An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Ioncam ó Urrúis a Aistriú) Ar Aghaidh (CUID XXX Díbhinní Éireannacha, Etc.)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XXIX

Cáin Ioncaim Maidir le Riaradh Eastát

Léiriú,

[1938, a. 8.]

1894, c. 30.

1890, c. 29.

1954, Uimh. 12 .

450. —(1) Chun críocha na Coda seo—

(a) measfar leas iomlán a bheith ag duine in iarmhar eastáit duine éagtha, nó i gcuid de sin, más rud é go mbeadh agus an fad a bheadh caipiteal an iarmhair nó na coda sin de (de réir mar a bheidh) iníoctha go cuí leis féin, nó le duine eile dá cheart, chun sochair dó, dá mbeadh an t-iarmhar déanta amach, nó má bhíonn agus fad a bheidh an caipiteal sin iníoctha go cuí amhlaidh cibé acu go díreach ag na hionadaithe pearsanta é nó go neamhdhíreach trí iontaobhaí nó duine eile;

(b) measfar leas teoranta a bheith ag duine in iarmhar eastáit duine éagtha, nó i gcuid de sin, ar feadh aon tréimhse (seachas tréimhse a mbeidh leas iomlán aige ar a feadh san iarmhar nó sa chuid sin de, de réir mar a bheidh) más rud é go mbeidh an t-ioncam as an iarmhar nó as an gcuid sin de (de réir mar a bheidh) in aghaidh na tréimhse sin iníoctha go cuí leis féin nó le duine eile dá cheart, chun sochair dó, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach é mar a dúradh, dá mbeadh an t-iarmhar déanta amach i dtosach na tréimhse sin;

(c) eastát réadach a bheidh ar áireamh (faoi thuairisc shonrach nó faoi thuairisc ghinearálta) i mbronntanas iarmharach a tugadh le huacht tiomnóra measfar gur cuid é d'iarmhar a eastáit agus nach ábhar diúscartha sonraí é.

(2) Sa Chuid seo—

(a) ciallaíonn “ionadaithe pearsanta”, maidir le heastát duine éagtha, a sheiceadóirí mar a mhínítear le halt 22 (1) (d) den Finance Act, 1894, agus folaíonn sé daoine a bhfuil aon fheidhmeanna acu faoi dhlí tíre eile maidir leis an éagach comhréireach le feidhmeanna chun críocha riaracháin faoi dhlí an Stáit de chuid seiceadóirí mar a mhínítear amhlaidh, agus déanfar tagairtí d'ionadaithe pearsanta sa cháil sin a fhorléiriú mar thagairtí do na seiceadóirí ina gcáil mar dhaoine a bhfuil feidhmeanna den sórt a dúradh acu;

(b) ciallaíonn “diúscairt shonrach” réadtiomnú sonrach nó tiomnacht shonrach arna dhéanamh ag tiomnóir, agus folaíonn sé aon diúscairt ag a bhfuil, de bhua aon achtacháin nó eile, faoi dhlí an Stáit nó faoi dhlí aon tíre eile, éifeacht mar a bheadh ag réadtiomnú sonrach nó tiomnacht shonrach faoi dhlí an Stáit;

(c) ciallaíonn “muirir ar iarmhar”, maidir le heastát duine éagtha, na dliteanais seo a leanas is iníoctha go cuí as agus an t-ús is iníoctha i leith na ndliteanas sin, is é sin le rá,—

(i) costais agus fiacha sochraide, tiomnachta, agus riaracháin,

(ii) leagáidí ginearálta (lena n-áirítear i gcás díthiomnachta suim £500 a bhfuil baintreach ina teideal faoin Intestates' Estates Act, 1890, nó suim £4,000 a bhfuil baintreach ina teideal faoin Acht um Eastáit Dí-Thiomnóirí, 1954 ). leagáidí taispeántacha, agus blianachtaí, agus

(iii) aon dliteanais eile de chuid a ionadaithe pearsanta sa cháil sin,

ach, i gcás aon dliteanais den sórt arb é atá iontu, amhail idir daoine atá leasmhar faoi dhiúscairt shon-rach nó i leagáid den sórt a dúradh nó i mblianacht agus daoine atá leasmhar in iarmhar an eastáit dliteanais a thiteann go heisiatach nó go príomha ar an maoin is ábhar don diúscairt shonrach nó ar an leagáid nó ar an mblianacht, ní fholaíonn sé ach amháin an chuid sin (más aon chuid é) de na dliteanais sin a thiteann sa deireadh thiar ar an iarmhar;

