An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 10 [1958 Sc. 2; 1964, a 4 (b); 1966, a. 6.] Forálacha maidir le Faoiseamh ó Cháin Ioncaim (lena náirítear Forcháin) agus ó Cháin Bhrabús Corparáide trí Chreidmheas i leith Cánach Coigríche) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 12 Díbhinní a Measfar gurb as Brabúis a Carnadh roimh dháta Áirithe a Iocadh Iad)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

SCEIDEAL 11

Ceannach agus Díol Urrús: An méid Iomchuí i leith an úis

Ailt 368 , 369 , 370.

[1959, Sc. 1.]

1. Chun críocha alt 368, is é an méid iomchuí i leith an úis an chomhréir iomchuí den ús glan is infhaighte ag an gcéad cheannaitheoir.

2. Chun críocha alt 369 agus 370, is é an méid iomchuí i leith an úis an méid iomlán ar comhréir leis an gcomhréir iomchuí den ús glan is infhaighte ag an gcéad cheannaitheoir.

3. (1) Chun críocha míreanna 1 agus 2, is í an chomhréir iomchuí an chomhréir idir—

(a) an tréimhse dar tosach an chéad dáta iomchuí agus dar críoch an lá roimh an lá a cheannaigh an chéad cheannaitheoir na hurrúis,

agus

(b) an tréimhse dar tosach an chéad dáta iomchuí agus dar chríoch an lá roimh an dara dáta iomchuí.

(2) I bhfomhír (1)—

ciallaíonn “an chéad dáta iomchuí”—

(a) i gcás na hurrúis a bheith gan lua i liosta oifigiúil Stocmhargadh Bhaile Átha Cliath ar phraghas nár fholaigh luach na híocaíochta úis deiridh ab iníoctha roimh an ús ab infhaighte ag an gcéad cheannaitheoir nó, i gcás na hurrúis a lua amhlaidh, nárbh é dáta an lua an dáta is luaithe d'fhéadfaí iad a lua amhlaidh dá mbeifí tar éis déileáil iomchuí sna hurrúis a dhéanamh —an dáta is luaithe sin, agus

(b) in aon chás eile—an dáta a luadh na hurrúis i gcéaduair amhlaidh;

ciallaíonn “an dara dáta iomchuí”—

(a) i gcás na hurrúis a bheith gan lua i liosta oifigiúil Stocmhargadh Bhaile Átha Cliath ar phraghas nár fholaigh luach an úis ab infhaighte ag an gcéad cheannaitheoir nó, i gcás na hurrúis a lua amhlaidh, nárbh é dáta an lua an dáta is luaithe d'fhéadfaí iad a lua amhlaidh dá mbeifí tar éis déileáil iomchuí sna hurrúis a dhéanamh—an dáta is luaithe sin, agus

(b) in aon chás eile—an dáta a luadh na hurrúis i gcéaduair amhlaidh.

(3) I gcás inarb é an t-ús ab infhaighte ag an gcéad cheannaitheoir an chéad íocaíocht úis ab iníoctha i leith na n-urrús, beidh éifeacht ag fomhír (1) ach dáta tosaigh na tréimhse ar ina haghaidh ab iníoctha an t-ús a chur in ionad na dtagairtí don chéad dáta iomchuí:

Ar choinníoll, i gcás nach raibh méid caipitiúil an n-urrús láníoctha tús na tréimhse sin agus gur íocadh tráthchuid nó tráthchodanna caipitil i rith na tréimhse sin—

(a) go measfar an t-ús a bheith roinnte ina chodanna, arna ríomh faoi threoir méid an úis is inchurtha i leith an chaipitil a bhí íoctha i dtús nó roimh thús na tréimhse sin agus an méid de is inchurtha i leith gach tráthchoda den sórt sin, agus

(b) go measfar, maidir le gach cuid de na codanna sin a áireamh mar ús ab iníoctha in aghaidh na tréimhse sin no, i gcás inar ríomhadh an chuid faoi threoir aon tráthchoda den sórt sin, mar ús ab iníoctha in aghaidh na coda den tréimhse sin ag tosú le híoc na tráthchoda, an méid arb é comhréir iomchuí gach coda é a ríomh de réir na bhforálacha sin roimhe seo den mhír seo, agus

(c) gurb é comhréir iomchuí an úis chun críocha míreanna 1 agus 2 an chomhréir de arb í suim na méideanna sin é.

(4) Maidir le hurrúis nach luaitear i liosta oifigiúil Stocmhargadh Bhaile Átha Cliath, beidh éifeacht ag fomhír (1) ach go gcuirfear in ionad na dtréimhsí a luaitear ansin cibé tréimhsí is dóigh leis na Coimisinéirí Speisialta a fhreagrann dóibh i gcás na n-urrús a bheidh i gceist.

4. I gcás inarb urrúis iad na hurrúis go méadaíonn ar an bpraghas margáin, i gcás ús a bheith infhaighte ag an gceannaitheoir, faoi threoir úis iomláin a d'fhaibhrigh roimh an lá margáin, ní bheidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo, ach chun críocha gach ailt acu sin, is é an méid iomchuí i leith an úis méid an mhéadaithe ar an bpraghas margáin.