An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XXXI Díbhinní Coigríche, etc.) Ar Aghaidh (CUID XXXIII Bailiú)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XXXII

Iasachtaí Rialtais agus Iasachtaí Poiblí Eile

Us ar chairteacha coigiltis a dhíolmhú.

[1923, a. 3.]

463. —An t-ús carnaithe is iníoctha i leith aon chairte coigiltis a d'eisigh an tAire Airgeadais agus faoina dtagann an ceannaitheoir chun bheith i dteideal, de bhua suim shonraithe a íoc láithreach, suim níos mó a fháil tar éis tréimhse sonraithe arb é a bheidh inti an tsuim sin a íocadh i gcéaduair agus an t-ús a bheidh carnaithe ar an tsuim sin, ní bheidh sé faoi dhliteanas i leith cánach an fad is nach rachaidh méid na gcairteacha sin a bheidh ar teachtadh ag an duine is sealbhóir de thuras na huaire ar an gcairt thar an méid a mbeidh údarás ag an duine sin de thuras na huaire iad a theachtadh faoi rialacháin a rinne an tAire Airgeadais.

Urrúis a eisiúint fara le díolúine ó cháin.

[1923, a. 21.]

464. —Aon urrús a bhfuil cumhacht ag an Aire Airgeadais é a éisiúint d'fhonn aon airgead nó iasacht a chruinniú, féadfar é a eisiúint fara le coinníoll nach mbeidh caipiteal an urrúis sin ná an t-ús ar an urrús sin faoi dhliteanas i leith cánach an fad a shuífear sa tslí a fhorordóidh an tAire Airgeadais go bhfuil an t-urrús sin ar úinéireacht tairbhiúil ag duine nó daoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát, agus beidh gach urrús a eiseofar (roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin) fara le coinníoll den sórt sin díolmhaithe ó cháin amhlaidh.

Urrúis neamhúsmhara a dhíolmhadh.

[ 1965, Uimh. 4 , a. 4 (2).]

1965, Uimh. 4 .

465. —Beidh an bhreis a bheidh ag an méid a gheofar nuair a fhuasclófar aonad d'urrúis neamhúsmhara a d'eisigh an tAire Airgeadais faoi alt 4 den Acht Príomh-Chiste, 1965 , ar an méid a íocadh ar an aonad ar é a eisiúint, ach amháin i gcás ina mbeidh an bhreis le cur sa chuntas agus brabúis trádála á ríomh chun críocha cánachais, díolmhaithe ó cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin).

Us a íoc ar urrúis Rialtais gan cáin a asbhaint.

[1924, a. 2;

1965, a. 8.]

466. —(1) Aon urrúis atá eisithe cheana féin, nó a eiseofar ina dhiaidh seo faoi údarás an Aire Airgeadais, féadfaidh sé a ordú go measfar gur eisíodh iad, agus go n-eiseofar iad faoi réir an choinníll go n-íocfar an t-ús ar an gcéanna gan cáin a asbhaint.

(2) Íocfar gan cáin a asbhaint an t-ús ar na hurrúis go léir a eisíodh, nó a meastar a eisíodh, faoi réir an choinníll a dúradh roimhe seo, ach beidh an t-ús sin go léir inmhuirir faoi Chás III de Sceideal D agus, i gcás ina n-infheisteofar in aon urrúis den sórt sin aon chistí a bheidh faoi rialú aon chúirte nó roinne poiblí, is é an duine ar ina ainm a bheidh na hurrúis infheistithe an duine is inmhuirir amhlaidh i leith an úis air sin.

(3) I gcás ina n-íocfar ús ar aon urrús faoin alt seo gan cáin a asbhaint, déanfaidh gach duine a íocfaidh an t-ús sin, agus gach duine a ghlacfaidh an t-ús sin thar ceann sealbhóra chláraithe nó sealbhóra inscríofa an urrúis, agus déanfaidh freisin gach duine a ghníomhaigh mar idirmheánaí i gceannach an urrúis, an t-eolas seo a leanas a thabhairt, ar na Coimisinéirí Ioncaim dá iarraidh air—

(a) ainm agus seoladh an duine ar leis a íocadh an t-ús sin, nó ar thar a cheann a glacadh an t-ús sin, agus méid an úis a íocadh nó a glacadh amhlaidh, nó (de réir mar is gá sa chás),

(b) an duine ar thar a cheann a ceannaíodh an t-urrús sin agus méid an urrúis sin.

