur i gcrích, féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le haon Aire Stáit eile a bheidh i gceist, a iarraidh ar an gCoimisiún an scéal a fhiosrú agus air sin déanfaidh an Coimisiún fiosrú d'fhonn a fháil amach, dá ndéanfaí an conradh a dúradh agus go mbeadh na téarmaí a dúradh ann, a ndéanfaí na hearraí a dhumpáil i gcúrsa nó chun críche téarmaí an chonartha a chur i gcrích, agus tabharfaidh sé tuarascáil don Aire ar thoradh a fhiosraithe.

Urrús i leith dleacht shealadach a íoc i gcás coimeádán gloine.

1952, Uimh. 14 .

17. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair is cuí leis, a fhoráil le hordú nach ndéanfar coimeádáin ghloine d'aon chineál a shonraítear san ordú a allmhairiú isteach sa Stát mura dtabharfar urrús do na Coimisinéirí Ioncaim i cibé foirm a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim go n-íocfar an t-iomlán nó aon chuid d'aon dleacht shealadach a thiocfadh chun bheith iníoctha ar choimeádáin den sórt sin de bhun an Achta seo.

(2) Déanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, méid an urrúis a bheidh le tabhairt de bhun ordaithe faoin alt seo maidir le hallmhairiú aon choimeádáin ghloine a shonrú san ordú ach ní rachaidh sé thar caoga faoin gcéad de luach na gcoimeádán.

(3) Nuair a thabharfar urrús faoin alt seo maidir le hallmhairiú aon choimeádán gloine—

(a) i gcás ina bhforchuirfear dleacht shealadach ar choimeádáin den chineál lena mbaineann an t-urrús laistigh de thríocha lá tar éis an t-urrús a thabhairt, déanfar í a mhuirearú agus a thobhach ar na coimeádáin lena mbainfidh an t-urrús agus déanfar méid na dleachta is iníoctha orthu a ioc as an urrús agus ní rachaidh sé thar méid an urrúis, scaoilfear an t-iarmhéid (más ann) den urrús a bheidh fágtha tar éis an dleacht a íoc agus rachaidh an t-ordú a dhéanann foráil le haghaidh tabhairt an urrúis in éag sa mhéid go mbainfidh sé le coimeádáin den chineál ar arb inmhuirir an dleacht shealadach, agus

(b) in aon chás eile, scaoilfear an t-urrús.

(4) Féadfaidh an Coimisiún nó an tAire a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncaim urrús a scaoileadh a tugadh faoin alt seo nó a iarraidh orthu a cheadú coimeádáin de chineál lena mbaineann ordú faoin alt seo a allmhairiú isteach sa Stát gan an t-urrús a thabhairt dá bhforáiltear san ordú, agus déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim de réir an iarratais.

(5) Chun críocha ailt 15 agus 16 den Acht Airgeadais, 1952 , ach ní ar aon slí eile, measfar gur dleacht urrús faoin alt seo.

Dleachtanna frithchúiteacha.

18. —Uair ar bith is deimhin leis an Rialtas go bhfuil rialtas eile nó údarás eile lasmuigh den Stát tar éis fóirdheontas a thabhairt le haghaidh táirgeadh nó onnmhairiú earraí d'aon chineál a allmhairíodh nó atá á n-allmhairiú isteach sa Stát agus—

(a) gurb allmhairiú é de shórt ba chúis nó ba bhaol a bheith ina chúis le díobháil ábhartha a dhéanamh do thionscal sa Stát nó a bhacfadh go hábhartha tionscal a bhunú sa Stát agus go molfaidh an tAire dá réir sin, nó

(b) gurb allmhairiú é de shórt ba chúis nó ba bhaol a bheith ina chúis le díobháil ábhartha a dhéanamh do thionscal i dtír seachas an Stát nó an tír ina bhfuil an fóirdheontas tugtha nó á thabhairt ag rialtas nó údarás eile agus go mbeidh rialtas na tíre céadluaite tar éis sin a iarraidh,

féadfaidh an Rialtas, más oiriúnach leo, le hordú, dleacht (ar a dtabharfar agus dá ngairtear dleacht frithchúiteach san Acht seo) de cibé méid nach mó ná méid mheasta an fhóirdheontais a fhorchur ar earraí den chineál sin a allmhaireofar isteach sa Stát (is earraí de chineál ar tugadh an fóirdheontas ina leith) agus a shonrófar san ordú.

Fóirdheontais.

