|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID XXXVII Ilghnéitheach) | Ar Aghaidh (SCEIDEAL 1 Sásra chun Cáin a Mheasúnú, a Mhuirearú agus a íoc faoi Sceideal C agus, i gCásanna áirithe, faoi Sceideal D) |
AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967
[EN] | ||
[EN] |
CUID XXXVIII Tosach Feidhme, Aisghairm, Cosaint, Forálacha Sealadacha agus Forálacha Eatramhacha agus Gearrtheideal | |
[EN] |
Tosach feidhme agus aisghairm. [Iarmartach.] 1919, c. 32. 1922, c. 17. |
554. —(1) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, tiocfaidh an tAcht seo i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1967, agus déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i Sceideal 19 (achtacháin dá ngairtear na hachtacháin aisghairthe san Acht seo), a aisghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin amhail ón lá sin: |
[EN] | Ar choinníoll, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an gCuid seo, nach mbeidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir le cáin ioncaim nó forcháin don bhliain 1966-67 nó d'aon bhliain mheasúnachta roimhe sin, agus go leanfaidh forálacha na n-achtachán aisghairthe d'fheidhm a bheidh acu maidir le cáin ioncaim agus forcháin d'aon bhliain den sórt sin an méid céanna a bheadh feidhm acu maidir leo dá mba nár ritheadh an tAcht seo. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (1), maidir leis na forálacha i leith cáin bhrabús corparáide atá sna forálacha den Acht seo a bhaineann de réir téarmaí leis an gcáin sin, ionann agus dá mba é a bhí sna tagairtí do cháin ioncaim agus d'fhorcháin don bhliain 1966-67 nó d'aon bhliain mheasúnachta roimhe sin tagairtí do cháin bhrabús corparáide do thréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1967. | |
[EN] | (3) Nuair a bheidh ioncam á ríomh chun aon chríche de chríocha an Achta seo ní chuirfear san áireamh ioncam a áireofaí mura mbeadh fo-alt (1), mar ioncam atá díolmhaithe ó cháin faoi alt 16 den Finance Act, 1919, nó faoi alt 27 den Finance Act, 1922. | |
[EN] | (4) Tá éifeacht ag an alt seo faoi réir fhorálacha alt 552 (a bhaineann le tosach feidhme forálacha áirithe den Acht seo maidir le hús ar mheasúnachtaí i leith cánach ioncaim agus forchánach). | |
[EN] |
A mhéid a bheidh feidhm ag an Acht i gcás blianta roimh 1967-68. [Iarmartach.] |
555. —(1) I gcás na bhforálacha seo a leanas den Acht seo, is é sin le rá— |
[EN] | (a) Codanna VII, VIII, XXXIII agus XXXV, agus Sceidil 17 agus 18; | |
[EN] | (b) ailt 536, 537, 539, 541 agus 542; | |
[EN] | (c) maidir le hioncam is inmhuirir i leith cánach ioncaim nó forchánach don bhliain 1967-68 nó d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ailt 358 (1), 360 (1) agus 361 (2) agus Sceideal 10; | |
[EN] | (d) cibé méid d'aon fhoráil eile den Acht seo a údaraíonn déanamh, athrú nó aisghairm aon ordaithe nó rialacháin; agus | |
[EN] | (e) ach amháin i gcás inarb í an cháin atá i gceist cáin go huile do bhlianta measúnachta roimh an mbliain 1967-68 nó, maidir le cáin bhrabús corparáide, do thréimhsí cuntasaíochta dar críoch dáta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1967, cibé méid d'aon fhoráil eile san Acht seo a thugann aon chumhacht nó a fhorchuireann aon dualgas a n-oibríonn a fheidhmiú nó a chomhlíonadh maidir le cáin ar feadh níos faide ná bliain mheasúnachta amháin nó tréimhse chuntasaíochta amháin, | |
[EN] | ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll a ghabhann le halt 554 (1), agus tiocfaidh na forálacha sin i ngníomh chun gach críche an 6ú lá d'Aibreán, 1967, d'eisiamh forálacha comhréire na n-achtachán aisghairthe: | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás aon fhoráil sna hachtacháin sin a fhorchuireann pionós nó forghéilleadh i leith aon ghnímh nó neamhghnímh, go leanfaidh sí, maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh a tharla nó a thosaigh roimh an 6ú lá sin d'Aibreán a dúradh, d'éifeacht a bheith aici d'eisiamh na forála den Acht seo a bhfuil sí i gcomhréir léi. | |
[EN] | (2) Má oibríonn agus a mhéid go n-oibríonn foráil den Acht seo amhail ón 6ú lá d'Aibreán, 1967, de bhua fho-alt (1), d'eisiamh forála sna hachtacháin aisghairthe, déanfar aon ordú nó rialachán nó ní a rinneadh nó ag a mbeidh éifeacht ionann agus dá mba go ndearnadh é faoin bhforáil eisiata roimh an dáta sin a áireamh amhail ón dáta sin ionann agus dá mba ordú nó rialachán nó ní é a rinneadh faoin bhforáil sin den Acht seo. | |
[EN] | (3) D'ainneoin aon ní sna forálacha roimhe seo den alt seo— | |
[EN] | (a) ní bheidh feidhm ag alt 186 (2), 211 (1) nó 526 (6) maidir le cáin d'aon bhliain roimh an mbliain 1922-23, agus | |
[EN] | (b) ní mheasfar go bhfolaíonn na tagairtí in ailt 124, 125, 126 agus 127 do dhíolaíochtaí lena mbaineann Caibidil IV de Chuid V tagairtí d'aon díolaíochtaí is inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E agus ab iníoctha roimh an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, 1960, agus beidh éifeacht dá réir sin ag aon rialacháin a rinneadh nó a mheasfar a rinneadh faoi alt 127. | |
[EN] |
Cosaint d'achtacháin nach n-aisghairtear. [Iarmartach.] |
556. —Beidh éifeacht ag na forálacha den Acht seo (seachas na forálacha d'alt 559 a bhaineann le forléiriú tagairtí) faoi réir an méid sin d'aon Acht ina bhfuil forálacha a bhaineann le, nó a dhéanann difear maidir le, cáin ioncaim, forcháin nó cáin bhrabús corparáide is méid— |
[EN] | (a) nach n-aisghairtear leis an Acht seo; agus | |
[EN] | (b) a d'oibreodh i ndáil leis na cánacha sin faoi seach dá mba nár cuireadh an tAcht seo in ionad na n-achtachán aisghairthe. | |
[EN] |
An bhrí atá le “Bailitheoir” in ailt 187, 188, 478, 480 go 482, 484 go 489, 494, 519, 542 agus 550 agus i Sceideal 2, Riail 6. |
557. —Déanfar gach tagairt don Bhailitheoir in aon fhoráil acu seo a leanas, eadhon, ailt 187, 188, 478, 480 go 482, 484 go 489, 494, 519, 542 agus 550 agus Riail 6 de Sceideal 2, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do bhailitheoir arna cheapadh faoi alt 7 den Acht Airgid, 1934 . |
[EN] |
Daoine a bhí fostaithe tráth ag cuideachta iarnróid. [1929, a. 17 (8).] 1918, c. 40. |
558. —I gcás inar scoir duine ar bith de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta faoi chuideachta iarnróid, nó inar scoir sé de bheith i dteideal aon phinsin a d'íoc cuideachta iarnróid, déanfar cibé méid nach bhféadfaí a bhaint as díolaíochtaí d'aon cháin a measúnaíodh agus a muirearaíodh ar an gcuideachta faoi Riail 7 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Sceideal E den Income Tax Act, 1918, i leith na hoifige, na fostaíochta nó an phinsin sin a bhailiú agus a thobhach ón duine sin nó óna sheiceadóirí nó a riarthóirí, de réir mar a bheidh, ionann agus dá mbeadh an cháin sin inmhuirir agus gur muirearaíodh í airsean nó orthusan. |
