An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID IV Sceideal D)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID III

Sceideal C agus na Príomh-Fhorálacha a Bhaineann leis sin

Sceideal C.

[1918, Sc. C. Gin. r. 1;

1938, a. 5 (2) (3) (4).]

47. —Is é seo a leanas an Sceideal a luaitear san Acht seo mar Sceideal C—

Sceideal C

1. Déanfar cáin faoin Sceideal seo a mhuirearú i leith na mbrabús go léir ó dhíbhinní ioncaim phoiblí is iníoctha sa Stát in aon bhliain mheasúnachta.

2. I gcás ina bhfaighidh baincéir nó aon duine eile sa Stát íocaíocht ar aon díbhinní ioncaim phoiblí choigríche, trí chupóin a gheofar ó dhuine eile nó ar bhealach eile thar a cheann, muireorófar cáin faoin Sceideal seo i leith na ndíbhinní.

3. I gcás ina ndéanfaidh baincéir sa Stát cúpóin d'aon díbhinní ioncaim phoiblí choigríche a dhíol nó a réadú ar shlí eile agus na fáltais ón réadú sin a íoc le haon duine áirithe nó a thabhairt anonn chun cuntais an duine sin, muirearófar cáin faoin Sceideal seo i leith fáltas an réadaithe.

4. I gcás ina ndéanfaidh déileálaí cúpón sa Stát cúpóin a cheannach d'aon díbhinní ioncaim phoiblí choigríche ar shlí seachas ó bhaincéir nó ó dhéileálaí cúpón eile, muirearófar cáin faoin Sceideal seo i leith an phraghais a íocfar ar an gceannach.

5. Ní bheidh feidhm ag aon ní i mír 1 i gcás aon bhlianachtaí nach de chineál poiblí iad.

6. Muirearófar an cháin faoin Sceideal seo ar gach fiche scilling a mhuirearófar de mhéid bliantúil na mbrabús, na ndíbhinní, na bhfáltas réadaithe nó an phraghais a íocadh ar cheannach.

Muirearú agus íoc.

[1918, Sc. C, Gin. r. 1;

1938, a. 5 (2) (3) (4).]

48. —(1) Déanfaidh na coimisinéirí a ainmnítear chuige sin leis an Acht seo cáin faoi Sceideal C a mhuirearú, agus is iad a íocfaidh thar ceann na ndaoine a bheidh i dteideal na mbrabús, na ndíbhinní, na bhfáltas réadaithe nó an phraghais a íocadh ar cheannach is ábhar don cháin—

(a) i gcás cánach arna muirearú faoi mhír 1 den Sceideal sin, na daoine agus na comhlachtaí daoine faoi seach ar cuireadh an t-íoc ar a n-iontaoibh;

(b) i gcás cánach arna muirearú faoi mhír 2, 3 nó 4 den Sceideal sin, an baincéir nó an duine eile nó an baincéir nó an déileálaí cúpón, de réir mar a bheidh.

(2) Beidh éifeacht ag forálacha Sceideal 1 maidir le measúnú, muirearú agus íoc cánach faoi Sceideal C.

Stoic Stáit agus stoic taidhleoirí coigríche.

[1918, Sc. C, Gin. r. 2 (a) (b) (c).]

49. —(1) Ní bheidh aon cháin inmhuirir maidir le stoc, díbhinní nó ús a aistreofar chun cuntas i leabhair Bhanc na hÉireann in ainm an Aire Airgeadais de bhun aon reachta, ach cuirfidh Banc na hÉireann cuntas ar mhéid iomlán an chéanna chun na gCoimisinéirí Speisialta.

(2) Ní hinmhuirir aon cháin maidir leis an stoc, na díbhinní nó an t-ús de chuid an Stáit is cuma cén t-ainm faoina mbeidh an céanna i leabhair Bhanc na hÉireann.

(3) Ní hinmhuirir aon cháin maidir le stoc, díbhinní nó ús de chuid ionadaí thaidhleoireachta chreidiúnaithe aon Stáit choigríche a chónaíonn sa Stát.

Ar choinníoll, má bhíonn an céanna in ainm iontaobhaí, go ndéanfaidh an t-iontaobhaí an mhaoin a bheidh ann ag aon ionadaí den sórt sin a chruthú do na Coimisinéirí Speisialta.

Urrúis críocha coigriche.

[1918, Sc. C, Gin. r. 2 (d);

1925, a. 12;

1965, a. 4 (6).]

50. —(1) Ní hinmhuirir aon cháin i leith na ndíbhinní ar urrúis de chuid aon chríche lasmuigh den Stát is iníoctha sa Stát, má chruthaítear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim nach sa Stát a chónaíonn an duine ar leis na hurrúis agus a bheidh i dteideal na ndíbhinní; ach ní thabharfar aon liúntas ná ní dhéanfar aon aisíoc i leith na cánach ar na díbhinní ar urrúis de chuid aon chríche den sórt sin is iníoctha sa Stát ach amháin mar a fhoráiltear leis an Acht seo:

Ar choinníoll, i gcás ina mbeidh urrúis de chuid aon chríche den sórt sin á dteachtadh faoi aon iontaobhas, agus gurb é an duine is tairbhí i seilbh faoin iontaobhas an t-aon tairbhí i seilbh atá ann agus go bhféadfaidh sé, tríd an t-iontaobhas a chúlghairm nó trí aon chumhachtaí faoin iontaobhas a fheidhmiú, a iarraidh ar na hiontaobhaithe tráth ar bith na hurrúis a aistriú chuige saor ar fad ó aon iontaobhas, go measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é an duine é ar leis na hurrúis.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh faoin alt seo a thabhairt ar mhodh liúntais nó aisíocaíochta ar éileamh chuige sin a dhéanamh chucu.

(3) Duine ar bith arb éagóir leis cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim ar aon cheist maidir le cónaí a éireoidh faoin alt seo féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn sa chéill sin a thabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de dhá mhí ón dáta ar a dtabharfar fógra faoin gcinneadh dó, a iarraidh go ndéanfadh na Coimisinéirí Speisialta a éileamh ar fhaoiseamh a éisteacht agus a chinneadh.

(4) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fho-alt (3), déanfaidh na Coimisinéirí Speisialta an t-éileamh a éisteacht agus a chinneadh mar a dhéanfaí le hachomharc chucu i gcoinne measúnachta agus beidh feidhm dá réir sin, le haon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha uile den Acht seo a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí).

Mínithe.

[1918, Sc. C, Gin. r. 1; gníomhairí íoca, r. 9;

1938, a. 5.]

51. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “díbhinní”, ach amháin sa leagan “stoic, díbhinní nó ús”, aon ús, blianachtaí, díbhinní nó scaireanna blianachtaí;

folaíonn “ioncam poiblí”, ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ioncam poiblí Rialtais ar bith agus ioncam aon údaráis nó fhorais phoiblí in aon tír lasmuigh den Stát;

ciallaíonn “díbhinní ioncaim poiblí” díbhinní is iníoctha as aon ioncam poiblí;

ciallaíonn “díbhinní ioncaim poiblí choigríche” díbhinní is iníoctha in áit seachas sa Stát (cibé acu is iníoctha nó nach iníoctha iad sa Stát freisin) as aon ioncam poiblí seachas ioncam poiblí an Stáit;

folaíonn “baincéir” duine ag gníomhú mar bhaincéir;

folaíonn “cúpóin” agus “cúpóin d'aon díbhinní ioncaim phoiblí choigríche” barántais le haghaidh, nó billí malairte a airbheartaíonn a bheith tarraingthe nó déanta i leith íoca, aon díbhinní ioncaim phoiblí choigríche.