An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XXX Díbhinní Éireannacha, Etc.) Ar Aghaidh (CUID XXXI Díbhinní Coigríche, etc.)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil II

Míniú ar Cháin Ioncaim a Asbhaineadh a chur ag gabháil le Barántais Díbhinne agus Úis

Ráiteas a chur ag gabháil le barántais.

[1925, a. 13.]

1963 Uimh. 33.

458. —(1) Gach barántas, seic nó ordú eile a sheolfar nó a sheachadfar d'fhonn aon ús nó díbhinn a íoc a d'imdháil cuideachta atá i dteideal cáin ioncaim a bhaint as an ús nó as an díbhinn sin beidh ag gabháil leis nó beidh ina theannta ráiteas i scríbhinn ina dtaispeánfar—

(a) an méid comhlán a bheidh, tar éis na cánach ioncaim is iomchuí dó a asbhaint, ar cóimhréir leis an nglanmhéid a íocadh iarbhír, agus

(b) ráta agus méid na cánach ioncaim is iomchuí don mhéid comhlán sin, agus

(c) an glanmhéid a íocadh iarbhír.

(2) Má mhainníonn cuideachta aon cheann d'fhorálacha an ailt seo a chomhlíonadh tabhóidh an chuideachta pionós £10 maidir le gach cion ach ní bheidh thar £100 i méid comhiomlán na bpionós a fhorchuirfear faoin alt seo ar aon chuideachta i leith cionta a bhaineann le haon íocaíocht nó imdháil áirithe amháin úis nó díbhinní.

(3) San alt seo ciallaíonn an focal “cuideachta” cuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus cuideachta a bunaíodh le litreacha paitinne nó le haon reacht nó de bhun aon reachta.