19. —Aon tagairtí san Acht seo do fhóirdheontas is tagairtí iad d'fhóirdheontas i leith táirgeadh nó onnmhairiú earraí a thugtar go díreach nó go neamhdíreach ar mhodh deontais, iasachta nó faoisimh cánach nó in aon slí eile agus cibé acu a bhaineann sé go díreach leis na hearraí féin, le hábhair de na hearraí nó le rud éigin eile agus folaíonn siad—

(a) fóirdheontas speisialta a thugtar i leith táirge áirithe a iompar,

(b) cóir fhabhrach a thugtar do tháirgeoirí nó d'onnmhaireoirí le linn aon rialú rialtais a bheith á dhéanamh ar iomlaoid airgeadraí i gcás é a bheith d'éifeacht le cóir den sórt sin go gcabhraíonn sí le laghdú ar phraghsanna earraí a thairgtear le honnmhairiú,

ach ní fholaíonn siad sriantachtaí nó muirir a chuirtear i bhfeidhm ar onnmhairiú earraí ó aon tír d'fhonn fabhar a thabhairt do tháirgeoirí sa tír sin a úsáideann na hábhair sin in earraí a tháirgeann siad.

Tobhach allmhairithe ar earraí a allmhairíodh cheana.

1876, c. 36.

20. —(1) Uair ar bith is deimhin leis an Rialtas maidir le dumpáil earraí d'aon chineál ar arb inmhuirir dleacht shealadach—

(a) gur gá tobhach a fhorchur faoin alt seo d'fhonn nach dtarlódh dumpáil den sórt sin arís agus go ndearna an dumpáil díobháil ábhartha do thionscal sa Stát, gur dhumpáil ar mhórscála í agus gur gearr an t-achar aimsire a bhí sí ar siúl, agus

(b)    (i) go ndearnadh ar ócáid roimhe sin dumpáil ar earraí den chineál sin a bhí ina cúis le díobháil ábhartha a dhéanamh do thionscal sa Stát,

(ii) go raibh a fhios ag an duine a d'allmhairigh na hearraí, nó gur cheart, le réasún, fios a bheith aige, go ndearna an duine a d'onnmhairigh na hearraí earraí a onnmhairiú ar ócáidí eile lena ndumpáil agus gur dhumpáil í, dá dtarlódh sí sa Stát, a dhéanfadh díobháil ábhartha do thionscal sa Stát,

féadfaidh an Rialtas, le hordú, tobhach a fhorchur ar cibé earraí a shonrófar san ordú agus a allmhaireofar i rith na tréimhse (nó cibé cuid nó codanna di a shonrófar san ordú) nócha lá dar chríoch an dáta díreach roimh an lá a forchuireadh an dleacht shealadach, is tobhach de cibé méid nach mó ná an marghan dumpála maidir leis na hearraí a shonrófar san ordú.

(2) Aon tobhach a fhorchuirfear faoin bhfo-alt seo ar aon earraí is é a íocfaidh é leis an Aire an duine a bheadh, dá mba innmhuirir dleacht ar na hearraí, faoi dhliteanas an dleacht a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh sé inghnóthaithe ón duine sin ag an Aire mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) Chun críocha an ailt seo, is é tráth a allmhairítear earraí an tráth a ghlactar, faoin Customs Consolidation Act, 1876, an taifeadadh faoin Acht sin ar na hearraí mar earraí le húsáid sa Stát.

(4) Ní dhéanfar tobhach faoin alt seo a fhorchur ar earraí a allmhairíodh roimh dháta an Achta seo a rith.

(5) Aon tobhach a íocfar leis an Aire faoin alt seo íocfar isteach sa Státchiste é nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste é de réir ordachán an Aire Airgeadais.

Forálacha ginearálta maidir le horduithe.

21. —(1) Ar na hábhar ar faoina dtreoir a dhréachtófar tuairisc earraí in ordú faoin Acht seo ag forchur dleachta nó tobhaigh beidh an tír inar táirgeadh na hearraí nó an tír ónar onnmhairíodh na hearraí chun an Stáit.

(2) Faoi réir fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh cibé forálacha a bheith in ordú faoin Acht seo maidir le tuairisc na n-earraí ar arb inmhuirir dleacht nó tobhach agus maidir leis na cásanna inarb inmhuirir dleacht nó tobhach is dóigh leis an Rialtas nó leis an Aire, de réir mar a bheidh, a bheith riachtanach agus, go sonrach, ach gan dochar do ghinearáltacht na coda roimhe seo den alt seo—

(a) forálacha á fhoráil nach mbeidh de thuairisc ar na hearraí ach tuairisc i ndáil leis na daoine áirithe a tháirg na hearraí nó a raibh baint acu le táirgeadh na n-earraí i slí shonraithe éigin,

(b) forálacha á fhoráil nach mbeidh i dtuairisc na n-earraí ach earraí d'aicme, de chineál nó de thuairisc áirithe nó earraí a allmhairíodh ó thír áirithe nó a táirgeadh i dtír áirithe nó coinsíneacht shonraithe earraí,

(c) forálacha ag míniú an ráta dleachta faoi threoir luacha nó meáchain nó tomhais eile cainníochta,

(d) forálacha ag ordú go muirearófar dleacht má cuireadh leis na hearraí i dtír shonraithe níos mó ná cionúireacht shonraithe dá luach nó má rinneadh in aon tír shonraithe aon phróis nó próis shonraithe nó próiseanna sonraithe,

(e) forálacha á ordú go muirearófar dleacht in aghaidh aon tréimhse nó tréimhsí, is cuma í nó iad a bheith nó gan a bheith leanúnach, nó gan aon teorainn maidir le tréimhse, agus

(f) i ndáil le tosú, athrú nó foirceannadh dleachta nó forálacha tobhaigh ag údarú aisíocaí maidir le dleacht nó tobhach i gcás ina dtaispeánfar gur comhlíonadh coinníollacha (más ann) a bhí forordaithe san ordú.

(3) Féadfar dleacht nó tobhach a fhorchur faoin Acht seo i dteannta nó d'éagmais coinníollacha, teorainneacha, aistarraingtí, liúntais nó díolúintí.

(4) Aon dleacht nó tobhach a fhorchuirtear ar earraí faoin Acht seo is dleacht nó tobhach é i dteannta agus ní in ionad aon dleachta nó tobhaigh eile is inmhuirir ar na hearraí.

(5) Aon dleacht a fhorchuirtear faoin Acht seo cuirfear í faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

(6) Aon ordú faoin Acht seo a dhéanfaidh an Rialtas nó an tAire féadfar é a leasú nó a chúlghairm le hordú ón Rialtas nó ón Aire, cibé acu é.

Faoiseamh maidir le dleachtanna agus tobhach.>

22. —(1) Duine ar bith a allmhaireoidh aon earraí ar arb inmhuirir dleacht shealadach nó dleacht frithdhumpála féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis dáta na dleachta ar na hearraí a íoc, faoiseamh ón dleacht ar na hearraí sin a iarraidh ar an gCoimisiún.

(2) Más rud é, ar iarratas a dhéanamh chun an Choimisiúin faoin alt seo maidir le haon earraí ar arb inmhuirir dleacht shealadach nó dleacht frithdhumpála, gur deimhin leis an gCoimisiún go bhfuil breis ag praghas onmhairithe na n-earraí agus méid na dleachta sin i dteannta a chéile ar phraghas margaidh cothrom na n-earraí, cuirfidh an Coimisiún méid na breise sin in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim agus loghfaidh nó aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an méid sin dleachta.

(3) Duine ar bith a allmhaireoidh aon earraí ar arb inmhuirir dleacht shealadach nó dleacht frithdhumpála agus ar diúltaíodh, go hiomlán nó go páirteach, dá iarratas chun an Choimisiúin ar fhaoiseamh, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an dáta a chuir an Coimisiúin in iúl dó go raibh sé ag diúltú don iarratas uaidh mar a dúradh, faoiseamh ón dleacht ar na hearraí sin a iarraidh ar an Aire.

(4) Duine ar bith a allmhaireoidh aon earraí ar arb inmhuirir dleacht frithchúiteach nó tobhach faoi alt 20 den Acht seo féadfaidh sé—

(a) i gcás na dleachta, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis dáta na dleachta ar na hearraí a íoc, agus

(b) i gcás an tobhaigh, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis dáta an tobhaigh a fhorchur,

faoiseamh ón dleacht nó ón tobhach ar na hearraí sin a iarraidh ar an Aire.

(5) Más rud é, ar iarratas a dhéanamh chun an Aire faoin alt seo maidir le haon earraí ar arb inmhuirir dleacht shealadach nó dleacht frithdhumpála, gur deimhin leis an Aire go bhfuil breis ag praghas onnmhairithe na n-earraí agus méid na dleachta sin i dteannta a chéile ar phraghas margaidh cothrom na n-earraí, cuirfidh an tAire méid na breise sin in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim agus loghfaidh nó aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an oiread sin (más aon mhéid é) den dleacht is comhionann leis an mbreis sin ar é a chur leis an tsuim (más aon tsuim í) a loghadh nó a aisíocadh faoi fho-alt (2) den alt seo i leith na n-earraí.

(6) Más rud é, ar iarratas faoin alt seo, gur deimhin leis an Aire, i gcás earraí ar arb inmhuirir dleacht frithchúiteach, gur mó méid na dleachta sin ná méid an fhóirdheontais ar na hearraí, cuirfidh an tAire méid na breise in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim, agus déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim méid na dleachta sin a loghadh nó a aisíoc.

