An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Brabúis ó Earraí Áirithe a Onnmhairiú) Ar Aghaidh (CUID XXVII Íocaiochtaí Bliantúla)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XXVI

Achomhairc

Toirmeasc ar mheasúnacht a athrú ach amháin ar achomharc.

[1918, a. 133 (1).]

415. —Ach amháin i gcás ina n-údaraítear sin go sainráiteach leis an Acht seo, ní athrófar measúnacht roimh an am le haghaidh achomhairc a éisteacht agus a chinneadh, agus ní dhéanfar ansin é ach amháin i gcás measúnachtaí a ndearnadh achomhairc ina n-aghaidh, agus de réir an chinnidh sin; agus má dhéanann duine ar bith, nó má chuireann sé faoi deara nó má cheadaíonn sé go ndéanfar, in aon mheasúnacht, aon athrú neamhúdaraithe, tabhóidh sé pionós £50.

Achomhairc i gcoinne measúnachta.

[1929, a. 5;

1949, a. 30 (1);

1958, a. 3;

1963, Sc. 6, Cuid II; 1965, a. 5.]

416. —(1) Duine ar bith arb éagóir leis aon mheasúnacht i leith cánach ioncaim a dhéanfaidh cigire nó aon oifigeach eile air a cheap na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin (dá ngairtear “oifigeach eile” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) beidh teideal aige achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire nó don oifigeach eile laistigh de lá agus fiche tar éis dáta an fhógra mheasúnachta nó an fhógra faoi alt 180 go ndearnadh measúnachtaí (de réir mar a bheidh).

(2)  (a) Ceapfaidh na Coimisinéirí Speisialta ó am go ham tráthanna agus áiteanna chun achomhairc i gcoinne measúnachtaí a éisteacht agus tabharfaidh Cléireach na gCoimisinéirí Speisialta fógra i dtaobh na dtráthanna agus na n-áiteanna sin don chigire nó don oifigeach eile sin a dúradh.

(b) Tabharfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile sin a dúradh fógra i scríbhinn do gach duine a thug fógra achomhairc i dtaobh an trátha agus na háite a ceapadh chun a achomharc a éisteacht, ach—

(i) ní thabharfar fógra faoin mír seo i gcás ina mbeidh éifeacht ag fo-alt (3) (b) de dhroim comhaontaithe dá dtagraítear sa mhír sin nó de dhroim fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (d), agus

(ii) i gcás ina measfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile go mb'fhéidir go socrófaí achomharc trí chomhaontú faoi fho-alt (3), féadfaidh sé staonadh ó fhógra a thabhairt faoin mír seo nó feadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn, fógra a bheidh tugtha cheana a aistarraingt.

(3)  (a) Baineann an fo-alt seo le haon mheasúnacht a mbeidh fógra achomhairc tugtha ina leith agus nach measúnacht a mbeidh na Coimisinéirí Speisialta tar éis an t-achomharc ina coinne a chinneadh nó atá tagtha chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte faoi fho-alt (6).

(b) Má tharlaíonn, maidir le measúnacht lena mbaineann an fo-alt seo, go ndéanfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile sin a dúradh agus an t-achomharcóir comhaontú, i scríbhinn nó ar shlí eile, go seasfaidh an mheasúnacht, go leasófar ar mhodh áirithe í nó go n-urscaoilfear nó go gcealófar í, tabharfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile éifeacht don chomhaontú agus, ansin, más é a bheidh sa chomhaontú go seasfaidh an mheasúnacht nó go leasófar í, beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna ag an measúnacht nó ag an measúnacht leasaithe, de réir mar a bheidh, a bheadh aici dá mba mheasúnacht í nár tugadh aon fhógra achomhairc ina taobh.

(c) Aon chomhaontú nach mbeidh i scríbhinn, measfar nach comhaontú é chun críocha mhír (b) den fho-alt seo, mura rud é—

(i) go ndaingneofar go ndearnadh comhaontú, agus na téarmaí ar ar comhaontaíodh, trí fhógra i scríbhinn a thabharfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile sin a dúradh don achomharcóir nó a thabharfaidh an t-achomharcóir don chigire nó don oifigeach eile, agus

(ii) go bhfuil lá agus fiche caite ó tugadh an fógra sin agus nár thug an duine dár tugadh é fógra i scríbhinn don té a thug é gur mian leis an comhaontú a shéanadh nó tarraingt siar sa.