(d) déanfar tagairtí do “ioncam iomlán an eastáit” de chuid duine éagtha in aghaidh aon bhliana measúnachta a fhorléiriú mar thagairtí don ioncam comhiomlám ó gach bunadh in aghaidh na bliana sin de chuid ionadaithe pearsanta an éagaigh sa cháil sin agus é a áireamh mar ní arb é atá ann—

(i) aon ioncam den sórt sin is inmhuirir i leith cánach ioncaim Éireannaí trí asbhaint nó eile, agus an t-ioncam sin a ríomh ag an méid ar a bhfuil an cháin sin le tabhairt don bhliain sin, agus

(ii) aon ioncam den sórt sin ab inmhuirir amhlaidh dá mba sa Stát a d'éirigh sé chun duine ar sa Stát a bhí cónaí agus gnáthchónaí air, agus an t-ioncam sin a ríomh de réir an mhéid iomlán de a d'éirigh iarbhír i gcaitheamh na bliana sin, lúide cibé asbhaintí ab inlamháilte dá muirearófaí é i leith cáin ioncaim Éireannach, ach gan áireamh a dhéanamh ar aon ioncam ó mhaoin a chineachfaidh ar na hionadaithe pearsanta ar shlí seachas mar shócmhainní chun fiacha an éagaigh a íoc;

(e) ciallaíonn “eastát Éireannach” agus “eastát coigríche”, faoi seach, maidir le haon bhliain mheasúnachta—

(i) eastát arb é atá ann, agus arb é amháin atá ann, ioncam a thug cáin ioncaim Éireannach trí asbhaint nó a bhfuil na hionadaithe pearsanta ina leith inmheasúnaithe go díreach i leith cánach ioncaim Éireannaí, seachas eastát arb é atá in aon chuid den ioncam uaidh ioncam a bhfuil na hionadaithe pearsanta ina leith i dteideal díolúine ó cháin ioncaim Éireannach a éileamh faoi threoir gan a gcónaí nó a ngnáthchónaí a bheith in Éirinn, agus

(ii) eastát seachas eastát Éireannach;

(f) folaíonn tagairtí do shuimeanna a íocadh tagairtí do shócmhainní atá aistrithe nó leithreasaithe chuige féin ag ionadaí pearsanta, agus d'fhiacha ar a ndearnadh fritháireamh nó fuascailt;

(g) folaíonn tagairtí do shuimeanna is iníoctha tagairtí do shócmhainní a bhfuil, ar an riarachán a bheith críoch-naithe, oibleagáid ann iad a aistriú nó ceart ann ag ionadaí pearsanta iad a leithreasú chuige féin agus d'fhiacha a bhfuil oibleagáid fuascailte fritháirithe, nó ceart ag ionadaí pearsanta chun sin a dhéanamh ina fhabhar féin, ann maidir leo an tráth sin;

(h) déanfar tagairtí do mhéid maidir le sócmhainní den sórt sin a dúradh a fhorléiriú mar thagairtí do luach na sócmhainní sin ar dháta a n-aistrithe nó a leithreasaithe, nó chríochnú an riaracháin, de réir mar is gá sa chás, agus, maidir leis na fiacha sin, mar thagairtí do mhéid na bhfiacha sin.

(3) I gcás ina mbeidh codanna éagsúla d'eastát duine éagtha ina n-ábhair faoi seach do dhiúscairtí iarmharacha, beidh éifeacht ag an gCuid seo maidir le gach cuid ar leithligh acu sin, ach go gcuirfear in ionad tagairtí don eastát tagairtí don chuid sin den eastát, agus go gcuirfear in ionad tagairtí d'ionadaithe pearsanta an éagaigh sa cháil sin tagairtí do na hionadaithe pearsanta sin ina gcáil go bhfuil acu na feidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a) maidir leis an gcuid sin den eastát.

Leasanna teoranta in iarmhar.

[1938, a. 10.]

451. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas den alt seo maidir le duine ag a mbeidh, i gcaitheamh na tréimhse dar tosach dáta báis duine éagtha agus dar críoch dáta críochnaithe riaracháin eastáit an duine éagtha sin (dá ngairtear an tréimhse riaracháin sa Chuid seo) nó i gcaitheamh coda den tréimhse sin, leas teoranta in iarmhar an eastáit sin nó i gcuid de.

