An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 2 Rialacha is Infheidhmithe maidir le Sceideal E) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 4 Forálacha maidir le héilimh áirithe ar Liúntais, Asbhaintí agus Faoisimh)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

SCEIDEAL 3

[1964, Sc. 1.]

Faoisimh i leith Cáin a Mhuirearófar ar íocaíochtaí ar Scor, Etc.

Ailt 114 , 115

Réamhráiteach

1. Lamhálfar faoiseamh de réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Sceideal seo i ndáil le cáin is inmhuirir de bhua alt 114, i gcás ina ndéanfar éileamh go cuí de réir alt 115.

2. Ní bheidh éilitheoir i dteideal faoisimh faoin Sceideal seo maidir le haon ioncam a mbeidh sé i dteideal an cháin air a mhuirearú in aghaidh aon duine eile, nó í a asbhaint, a choinneáil, nó a íoc as aon íocaíocht a dhlíonn sé a dhéanamh le haon duine eile.

Faoiseamh trí shuimeanna is inmhuirir a laghdú

3. Nuair a bheifear ag ríomh an mhuirir i leith cánach maidir le híocaíocht is inmhuirir i leith cánach faoi alt 114, nach íocaíocht chúitimh mar gheall ar chailliúint oifige, asbhainfear as an íocaíocht suim is comhionann leis an méid (más aon mhéid é) atá de bhreis ar £3,000 ag an sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach don oifig nó don fhostaíocht ar ina leith an íocaíocht.

4. Sa Sceideal seo, ciallaíonn “an sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach” maidir le hoifig nó fostaíocht, suim arna háireamh mar a leanas, is é sin le rá—

(a) déanfar amach meánmhéid sochar oifige sealbhóra na hoifige nó na fostaíochta in aghaidh bliana amháin de réir na dtrí bliana deiridh dá sheirbhís roimh an dáta iomchuí (nó de réir tréimhse uile a sheirbhíse más giorra í ná trí bliana);

(b) iolrófar an fichiú cuid den mhéid a dhéanfar amach ag (a) ar an slánuimhir de bhlianta iomlána seirbhíse a bheidh curtha isteach ag an sealbhóir san oifig nó san fhostaíocht; agus

(c) asbhainfear as an toradh ag (b) suim is comhionann le méid, nó de réir mar a bheidh, le luach ar an dáta iomchuí, aon chnapshuime (nach inmhuirir i leith cánach) a fuair an sealbhóir nó is infhaighte aige i leith na hoifige nó na fostaíochta de bhun aon scéime nó ciste de shórt dá dtagraítear in alt 115 (1) (d):

Ar choinníoll nach dtabharfar aon aird chun críocha na míre seo ar sheirbhís aon duine mar oifigeach nó fostaí ag comhlacht corpraithe aon tráth nuair a bhí sé ina stiúrthóir dílseánach nó ina fhostaí dílseánach (mar a mhínítear sin le halt 226) ag an gcomhlacht sin.

5. I gcás inarb inmhuirir cáin faoi alt 114 den Acht seo i leith dhá íocaíocht nó níos mó lena mbaineann mír 3, is íocaíochtaí a rinneadh leis an duine céanna nó ina leith i ndáil leis an oifig nó an fhostaíocht chéanna nó i ndáil le hoifigí nó fostaíochtaí éagsúla faoin bhfostóir céanna nó faoi fhostóirí comhpháirte, ansin—

(a) beidh feidhm ag an mír sin 3 ionann agus dá mba é a bhí sna híocaíochtaí sin aon íocaíocht amháin ar cóimhéid le méid comhiomlán na n-íocaíochtaí sin agus i gcás iad a dhéanamh i leith oifigí nó fostaíochtaí éagsúla, ionann is dá mba é a bhí sa sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach méid ar cóimhéid le suim na sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach do na hoifigí nó do na fostaíochtaí sin;

(b) i gcás ina measfar gurb ioncam do bhlianta measúnachta éagsúla na híocaíochtaí, is é an faoiseamh a bheidh le deonú faoin mír sin i leith íocaíocht is inmhuirir i leith aon bliana measúnachta an méid a bheidh de bhreis ag an bhfaoiseamh arna ríomh de réir na forála sin roimhe seo i leith na híocaíochta sin agus aon íocaíochtaí is inmhuirir i leith blianta measúnachta roimhe sin ar an bhfaoiseamh i leith na n-íocaíochtaí is déanaí a luaitear;

agus má tharlaíonn i gcás an sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach d'oifig nó d'fhostaíocht arb ina leith a rinneadh dhá cheann nó níos de na híocaíochtaí nach é an sochar céanna é maidir le gach ceann de na híocaíochtaí sin, measfar chun críche na míre seo é a bheith ar cóimhéid leis an gceann is mó de na sochair sin.

6. Nuair a bheifear ag ríomh an mhuirir i leith cánach i gcás íocaíocht is inmhuirir i leith cánach faoi alt 114 is íocaíocht i leith oifige nó fostaíochta inar cuid de sheirbhís an tsealbhóra seirbhís choigríche agus nach íocaíocht chúitimh mar gheall ar chailliúint oifige, asbhainfear as an íocaíocht (i dteannta aon asbhainte a lamháiltear faoi na forálacha roimhe seo den Sceideal seo) suim a mbeidh an chomhréir chéanna idir í agus an tsuim ab inmhuirir i leith cánach ar leithligh ón mír seo agus a bheidh idir fad na seirbhíse coigríche agus fad na seirbhíse roimh an dáta iomchuí.

Faoiseamh trí cháin a laghdú

7. I gcás aon íocaíocht arb inmhuirir cáin ina leith faoi alt 114 lamhálfar an faoiseamh seo a leanas trí asbhaint as an gcáin is inmhuirir de bhun an ailt sin, is é sin le rá, déanfar amach—

(a) an méid cánach ab inmhuirir ar leithligh ón mír seo i leith ioncam sealbhóra nó iarshealbhóra na hoifige nó na fostaíochta don bhliain mheasúnachta a n-áirítear an íocaíocht ina leith mar ioncam;

(b) an méid cánach ab inmhuirir amhlaidh dá mba nach ndearnadh an íocaíocht;

(c) an dífear idir na méideanna cánach faoi seach ab inmhuirir amhlaidh ar an tuiscint—

(i) nach ndearnadh ach an codán iomchuí den íocaíocht (tar éis aon fhaoiseamh ab infheidhmithe ina leith faoi na forálacha sin roimhe seo den Sceideal seo a asbhaint) a íoc; agus

(ii) nach ndearnadh aon chuid den íocaíocht;

agus gan aird a thabhairt, i gceachtar cás, ar aon díolaíochtaí eile ón oifig nó ón bhfostaíocht;

agus is é an méid a bheidh le hasbhaint an difear idir an méid a rinneadh amach ag (a) agus suim an mhéid a rinneadh amach ag (b) agus an t-iolrú iomchuí ar an difear a rinneadh amach ag (c).

8. I gcás ina bhfolaítear in ioncam sealbhóra nó iarshealbhóra na hoifige nó na fostaíochta don bhliain mheasúnachta a measfar gurb ioncam ina leith an íocaíocht ioncam a bhfuil teideal aige cáin air a mhuirearú in aghaidh aon duine eile, nó cáin a asbhaint, a choimeád nó a shásamh as aon íocaíocht a dhlíonn sé a dhéanamh le haon duine eile, déanfar na méideanna dá dtagraítear i bhfomhíreanna (a) go (c) de mhír (7) a ríomh ionann is nach mbeadh an cháin sin inmhuirir i leith an ioncaim sin.

9. Sa Sceideal seo, ciallaíonn “an codán iomchuí” agus “an t-iolrú iomchuí”, faoi seach, maidir le haon íocaíocht—

(a) i gcás nach íocaíocht chúitimh mar gheall ar chailliúint oifige an íocaíocht, an séú cuid agus a sé;

(b) i gcás inarb íocaíocht chúitimh mar gheall ar chailliúint oifige an íocaíocht, a haon arna roinnt ar an uimhir iomchuí de bhlianta seirbhíse gan chaitheamh, agus an uimhir sin de bhlianta;

gus chun críocha na míre seo ciallaíonn “an uimhir iomchuí de bhlianta seirbhíse gan chaitheamh” an uimhir de bhlianta iomlána a cuireadh san áireamh agus méid na híocaíochta á ríomh is blianta a mbeadh teideal ag sealbhóir na hoifige nó na fostaíochta (ar shlí seachas de bhua socruithe a dhéanfaí ar ionchas a éirí as oifig nó a chur as oifig nó aon athrú iomchuí i bhfeidhmeanna nó i ndíolaíochtaí na hoifige nó na fostaíochta) chun an oifig nó an fhostaíocht nó a díolaíochtaí iomlána a choinneáil, agus i gcás inar lú an tréimhse a chuirfear san áireamh mar a dúradh ná bliain iomlán amháin nó inar mó é ná uimhir chruinn de bhlianta áireofar é chun críocha na míre seo mar bhliain iomlán amháin nó mar an uimhir iomlán de bhlianta is airde ina dhiaidh sin, de réir mar a bheidh.

10. Má bhíonn cáin inmhuirir faoi alt 114 i leith dhá íocaíocht nó níos mó leis an duine céanna nó ina leith maidir leis an oifig nó leis an bhfostaíocht chéanna agus gurb inmhuirir amhlaidh í don bhliain mheasúnachta chéanna, áireofar na híocaíochtaí sin chun críocha mhír 7 mar aon íocaíocht amháin ar cóimhéid le méid comhiomlán na n-íocaíochtaí sin:

Ar choinníoll, nuair nach ionann an codán iomchuí agus an t-iolrú iomchuí i leith gach ceann de na híocaíochtaí, go ndéanfar an faoiseamh faoin mír sin 7 a ríomh ar leithligh maidir le gach íocaíocht nó íocaíochtaí ag a mbeidh codán iomchuí agus iolrú iomchuí éagsúil, agus in aon ríomh den sórt sin—

(a) fágfar as an áireamh chun críocha uile na míre sin 7 aon íocaíocht arb ísle an t-iolrú iomchuí ina leith; agus

(b) nuair a bheidh an difear ag (c) den mhír sin á dhéanamh amach, toimhdeofar nár íocadh ach an codán iomchuí d'aon íocaíocht arb airde an t-iolrú iomchuí ina leith;

agus is é an faoiseamh a lamhálfar suim na bhfaoiseamh a bheidh ríofa amhlaidh i leith na n-íocaíochtaí faoi seach.

11. Má bhíonn cáin inmhuirir faoi alt 114 i leith dhá íocaíocht nó níos mó leis an duine céanna nó ina leith i ndáil le hoifigí nó fostaíochtaí éagsúla agus gur inmhuirir amhlaidh í don bhliain mheasúnachta chéanna, beidh feidhm ag míreanna 7 go 10 ionann agus dá ndéanfaí na híocaíochtaí sin i leith na hoifige nó na fostaíochta céanna agus dá mba dhíolaíochtaí ón oifig nó ón bhfostaíocht chéanna aon díolaíochtaí ó aon cheann de na hoifigí nó de na fostaíochtaí sin.

Forlíontach

12. Aon tagairt atá sna forálacha roimhe seo den Sceideal seo d'íocaíocht arb inmhuirir cáin ina leith faoi alt 114 is tagairt í d'oiread den íocaíocht sin agus is inmhuirir i leith cánach tar éis an faoiseamh is infheidhmithe ina leith faoi alt 115 (3) a asbhaint.

13. Sa Sceideal seo ciallaíonn “íocaíocht chúitimh mar gheall ar cailliúint oifige” íocaíocht—

(a) de bhun ordú ó chúirt in imeachtaí mar gheall ar dhífhostú éagórach nó ar shlí eile mar gheall ar chonradh fostaíochta a shárú, nó mar shocrú ar na himeachtaí sin nó mar shocrú ar éileamh arbh fhéidir imeachtaí den sórt sin a bhunú ina leith; nó

(b) mar chúiteamh mar gheall ar aon cheart a mhúchadh a mbeadh sárú air inchaingne in imeachtaí den sórt sin;

agus déanfar aon cheist i dtaobh cé acu is íocaíocht chúitimh mar gheall ar chailliúint oifige nó nach ea aon íocaíocht áirithe, agus cá mhéad is íocaíocht den sórt sin í, a chinneadh de réir na n-imthosca uile agus ní faoi threoir na dtéarmaí ar a ndeirtear í bheith déanta a chinnfear (nó a chinnfear go huile) an cheist sin.

14. Aon tagairt atá sa Sceideal seo do dhíolaíochtaí oifige nó fostaíochta is tagairt í do na díolaíochtaí sin gan aon íocaíocht is inmhuirir i leith cánach faoi alt 114 a áireamh; agus nuair a bheifear ag ríomh méid na ndíolaíochtaí sin chun aon chríche de chuid an Sceidil seo—

(a) cuirfear san áireamh aon mhuirear cothromaíochta a bheidh dlite de shealbhóir na hoifige nó na fostaíochta faoi alt 272;

(b) asbhainfear aon liúntais faoi alt 241 nó 272, agus aon liúntas faoi alt 222 nó 223, nó faoi Sceideal 2, Riail 3, a mbeidh teideal aige chucu;

agus, chun méid na ndíolaíochtaí in aghaidh aon bhliana seirbhíse a dhéanamh amach, measfar aon mhuirir nó liúntais mar a dúradh do bhliain mheasúnachta a bheith ag faibhriú ó lá go lá, agus cionroinnfear ar an dóigh sin iad de réir ama.

15. Sa Sceideal seo, ciallaíonn “an dáta iomchuí”, maidir le híocaíocht nach íocaíocht mar iomalartú ar íocaíochtaí bliantúla nó íocaíochtaí tréimhsiúla eile, dáta an fhoirceannta nó an athraithe arb ina leith a rinneadh í agus, maidir le híocaíocht mar iomalartú ar íocaíochtaí bliantúla nó íocaíochtaí tréimhsiúla eile, dáta an fhoirceannta nó an athraithe arb ina leith a dhéanfaí na híocaíochtaí sin.

16. Sa Sceideal seo, ciallaíonn “seirbhís choigríche” maidir le hoifig nó fostaíocht, seirbhís de chineál a fhágann—

(a) nach raibh cáin inmhuirir i leith díolaíochtaí na hoifige nó na fostaíochta, nó

(b) toisc gurbh oifig nó fostaíocht faoi Sceideal E an oifig nó an fhostaíocht, nach raibh cáin faoin Sceideal sin inmhuirir i leith iomlán na ndíolaíochtaí ón gcéanna, nó

(c) toisc go meastar gur seilbh in áit lasmuigh den Stát de réir bhrí Chás III de Sceideal D an oifig nó an fhostaíocht, nach raibh cáin i leith an ioncaim ón gcéanna le ríomh de réir alt 76 (1).

17. Aon tagairt atá sa Sceideal seo don mhéid cánach is inmhuirir nó ab inmhuirir ar dhuine is tagairt í don mhéid cánach is inmhuirir nó ab inmhuirir ar dhuine trí mheasúnacht nó trí asbhaint.