(d) Aon uair a thabharfaidh achomharcóir fógra i scríbhinn don chigire nó don oifigeach eile sin a dúradh gur mian leis gan dul ar aghaidh lena achomharc i gcoinne measúnacht lena mbaineann an fo-alt seo, beidh éifeacht ag mír (b) ionann is dá mbeadh comhaontú i scríbhinn déanta ag an achomharcóir agus ag an gcigire nó an t-oifigeach eile, ar fhógra an achomharcóra a bheith faighte, go seasfadh an mheasúnacht.

(e) Na tagairtí san fho-alt seo do chomhaontú a dhéanamh le hachomharcóir agus fógra a thabhairt d'achomharcóir nó an t-achomharcóir do thabhairt fógra, folaíonn siad tagairtí do chomhaontú a dhéanamh le duine agus é ag gníomhú thar ceann an achomharcóra maidir leis an achomharc, agus d'fhógra a thabhairt don duine sin nó don duine sin do thabhairt fógra.

(4) Is iad na Coimisinéirí Speisialta a éistfidh agus a chinnfidh gach uile achomharc i gcoinne measúnachtaí, agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte a gcinneadh ar aon achomharc den sórt sin, mura n-éileoidh an duine a bheidh measúnaithe go n-athéistfear a achomharc faoi alt 429 nó mura gceanglófar faoin Acht seo cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte.

(5) Féadfaidh Coimisinéir Speisialta amháin achomharc i gcoinne measúnachta a éisteacht agus a chinneadh agus féadfaidh Coimisinéir Speisialta amháin na cumhachtaí a thugtar do na Coimisinéirí Speisialta le fo-ailt (7) agus (8) a fheidhmiú.

(6) Mura bhfaighfear fógra achomhairc ó dhuine dar tugadh fógra measúnachta nó má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn duine a mbeidh fógra achomhairc tugtha aige, láithriú os comhair na gCoimisinéirí Speisialta san am agus san áit a bheidh ceaptha le haghaidh achomhairc a éisteacht, beidh measúnacht a rinneadh air críochnaitheach dochloíte.

(7)  (a) Aon fhógra achomhairc nár tugadh laistigh den am a theorainnítear le fo-alt (1) measfar gur tugadh amhlaidh é i gcás ina ndearna an cigire nó cibé oifigeach eile mar a dúradh, ar iarratas i scríbhinn a bheith déanta chuige á iarraidh sin agus ar é a bheith sásta nár fhéad an t-iarratasóir mar gheall ar asláithreacht, breoiteacht nó cúis réasúnach eile, fógra achomhairc a thabhairt laistigh den am a theorainnítear agus go ndearnadh an t-iarratas gan mhoill neamhréasúnach ina dhiaidh sin, a chur in iúl don iarratasóir i scríbhinn gur géilleadh dá iarratas.

(b) Más rud é, ar iarratas a fháil faoi mhír (a), nach mbeidh an cigire nó an t-oifigeach eile sásta mar a dúradh, cuirfidh sé in iúl don iarratasóir trí fhógra i scríbhinn gur diúltaíodh dá iarratas.

(c) Laistigh de chúig lá dhéag tar éis dáta fógra faoi mhír (b), féadfaidh an t-iarratasóir, trí fhógra i scríbhinn, a iarraidh ar an gcigire nó ar an oifigeach eile a iarratas a tharchur chun na gCoimisinéirí Speisialta agus, i gcás aon iarratas a tharchuirfear amhlaidh, beidh éifeacht ag míreanna (a) agus (b) ionann agus dá gcuirfí tagairt do na Coimisinéirí Speisialta in ionad gach tagartha atá ansin don chigire nó don oifigeach eile.

