An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 8) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 10 [1958 Sc. 2; 1964, a 4 (b); 1966, a. 6.] Forálacha maidir le Faoiseamh ó Cháin Ioncaim (lena náirítear Forcháin) agus ó Cháin Bhrabús Corparáide trí Chreidmheas i leith Cánach Coigríche)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

SCEIDEAL 9

[1955, Sc. 2, Cuid 1;

1958, Sc. 2.]

Faoiseamh Comharaíochta ó Chánachas Dúbailte i leith Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide na hÉireann agus i leith Cánacha Ioncaim Cheanada, lena nAirítear Forchánacha

Alt 360.

COMHAONTU IDIR RIALTAS NA héIREANN AGUS RIALTAS CHEANADA CHUN CANACHAS DUBAILTE A SHEACHAINT AGUS COSC A CHUR LE hIMGHABHAIL FIOSCACH I LEITH CANACHA AR IONCAM.

Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas Cheanada,

D'fhonn Comhaontú a dhéanamh chun cánachas dúbailte a sheachaint agus cosc a chur le himghabháil fioscach maidir le cánacha ar ioncam,

Tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar Lánchumhachtaigh uathu chuige sin:

Rialtas na hÉireann:

Seán Ó Murchadha, Ambasadóir Urghnách agus Lánchumhachtach na hÉireann in Ottawa;

Rialtas Cheanada:

Walter E. Harris, Aire Airgeadais i Rialtas Cheanada.

Noch do rinne, ar iad do thaispeáint a lánchumhacht faoi seach, a fríth i bhfoirm mhaith chuí, comhaontú mar a leanas:—

Airteagal I

1. Is iad na cánacha a mbaineann am Comhaontú seo leo:

(a) I gCeanada:

Cánacha ioncaim, lena n-áirítear forchánacha, a fhorchuireann Rialtas Cheanada (dá ngairtear “cáin Cheanadach” anseo feasta).

(b) In Éirinn:

An cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus an cháin bhrabús corparáide (dá ngairtear “cáin Éireannach” anseo feasta).

2. Bainfidh an Comhaontú seo freisin le haon chánacha eile a bheidh go substainteach i gcosúlacht leis na cánacha sin, seachas cánacha ró-bhrabúis, agus a fhorchuirfidh ceachtar Rialtas Conarthach tar éis an Comhaontú seo a shíniú.

Airteagal II

1. Sa Chomhaontú seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt:

(a) Ciallaíonn na téarmaí “ceann de na críocha” agus “an chríoch eile” Éire nó Ceanada, de réir mar a éilíonn an comhthéacs.

(b) Ciallaíonn an téarma “cáin” cáin Éireannach nó cáin Cheanadach de réir mar a éilíonn an comhthéacs.

(c) Folaíonn an téarma “duine” aon chomhlacht daoine, corpraithe nó neamhchorpraithe.

(d) Folaíonn an téarma “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe.

(e) Ciallaíonn na téarmaí “cónaitheoir in Éirinn” agus “cónaitheoir i gCeanada”, faoi seach, aon duine is cónaitheoir in Éirinn chun críocha cánach Éireannaí agus nach cónaitheoir i gCeanada chun críocha cánach Ceanadaí agus aon duine is cónaitheoir i gCeanada chun críocha cánach Ceanadaí agus nach cónaitheoir in Éirinn chun críocha cánach Éireannaí; measfar cuideachta a bheith ina cónaí in Éirinn más in Éirinn a dhéantar a gnó a bhainistí agus a rialú agus ina cónaí i gCeanada más i gCeanada a dhéantar a gnó a bhainistí agus a rialú. Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní sa mhír seo difear d'aon fhorálacha i ndlí na hÉireann maidir le cáin bhrabús corparáide a forchur i gcás cuideachta a corpraíodh in Éirinn.

(f) Ciallaíonn na téarmaí “cónaitheoir i gceann de na críocha” agus “cónaitheoir sa chríoch eile” duine is cónaitheoir in Éirinn nó duine is cónaitheoir i gCeanada, de réir mar a éilíonn an comhthéacs.

(g) Ciallaíonn na téarmaí “fiontar Éireannach” agus “fiontar Ceanadach”, faoi seach, fiontar nó gnóthas tionscail nó tráchtála atá á sheoladh ag cónaitheoir in Éirinn agus fiontar nó gnóthas tionscail nó tráchtála atá á sheoladh ag cónaitheoir i gCeanada; agus ciall aíonn na téarmaí “fiontar cheann de na críocha” agus “fiontar de chuid na críche eile” fiontar Éireannach nó fiontar Ceanadach, de réir mar a éilíonn an comhthéacs.

(h) Ciallaíonn an téarma “buanfhoras”, nuair a úsáidtear é maidir le fiontar cheann de na críocha, brainse nó áit sheasta eile ghnó, ach ní fholaíonn sé gníomhaireacht mura bhfuil ag an ngníomhaire, agus mura bhfeidhmíonn sé de ghnáth, údarás ginearálta chun conartha a iomairliú agus a chríochnú thar ceann an fhiontair nó mura bhfuil stoc marsantais aige as a líonann sé orduithe go rialta thar a cheann. I ndáil leis sin de—

(i) ní mheasfar buanfhoras a bheith ag fiontar cheann de na críocha sa chríocha eile ar an aonchúis go bhfuil déileála gnó á ndéanamh aige sa chríoch eile sin trí ghníomhaire ginearálta coimisiúin nó bróicéir bona fide ag gníomhú dhó i ngnáth-chúrsa a ghnó sa cháil sin;

(ii) má bhíonn áit sheasta ghnó á cothabháil ag fiontar cheann de na críocha sa chríoch eile go heisiatach chun earraí nó marsantas a cheannach, ní thabharfaidh sin ann féin gur buanfhoras leis an bhfiontar sin an áit sheasta ghnó sin;

(iii) má bhíonn ag gabháil le cuideachta is cónaitheoir i gceann de na críocha fochuideachta is cónaitheoir sa chríoch eile nó a sheolann trádáil nó gnó sa chríoch eile sin (cibé acu trí bhuanfhoras é nó ar shlí eile), ní thabharfaidh sin ann féin gur buanfhoras lena cuideachta bhunaidh an fhochuideachta sin.

2. Ní fholaíonn an téarma “brabúis tionscail nó tráchtála”, mar a úsáidtear sa Chomhaontú seo é, ioncam ar mhodh díbhinní, úis, cíosanna nó ríchíosanna, táillí bainistíochta, ná díolaíocht as saothar nó as seirbhísí pearsanta.

3. Nuair a bheidh forálacha an Chomhaontuithe seo á gcur chun feidhme ag ceann de na Rialtais Chonarthacha, téarma nach mínítear ar shlí eile beidh leis, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, an bhrí atá leis faoi dhlíthe an Rialtais Chonarthaigh sin maidir leis na cánacha is ábhar don Chomhaontú seo.

Airteagal III

1. Ní bheidh brabúis tionscail nó tráchtála fiontair Éireannaigh inchurtha faoi cháin Cheanadach mura mbíonn an fiontar ag gabháil do thrádáil nó gnó i gCeanada trí bhuanfhoras ann. Má bhíonn sé ag gabháil do thrádáil nó gnó amhlaidh, féadfaidh Ceanada cáin a fhorchur ar na brabúis sin, ach sin amháin ar an méid sin díobh is inchurtha i leith an bhuanfhorais sin.

2. Ní bheidh brabúis tionscail nó tráchtála fiontair Cheanadaigh inchurtha faoi cháin Éireannach mura bhfuil an fiontar ag gabháil do thrádáil nó gnó in Éirinn trí bhuanfhoras ann. Má bhíonn sé ag gabháil do thrádáil nó gnó amhlaidh, féadfaidh Éire cáin a fhorchur ar na brabúis sin ach amháin ar an méid sin díobh is inchurtha i leith an bhuanfhorais sin.

3. I gcás fiontar cheann de na críocha a bheith ag gabháil do thrádáil nó gnó sa chríocha eile trí bhuanfhoras ann, cuirfear i leith an bhuanfhorais sin na brabúis tionscail nó tráchtála a mbeidh súil go saothródh sé iad sa chríoch eile sin dá mba fiontar neamhspleách é a bhí ag gabháil do na gníomhachtaí céanna nó do ghníomhachtaí dá samhail faoi na dála céanna nó dála dá samhail agus a bhí ag plé ar neamhthuilleamaí leis an bhfiontar ar buanfhoras de é.

4. Ní dhéanfar aon chuid d'aon bhrabúis a thiocfaidh chun fiontair cheann de na críocha a chur i leith buanfhorais sa chríoch eile de bhíthin amháin earraí nó marsantas a bheith á gceannach sa chríoch eile sin ag an bhfiontar.

5. I gcás cuideachta a chónaíonn i gceann de na críocha d'fháil brabús nó ioncaim ó bhunaidh sa chríoch eile, ní fhorchuirfidh Rialtas na críche eile sin aon saghas cánachais ar dhíbhinní a íocfaidh an chuideachta le daoine nach gcónaíonn sa chríoch eile sin, ná aon cháin i modh cánach brabús neamhdháilte ar bhrabúis neamhdháilte na cuideachta, de bhíthin gurb é atá, go hiomlán nó go páirteach, sna díbhinní nó sna brabúis neamhdháilte sin brabúis nó ioncam a fuarthas amhlaidh.

Airteagal IV

I gcás

(a) fiontar cheann de na críocha a bheith rannpháirteach go díreach nó go neamhdhíreach i mbainistí, i rialú nó i gcaipiteal fiontair de chuid na críche eile, nó

(b) na daoine céanna a bheith rannpháirteach go díreach nó go neamhdhíreach i mbainistí, rialú nó caipiteal fiontair cheann de na críocha agus fiontair de chuid na críche eile,

agus, i gceachtar cás, coinníollacha a bheith déanta nó forchurtha idir an dá fhiontar, ina gcaidreamh tráchtála nó airgeadais, nach ionann agus na coinníollacha a dhéanfaí idir fiontair neamhspleácha, ansin, féadfar aon bhrabúis a d'fhaibhreodh chun ceann de na fiontair, mura mbeadh na coinníollacha sin, ach nár fhaibhrigh amhlaidh de bhíthin na gcoinníollacha sin, a áireamh ar bhrabúis an fhiontair sin agus cáin a chur orthu dá réir sin.

Airteagal V

D'ainneoin forálacha Airteagal III agus IV, na brabúis a gheobhaidh cónaitheoir i gceann de na críocha as oibriú long nó aerárthach, beidh siad díolmhaithe ó cháin sa chríoch eile.

Airteagal VI

1. Ní mó ná 15% a bheidh ráta cánach Ceanada ar ioncam (seachas ioncam as gnó a sheoladh i gCeanada nó as dualgais a dhéanamh i gCeanada) a gheobhaidh cónaitheoir in Éirinn ó bhunaidh i gCeanada.

2. D'ainneoin forálacha na míre sin roimhe seo, ní mó ná 5 faoin gcéad a bheidh ráta cánach Ceanadaí ar dhíbhinní a íocfar le cuideachta is cónaitheoir in Éirinn ag cuideachta is cónaitheoir i gCeanada, agus a bhfuil níos mó ná 50 faoin gcéad de na scaireanna inti a ngabhann lán-chearta vótála leo i ngach cúinse ar úinéireacht ag an gcuideachta chéadluaite.

3. Ioncam (seachas ioncam as gnó a sheoladh in Éirinn nó as dualgais a dhéanamh in Éirinn) a gheobhaidh pearsa aonair is cónaitheoir i gCeanada ó fhoinsí in Éirinn beidh se díolmhaithe ó fhorcháin Éireannach.

Airteagal VII

1. Aon ríchíosanna cóipchirt agus íocaíochtaí eile dá samhail a íocfar i leith aon saothar litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne (gan cíosanna ná ríchíosanna i leith scannán pictiúr reatha a áireamh) a tháirgeadh nó a atáirgeadh agus a gheobhaidh cónaitheoir i gceann de na críocha ó fhoinsí sa chríoch eile beidh siad díolmhaithe ó cháin sa chríoch eile sin.

Airteagal VIII

1. Beidh an luach saothair (seachas pinsin) a íocfaidh ceann de na Rialtais Chonarthacha le haon phearsa aonair as seirbhísí a rinneadh don Rialtas sin i gcomhlíonadh feidhmeanna rialtais díolmhaithe ó cháin i gcríoch an Rialtais Chonarthaigh eile, más rud é nach bhfuil gnáthchónaí sa chríoch sin ar an bpearsa aonair nó gur chun na seirbhísí sin a dhéanamh agus chuige sin amháin atá gnáthchónaí air sa chríoch sin.

2. Ní bhainfidh forálacha an Airteagail seo le híocaíochtaí i leith seirbhísí a rinneadh i ndáil le haon trádáil nó gnó a sheolann ceann de na Rialtais Chonarthacha chun críocha brabúis.

Airteagal IX

1. Beidh cónaitheoir in Éirinn díolmhaithe ó cháin Cheanadach ar chúiteamh as seirbhísí pearsanta (lena n-áirítear seirbhísí gairmiúla) a rinneadh i rith na bliana cánachais i gCeanada, más rud é go mbeidh sé tar éis tréimhse nó tréimhsí nach faide san iomlán ná 183 lá a chaitheamh ann i rith na bliana cánachais, agus go gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a) Gurb as na seirbhísí pearsanta sin a rinne sé mar oifigeach nó mar fhostaí do chónaitheoir in Éirinn a fuair sé a chúiteamh, nó

(b) Nach mó ná $5,000 an cúiteamh a fuair sé as na seirbhísí pearsanta sin.

2. Beidh feidhm ag forálacha mhír 1 den Airteagal seo, mutatis mutandis, maidir le cónaitheoir i gCeanada i leith cúiteamh as seirbhísí pearsanta den sórt sin a dhéanamh in Éirinn.

Airteagal X

1. Aon phinsean nó blianacht a gheobhaidh pearsa aonair is cónaitheoir in Éirinn ó fhoinsí i gCeanada beidh sé nó sí díolmhaithe ó cháin Cheanadach.

2. Aon phinsean nó blianacht a gheobhaidh pearsa aonair is cónaitheoir i gCeanada ó fhoinsí in Éirinn beidh sé nó sí díolmhaithe ó cháin Éireannach.

3. Ciallaíonn an téarma “blianacht” suim shonraithe is iníoctha go tréimhsiúil tráthanna sonraithe i gcaitheamh saoil nó i gcaitheamh tréimhse sonraithe ama nó tréimhse infhionnta faoi oibleagáid na híocaíochtaí a dhéanamh i leith comaoin iomlán in airgead nó i luach airgid.

Airteagal XI

Aon ollamh nó múinteoir as ceann de na críocha a gheobhaidh luach saothair as múinteoireacht, ar feadh tréimhse de chónaí shealadach nach faide ná dhá bhliain in ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile sa chríoch eile, beidh sé díolmhaithe ó cháin sa chríoch eile sin i leith an luach saothair sin.

Airteagal XII

Aon mhac léinn nó printíseach gnó ó cheann de na críocha a bheidh ag fáil oideachais nó oiliúna lán-aimsire sa chríoch eile, beidh sé díolmhaithe ó cháin sa chríoch eile sin ar íocaíochtaí a gheobhaidh sé ó dhaoine sa chríoch chéadluaite chun críocha a chothabhála, a oideachais nó a oiliúna.

Airteagal XIII

1. A mhéid is féidir é de réir forálacha dlí Cheanada i dtaobh cáin a íocadh i gcríoch lasmuigh de Cheanada a bhaint as cáin is iníoctha i gCeanada, déanfar cáin Éireannach is iníoctha i leith ioncaim as bunaidh in Éirinn a bhaint as aon cháin Cheanadach is iníoctha i leith an ioncaim sin. Chun na críche sin measfar fáltaí aon díbhinne a d'íoc corparáid is cónaitheoir in Éirinn a bheith tar éis an cháin ioncaim Éireannach is iomchuí don díbhinn sin a íoc má roghnaíonn an fáltaí sin méid na cánach ioncaim Éireannaí sin a áireamh ina ioncam comhlán chun críocha cánach Ceanadaí. Chun críocha an Airteagail seo amháin, measfar gurb ioncam ó bhunaidh in Éirinn ioncam a fuair pearsa aonair is cónaitheoir in Éirinn ó bhunaidh sa Ríocht Aontaithe mura bhfuil an t-ioncam sin inchurtha faoi cháin ioncaim na Ríochta Aontaithe.

2. Faoi réir cibé forálacha (nach ndéanfaidh difear dá phrionsabal ginearálta seo) a achtófar in Éirinn, déanfar cáin Cheanadach is iníoctha i leith ioncam as bunaidh i gCeanada a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon cháin Éireannach is iníoctha i leith an ioncaim sin. Más é atá san ioncam sin gnáth dhíbhinn a d'íoc corparáid Cheanadach, cuirfear i gcuntas sa chreidmheas sin (i dteannta aon cháin ioncaim Cheanadach a baineadh as an díbhinn sin nó a forchuireadh uirthi) an cháin ioncaim Cheanadach a forchuireadh ar an gcorparáid sin i leith a brabús, agus, i gcás inar díbhinn í a íocadh ar scaireanna tosaíochta rannpháirteacha agus gur ionann í agus díbhinn de réir an ráta shocair a bhfuil na scaireanna ina theideal mar aon le rannpháirtíocht bhreise sna brabúis, déanfar an cháin sin ar bhrabúis a chur i gcuntas freisin sa mhéid gur mó an díbhinn ná an ráta socair sin.

3. Chun críocha an Airteagail seo, measfar gurb éard brabúis nó luach saothair as seirbhísí pearsanta (lena n-áirítear seirbhísí gairmiúla) a rinneadh i gceann de na críocha a ioncam ó bhunaidh sa chríoch sin, agus aon seirbhísí ag pearsa aonair a rinne na seirbhísí sin go hiomlán nó go formhór ar longa nó in aerárthaí a bhí á n-óibriú ag cónaitheoir i gceann de na críocha measfar gur sa chríoch sin a rinneadh iad.

Airteagal XIV

1. Tabharfaidh údaráis chánachais na Rialtas Conarthach dá chéile, nuair a iarrfar sin, cibé eolas (is eolas atá le fáil faoi dhlíthe cánachais na Rialtas Conarthach faoi seach) is gá chun forálacha an Chomhaontaithe seo a chur i gcrích nó chun calaois a chosc nó chun forálacha reachtúla a riaradh in aghaidh seachaint dhlíthiúil i ndáil leis na cánacha is ábhar don Chomhaontú seo. Aon eolas a mhalartófar amhlaidh áireofar mar eolas rúnda é agus ní nochtfar é d'aon duine seachas na daoine a mbeidh sé de chúram orthu na cánacha is ábhar don Chomhaontú seo a mheasúnú agus a bhailiú. Ní mhalartófar aon eolas a nochtfadh aon rún trádála nó próis thrádála.

2. Féadfaidh údaráis chánachais na Rialtas Conarthach dul i gcomhairle le chéile mar is gá chun forálacha an Chomhaontaithe seo, agus, go háirithe, forálacha Airteagal III agus IV, a chomhlíonadh.

3. Mar a úsáidtear é san Airteagal seo, ciallaíonn an téarma “údaráis chánachais”, i gcás Cheanada, an tAire Ioncaim Náisiúnta nó a ionadaí údaraithe; i gcás na hÉireann, na Coimisinéirí Ioncaim nó a n-ionadaí údaraithe.

Airteagal XV

1. Déanfar an Comhaontú seo a dhaingniú agus na hionstraimí daingniúcháin a mhalartú i mBaile Átha Cliath a luaithe is féidir.

2. Ar na daingniúcháin a mhalartú, beidh éifeacht ag an gComhaontú seo—

(a) maidir le cáin Cheanadach, do na blianta cánachais a thosóidh ar an 1ú lá d'Eanáir, nó dá éis, an bhliain chaileandair a mhalartófar na hionstraimí daingniúcháin;

(b)     (i) maidir le cáin ioncaim Éireannach, don bhliain mheasúnachta a thosóidh an 6ú lá d'Aibreán an bhliain fhéilire a mhalartófar na hionstraimí daingniúcháin, agus do bhlianta ina dhiaidh sin; agus

(ii) maidir le forcháin Éireannach, don bhliain mheasúnachta a thosóidh ar an 6ú lá d'Aibreán díreach roimh an mbliain fhéilire a mhalartófar na hionstraimí daingniúcháin, agus do bhlianta ina dhiaidh sin; agus

(iii) maidir le cáin bhrabús corparáide Éireannach, d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a thosóidh an 1ú lá d'Aibreán, nó dá éis, an bhliain fhéilire a mhalartófar na hionstraimí daingniúcháin, agus don chuid neamhchaite d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a bheadh á caitheamh ar an dáta sin.

Airteagal XVI

Leanfaidh an Comhaontú seo in éifeacht ar feadh tréimhse éiginnte, ach féadfaidh ceachtar de na Rialtais Chonarthacha ar nó roimh an 30ú lá de Mheitheamh aon bhliain fhéilire i ndiaidh na bliana féilire a mhalartófar na hionstraimí daingniúcháin, fógra foirceannaidh a thabhairt don Rialtas Conarthach eile, agus sa chás sin, scoirfidh an Comhaontú seo d'éifeacht a bheith aige—

(a) maidir le cáin Cheanadach, do na blianta cánachais dar tosach an 1ú lá d'Eanáir nó dáta dá éis sin sa bhliain fhéilire díreach tar éis na bliana féilire ina dtabharfar fógra;

(b)     (i) maidir le cáin ioncaim Éireannach, d'aon bhliain mheasúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán nó dáta dá éis sin sa bhliain fhéilire díreach tar éis na bliana féilire ina dtabharfar an fógra sin;

(ii) maidir le forcháin Éireannach d'aon bhliain mheasúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, nó dáta dá éis sin, an bhliain fhéilire a thabharfar an fógra sin; agus

(iii) maidir le cáin bhrabús corparáide Éireannach d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a thosóidh an 1ú lá d'Aibreán nó dá éis an bhliain fhéilire díreach i ndiaidh na bliana féilire ina dtabharfar an fógra sin agus don chuid neamhchaite d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a bheidh á caitheamh ar an dáta sin.

Dá FHIANú SIN tá na Lánchumhachtaigh thuasainmnithe tar éis an Comhaontú seo a shíniú agus a séalaí a ghreamú de.

ARNA DHéANAMH in Ottawa, i ndúblach, an 28ú lá seo de Dheireadh Fómhair, naoi gcéad déag caoga a ceathair.

D'éIRINN:

Seán ó Murchadha.

DO CHEANADA:

W. E. Harris.