5 1968


Uimhir 5 de 1968


AN tACHT BRUITHNIÚCHÁIN, 1968

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO THOIRMEASC AMH-MHIANRAÍ NÓ TIUBHACHÁIN AMH-MHIANRAÍ A BHRUITHNIÚ ACH AMHÁIN FAOI CHEADÚNAS A DHEONÓIDH AN tAIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CEADÚNAIS DEN SÓRT SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [13 Márta, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

folaíonn “bruithniú” miotal a theibeadh trí phróiseas pirimiotalóireach, ceimiceach, láistidh nó leictrilíteach agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “ceadúnas bruithniúcháin” ceadúnas arna dheonú faoi alt 3 den Acht seo.

Srian le bruithniú amh-mhianraí agus tiubhacháin amh-mhianraí.

2. —(1) Toirmeasctar leis seo amh-mhianraí nó tiubhacháin amh-mhianraí a bhruithniú i modh trádála nó chun críocha gnóchain ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnais bhruithniúcháin.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ar díotáil dlífear fíneáil nach mó ná cúig mhíle punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig chéad punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

Ceadúnas bruithniúcháin a dheonú.

3. —(1) Ar iarratas a dhéanfaidh duine i cibé foirm agus ina mbeidh cibé sonraí a ordóidh an tAire, féadfaidh an tAire, dá rogha féin, ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas bruithniúcháin san Acht seo) a dheonú, nó diúltú é a dheonú, don duine á údarú don duine amh-mhianraí agus tiubhacháin amh-mhianraí a bhruithniú i modh trádála agus le haghaidh gnóchain.

(2) Féadfaidh an tAire, nuair a bheidh ceadúnas bruithniúcháin á dheonú aige, cibé coinníollacha is cuí leis agus a shonróidh sé sa cheadúnas a chur ag gabháil leis an gceadúnas.

(3) Is i cibé foirm a ordóidh an tAire a bheidh ceadúnas bruithniúcháin agus oibreoidh sé chun a údarú don duine is sealbhóir ar an gceadúnas de thurus na huaire amh-mhianraí agus tiubhacháin amh-mhianraí a bhruithniú i modh trádála agus le haghaidh gnóchain.

(4) Más cuí leis an Aire é féadfaidh sé, ar iarratas ó shealbhóir ceadúnais bhruithniúcháin, aon choinníollacha a ghabhann leis an gceadúnas a leasú nó a chúlghairm.

Ceadúnas bruithniúcháin a aistriú.

4. —Féadfaidh sealbhóir ceadúnais bhruithniúcháin, le toiliú an Aire, an ceadúnas sin a aistriú chun duine eile agus déanfar an t-aistriú tríd an Aire do chur ainm an duine eile, mar aon le cibé sonraí eile faoin duine eile is cuí leis an Aire, ar an gceadúnas in ionad ainm an tsealbhóra agus aon sonraí eile a bheidh ar a gceadúnas faoin sealbhóir sin.

Ceadúnas bruithniúcháin a chúlghairm.

5. —I gcás sealbhóir ceadúnais bhruithniúcháin—

(a) do mhainniú, d'fhaillí nó do dhiúltú déanamh de réir coinníoll a ghabhann leis an gceadúnas i dtaobh bruithneoir amh-mhianraí nó tiubhachán amh-mhianraí a sholáthar nó do thosú ag obair agus go leanfaidh an mhainneachtain, an fhaillí nó an diúltú sin go ceann tréimhse nach giorra ná sé mhí tar éis don Aire a iarraidh i scríbhinn ar shealbhóir an cheadúnais déanamh de réir an choinníll, nó

(b) d'iarraidh ar an Aire an ceadúnas a chúlghairm,

féadfaidh an tAire an ceadúnas a chúlghairm.

Sárú ar choinníoll i gceadúnas bruithniúcháin.

6. —Aon sealbhóir ceadúnais bhruithniúcháin a mhainneoidh, a fhailleoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir coinníoll a ghabhann le ceadúnas, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná míle punt a chur air, agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig chéad punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

Ráiteas bréagach chun ceadúnas bruithniúcháin a fháil.

7. —Aon duine a dhéanfaidh ráiteas nó uiríoll is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha d'fhonn ceadúnas bruithniúcháin a fháil dó féin nó d'aon duine eile, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt, nó ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná míle punt, a chur air.

Dliteanas stiúrthóirí agus daoine eile maidir le cionta ag comhlachtaí corpraithe agus ag comhlachtaí neamhchorpraithe.

8. —I gcás cion faoin Acht seo a dhéanamh ag comhlacht corpraithe nó ag duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comlachta neamhchorpraithe daoine agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí aon fhaillí ar thaobh, aon duine arb éard é, i gcás comhlachta chorpraithe, stiúrthóir ar an gcomhlacht sin, nó, i gcás comhlachta neamhchorpraithe, comhalta de choiste bainistí nó údarás rialaithe eile an chomhlachta sin, beidh an duine sin ciontach i gcion freisin.

Caiteachais.

9. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

10. —Féadfar an tAcht Bruithniúcháin, 1968 , a ghairm den Acht seo.