(8) I gcás gan duine a mbeidh fógra achomhairc tugtha aige a theacht i láthair os comhair na gCoimisinéirí Speisialta san am agus san áit a bheidh ceaptha lena achomharc a éisteacht ann, ní bheidh éifeacht ag fo-alt (6) más rud é—

(a) go dtiocfaidh duine eile i láthair san am agus san áit sin thar ceann an achomharcóra agus go dtoileoidh na Coimisinéirí Speisialta éisteacht leis an duine sin, nó

(b) go n-iarchuirfidh na Coimisinéirí Speisialta an éisteacht ar iarratas chuige sin a bheith déanta chucu i scríbhinn nó ar shlí eile ag an am sin nó roimhe, nó

(c) ar iarratas i scríbhinn a bheith déanta chucu tar éis an ama sin, go n-ordóidh na Coimisinéirí Speisialta, ar iad a bheith sásta nár fhéad an t-iarratasóir, mar gheall ar asláithreacht, breoiteacht nó cúis réasúnach eile, teacht i láthair os a gcomhair san am agus san áit sin agus go ndearnadh an t-iarratas gan mhoill neamhréasúnach, go ndéileálfar leis an achomharc mar achomharc nach bhfuil am a éisteachta ceaptha go fóill.

(9)  (a) I gcás ina mbeifear tar éis caingean a thionscnamh chun cáin a ghnóthú muirearaíodh trí mheasúnacht is caingean i modh imeachtaí a thionscnamh in aon chúirt nó deimhniú a eisiúint faoi alt 485, ní bheidh feidhm, mura n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, ag fo-alt (7) ná ag fo-alt (8) maidir leis an measúnacht sin go dtí go mbeidh an chaingean sin críochnaithe.

(b) Más rud é, i gcás a bheidh faoi réim na míre sin roimhe seo, go ngéillfear d'iarratas faoi fho-alt (7) (a) nó, ar iarratas faoi fho-alt (8) (c), go n-ordóidh na Coimisinéirí Speisialta mar a fhoráiltear ansin, ní bheidh teideal ag an iarratasóir in aon chás go n-aisíocfar leis aon suim a d'íoc sé i leith costas aon imeachtaí cúirte den sórt a dúradh ná, de réir mar a bheidh, go n-aisíocfar leis aon táillí nó caiteachais a mhuirearaigh an cláraitheoir contae nó an sirriam a d'fhorghníomhaigh deimhniú faoi alt 485.

(10) Is i gcúirt iata a bheidh gach athéisteacht achomhairc ag an gCúirt Chuarda faoi alt 429 agus, más mar sin a theastóidh ón duine arb é a inmhuirireacht i leith cánach is ábhar don chás, is gcúirt iata a dhéanfar gach éisteacht ag an Ard-Chúirt nó ag an gCúirt Uachtarach ar chás a shonrófar faoi alt 428 nó 430.

(11) Beidh feidhm ag an alt seo, leis na modhnuithe is gá, i gcás achomharc i gcoinne measúnachtaí i leith forchánach.

Foráil maidir le hachomhairc.

[1927, a. 10 (1);

1963, Sc. 6, Cuid II; 1965, Sc. 3, Cuid I.]

417. —Aon uair a dhéanfar achomharc i gcoinne measúnachta, déanfaidh an t-achomharcóir san fhógra achomhairc forais an achomhairc a shonrú, ach ní choiscfidh an fo-alt seo na Coimisinéirí Speisialta ó cheadú don achomharcóir ar an achomharc a éisteacht aon fhoras achomhairc a phlé nach mbeidh sonraithe san fhógra achomhairc agus a measfaidh na Coimisinéirí Speisialta nach go toiliúil nó go míréasúnach a fágadh ar lár iad as an bhfógra sin.

Cumhacht na gCoimisinéirí Speisialta a ordú cáin a íoc i measúnachtaí a bheidh faoi achomharc.

[1965, a. 65.]

418. —(1) Más rud é, ar achomharc i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim a thabhairt os a gcomhair lena éisteacht, go ndéanfaidh na Coimisinéirí Speisialta—

(a) ar iarratas ó bhéal nó i scríbhinn ón achomharcóir, an éisteacht a iarchur, nó

(b) ar an éisteacht a bheith tosaithe acu, í a chur ar atráth,

féadfaidh siad a ordú go n-íocfar, d'ainneoin an éisteacht, an méid sin den cháin sa mheasúnacht is dóigh leo, ar fhoras an eolais a bheidh ar fáil, a bheidh iníoctha ar an achomharc a chinneadh no dá éis sin.

(2) Maidir le cás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (1) gan an t-achomharcóir a bheith i láthair, beidh éifeacht ag na forálacha nó dá éis sin.

