An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1968) Ar Aghaidh (CUID II Dleachtanna Stampa)

7 1968

AN tACHT AIRGEADAIS (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1968

CUID I

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 156 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1967, Uimh. 6 .

1. —(1) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad alt 156 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“(1) Déanfaidh an tAire Airgeadais daoine a cheapadh ina gCoimisinéirí Achomhairc chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim (dá ngairtear ‘Coimisinéirí Achomhairc’ san Acht seo) agus beidh, de bhua a gceaptha agus gan aon cháilíocht eile, údarás ag na daoine a cheapfar amhlaidh cibé cumhachtaí a fhorghníomhú agus cibé dualgais a chomhlíonadh a shanntar dóibh leis na hAchtanna sin.”

(2) I gcás—

(a) ina raibh duine i seilbh oifige mar choimisinéir chun críocha speisialta na nAchtanna Cánach Ioncaim díreach roimh dháta an Achta seo a rith, agus

(b) gurbh é an tAire Airgeadais a cheap é ina choimisinéir amhlaidh,

ansin, amhail ón dáta sin, measfar gur ceapadh ina Choimisinéir Achomhairc ceapadh sin an duine sin.

Leasú ar alt 181 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

2. —Leasaítear leis seo alt 181 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(3) Aon rud is gá do na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh maidir le déanamh measúnachtaí faoi Sceideal C nó Sceideal D féadfaidh cibé oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a údaróidh siad chuige sin é a dhéanamh.”

Forálacha áirithe den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a leasú agus a aisghairm.

R. & O. R., Uimh. 48 de 1929.

I.R. Uimh. 152 de 1959.

I.R. Uimh. 28 de 1960 .

I.R. Uimh. 231 de 1961.

3. —(1) In ailt 164 (2), 416 (5), 418 (6) agus 422 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirtear “Coimisinéir Achomhairc” in ionad “Coimisinéir Speisialta” agus in alt 429 (3) den Acht sin cuirtear “do Choimisinéir Achomhairc” in ionad “do Choimisinéir Speisialta”.

(2) Déantar leis seo gach foráil d'fhorálacha an Achta Cánach Ioncaim, 1967 , a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú trí thagairt do Choimisinéirí Achomhairc a chur inti in ionad gach tagartha do Choimisinéirí Speisialta.

(3) Déantar leis seo gach foráil d'fhorálacha an Achta Cánach Ioncaim, 1967 , a shonraítear i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú trí thagairt do na Coimisinéirí Ioncaim a chur inti in ionad gach tagartha do Choimisinéirí Speisialta.

(4) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú mar a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(5) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid IV den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(6) (a) Leasaítear leis seo Rialacháin (5), (6), (7) agus (8) de na Rialacháin a rinne na Coimisinéirí Ioncaim an 13ú lá de Mheán Fómhair, 1929, trí “Coimisinéirí Ioncaim” a chur i ngach ceann acu in ionad “Coimisinéirí Speisialta” agus cúlghairtear leis seo Rialachán (10) de na Rialacháin sin.

(b) Leasaítear leis seo Rialachán (9) de na Rialacháin a rinne na Coimisinéirí Ioncaim an 13ú lá de Mheán Fómhair, 1929—

(i) trí “cigire cánach” a chur in ionad “na Coimisinéirí Speisialta”,

(ii) trí “requires” a chur in ionad “require” sa leagan Béarla,

(iii) trí “dó” a chur in ionad “dóibh”,

(iv) trí “má dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim” a chur in ionad “má dhinid”,

(v) trí “cuirfidh an cigire cánach nó na Coimisinéirí Ioncaim, cibé acu é”, a chur in ionad “cuirfid”.

(c) Leasaítear leis seo na Rialacháin seo a leanas:

(i) Rialachán (4) de na Rialacháin a rinne na Coimisinéirí Ioncaim an 13ú lá de Mheán Fómhair, 1929,

(ii) Rialacháin 6, 8 agus 12 (2) de na Rialacháin um Cháin Ioncaim (Blianachtaí Ceannaigh Saoil), 1959,

(iii) Rialacháin 14 (2), (3) agus (4), 15 (1), 16, 31 (5), 34 (6) agus 44 (3) agus (4) de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960,

(iv) Rialachán 6 de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí) (Forcháin), 1961,

trí thagairt do na Coimisinéirí Achomhairc a chur i ngach ceann acu in ionad gach tagartha do na Coimisinéirí Speisialta.

(d) Déantar leis seo Rialacháin 14 (6), 31 (7) agus 34 (7) de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960, a leasú trí “aon Choimisinéir Achomhairc amháin” a chur i ngach ceann acu in ionad “aon Choimisinéir Speisialta amháin”.

Teorainneacha ama chun measúnachtaí agus éilimh aisíoca a dhéanamh.

4. —(1) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad alt 186 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“(2) (a) Faoi réir aon fhorála a lamhálann tréimhse níos faide in aon aicme cáis, féadfar measúnacht nó céad-mheasúnacht bhreise a dhéanamh tráth ar bith nach déanaí ná deich mbliana tar éis deireadh na bliana lena mbaineann an mheasúnacht:

Ar choinníoll, i gcás aon sórt calaois nó faillí a rinne duine ar bith nó a rinneadh thar a cheann i ndáil le nó maidir le cáin ioncaim, go bhféadfar measúnacht nó céadmheasúnacht bhreise a dhéanamh tráth ar bith in aghaidh aon bhliana a dtarlódh, mar gheall ar an gcalaois nó an fhaillí, go gcaillfí cáin ioncaim ar an Státchiste mura mbeadh sin.

(b) (i) I gcás ina bhfaighfear díolaíochtaí lena mbaineann an fhomhír seo i mbliain mheasúnachta i ndiaidh na bliana measúnachta ar inmheasúnaithe iad ina haghaidh, beidh éifeacht ag mír (a) i gcás measúnachtaí nó céad-mheasúnachtaí breise i leith na ndíolaíochtaí ach tagairt do dheireadh na bliana measúnachta a fuarthas na díolaíochtaí a chur in ionad na tagartha do dheireadh na bliana lena mbaineann an mheasúnacht.

(ii) Na díolaíochtaí lena mbaineann an fhomhír sin roimhe seo is díolaíochtaí iad mar a mhínítear in alt 110 (2), lena n-áirítear aon íocaíochtaí is inmhuirir i leith cánach de bhua Chaibidil II de Chuid V agus aon suimeanna atá, de bhua Chaibidil III de Chuid V, le háireamh mar pheircuisí de chuid oifige nó fostaíochta duine, ar díolaíochtaí, íocaíochtaí nó suimeanna iad seachas iad sin a chuirtear i gcuntas i measúnacht i leith cánach ioncaim in aghaidh na bliana measúnachta a fuarthas iad; agus chun críocha na míre seo—

(I) d'ainneoin aon ní in alt 114 (4), áireofar aon íocaíocht den sórt sin mar íocaíocht a fuarthas an tráth a fuarthas í iarbhír, agus

(II) aon suimeanna den sórt sin nár íocadh iarbhír leis an duine sin áireofar iad mar shuimeanna a fuarthas an tráth a tabhaíodh na costais iomchuí nó a áiríodh iad chun críocha na Caibidle sin III mar chostais a tabhaíodh.

(c) Agóid ar bith in aghaidh déanamh aon mheasúnachta nó céad-mheasúnachta breise ar an bhforas go bhfuil an tréimhse atá teoranta lena aghaidh sin caite ní dhéanfar í ach amháin ar achomharc ón measúnacht.

(d) San fho-alt seo ciallaíonn ‘faillí’ faillí nó mainneachtain in aon fhógra a thabhairt, in aon tuairisceán, ráiteas nó dearbhú a dhéanamh, nó in aon liosta, doiciméad nó eolas eile a thabhairt a iarrtar leis na hAchtanna Cánach Ioncaim nó fúthu:

Ar choinníoll go measfar nár mhainnigh duine aon rud a dhéanamh ba ghá a dhéanamh laistigh d'am teoranta má rinne sé é laistigh de cibé am breise, má b'ann, a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim nó an t-oifigeach iomchuí; agus, i gcás ina raibh leithscéal réasúnach ag duine i dtaobh gan aon rud áirithe a dhéanamh ba ghá a dhéanamh, go measfar nár mhainnigh sé é sin a dhéanamh má rinne sé é gan mhoill mhíréasúnach tar éis deireadh a bheith leis an leithscéal.”