(7) Más rud é, ar iarratas faoin alt seo, gur deimhin leis an Aire, i gcás earraí ar arb inmhuirir tobhach faoi alt 20 den Acht seo, go bhfuil méid an tobhaigh iomarcach, cuirfidh an tAire méid na breise in iúl don Rialtas agus, má ordaíonn an Rialtas amhlaidh, aisíocfar an méid sin den tobhach.

(8) Nuair a bheidh iarratas á dhéanamh ag duine faoin alt seo tabharfaidh sé don Aire cibé eolas a bheidh ina sheilbh nó ar fáil aige agus a bheidh ag teastáil ón Aire d'fhonn praghas onnmhairithe nó praghas margaidh cothrom na n-earraí lena mbaineann an t-iarratas a fháil amach.

(9) Más rud é chun críocha iarratais faoin alt seo—

(a) go ndéanfaidh duine aon ráiteas a bheidh bréagach i bponc ábhartha, nó

(b) go dtabharfaidh sé ar aird aon chuntas, meastachán, tuairisceán nó doiciméad eile a bheidh bréagach i bponc ábhartha,

féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, agra a dhéanamh i leith méid aon dleachta nó tobhaigh a loghadh nó a aisíocadh faoin alt seo, agus é a ghnóthú, trí chaingean nó aon imeacht iomchuí eile, ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla agus, más go feasach nó go meargánta a rinneadh an ráiteas nó a tugadh an doiciméad ar aird, beidh an duine ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht i dteannta a chéile.

Cumhacht ag na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal go dtabharfar eolas.

23. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal ar dhuine a allmhairíonn earraí cibé fíorais a lua maidir leis na hearraí agus a stair a mheasfaidh siad is gá d'fhonn a chinneadh arb earraí iad na hearraí a táirgeadh i dtír a bheidh sonraithe in ordú faoin Acht seo nó a chinneadh cén tír ónar onnmhairíodh na hearraí agus na fíorais sin a thabhairt i cibé foirm a cheanglóidh siad mar aon le cruthúnas ar aon ráitis a dhéanfar amhlaidh agus, mura dtabharfar an cruthúnas sin chun a sástacht nó mura luafar na forais a cheanglófar a thabhairt, measfar chun críocha an Achta seo gurb i cibé tír a chinnfidh siad a táirgeadh na hearraí nó, de réir mar a bheidh, gurb ó cibé tír a chinnfidh siad a onnmhairíodh iad:

Ar choinníoll go n-éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim cruthúnas ar an tír inar táirgeadh earraí maidir le haon dleacht faoin Acht seo ach sin amháin i gcás earraí a onnmhairíodh ó cibé tíortha a ordóidh an tAire maidir leis an dleacht sin.

(2) I gcás ina gcuirfidh ordú faoin Acht seo teorainn le tuairisc na n-earraí arb inmhuirir dleacht ina leith faoin Acht seo nó leis na cásanna inarb inmhuirir dleacht amhlaidh ionas go mbeidh an cheist i dtaobh aon dleacht a bheidh inmhuirir ar na hearraí agus, má bhíonn, cé mhéad dleachta í ag brath ar ábhair eile seachas an tír inar táirgeadh na hearraí nó ónar onnmhairíodh iad, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal ar an duine a allmhaireoidh na hearraí cibé fíorais a lua a mheasfaidh siad is gá chun an cheist sin a chinneadh a mhéid a bhainfidh leis na hábhair eile sin agus iad a thabhairt i cibé foirm a cheanglóidh siad mar aon le cruthúnas ar aon ráitis a rinneadh amhlaidh, agus, mura dtabharfar cruthúnas den sórt sin chun a sástacht nó mura luafar na fíorais a cheanglófar a thabhairt, measfar chun críocha dleachta faoin Acht seo gur mar a chinnfidh siad féin a bheidh na fíorais sin.

Rialacháin.

24. —Féadfaidh an tAire cibé rialacháin a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá nó is inmhianaithe chun an tAcht seo a chur in éifeacht.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

25. —Déanfar gach ordú agus rialachán faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán, de réir mar a bheidh, a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán, de réir mar a bheidh, ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Caiteachais.

26. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais agus, a mhéid a cheadóidh an tAire sin é, na caiteachais a thabhóidh an tAire agus an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh nó an Coimisiún ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus forléiriú.

27. —(1) Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleachtanna (Dumpáil agus Fóirdheontais), 1968 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a bhaineann sé le dleachtanna, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam.