An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 1 Sásra chun Cáin a Mheasúnú, a Mhuirearú agus a íoc faoi Sceideal C agus, i gCásanna áirithe, faoi Sceideal D) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 3 [1964, Sc. 1.] Faoisimh i leith Cáin a Mhuirearófar ar íocaíochtaí ar Scor, Etc.)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

SCEIDEAL 2

Rialacha is Infheidhmithe maidir le Sceideal E

Ailt 109 , 116 , 117 , 119.

[1918, Sc. E, r. 5;

1922, a. 18 (5);

1929, a. 17 (10).]

1.—(1) Má thagann duine tráth ar bith, i rith na bliana measúnachta nó i leith na bliana sin, chun bheith i dteideal aon tuarastail, táillí nó díolaíochtaí breise thar an méid a ndearnadh measúnacht air ina leith, nó arb inmhuirir é ina leith i dtosach na bliana sin, déanfar measúnacht bhreise air a mhinice is gá, i leith aon tuarastail, táillí nó díolaíochtaí breise den sórt sin, ionas go bhféadfar é a mhuirearú i leith méid iomlán a thuarastail, a tháillí nó a dhíolaíochtaí don bhliain sin.

(2) Má chruthaíonn duine ar bith chun sástacht an chigire gur mó an méid a ndearnadh measúnacht maidir leis i leith a thuarastail, a tháillí nó a dhíolaíochtaí d'aon bhliain mheasúnachta ná méid a thuarastail, a tháillí nó a dhíolaíochtaí don bhliain sin, coigeartófar an mheasúnacht agus aisíocfar aon mhéid a ró-íocadh ar mhodh cánach.

(3) Ní bheidh feidhm ag an riail seo i gcás measúnachtaí a ndéantar de bhun alt 110 (1) (c), cáin a ríomh ina leith ar mhéid tuarastal, táillí, peircuisí nó brabús na bliana roimh an mbliain mheasúnachta.

[Sc. E, r. 6.]

2. Íocfar an cháin i leith na n-oifigí poiblí agus na bhfostaíochtaí brabúis go léir sa Stát nó íocfaidh na hoifigigh a thuairiscítear faoi seach anseo ina dhiaidh seo an cháin sin, eadhon:—

(a) oifigí le ceachtar Teach den Oireachtas;

(b) oifigí le haon chúirt sa Stát;

(c) oifigí poiblí faoin Stát;

(d) oifigigh d'Óglaigh na hÉireann;

(e) oifigí nó fostaíochtaí brabúis faoi aon chomhlacht eaglaise;

(f) oifigí nó fostaíochtaí brabúis faoi aon chuideachta nó cumann, cibé acu corpraithe nó gan a bheith corpraithe;

(g) oifigí nó fostaíochtaí brabúis faoi aon fhoras poiblí, nó faoi aon bhunachas poiblí de chineál ar bith, nó cibé críoch chun ar bunaíodh an céanna;

(h) oifigí nó fostaíochtaí brabúis faoi aon bhardas poiblí nó údarás áitiúil poiblí, nó faoi iontaobhaithe nó caomhnóirí aon chistí, dolaí nó dleachtanna poiblí;

(i) gach uile oifig phoiblí eile nó gach uile fhostaíocht brabúis eile de chineál poiblí.

[Sc. E, r. 9.]

3. Má bhíonn oibleagáid de riachtanas ar shealbhóir oifige nó fostaíochta brabúis costais taistil a thabhú ag comhlíonadh dualgas na hoifige nó na fostaíochta agus iad a íoc as díolaíochtaí na hoifige nó na fostaíochta, nó capall a choinneáil agus a chothabháil chun go bhféadfaidh sé an céanna a chomhlíonadh, nó airgead a chaitheamh ar shlí eile, go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas, ag comhlíonadh na ndualgas sin, féadfar na costais a tabhaíodh de riachtanas agus a íocadh amhlaidh a asbhaint as na díolaíochtaí a bheidh le measúnú.

[do., r. 10; O.C.I., 1923, mír 17.]

4. I gcás inar léir don Aire Airgeadais maidir le haon aicme daoine a fhaigheann aon tuarastal, táillí nó díolaíochtaí is iníoctha as an ioncam poiblí go bhfuil d'oibleagáid ar na daoine sin airgead a leagan amach agus a chaitheamh, go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas, ag comhlíonadh na ndualgas ar maidir leo is iníoctha an tuarastal, na táillí, nó na díolaíochtaí sin, féadfaidh an tAire Airgeadais an tsuim sin a shocrú a mheasfaidh sé a bheith cothrom comhionann leis an meán-mhéid bliantúil a rinne daoine den aicme sin a leagan amach agus a chaitheamh mar a dúradh, agus nuair a bheidh an cháin á muirearú ar an tuarastal, ar na táillí, nó ar na díolaíochtaí sin, déanfar cibé suimeanna a shocróidh an tAire Airgeadais amhlaidh a bhaint as méid an chéanna:

Ar choinníoll, i gcás teideal a bheith ag duine ar bith, mura mbeadh forálacha na rialach seo, suim is mó ná an tsuim a socraíodh amhlaidh a asbhaint, go bhféadfar an tsuim sin a asbhaint in ionad na suime a socraíodh amhlaidh.

[1918, Sc. E, r. 11.]

5.—(1) I gcás inarb iníoctha aon phá oifigiúil in oifig phoiblí, nó ag aon ghníomhaire a bheidh fostaithe chuige sin, déanfar an cháin is inmhuirir air a bhaint as an bpá oifigiúil, nó as aon airgead is iníoctha ar chuntas an phá oifigiúil sin nó aon riaráistí de, agus cuirfear chun feidhme í ag íoc aon chánach den sórt sin nach mbeidh íoctha ar bhealach eile, agus íocfar í leis na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) Más cigire a mhuirearóidh an cháin is iníoctha tarchuirfidh sé cuntas ar an méid cánach a mhuirearófar amhlaidh chun na hoifige inarb iníoctha an pá oifigiúil, ionas go n-asbhainfear í ansin.

(3) Sa riail seo ciallaíonn “pá oifigiúil” aon tuarastal, táillí, pá, peircuisí, nó brabúis eile, nó aon bhlianacht, pinsean nó stipinn.

(4) I gcás inarb iníoctha blianacht nó pinsean as aon bhrainse áirithe den ioncam poiblí in oifig an bhrainse sin, féadfar an cháin i leith an chéanna a mhuirearú ar an modh céanna i ngach slí agus a dhéanfaí dá mba thuarastal nó pá ab iníoctha as an bhlianacht nó an pinsean.

[1918, Sc. E., r. 13.]

6.—(1) Más rud é—

(i) nach féidir an cháin i leith aon oifige nó fostaíochta brabúis a asbhaint i láimh an oifigigh iomchuí nó i láimh an ghníomhaire le haghaidh na ndíolaíochtaí maidir leis an íoc; nó

(ii) gur íocadh na díolaíochtaí sin leis an duine a bhí ina dteideal;

agus go mainneoidh nó go ndiúltóidh an duine a muirearaíodh an cháin a íoc, féadfaidh an t-oifigeach cuí faoi alt 158, nó féadfaidh na coimisinéirí do na hoifigí lena mbaineann, le scríbhinn faoina lámha agus a séalaí, an mhainneachtain nó an diúltú, agus an tsuim is iníoctha, a dheimhniú do na Coimisinéirí Speisialta.

(2) Ar an deimhniú a fháil dóibh déanfaidh na Coimisinéirí Speisialta, trí bharántas faoina lámha agus a séalaí, a chumhachtú don Bhailitheoir an cháin a thobhach sa tslí chéanna ina ndéanfadh sé, agus leis na cumhachtaí céanna atá aige, i gcás cánach eile is intobhaigh aige faoin Acht seo.

[do., r. 15.]

7. I gcás ina n-údaraítear cáin a asbhaint as aon suimeanna, déanfar an asbhaint cibé tráthanna gach bliain is iníoctha na suimeanna sin.