[EN] |
Forléiriú tagairtí. [Iarmartach.] |
559. —(1) Ní dhéanfaidh sé difear do leanúntas oibrithe an dlí a bhaineann le cáin ioncaim, forcháin agus cáin bhrabús corparáide an tAcht seo a chur in ionad na n-achtachán aisghairthe agus— |
[EN] | (a) cibé méid d'aon achtachán nó doiciméad (lena n-áirítear achtacháin atá san Acht seo) a thagraíonn, go sainráite nó go hintuigthe, d'aon fhoráil, nó do nithe a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoi aon fhoráil, nó chun críocha aon fhorála, de chuid an Achta seo forléireofar é, má cheadaíonn agus a mhéid a cheadaíonn cineál ábhair an actacháin nó an doiciméid sin, mar ní ina bhfuil, i ndáil leis na tráthanna nó na blianta nó na tréimhsí nó na himthosca nó na críocha a bhfuil nó a raibh éifeacht ina leith ag an bhforáil chomhréire sna hachtacháin aisghairthe, tagairt don fhoráil chomhréire sin nó, de réir mar a bheidh, do rudaí a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoin bhforáil chomhréire sin nó chun críocha na forála comhréire sin; | |
[EN] | (b) an méid sin d'aon achtachán nó doiciméad (lena n-áirítear achtacháin aisghairthe agus achtacháin agus doiciméid a ritheadh nó a rinneadh tar éis dáta an Achta seo a rith) a thagraíonn, go sainráite nó go hintuigthe, d'aon fhoráil nó do nithe a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoi aon fhoráil nó chun críocha aon fhorála, de chuid na n-achtachán aisghairthe forléireofar é, má cheadaíonn agus a mhéid a cheadaíonn cineál ábhair an achtacháin nó an doiciméid sin, mar ní ina bhfuil, i ndáil leis na tráthanna nó na blianta nó na tréimhsí nó na himthosca nó na críocha a bhfuil nó a raibh éifeacht ina leith ag foráil chomhréire an Achta seo tagairt don fhoráil chomhréire sin nó, de réir mar a bheidh, do rudaí a rinneadh nó a mheasfar a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoin bhforáil chomhréire sin nó chun críocha na forála comhréire sin. | |
[EN] | (2) Airítear go sonrach sna tagairtí atá i bhfo-alt (1) do rudaí a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoi aon fhoráil áirithe, agus sin gan dochar do ghinearáltacht na dtagairtí, tagairtí do mhuirir i leith cánach agus d'fhaoisimh ó cháin a rinneadh nó a deonaíodh nó a bheidh le déanamh nó le deonú faoin bhforáil sin: | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás na méideanna is féidir faoi ailt 241, 244, 245, 248, 252, 254, 295, 305, 309 nó 310 a thabhairt anonn ó bhlianta measúnachta roimh an mbliain 1967-8, go ndéanfar, a mhéid a bheidh difear idir éifeacht na n-achtachán aisghairthe agus éifeacht na n-achtachán comhréire san Acht seo, iad a chinneadh de réir na n-achtachán aisghairthe. | |
[EN] |
Buanú oifigeach; ionstraimí agus doiciméid. [Iarmartach.] |
560. —(1) Na hoifigigh go léir a ceapadh faoi na hachtacháin aisghairthe agus a bheidh i seilbh oifige díreach roimh thosach feidhme an Achta seo leanfaidh siad de bheith i seilbh oifige ionann agus dá mba faoin Acht seo a ceapadh iad. |
[EN] | (2) Gach ionstraim agus doiciméad a rinneadh nó a eisíodh faoi na hachtacháin aisghairthe agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo leanfaidh sé i bhfeidhm ionann agus dá mba faoin Acht seo a rinneadh nó a eisíodh é. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
561. —Féadfar an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , a ghairm den Acht seo. |