An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Sceideal C agus na Príomh-Fhorálacha a Bhaineann leis sin) Ar Aghaidh (Caibidil II Cásanna I agus II)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID IV

Sceideal D

Caibidil I

Muirear i leith Cánach agus Ginearálta

Sceideal D.

[1918, Sc. D, c. r. 1;

1923, a. 12 (4).

1935, a. 5 (1).]

52. —Is é seo a leanas an Sceideal a luaitear san Acht seo mar Sceideal D—

Sceideal D

1. Déanfar cáin faoin Sceideal seo a mhuirearú—

(a) i leith na mbrabús nó na ngnóchan bliantúil a éireoidh nó a fhaibhreoidh—

(i) chun duine ar bith a chónaíonn sa Stát ó chineál ar bith maoine, cibé acu sa Stát di nó in áit eile: agus

(ii) chun duine ar bith a chónaíonn sa Stát ó aon trádáil, gairm nó fostaíocht, cibé acu sa Stát nó in áit eile a bhítear ag gabháil di, agus

(iii) chun duine ar bith, cibé acu is saoránach Éireannach é nó nach ea, cé nach sa Stát a chónaíonn sé, ó mhaoin ar bith sa Stát, nó aon trádáil, gairm nó fostaíocht a fheidhmítear sa Stát; agus

(iv) chun duine ar bith, cibé acu is saoránach Éireannach é nó nach ea, cé nach sa Stát a chónaíonn sé, ó dhíol aon earraí, nó marsantais, a mhonaraigh nó a pháirt-mhonaraigh an duine sin sa Stát.

(b) i leith an úis airgid uile, blianachtaí agus brabúis nó gnóchain bhliantúla eile nach muirearaítear faoi Sceideal A, Sceideal B, Sceideal C nó Sceideal E, agus nach bhfuil díolmhaithe go speisialta ó cháin,

i ngach cás in aghaidh gach fiche scilling de mhéid bliantúil na mbrabús nó na ngnóchan:

Ar choinníoll nach mbeidh brabúis nó gnóchain a éireoidh nó a fhaibhreoidh chun duine ar bith ó oifig, fostaíocht nó pinsean inmhuirir i leith cánach faoin Sceideal seo, de bhua na míre seo, murab inmhuirir i leith cánach iad faoi Chás III den Sceideal seo.

2. Maidir le forálacha mhír 1, is forálacha iad gan dochar d'aon fhoráil eile den Acht seo a ordaíonn cáin a mhuirearú faoin Sceideal seo, agus muirearófar dá réir sin an cháin a ordaítear a mhuirearú amhlaidh.

Na Cásanna.

[1918, Sc. A, Uimh. III; Sc. D, r. mh. 2;

riail is infheidhmithe maidir le Cás I agus

Cás III, r. 1;

1922, a. 18 (1);

1924, a. 2;

1929, a. 2 (3) agus

8 agus 11;

1935, a. 4;

1954, a. 12 (3);

1955, a. 5 (3);

1957, a. 6 (3);

1962, a. 2 (2);

1964, a. 12 (4).]

53. —(1) Déanfar cáin faoi Sceideal D a mhuirearú faoi na Cásanna seo a leanas:

Cás I.—Cáin maidir leo seo a leanas—

(a) aon trádáil nach bhfuil in aon Sceideal eile;

(b) an mhaoin sna tailte, sna tionóntáin agus sna hoidhreachtáin seo a leanas—

(i) cairéil chloiche, shlinne, aolchloiche nó chailce, nó cairéil nó sloic ghainimhe, gairbhéil nó cré;

(ii) mianaigh ghuail, stáin, luaidhe, chopair, pirít, iarainn agus mianaigh eile;

(iii) oibreacha iarainn, oibreacha gáis, toibreacha salainn nó oibreacha salainn, mianaigh alúim nó oibreacha alúim, oibreacha uisce, srutháin uisce, canálacha, uiscebhealaigh intíre, duganna, caidhséir nó leibhéil, iascaigh, cearta margaí agus aontaí, dolaí, iarnróid agus bealaí eile, droichid, farantóireachtaí agus gnóthais eile den chineál céanna ag a mbíonn brabúis ó aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin;

Cás II.—Cáin maidir le haon ghairm nach bhfuil in aon Sceideal eile;

Cás III.—Cáin maidir leo seo a leanas—

(a) aon ús airgid, bliantúil nó eile, nó aon bhlianacht, nó aon íocaíocht bhliantúil eile, cibé acu sa Stát nó lasmuigh de is iníoctha an íocaíocht sin, mar mhuirear ar aon mhaoin de chuid an duine a íocann an céanna de bhua aon ghníomhais nó uachta nó eile, nó mar fhorcoimeád as, nó mar fhiach pearsanta nó mar oibleagáid phearsanta de bhua aon chonartha, nó cibé acu a ghlactar an céanna agus gur iníoctha é go leath-bhliantúil nó i gceann aon tréimhsí is giorra nó is faide ná sin;

(b) an uile lascaine;

(c) brabúis ar urrúis a thugann ús is iníoctha as an ioncam poiblí seachas iad sin a mhuirearaítear faoi Sceideal C;

(d) ús ar aon urrúis a eisíodh nó a meastar a eisíodh de réir bhrí alt 466, faoi údarás an Aire Airgeadais, i gcásanna ina n-íoctar an t-ús sin gan cáin a asbhaint;

(e) ioncam ó urrúis lasmuigh den Stát ach amháin cibé ioncam a mhuirearaítear faoi Sceideal C;

(f) ioncam ó shealúchais lasmuigh den Stát;

Cás IV.—Cáin i leith aon bhrabúis nó gnóchain bhliantúla nach dtagann faoi aon Chás acu sin roimhe seo, agus nach muirearaítear de bhua aon Sceideal eile;

agus is infheidhmithe maidir leis na Cásanna sin faoi seach faoi réim agus de réir forálacha an Achta seo.

(2) Na forálacha atá i bhfo-alt (1) is forálacha iad gan dochar d'aon fhoráil eile den Acht seo a ordaíonn cáin a mhuirearú faoi Chás amháin nó faoi Chás eile de na Cásanna sin, agus muirearófar dá réir sin an cháin a ordaítear a mhuirearú amhlaidh.

Garraíodóireacht mhargaidh.

[1958, a. 2.]

54. —(1) San alt seo ciallaíonn “talamh garraí mhargaidh” talamh sa Stát a áitítear mar gharraí altran nó mar gharraí chun an toradh a dhíol (seachas talamh a úsáidtear chun hopaí a fhás), agus forléireofar “garraíodóireacht mhargaidh” dá réir sin.

(2) D'ainneoin aon ní i Sceideal B, nó sna forálacha is infheidhmithe maidir leis, déileálfar le garraíodóireacht mhargaidh mar thrádáil chun críocha uile an Achta seo maidir leis an duine a sheolann é, agus—

(a) déanfar na brabúis nó na gnóchain as a mhuirearú faoi Chás I de Sceideal D, agus

(b) ní dhéanfar cáin ioncaim a mhuirearú faoi Sceideal B i leith áitiú talamh garraí mhargaidh,

ach i gcás talamh áirithe ar talamh garraí mhargaidh é ar feadh coda, agus amháin ar feadh coda, den bhliain mheasúnachta, muirearófar cáin faoi Sceideal B ar an talamh sin don bhliain sin ar an oiread de luach inmheasúnaithe na talún sin a bhfuil an chomhréir chéanna idir é agus an luach sin atá idir an chuid eile den bhliain sin agus bliain.

(3) I gcás inar talamh garraí mhargaidh cuid de mhaoin atá luacháilte mar aonad faoi na hAchtanna Luachála—

(a) déanfar luach bliantúil na talún garraí mhargaidh, chun críocha alt 65, a ríomh trí luacháil inrátaithe na maoine a chionroinnt,

(b) déanfar an luach inmheasúnaithe chun críocha aon mheasúnachta faoi Sceideal B maidir leis an gcuid eile den mhaoin a ríomh trí chionroinnt a dhéanamh ar an méid arbh é luach inmheasúnaithe na maoine é, chun críocha Sceideal B, dá mba nárbh thalamh garraí mhargaidh aon chuid de, agus

(c) aon chionroinnt is gá de réir an fho-ailt seo déanfaidh an cigire é ar feadh a chumais de réir a eolais agus a bhreithiúnais.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta nó an Chúirt Chuarda cionroinnt a rinneadh faoi fho-alt (3) a leasú, ar achomharc i gcoinne measúnachta ar fhoras na cionroinnte a éisteacht nó a athéisteacht, ach, ar aon achomharc den sórt sin a éisteacht nó a athéisteacht, beidh deimhniú ón gCoimisinéir Luachála, a thabharfaidh ceachtar páirtí san achomharc, agus a dheimhneoidh, maidir le maoin a bheidh luacháilte mar aonad faoi na hAchtanna Luachála, an méid den luacháil inrátaithe is inchurtha i leith aon choda áirithe den mhaoin, ina chruthú dochloíte maidir leis an méid is inchurtha amhlaidh.

Ús, etc., arna íoc gan cáin a asbhaint faoi Sceideal C.

[1923, a. 8;

1924, a. 9.]

55. —(1) I gcás ina mbeidh aon ús, díbhinní, blianachtaí, nó scaireanna blianachtaí lena mbaineann an t-alt seo nó i gcás ina mbeidh na brabúis a ghabhann le haon ús, díbhinní nó blianachtaí den sórt sin le muirearú faoi na forálacha is infheidhmithe maidir le Sceideal C ach nach mbeidh iarbhír measúnaithe i leith aon bhliana faoin Sceideal sin féadfar cáin ar an ús, ar na díbhinní, ar na scaireanna blianachtaí nó ar na brabúis sin a mhuirearú agus a mheasúnú ar an duine agus beidh siad iníoctha ag an duine a bheidh i dteideal an t-ús, na díbhinní, nó na híocaíochtaí bliantúla eile sin don bhliain sin a fháil faoin gCás iomchuí de Sceideal D.

(2) Baineann an t-alt seo leis an ús, na díbhinní, na blianachtaí agus na scaireanna blianachtaí uile is iníoctha as aon ioncam poiblí de chuid an Stáit nó as aon ioncam poiblí de chuid na Breataine Móire nó de chuid Tuairsceart Éireann nó de chuid na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

Cáin ar choiréil, mianaigh agus gnólachtai eile.

[1918, Sc. A, Uimh. III;

1929, a. 8 agus Sc. I, Cuid I.]

56. —(1) Beidh feidhm ag forálacha Chaibidil II maidir leis na gnólachtaí is inmhuirir, de bhua alt 53, faoi Chás 1 (b) de Sceideal D, faoi réir forálacha an ailt seo.

(2) Déanfar cáin faoi Chás 1 de Sceideal D a mheasúnú agus a mhuirearú ar an duine nó ar an gcomhlacht daoine a sheolann an gnólacht sin, nó ar na gníomhairí nó na hoifigigh eile ag a mbeidh stiúradh nó bainistí an ghnólachta nó a fhaigheann a bhrabúis.

(3)  (a) An ríomh i leith aon mhianaigh a bheidh á sheoladh ag comhlacht fiontaróirí déanfar é agus luafar é i dteannta a chéile in aon suim amháin ach féadfar aon fhiontaróir a mheasúnú agus a mhuirearú ar leithligh má dhéanann sé dearbhú ag dearbhú a chionúireachta nó a scaire sa ghnólacht chun na críche sin.

(b) Aon fhiontaróir a mheasúnófar agus a mhuirearófar ar leithligh amhlaidh féadfaidh sé fritháireamh in aghaidh a bhrabúis ó ghnólacht nó ó ghnólachtaí acu sin a dhéanamh ar mhéid an chaillteanais a bhain dó in aon ghnólacht eile den sórt a bheidh deimhnithe ag an gcigire.

(c) In aon chás den sórt sin ní dhéanfar ach measúnacht agus muirear amháin ar iarmhéid an tsochair agus an dochair, agus déanfar é sa cheantar measúnachta ina bhfuil an fiontaróir inmhuirir i leith na méide is mó.

(4) Ní lamhálfar aon asbhaint ná fritháireamh (seachas an asbhaint a dheonaítear le halt 67 (2)) nuair a bheidh na brabúis á meas ar chuntas, nó faoi threoir luach bliantúil aon tailte, tionóntán nó oidhreachtán a áitítear agus a úsáidtear i ndáil leis an ngnólacht agus nach bhfuil measúnaithe agus muirearaithe faoi Sceideal A de réir fho-alt (6).

(5) Forléireofar Cuid XXI agus beidh éifeacht aici ionann agus dá mb'inmhuirir faoi Sceideal A aon cháin ioncaim in inmhuirir faoi Sceideal D i leith aon cheann de na gnólachtaí lena mbaineann fo-alt (1).

(6) I gcás ar bith inar dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim gur gá nó gur cuí sin, féadfar an mhaoin in aon cheann de na gnólachtaí a shonraítear in alt 53 mar mhaoin is inmhuirir faoi Chás 1 (b) a mheasúnú agus a mhuirearú faoi Sceideal A in ionad Sceideal D.

Ach amháin mar a dúradh, ní dhéanfar cáin faoi Sceideal A a mhuirearú i leith na maoine in aon ghnólacht den sórt sin.