(a) déanfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim fógra i scríbhinn i dtaobh an t-ordú a dhéanamh a thabhairt don achomharcóir;

(b) féadfaidh an t-achomharcóir, más éagóir leis an t-ordú, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis dáta an fhógra dá dtagraítear i mír (a) é, uiríolla i scríbhinn a chur faoi bhráid na gCoimisinéir Speisialta i dtaobh an ordaithe;

(c) féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta tar éis breithniú a dhéanamh ar aon uiríolla a chuirfear faoina mbráid de réir mhír (b), an t-ordú a dhaingniú nó ordú athbhreithnithe a dhéanamh, agus gabhfaidh aon ordú athbhreithnithe den sórt sin ionad an ordaithe chéadluaite.

(3) I gcás an t-achomharc a thabharfar os comhair na gCoimisinéirí Speisialta le héisteacht do bhaint le measúnacht i leith cánach ioncaim (dá ngairtear an mheasúnacht iomchuí anseo ina dhiaidh seo an fho-alt seo) is measúnacht amháin d'uimhir mheasúnachtaí (dá ngairtear na measúnachtaí comhshuimithe anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) a mbeidh an cháin inti luaite in aon suim amháin faoi alt 183 (1) tiocfar, chun críocha fho-alt (1), ar mhéid na cánach sa mheasúnacht iomchuí tríd an méid cánach, más ann, is iníoctha faoi alt 183 (3) a bhaint as an tsuim amháin sin; agus, i gcás ina ndéanfar achomharc chun na gCoimisinéirí Speisialta, i gcoinne dhá cheann nó níos mó de na measúnachtaí comhshuimithe, tiocfar sa tslí chéanna ar an méid iomlán cánach sna measúnachtaí sin agus beidh feidhm ag forálacha an ailt seo ionann is dá mba mhéid cánach i measúnacht aonair an méid iomlán sin.

(4) I gcás ina mbeidh sé ordaithe, maidir le haon mheasúnacht, méid cánach a íoc faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo—

(a) baileofar agus íocfar an méid sin agus béarfaidh sí ús ionann agus dá mbeadh an t-achomharc i gcoinne na measúnachta cinnte nuair a rinneadh an t-ordú agus gurbh é an méid cánach is inmhuirir de réir an chinnidh an méid cánach a shonraítear leis an ordú, agus

(b) ar an achomharc i gcoinne na measúnachta a chinneadh, déanfar aon iarmhéid cánach is inmhuirir de réir an chinnidh a íoc nó aon cháin a ró-íocadh a aisíoc, de réir mar is gá sa chás,

agus, i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (2), measfar chun críocha mhír (a), gur ar dháta an fhógra faoi fho-alt (2) (a) a rinneadh an t-ordú.

(5) Folaíonn gach tagairt san alt seo d'achomharcóir tagairt do dhuine ag gníomhú thar ceann an achomharcóra maidir leis an achomharc.

(6) Féadfaidh Coimisinéir Speisialta amháin aon chumhacht dá dtugtar do na Coimisinéirí Speisialta leis an alt seo a fheidhmiú.

Comhaontú maidir le méid cánach nach mbeidh faoi dhíospóid ar achomharc i gcoinne measúnachta.

[1964, a. 31.]

419. —(1) Más rud é, i gcás inar tugadh fógra achomhairc i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim nó forchánach, go ndéanfaidh an t-achomharcóir agus cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim comhaontú mar gheall ar an méid cánach a mhuirearaítear leis an measúnacht agus ar cheart é a íoc d'ainneoin an achomhairc, baileofar agus íocfar an méid sin agus beidh ús air ar gach slí ionann agus dá mba cháin í a muirearaíodh le measúnacht nach raibh achomharc ar bith ar feitheamh ina leith agus ar an achomharc a chinneadh beidh aon iarmhéid cánach is inmhuirir de réir an chinnidh iníoctha nó aisíocfar aon cháin a ró-íocadh, de réir mar is gá sa chás.

(2) An tagairt atá i bhfo-alt (1) do chomhaontú a dhéanamh le hachomharcóir folaíonn sí tagairt do chomhaontú a dhéanamh le duine a bheidh ag gníomhú thar ceann an achomharcóra maidir leis an achomharc.

Tuairiscí ar chásanna a sanraíodh a fhoilsiú.

[1949, a. 30 (2).]