Urrúis Aer Lingus Teo, Aer Rianta Teo agus Aerlínte Éireann Teo.

[1964, a. 12.]

467. —(1) Aon bhintiúir, stoc bintiúir nó cineálacha eile urrúis a d'eisigh cuideachta lena mbaineann an t-alt seo tar éis an 2ú lá d'Iúil, 1964, a measfar gurb urrúis iad a eisíodh faoi údarás an Aire Airgeadais de réir bhrí alt 466 agus beidh feidhm ag an alt sin dá réir sin.

(2) D'ainneoin aon ní atá san Acht seo, nuair a bheidh méid brabús nó gnóchan cuideacha lena mbaineann an t-alt seo á ríomh chun críocha measúnachta faoi Chás I de Sceideal D in aghaidh aon tréimhse dá mbeidh cuntais déanta amach, lamhálfar mar asbhaint méid an úis ar bhintiúir, stoc bintiúir nó foirmeacha eile urrúis a d'íoc an chuideachta gan cáin a asbhaint in aghaidh na tréimhse sin, ar ordú ón Aire Airgeadais faoi alt 466, arna chur chun feidhme leis an alt seo.

(3) Is iad na cuideachtaí lena mbaineann an t-alt seo Aer Lingus Teoranta, Aer Rianta Teoranta, agus Aerlínte Éireann Teoranta.

Urrúis Chorparáid an Chairde Thalmhaíochta, Teoranta.

[1929, a. 2, 37;

1962, a. 2 (1).]

468. —(1) Aon bhintiúir, stoc bintiúir nó foirmeacha eile urrúis a d'eisigh nó a eiseoidh Corparáid an Chairde Thalmhaíochta, Teoranta, measfar gurb urrúis iad a eisíodh faoi údarás an Aire Airgeadais de réir bhrí alt 466 agus beidh feidhm ag an alt sin dá réir sin.

(2) D'ainneoin aon ní atá in alt 61 (l), 433, 434 nó 456, nuair a bheidh méid brabús nó gnóchan Chorparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, á ríomh chun críocha measúnachta faoi Chás I de Sceideal D in aghaidh aon tréimhse dá mbeidh cuntais déanta suas, lamhálfar mar asbhaint méid an úis ar bhintiúir, stoc bintiúir, deimhnithe muirir agus urrúis eile a íocadh gan cáin a asbhaint in aghaidh na tréimhse sin, ar ordú ón Aire Airgeadais faoi alt 466, arna chur chun feidhme leis an alt seo.

(3) Ní bheidh aon bhintiúir, stoc bintiúir ná deimhnithe muirir a d'eisigh Corporáid an Chairde Thalmhaíochta, Teoranta, faoi dhliteanas i leith cánach an fad a shuífear sa tslí a fhorordóidh an tAire Airgeadais go bhfuil siad ar úinéireacht tairbhiúil ag daoine nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí orthu sa Stát.

Comhshó faoin Acht um Iasachta Rialtais (Comhshó), 1951 .

[1951, a. 6.]

1951, Uimh. 12 .

469. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Iasachta Rialtais (Comhshó), 1951 ;

tá leis na habairtí “iasacht Rialtais”, “iasacht nua”, “an dáta

fuascailte” agus “stocshealbhóir” na bríonna atá leo faoi seach san Acht.

(2) Má dhéantar sealbhán stoic, nó aon chuid de shealbhán stoic, in iasacht Rialtais, a chomhshó faoin Acht agus gur duine an stocshealbhóir duine a sheolann gnó arb é atá ann, go hiomlán nó go páirteach, déileáil in urrúis, ansin, má thugann an stocshealbhóir don chigire, tráth nach déanaí ná deireadh na bliana measúnachta díreach i ndiaidh na bliana measúnachta ina dtitfidh an dáta fuascailte, fógra i scríbhinn gur mian leis go ndéileálfaí leis amhlaidh, déileálfar leis, chun críocha an Achta seo, amhail is gur athraigh sé a infheistíocht ar an dáta fuascailte ach, mura dtabharfaidh sé aon fhógra den sórt sin, déileálfar leis chun na gcríocha sin, an uair sin agus ina dhiaidh sin, ionann is dá mba nár athraigh sé a infheistíocht, agus sa chás sin déanfar an toradh ó aon réadú ina dhiaidh sin ar an iomlán, nó ar aon chuid, den sealbhán den iasacht nua (agus measfar, chun críocha na forála seo, go bhfolaíonn an sealbhán sin aon stoc a eisíodh mar bhónas i leith an chomhshó), mar aon le haon chomaoin bhreise, nó leis an gcuid iomchuí d'aon chomaoin bhreise, a fuair sé i ndáil leis an gcomhshó, a áireamh mar an toradh ó iomlán an tsealbháin bhunaidh nó an chuid iomchuí de a réadú.

Urrúis de chuid údaráis áitiúla Éireannacha a eisíodh lasmuigh den Stát.

[1916, a. 63;

1928, a. 32.]

470. —Aon urrúis a d'eisigh údarás áitiúil sa Stát (cibé acu roimh nó tar éis tosach feidhme an Achta seo) d'fhonn aon airgead a chruinniú a údaraítear dóibh a fháil ar iasacht, ní bheidh siad faoi dhliteanas i leith cánach, más faoi údarás an Aire Airgeadais a eisíodh iad, ach amháin i gcás ina mbeidh siad ar teachtadh ag daoine a bhfuil sainchónaí orthu sa Stát nó a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát.

Folaíonn “údarás áitiúil” san alt seo aon chomhlacht poiblí atá aitheanta mar údarás áitiúil chun críocha an ailt seo ag an Aire Rialtais Áitiúil.

Urrúis de chuid Bhord Soláthair an Leictreachais agus Chóras Iompair Éireann.

[1954, a. 12.]

471. —(1) Aon stoc nó aon chineálacha eile urrúis a d'eisigh Bord Soláthair an Leictreachais nó Córas Iompair Éireann tar éis an 13ú lá d'Iúil, 1954, measfar gur urrúis iad a eisíodh faoi údarás an Aire Airgeadais de réir bhrí alt 466, agus beidh feidhm ag an alt sin dá réir sin.

(2) D'ainneoin aon ní in alt 61 (b), 433, 434 nó 456, nuair a bheifear, chun críocha measúnachta faoi Sceideal D, ag ríomh méid brabús nó gnóchan Bhord Soláthair an Leictreachais nó Chóras Iompair Éireann, de réir mar a bheidh, d'aon tréimhse dá mbeidh cuntais déanta suas, lamhálfar mar asbhaint méid an úis ar stoc nó saghsanna eile urrúis a d'íoc Bord Soláthair an Leictreachais nó Córas Iompair Éireann, cibé acu é, gan cáin a asbhaint in aghaidh na tréimhse sin, ar ordú ón Aire Airgeadais faoi alt 466, arna chur chun feidhme leis an alt seo.

Stoc údarás áitiúil.

[1955, a. 5.]

1946, Uimh. 24 .

472. —(1) Measfar i dtaobh aon stoic faoi alt 87 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 ( Uimh. 24 de 1946 ), a eisíodh tar éis an 13ú lá d'Iúil, 1954, gur urrúis a eisíodh faoi údarás an Aire Airgeadais de réir bhrí alt 466 an stoc sin, agus beidh feidhm dá réir sin ag an alt sin.

(2)   (a) Ní bheidh feidhm ag ailt 106, 433 agus 434 i gcás ús (dá ngairtear an t-ús sin san fho-alt seo) a ndéanfar, ar ordú ón Aire Airgeadais faoi alt 466, arna chur chun feidhme leis an alt seo, é a íoc gan cáin a asbhaint.

(b) I gcás ina mbeidh feidhm ag mír (a) maidir le húdarás áitiúil, ní bheidh an cháin iomlán is iníoctha ag an údarás áitiúil, trí asbhaint nó eile, in aghaidh aon bhliana measúnachta níos mó ná suim a dhéanfar amach tríd an gcáin iomlán a áireamh ar dtús ab iníoctha, mura mbeadh an t-alt seo, ag an údarás áitiúil, trí asbhaint nó eile, in aghaidh na bliana sin agus ansin suim a bhaint as sin ar cóimhéid leis an gcáin ar an méid den ús sin a d'íoc an t-údarás áitiúil in aghaidh na bliana sin.

Urrúis de chuid Bhord na Móna.

[1957, a. 6.]

473. —(1) Aon stoc nó cineálacha eile urrúis a d'eisigh Bord na Móna tar éis an 18ú lá d'Iúil, 1957, measfar gur urrúis iad a eisíodh faoi údarás an Aire Airgeadais de réir bhrí alt 466 agus beidh feidhm dá réir sin ag an alt sin.

(2) D'ainneoin aon ní atá san Acht seo, beidh Bord na Móna i dteideal go ndéanfar an méid cánach ioncaim a dhlífeadh sé sa deireadh, mura mbeadh an t-alt seo, a thabhairt in aghaidh aon bhliana measúnachta a laghdú de shuim is ionann agus cáin ioncaim ar mhéid an úis ar stoc nó ar chineálacha eile urrús a dhéanfaidh Bord na Móna, ar ordú ón Aire Airgeadais faoi alt 466, mar a chuirtear chun feidhme é leis an alt seo, a íoc gan asbhaint chánach an bhliain mheasúnachta sin.

Urrúis áirithe a bheith díolmhaithe ó cháin.

[1956, a. 34;

1957, a. 27;

1964, a. 32.]

474. —(1) Baineann an t-alt seo le haon stoc nó urrús eile ar arb iníoctha ús gan cáin ioncaim a asbhaint de bhua ordaithe ón Aire Airgeadais de bhun alt 467, 471, 472 nó 473.

(2) Féadfar aon stoc nó urrús eile lena mbaineann an t-alt seo a eisiúint maille le ceachtar coinníoll nó an dá choinníoll acu seo a leanas:

(a) nach mbeidh caipiteal ná ús an stoic nó an urrúis eile faoi dhliteanas i leith cánach an fad a shuífear sa tslí a ordóidh an tAire Airgeadais go bhfuil an stoc nó an t-urrús eile ar úinéireacht tairbhiúil ag daoine nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí orthu sa Stát,

(b) nach mbeidh ús an stoic nó an urrúis eile faoi dhliteanas i leith cánach an fad a shuífear sa tslí a ordóidh an tAire Airgeadais go bhfuil an stoc nó an t-urrús eile ar úinéireacht tairbhiúil ag daoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát cé go bhfuil sainchónaí orthu ann,

agus, i gcás gach stoic nó urrúis eile den sórt sin a eisíodh mar a dúradh, deonófar díolúine ó cháin dá réir sin.

Bannaí cistiúcháin a eisíodh maidir le hús ar fhiacha áirithe.

[1938, a. 7.]

475. —(1) Má eisítear aon bhannaí cistiúcháin chun creidiúnaí maidir le haon dliteanas chun ús a íoc ar fhiach lena mbaineann an t-alt seo, déileálfar chun críocha uile an Achta seo le heisiúint na mbannaí sin ionann agus dá mba é a bhí ann íocaíocht de mhéid an úis sin ar cóimhéid le luach na mbannaí sin tráth a n-eisithe, agus ní dhéileálfar chun críche ar bith de na críocha sin le fuascailt na mbannaí sin mar íoc ar an ús sin nó ar aon chuid de.

(2) Baineann an t-alt seo leis na fiacha uile a bheidh dlite ó aon rialtas, údarás poiblí, nó foras poiblí ar bith nó in áit ar bith agus leis na fiacha uile a bheidh dlite ó aon chomhlacht corpraithe ar bith nó in áit ar bith.

(3) San alt seo folaíonn “bannaí cistiúcháin” gach banna, stoc, scair, urrús, agus deimhniú féichiúnais.