(2) I gcás aon suim a íoc i rith na tréimhse riaracháin maidir leis an leas teoranta sin measfar, chun críocha uile an Achta seo, go ndearnadh, faoi réir fhorálacha fho-alt (3), an tsuim sin a íoc leis an duine sin mar ioncam don bhliain mheasúnachta a íocadh an tsuim sin, nó, i gcás suim a íoc maidir le leas a bhfuil deireadh leis, don bhliain mheasúnachta deiridh a bhí sé ar marthain.

(3) Ar bheith críochnaithe do riarachán an eastáit—

(a) measfar méid comhiomlán na suimeanna go léir a íocadh roimh chríochnú, nó is iníoctha ar chríochnú, an riaracháin maidir leis an leas teoranta sin a bheith faibhrithe chun bheith dlite don duine sin ó lá go lá i gcaitheamh na tréimhse riaracháin nó na coda de a raibh an leas sin aige ar a feadh (de réir mar a bheidh) agus gur íocadh leis é de réir mar a d'fhaibhrigh sé chun bheith dlite;

(b) measfar chun críocha uile an Achta seo gur íocadh leis an duine sin mar ioncam don bhliain sin an méid a mheastar a íocadh leis de bhua mhír (a) aon bhliain mheasúnachta áirithe; agus

(c) i gcás an méid a mheastar a íocadh leis an duine sin mar ioncam d'aon bhliain áirithe de bhua an fho-ailt seo a bheith níos lú nó níos mó ná an méid a mheastar a íocadh leis mar ioncam don bhliain sin de bhua fho-alt (2), déanfar cibé coigeartuithe a fhoráiltear ina dhiaidh seo sa Chuid seo.

(4) Aon mhéid a mheasfar a íocadh leis an duine sin mar ioncam d'aon bhliain áirithe de bhua an ailt seo—

(a) measfar i gcás eastáit Éireannaigh gur ioncam é arb é a mhéid méid a bheadh, tar éis cáin ioncaim a asbhaint de réir an ráta chaighdeánaigh cánach don bhliain sin, comhionann leis an méid a mheasfar a íocadh amhlaidh, agus gurb ioncam é a thug cáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh cánach;

(b) i gcás eastáit choigríche, measfar gurb ioncam é arb é a mhéid méid a measadh a íocadh amhlaidh, agus beidh sé inmhuirir i leith cánach ioncaim faoi Chás III de Sceideal D ionann agus dá mba ioncam é ó urrúis in áit lasmuigh den Stát.

(5) I gcás inar muirearaíodh duine i leith cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana áirithe de bhua an ailt seo i leith méid a meastar a íocadh leis mar ioncam maidir le leas in eastát coigríche agus gur thug aon chuid d'ioncam comhiomlán an eastáit sin don bhliain sin cáin ioncaim Éireannach trí asbhaint nó ar shlí eile, déanfar an t-ioncam ar maidir leis a muirearaíodh é amhlaidh i leith cánach a laghdú, ar na fíorais a chruthú chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta, de mhéid a mbeidh idir í agus an t-ioncam an chomhréir chéanna a bheidh idir an méid den ioncam sin ar ar íocadh cáin ioncaim Éireannach agus méid an ioncaim chomhiomláin sin:

Ar choinníoll, i gcás ina mbeidh faoiseamh tugtha amhlaidh, go measfar, chun críocha forchánach, go n-ionadaíonn an oiread sin den mhéid ar maidir leis a muirearaíodh é i leith cánach ioncaim agus a fhreagrann don chomhréir sin an méid sin ioncaim sin ba chomhionann, tar éis cáin ioncaim a asbhaint de réir an ráta chaighdeánaigh cánach, leis an oiread den méid a muirearaíodh.

Leasanna iomlána in iarmhar.

[1938, a. 11.]

452. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas den alt seo maidir le duine ag a mbeidh, i gcaitheamh na tréimhse riaracháin nó i gcaitheamh coda don tréimhse sin, leas iomlán in iarmhar eastáit duine éagtha nó i gcuid de.

(2) Déanfar amach de réir alt 453 méid ioncaim iarmharaigh an eastáit do gach bliain iomlán measúnachta, agus do gach cuid bhearnaithe de bhliain mheasúnachta—

(a) a raibh an tréimhse riaracháin ar rith ar a feadh, agus

(b) a raibh an leas sin ag an duine sin ar a feadh,

agus maidir leis an méid a dhéanfar amach amhlaidh d'aon bhliain nó cuid de bhliain nó, i gcás duine ag an mbeidh leas iomlán i gcuid d'iarmhar, maidir le cuid chomhréireach den mhéid sin, tugtar “ioncam iarmharach” leis an duine sin don bhliain mheasúnachta sin air sa Chuid seo.

(3) Nuair a bheifear tar éis aon suim nó suimeanna a íoc i rith na tréimhse riaracháin maidir leis an leas iomlán sin, measfar chun críocha uile an Achta seo go ndearnadh, faoi réir forálacha fho-alt (4), méid na suime sin nó méid comhiomlán na suimeanna sin a íoc leis an duine sin mar ioncam go feadh an mhéid, agus don bhliain nó do na blianta measúnachta, a n-áireofaí, chun na gcríocha sin, go bhfuair sé ioncam dá mba rud é go raibh ceart aige, gach bliain mheasúnachta—

(a) i gcás eastáit Éireannaigh, a ioncam iarmharach a fháil don bhliain sin lúide cáin ioncaim don bhliain sin, de réir an ráta chaighdeánaigh cánach, nó

(b) i gcás eastáit choigríche, a ioncam iarmharach a fháil don bhliain sin,

agus go raibh an tsuim sin nó comhiomlán na suimeanna sin ar fáil le cur chun feidhme go príomha i leith nó faoi chomhair sásamh na gceart sin de réir mar a d'fhaibhrigh siad agus gur cuireadh chun feidhme amhlaidh iad.

I gcás eastáit Éireannaigh, aon mhéid a mheastar a íocadh leis an duine sin mar ioncam d'aon bhliain áirithe de bhua an fho-ailt seo measfar gurb ioncam é den mhéid sin ba chomhionann, tar éis cáin ioncaim a asbhaint de réir an ráta chaighdeánaigh cánach don bhliain sin, leis an méid a meastar a íocadh amhlaidh, agus gurb ioncam é a thug cáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh cánach.

(4) Ar riarachán an eastáit a bheith críochnaithe—

(a) measfar chun críocha uile an Achta seo go ndearnadh ioncam iarmharach an duine sin d'aon bhliain mheasúnachta a íoc leis mar ioncam don bhliain sin, agus i gcás eastáit Éireannaigh measfar gur thug sé cáin ioncaim faoi threoir an ráta chaighdeánaigh cánach; agus

(b) déanfar cibé coigeartuithe a fhoráiltear ina dhiaidh seo sa Chuid seo i gcás inar lú nó inar mó an méid a mheastar a íocadh leis an duine sin mar ioncam d'aon bhliain de bhua an ailt seo ná an méid a mheastar a íocadh leis mar ioncam don bhliain sin de bhua fho-alt (3).

(5) I gcás eastáit choigríche, méid ar bith a mheasfar a íocadh leis an duine sin mar ioncam d'aon bhliain de bhua an ailt seo measfar gur ioncam den mhéid sin é, agus beidh sé inmhuirir i leith cánach ioncaim faoi Chás III de Sceideal D ionann agus dá mba é a bhí ann ioncam ó urrúis in áit lasmuigh den Stát.

(6) I gcás inar muirearaíodh duine i leith cánach ioncaim de bhua an ailt seo sna himthosca a luaitear in alt 451 (5) beidh éifeacht ag forálacha alt 451 (5) mar atá éifeacht acu i gcás inar muirearaíodh duine i leith cánach ioncaim de bhua an ailt sin sna himthosca sin.

Forálacha forlíontacha maidir le leasanna iomlána in iarmhar.

[1938, a. 12.]

453. —(1) Déanfar amach méid ioncaim iarmharaigh eastáit d'aon bhliain mheasúnachta trí na méideanna seo a leanas a bhaint as ioncam comhiomlán an eastáit don bhliain sin, eadhon—

(a) méid aon úis bhliantúil, blianachta, nó íocaíochta bliantúla eile don bhliain sin is muirear ar an iarmhar agus méid aon íocaíochta a rinneadh an bhliain sin maidir le haon chostais a thabhaigh na hionadaithe pearsanta sa cháil sin dóibh ag bainistí sócmhainní an eastáit ar costais iad ab inmhuirir go cuí ar ioncam, d'éagmais aon fhorála shainráitigh in uacht, ach gan áireamh a dhéanamh ar aon ús, blianacht nó íocaíocht den sórt sin a lamháladh nó is inlamháilte le linn ioncam comhiomlán an eastáit a bheith á ríomh; agus

(b) méid aon choda d'ioncam comhiomlán an eastáit don bhliain sin a mbeidh duine, ar aontú nó dá éis sin, tar éis teacht chun bheith ina theideal de bhua diúscartha sonraí i leith leasa dílsithe i gcaitheamh na tréimhse riaracháin nó i leith leasa dílsithe nó leasa theagmhasaigh ar an riarachán a bheith críochnaithe.

(2) Más dealraitheach, ar bheith críochnaithe do riarachán eastáit a raibh leas iomlán ag duine ina iarmhar nó i gcuid dá iarmhar ar bheith críochnaithe don riarachán, nach bhfuil comhiomlán na sochar a fuarthas i leith an leasa sin chomh mór leis an gcomhiomlán a bhí, in aghaidh na mblianta go léir le chéile, in ioncam iarmharach an duine ag a raibh an leas sin, déanfar a ioncam iarmharach in aghaidh gach bliana faoi leith a laghdú chun críche alt 452 méid a mbeidh idir é agus an t-ioncam iarmharach an chomhréir chéanna a bheidh idir an t-easnamh agus an comhiomlán a bhí, in aghaidh na mblianta go léir le chéile, ina ioncam iarmharach.

San fho-alt seo ciallaíonn “na sochair a fuarthas”, maidir le leas iarmharach, na méideanna seo a leanas i leith na suimeanna go léir a íocadh roimh chríochnú, nó ab iníoctha ar chríochnú, an riaracháin i leith an leasa sin, is é sin le rá—

(a) maidir le suim a íocadh roimh chríochnú an riaracháin, i gcás eastáit Éireannaigh méid a bheadh, tar éis cáin ioncaim a asbhaint de réir an ráta chaighdeánaigh cánach don bhliain mheasúnachta a íocadh an tsuim sin, ar cóimhéid leis an tsuim sin nó, i gcás eastáit choigríche, le méid na suime sin, agus

(b) maidir le suim ab iníoctha ar chríochnú an riaracháin, i gcás eastáit Éireannaigh méid a bheadh, tar éis cáin ioncaim a asbhaint de réir an ráta chaighdeánaigh cánach don bhliain mheasúnachta a críochnaíodh an riarachán, ar cóimhéid leis an tsuim sin nó, i gcás eastáit choigríche, le méid na suime sin.

(3) Nuair a bheifear ag cur fo-alt (2) chun feidhme maidir le hiarmhar nó cuid d'iarmhar ina raibh leas iomlán tráth ar bith i gcaitheamh na tréimhse riaracháin ag duine seachas an duine ag a raibh leas iomlán ar an riarachán a chríochnú, déanfar na comhiomláin a luaitear ansin a ríomh maidir leis na leasanna sin i dteannta a chéile, agus beidh ioncam iarmharach an duine sin faoi réir a laghdaithe freisin faoi sin.

Forálacha speisialta maidir le leasanna áirithe in iarmhar.

[1938, a. 13.]

454. —(1) I gcás ina bhfuil ag ionadaithe pearsanta duine éagtha sa cháil sin ceart maidir le heastát duine éagtha eile de shórt go mbeadh acu, dá ndílseofaí an ceart dóibh le haghaidh sochair dóibh féin, leas iomlán nó leas teoranta in iarmhar an eastáit sin nó i gcuid de, measfar go bhfuil an leas sin acu d'ainneoin nach bhfuil an ceart sin dílsithe dóibh chun sochar dóibh féin, agus aon mhéid a mheastar a bheith íoctha leo mar ioncam de bhua na Coda seo áireofar é mar chuid d'ioncam comhiomlán eastáit an duine arb ionadaithe pearsanta dó iad.

(2) I gcás leasanna iomlána in iarmhar, nó i gcuid d'iarmhar, eastáit duine éagtha a bheith, go comhleanúnach ag daoine éagsúla i gcaitheamh na tréimhse riaracháin, déanfar, chun críocha na Coda seo, suimeanna a íocadh i rith na tréimhse sin i leith an iarmhair nó na coda sin de, de réir mar a bheidh, a áireamh mar shuimeanna a íocadh i leith leasa an duine ag a raibh leas iomlán ann i gcéaduair suas go dtí—

(a) i gcás eastáit Éireannaigh, comhiomlán na mblianta uile d'ioncam iarmharach an duine sin lúide cáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh cánach, nó

(b) i gcás eastáit choigríche, comhiomlán na mblianta uile d'ioncam iarmharach an duine sin,

agus, maidir le haon iarmhéid suas go méid choimhréireach, i leith leasa an chéad duine eile a raibh leas iomlán aige ann, agus mar sin de.

(3) Más rud é ar rogha a dhéanamh go mbeadh aon chuid den ioncam ó iarmhar eastáit duine éagtha d'aon tréimhse (arb í an tréimhse riaracháin í nó cuid di) iníoctha go cuí, dá mba rud é go raibh an t-iarmhar faighte amach i dtosach na tréimhse sin, le haon duine áirithe nó le duine eile ina cheart, chun sochair dó, go díreach ag na hionadaithe pearsanta nó go neamhdhíreach trí iontaobhaí nó duine eile, measfar chun críocha uile an Achta seo go ndearnadh méid aon suime a íocadh de bhun rogha a dhéanamh i bhfabhar an duine sin a íoc leis an duine sin mar ioncam don bhliain mheasúnachta a íocadh é, agus beidh éifeacht ag forálacha alt 451 (4) (5) maidir le méid a mheastar a íocadh mar ioncam de bhua an fho-ailt seo.

Coigeartuithe agus eolas a thabhairt.

[1938, a. 14;

1963, Sc. 6, Cuid III.]

455. —(1) Más rud é, ar riarachán eastáit a bheith críochnaithe, go measfar de bhua na Coda seo gur íocadh méid le duine ar bith mar ioncam d'aon bhliain mheasúnachta agus—

(a) gur mó an méid sin ná an méid a measadh roimhe sin a íocadh leis mar ioncam don bhliain sin de bhua na Coda seo, nó

(b) nár measadh roimhe sin amhlaidh gur íocadh aon mhéid leis mar ioncam don bhliain sin,

féadfar measúnacht nó measúnacht bhreise a dhéanamh air don bhliain sin agus cáin a mhuirearú dá réir sin nó, ar éileamh a dhéanamh chuige sin, déanfar aon fhaoiseamh nó faoiseamh breise a mbeidh teideal aige chuige a lamháil dá réir sin.

(2) Más rud é, ar riarachán eastáit a bheith críochnaithe, go measfar de bhua na Coda seo gur íocadh aon mhéid le duine ar bith mar ioncam d'aon bhliain mheasúnachta, agus gur lú an méid sin ná an méid a measadh roimhe sin amhlaidh a íocadh leis, ansin—

(a) má bhíonn measúnacht déanta cheana féin air don bhliain sin, déanfar cibé coigeartuithe sa mheasúnacht sin is gá d'fhonn éifeacht a thabhairt do na forálacha den Chuid seo a ghlacann éifeacht ar an riarachán a bheith críochnaithe, agus aisíocfar aon cháin a ró-íocadh, agus

(b) más rud é—

(i) gur lamháladh aon fhaoiseamh dó faoi threoir an mhéid a measadh roimhe sin mar a dúradh a íocadh leis mar ioncam don bhliain sin, agus

(ii) gur mó méid an fhaoisimh sin ná méid an fhaoisimh a d'fhéadfaí a thabhairt faoi threoir an mhéid a mheasfar, ar an riarachán a bheith críochnaithe, a íocadh leis mar ioncam don bhliain sin,

féadfar an faoiseamh a tugadh d'iomarca amhlaidh, mura slánófar é ar shlí eile, a mhuirearú faoi Chás IV de Sceideal D agus a ghnóthú ón duine sin dá réir sin.

(3) An t-am ar laistigh di a fhéadfar measúnacht nó measúnacht bhreise a dhéanamh chun críocha na Coda seo, nó a fhéadfar measúnacht a choigeartú chun na gcríocha sin, nó éileamh ar fhaoiseamh a dhéanamh de bhua na Coda seo ní rachaidh sé in éag, d'ainneoin aon ní atá san Acht seo, roimh dheireadh an tríú bliain i ndiaidh na bliana measúnachta a críochnaíodh riarachán an eastáit a bheidh i gceist.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn a cheangal ar dhuine ar bith atá nó a bhí ina ionadaí pearsanta do dhuine éagtha, nó ag a bhfuil nó ag a raibh leas iomlán nó leas teoranta in iarmhar eastáit duine éagtha nó i gcuid de cibé sonraí is dóigh leo is gá chun críocha na Coda seo a thabhairt dóibh (laistigh de cibé am a ordóidh siad, nach giorra ná ocht lá is fiche).