420. —Má dhéanann an Ard-Chúirt nó an Chúirt Uachtarach cás a sonraíodh i dtaobh cánach ioncaim nó forchánach a éisteacht i gcúirt iata, de bhun alt 416 (10), ní thabharfaidh sin nach bhféadfar tuairisc ar imeachtaí, nó ar bhreithiúnais, na hArd-Chúirte nó na Cúirte Uachtaraí, a fhoilsiú sna dlí-thuairiscí a fhoilsíonn Comhairle Corpraithe na dTuairiscí Dlí d'Éirinn ná in aon dlí-thuairiscí aitheanta eile ná in aon tuairiscí a chlóbhuailfear le cead na Comhairle Corpraithe sin, ach ní nochtfar in aon tuairisc den sórt sin ainm an duine arb é a inmhuirearacht i leith cánach is ábhar don chás.

Nós imeachta ar achomhairc.

1918, a. 137 (2)— (5); 1965, Sc. 3, Cuid I.]

421. —(1) Féadfaidh an cigire láithriú ag gach achomharc agus beidh teideal aige—

(a) bheith i láthair am na héisteachta go léir agus nuair a chinnfear an t-achomharc; agus

(b) aon fhianaise dhleathach a thabhairt ar aird ag tacú leis an measúnacht; agus

(c) cúiseanna a thabhairt ag tacú leis an measúnacht.

(2) Ar aon achomharc ceadóidh na Coimisinéirí Speisialta d'aon abhcóide nó aturnae pléadáil os a gcomhair thar ceann an achomhareóra nó na n-oifigeach, viva voce nó i scríbhinn, agus tabharfaidh sé éisteacht d'aon chuntasóir, is duine lenar glacadh mar chomhalta de chumann corpraithe cuntasóirí.

(3) Más rud é, ar achomharc, gur dóigh leis na Coimisinéirí a d'éist an t-achomharc, nó más dóigh le tromlach de na Coimisinéirí sin, tríd an t-achomharcóir a scrúdú faoi mhionn nó le dearbhasc, nó trí aon fhianaise dhleathach eile, go ndearnadh an t-achomharcóir a ró-mhuirearú le haon mheasúnacht, déanfaidh na Coimisinéirí an mheasúnacht a laghdú dá réir sin, ach in aon chás eile seasfaidh an mheasúnacht.

(4) Más rud é, ar aon achomharc, gur dóigh leis na Coimisinéirí gur chóir an duine a measúnaíodh a mhuirearú méid de bhreis ar an méid a bheidh sa mheasúnacht, muirearóidh siad an bhreis air.

Cumhacht chun proiceachtanna a eisiúint.

[1918, a. 139;

1934, a. 6 (a);

1963, Sc. 6,

Cuid III.]

422. —(1) I gcás ina mbeidh fógra achomhairc tugtha i gcoinne measúnachta, féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta, aon uair is dóigh leo gur gá sin chun críocha an Achta seo, proiceacht a eisiúint chun an achomharcóra á ordú dó sceideal a sheachadadh dóibh, laistigh den teorainn ama a luafar sa phroiceacht, ina mbeidh cibé sonraí, mar eolas dóibh, a iarrfaidh siad faoi údarás an Achta seo maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) maoin an achomharcóra; nó

(b) an trádáil, an ghairm nó an fhostaíocht a bhíonn ar siúl nó á seoladh aige; nó

(c) méid a bhrabús nó a ghnóchan, agus na méideanna sonracha ó gach bunadh ar leithligh a idirdhealú; nó

(d) aon asbhaintí a rinneadh le linn a bhrabúis nó a ghnóchain a bheith á gcinneadh.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta tuilleadh proiceacht a eisiúint aon uair is dóigh leo is gá sin chun na gcríocha a dúradh, go dtí go mbeidh sonraí iomlána tugtha chun a sástacht.

(3) Féadfaidh Coimisinéir Speisialta amháin proiceacht a eisiúint.

(4) Duine ar bith a n-eiseofar proiceacht chuige seachadfaidh sé an sceideal a iarrfar laistigh den am a theorainneofar.

(5) Féadfaidh cigire ar bith, gach tráth réasúnach, sceideal ar bith a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh de nó sleachta a thógáil as.

Agóid i gcoinne sceideal ag cigire.

[1918, a. 141.]

423. —(1) Féadfaidh an cigire, laistigh d'am réasúnach a bheidh le lamháil ag na Coimisinéirí tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar aon sceideal, agóid a dhéanamh i gcoinne an sceidil nó aon choda de, agus sa chás sin inseoidh sé i scríbhinn cúis a agóide, a mhéid is fearr is feas nó is eol dó.