(2) I gcás ina mbeartaítear measúnacht nó céad-mheasúnacht bhreise a dhéanamh de bhua mhír (a) nó de bhua míreanna (a) agus (b) den fho-alt a gcuirtear fo-alt (1) ina ionad, ní dhéanfar í—

(a) i gcás ina mbeartaítear a dhéanamh de bhua na míre sin (a), más measúnacht í a bhaineann le bliain roimh an mbliain 1961-62, nó

(b) i gcás ina mbeartaítear í a dhéanamh de bhua na míreanna sin (a) agus (b), más roimh an mbliain 1961-62 do thráth faighte (de réir brí na míre sin (b)) na ndíolaíochtaí, na n-íocaíochtaí nó na suimeanna,

ach amháin i gcás a thagann faoi réim an choinníll a ghabhann leis an mír sin (a).

(3) Leasaítear leis seo alt 211 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,—

(a) trí “d'aon bhliain mheasúnachta a bhféadfaí measúnacht nó céad-mheasúnacht bhreise a dhéanamh air díreach roimh é d'éag nó a dhéanamh air dá mba bheo dó” a chur in ionad “don bhliain mheasúnachta a éagfaidh an duine sin nó d'aon bhliain roimhe sin”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur le fo-alt (2):

“Beidh éifeacht ag an bhfo-alt seo d'ainneoin alt 186 (2).”

(4) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad alt 526 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“(6) Féadfar measúnacht nó measúnacht bhreise i leith forchánach a dhéanamh laistigh den am a lamháiltear le haghaidh measúnacht nó céad-mheasúnacht bhreise i leith cánach ioncaim a dhéanamh in imthosca comhréireacha agus beidh éifeacht dá réir sin ag alt 186 (2), agus ag alt 4 (2) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , ionann agus dá bhfolódh aon tagairt sa chéanna do cháin ioncaim nó do mheasúnacht nó céad-mheasúnacht bhreise i leith cánach ioncaim tagairt d'fhorcháin nó do mheasúnacht nó céad-mheasúnacht bhreise i leith forchánach.”

(5) (a) Leasaítear leis seo alt 498 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “de na deich mbliana” a chur ann in ionad “de na sé bliana”.

(b) I ndáil le héileamh ar aisíoc cánach ioncaim d'aon bhliain de na blianta 1961-62 go 1966-67, beidh feidhm ag alt 41 den Income Tax Act, 1918, ionann agus dá gcuirfí “ten” in ionad “six”.

Fógra i dtaobh dliteanas i leith cánach.

5. —(1) Gach duine is inmhuirir i leith cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta agus nach mbeidh, maidir leis an mbliain sin, fógra tugtha dó faoi alt 169 nó alt 172 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus nach mbeidh tuairisceán tugtha aige ar a ioncam iomlán, tabharfaidh sé, tráth nach déanaí ná bliain tar éis deireadh na bliana measúnachta, fógra don chigire cánach go bhfuil sé inmhuirir amhlaidh.

(2) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , alt 5” a chur isteach i gcolún 3 de.

Ailt 167, 168, 171, 172 (3) agus 179 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a aisghairm, agus leasuithe iarmartacha.

6. —(1) Aisghairtear leis seo ailt 167, 168, 171, 172 (3) agus 179 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2) Leasaítear leis seo alt 169 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “le fógra a thabharfaidh cigire dó” a chur in ionad “le haon fhógra ginearálta nó sonrach a thabharfar de bhun an Achta seo”.

(3) Leasaítear leis seo alt 169 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “ar thug cigire fógra dó” a chur in ionad “ar a ndearna cigire fógra sonrach a sheirbheáil”.

(4) Leasaítear leis seo alt 170 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “le fógra a thabharfaidh cigire dó” a chur in ionad “le haon fhógra ginearálta nó sonrach”.

(5) Leasaítear leis seo alt 176 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “le fógra a thabharfaidh cigire dó” a chur in ionad “le haon fhógra ginearálta nó sonrach”.

(6) Leasaítear leis seo alt 177 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “le fógra a thabharfaidh cigire dó” a chur in ionad “le fógra ginearálta nó sonrach faoin Acht seo”.

(7) Leasaítear leis seo alt 211 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 trí “nuair a iarrfar air déanamh amhlaidh le fógra a thabharfaidh cigire dó” a chur in ionad “nuair a iarrfar air le fógra sonrach déanamh amhlaidh”.

Leasú ar Chaibidil VI de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1963, Uimh. 23 .

7. —(1) Leasaítear leis seo Caibidil VI de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le héifeacht amhail ó dháta thosach feidhme an Achta sin,—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach in alt 81 (4), i ndiaidh mhír (e):

“(f) ús ar airgead a fuarthas ar iasacht agus a úsáideadh ag ceannach, ag feabhsú nó ag deisiú an áitribh,” agus

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 89:

“89A.—Más rud é i gcás aon bhliana measúnachta—

(a) go mbeidh duine inmhuirir (nó go mbeadh sé inmhuirir mura mbeadh neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan) i leith cánach faoí Chás IV de Sceideal D de bhua alt 81, agus

(b) go muirearófar an duine sin i leith cánach faoi alt 434 maidir le híoc úis, is ús a mbeadh asbhaint le déanamh ina aghaidh, faoi threoir mhír (f) d'alt 81 (4), le linn na brabúis nó na gnóchain a bheith á ríomh mura mbeadh feidhm a thabhairt (leis an bhfo-alt sin) do na forálacha is inchurtha chun feidhme maidir le Cás 1 de Sceideal D is forálacha nach bhféadfar asbhaint i leith úis a íocadh nó is iníoctha go hiomlán agus go heisiatach chun críche trádála a dhéanamh fúthu le linn brabúis nó gnóchain na trádála a bheith á ríomh,

áireofar an méid ar íocadh cáin air faoin measúnacht sin ionann agus dá mba éard é caillteanas den sórt a luaitear in alt 310 agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an ailt sin.”

(2) Más rud é, maidir le hús d'aon cheann de na blianta 1963-64 go dtí 1966-67, go mba inlamháilte aon fhaoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (1) dá mba é a bhí ann ús don bhliain 1967-68, deonófar an faoiseamh céanna ina leith sin agus a dheonófaí dá mbeadh forálacha i gCuid IX den Acht Airgeadais, 1963 , ar aon-éifeacht leo sin a cuireadh isteach le fo-alt (1) i gCaibidil VI de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

Leasú ar Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

8. —Déantar leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a leasú tríd an tagairt d'alt 526 (3) den Acht sin a scriosadh as colún 1 agus tagairt don alt sin 526 (3) a chur isteach i gcolún 3.

Pinsin áirithe coigríche a bheith díolmhaithe ó cháin.

9. —(1) In alt 53 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , measfar nach bhfolaíonn an tagairt i mír (f) de Chás III d'ioncam ó shealúchais lasmuigh den Stát tagairt d'aon phinsean nó sochar dá shamhail lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon phinsean nó sochar dá shamhail—

(a) a thugtar i leith seirbhísí san am atá caite in oifig nó fostaíocht nó is iníoctha faoi na forálacha de dhlí na tíre ina n-éiríonn sé a fhreagraíonn do fhorálacha Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1967, na nAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1967, nó na nAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1967, agus

(b) dá mba é a fhaigheann é duine ar a bhfuil, chun críocha cánach na tíre ina n-éiríonn sé, cónaí sa tír sin agus nach in aon áit eile atá cónaí air, nach mbeadh le háireamh mar ioncam chun na gcríocha sin.

Sa mhír seo ciallaíonn “cáin”, maidir le haon tír, cáin is inmhuirir agus is iníoctha faoi dhlí na tíre sin agus a fhreagraíonn do cháin ioncaim sa Stát.

(3) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir le cáin ioncaim don bhliain 1967-68 nó d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin.