An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Coinbhinsiún Ginearálta ar Phribhléidí agus ar Dhíolúintí na Náisiún Aontaithe)

8 1967

AN tACHT UM CHAIDREAMH AGUS DÍOLÚINE TAIDHLEOIREACHTA, 1967

CUID II

Coinbhinsiúin Víne ar Chaidreamh Taidhleoireachta agus ar Chaidreamh Consalachta

Feidhm dlí a bheith ag Coinbhinsiún Víne ar Chaidreamh Taidhleoireachta.

5. —(1) Beidh feidhm dlí sa Stát ag forálacha Choinbhinsiún Víne ar Chaidreamh Taidhleoireachta a rinneadh i Vín an 18ú lá d'Aibreán, 1961, mar atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham cibé orduithe a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach chun an Coinbhinsiún dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a chur i bhfeidhm agus éifeacht a thabhairt dó nó d'aon cheann dá fhorálacha, agus féadfaidh sé aon ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

Feidhm dlí a bheith ag Coinbhinsiún Víne ar Chaidreamh Consalachta.

6. —(1) Beidh feidhm dlí sa Stát ag forálacha Choinbhinsiún Víne ar Chaidreamh Consalachta a rinneadh i Vín an 24ú lá d'Aibreán, 1963, mar atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.