(2) I ngach cás den sórt sin tabharfaidh sé fógra i scríbhinn i dtaobh a agóide don duine is inmhuirir ionas go bhféadfaidh sé, más oiriúnach leis, agóid a dhéanamh ina choinne.

Beidh an fógra faoi chlúdach agus faoi shéala agus seolfar é chun an duine is inmhuirir.

(3) Ní dhéanfar aon mheasúnacht a dhaingniú ná a athrú go dtí go mbeifear tar éis aon achomharc i gcoinne na hagóide a éisteacht agus a chinneadh.

Measúnachtaí a dhaingniú agus a leasú.

[1918, a. 142.]

424. —Más rud é—

(a) go bhfeiceann na Coimisinéirí Speisialta cúis chun agóid cigire i gcoinne sceidil a neamhlamháil; nó

(b) ar achomharc a éisteacht, go mbeidh na Coimisinéirí Speisialta sásta le measúnacht, nó más rud é, tar éis sceideal a sheachadadh, go mbeidh siad sásta leis agus nach mbeidh aon colas faighte acu ar a neamhdhóthanacht,

daingneoidh siad nó athróidh siad an mheasúnacht de réir an sceidil, de réir mar is gá sa chás.

Ceisteanna maidir le measúnachtaí nó sceidil.

[1918, a. 143.]

425. —(1) Aon uair a bheidh na Coimisinéirí Speisialta míshásta le sceideal nó a theastóidh tuilleadh eolais uathu ina thaobh, féadfaidh siad, tráth ar bith agus ó am go ham, le proiceacht, aon cheisteanna a chur i scríbhinn maidir leis an sceideal, nó maidir le haon ní a bheidh ann nó ba cheart a bheith ann, nó maidir le haon asbhaintí a rinneadh le linn na brabúis nó na gnóchain a bheith á gcinneadh, agus maidir le sonraí an chéanna, agus féadfaidh siad a cheangal go dtabharfar freagraí fíora sonracha i scríbhinn, agus iad sínithe ag an duine is inmhuirir, laistigh de sheacht lá tar éis an proiceacht a sheirbheáil.

(2) Déanfaidh an duine is inmhuirir, laistigh den am a theorannaítear, aon cheisteanna den sórt sin a fhreagairt i scríbhinn faoina shíniú, nó tairgfidh sé é féin lena scrúdú ó bhéal os comhair na gCoimisinéirí, agus féadfaidh sé agóid a dhéanamh i gcoinne aon cheist áirithe nó diúltú aon cheist áirithe a fhreagairt, ach cuirfear síos i scríbhinn ina láthair substaint aon fhreagra a thabharfaidh sé ó bhéal agus léifear dó é, agus tar éis é bheith de cheart aige aon fhreagra den sórt sin a leasú féadfar a cheangal air an freagra a fhíorú faoi mhionn faoina gcuirfidh aon duine de na Coimisinéirí é agus cuirfidh an duine a rachaidh faoin mionn a lámh leis.

(3) I gcás aon chléireach, gníomhaire nó seirbhíseach leis an duine is inmhuirir dá thairiscint féin, thar ceann an duine sin, lena scrúdú ó bhéal os comhair na gCoimisinéirí, is ionann na forálacha a bheidh i bhfeidhm maidir lena scrúdú agus iad sin a bheidh i bhfeidhm i gcás an duine inmhuirir a thairgfidh é féin lena scrúdú ó bhéal.

Finnéithe a thoghairm agus a scrúdú.

[1918, a. 144.]

426. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta duine ar bith is dóigh leo a fhéadfaidh fianaise a thabhairt maidir le measúnacht a rinneadh ar dhuine eile a thoghairm chun láithriú os a gcomhair lena scrúdú, agus féadfaidh siad an duine sin a scrúdú faoi mhionn. Déanfar, áfach, cléireach, gníomhaire nó seirbhíseach le duine inmhuirir nó aon duine eile a bheidh i bhfostaíocht mhuiníne ag gabháil do chúrsaí duine inmhuirir a scrúdú sa tslí chéanna, agus faoi réir na sriantachtaí céanna, le duine inmhuirir a thairgfidh é féin lena scrúdú ó bhéal.

(2) Is é an mionn gurb é a bheidh san fhianaise a thabharfar, maidir leis an ní a bheidh i gceist, ag an duine a chuirfear faoi mhionn, an fhírinne, an fhírinne iomlán agus an fhírinne amháin, agus cuirfidh an duine a rachaidh faoin mionn a lámh leis.

(3) Duine ar bith a gheobhaidh toghairm go cuí agus dá éis sin—

(a) a fhailleoidh nó a dhiúltóidh láithriú os comhair na gCoimisinéirí san am agus san áit a bheidh ceaptha chuige sin; nó

(b) a láithreoidh, ach a dhiúltóidh dul faoi mhionn nó a lámh a chur leis an mionn; nó

(c) a dhiúltóidh freagra a thabhairt ar aon cheist dleathach a bhainfidh leis na nithe faoi bhreithniú,

forghéillfidh sé suim nach mó ná £20;

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bpionós a fhorchuirfear i leith aon chiona faoi mhír (b) nó (c) maidir le haon chléireach, gníomhaire, seirbhíseach nó duine eile mar a dúradh.

Dliteanas a chinneadh i gcásanna mainneachtana.

[1918, a. 145.]

427. —I gcás—

(a) ina mbeidh faillithe nó diúltaithe ag duine sceideal a sheachadadh de réir proiceachta ó na Coimisinéirí Speisialta; nó

(b) ina mbeidh toghairm tugtha d'aon chléireach, gníomhaire nó seirbhíseach le duine inmhuirir nó d'aon duine i bhfostaíocht mhuiníne faoi dhuine inmhuirir agus go mbeidh faillithe nó diúltaithe aige láithriú os comhair na gCoimisinéirí chun é a scrúdú; nó

(c) ina mbeidh diúltaithe ag an duine féin nó ag a chléireach, ag a ghníomhaire nó ag a sheirbhíseach nó ag duine eile mar a dúradh, aon cheist a chuir na Coimisinéirí air a fhreagairt; nó

(d) ina mbeidh agóid déanta i gcoinne sceidil, agus nach mbeidh achomharc déanta i gcoinne na hagóide; nó

(e) ina gcinnfidh na Coimisinéirí géilleadh d'aon agóid ón gcigire,

déanfaidh na Coimisinéirí an tsuim is cóir a mhuirearú ar an duine is inmhuirir a fhionnadh agus a shocrú, chomh hiomlán lena mbreithiúnas.

Cás a shonrú le haghaidh na hArd-Chúirte.

[1918, a. 149;

1924, a. 10 (4).]

428. —(1) Díreach tar éis na Coimisinéirí Speisialta do chinneadh achomhairc, féadfaidh an t-achomharcóir nó an cigire, má bhíonn sé míshásta leis an gcinneadh mar ní atá earráideach i bponc dlí, a mhíshástacht a dhearbhú do na Coimisinéirí a d'éist an t-achomharc.

(2) Laistigh de lá agus fiche tar éis an chinnidh, féadfaidh an t-achomharcóir nó an cigire, cibé acu é, tar éis a mhíshástacht a dhearbhú, a iarraidh ar na Coimisinéirí, trí fhógra i scríbhinn arna sheoladh go dtí Cléireach na gCoimisinéirí, cás a shonrú agus a shíniú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte air.

(3) Íocfaidh an páirtí a bheidh ag iarraidh an cháis táille fiche scilling le Cléireach na gCoimisinéirí le haghaidh agus i leith an chéanna sula mbeidh teideal aige go sonrófaí an cás.

(4) Leagfar amach sa chás na fíorais agus cinneadh na gCoimisinéirí, agus déanfaidh an páirtí a bheidh á iarraidh an cás a tharchur chun na hArd-Chúirte, ar é a bheith sonraithe agus sínithe, laistigh de sheacht lá tar éis é a fháil.

(5) An tráth nó roimh an tráth a tharchuirfidh sé an cás chun na hArd-Chúirte, déanfaidh an páirtí a bheidh á iarraidh fógra i scríbhinn á rá go ndearnadh an cás a shonrú ina iarratas a chur, mar aon le cóip den chás, go dtí an páirtí eile.

(6) Éistfidh agus cinnfidh an Ard-Chúirt aon cheist nó ceisteanna dlí a éireoidh sa chás, agus déanfaidh sí an cinneadh ar ina leith a sonraíodh an cás a fhreaschur, a dhaingniú nó a leasú, nó tarchuirfidh sí an t-ábhar chun na gCoimisinéirí i dteannta tuairim na Cúirte air, nó féadfaidh sí cibé ordú eile maidir leis an ábhar a dhéanamh, agus féadfaidh sí cibé ordú maidir le costais a dhéanamh is cuí leis an gCúirt.

(7) Féadfaidh an Ard-Chúirt an cás a chur ar ais lena leasú, agus air sin leasófar an cás dá réir sin agus tabharfar breithiúnas tar éis é a bheith leasaithe.

(8) Féadfar achomharc a dhéanamh ó bhreith as hArd-Chúirte chun na Cúirte Uachtaraí.

(9) D'ainneoin gur iarradh go sonrófaí cás nó go bhfuil cás ar feitheamh, íocfar cáin de réir chinneadh na gCoimisinéirí Speisialta nó na Cúirte Cuarda de réir mar a bheidh:

Ar choinníoll, má athraítear méid na measúnachta le hordú nó breithiúnas na Cúirte Uachtaraí nó na hArd-Chúirte, ansin—

(a) má íocadh an iomarca cánach, go n-aisíocfar an méid a ró-íocadh mar aon le cibé ús, más aon ús é, a lamhálfaidh an Chúirt; nó

(b) murar íocadh go leor cánach, go measfar gur riaráiste cánach (ach amháin a mhéid a thabhófar aon phionós mar gheall ar riaráiste) an méid a bheidh gan íoc, agus go ndéanfar é a íoc agus a ghnóthú dá réir sin.

Achomharc chun na Cúirte Cuarda.

[1918, a. 106; 1961, Uimh. 39 a. 22 (3) (a); 1963, a. 24 (2); 1963, Sc. 6, Cuid II.]

429. —(1) Duine ar bith arb éagóir leis cinneadh na gCoimisinéirí Speisialta in aon achomharc i gcoinne measúnachta a rinneadh air féadfaidh sé, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire agus laistigh de dheich lá tar éis an chinnidh sin, a éileamh go ndéanfar a achomharc a athéisteacht ag an mbreitheamh den Chúirt Chuarda ar ina Chuaird atá, i gcás—

(a) duine nach sa Stát atá cónaí air,

(b) eastát duine éagtha,

(c) duine éagumasaithe,

(d) iontaobhais,

an áit ina ndearnadh an mheasúnacht, agus, in aon chás eile, an áit ar chuici a seoladh an fógra measúnachta, agus déanfaidh na Coimisinéirí Speisialta aon ráiteas nó sceideal ina seilbh a tugadh dóibh chun críocha an achomhairc a tharchur chun an bhreithimh sin.

(2) Déanfaidh an breitheamh sin, a luaithe is caothúil, an t-achomharc a athéisteacht agus a chinneadh, agus beidh aige agus feidhmeoidh sé na cumhachtaí agus na húdaráis chéanna maidir leis an measúnacht a ndearnadh achomharc ina coinne, maidir leis an gcinneadh, agus maidir le gach ábhar dá dhroim sin, a fhéadfadh a bheith ag na Coimisinéirí Speisialta agus a d'fhéadfaidís a fheidhmiú agus, faoi réir alt 430, is cinneadh críochnaitheach dochloíte a bheidh ina chinneadh air.

(3) Déanfaidh an breitheamh dearbhú i bhfoirm an dearbhaithe is gá do Choimisinéir Speisialta a dhéanamh mar atá leagtha amach i Sceideal 17, Cuid 1.

Leathnú ar alt 428.

[1924, a. 10; 1926, Uimh. 27 , a. 35-38; 1961, Uimh. 39 , a. 22 (3) (a); 1963, Sc. 6, Cuid II.]

430. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh feidhm ag alt 428 maidir le cinneadh a dhéanfaidh breitheamh de bhun alt 429 sa tslí chéanna ina bhfuil feidhm aige maidir le cinneadh ag na Coimisinéirí Speisialta.

(2) I ngach cás ina n-éileoidh aon duine faoi údarás an ailt seo ar bhreitheamh cás a shonrú agus a shíniú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte, seolfaidh an duine sin go dtí an cláraitheoir contae an fógra i scríbhinn is gá faoi alt 428 (2) a sheoladh go dtí Cléireach na gCoimisinéirí.

(3) An táille is gá faoi alt 428 (3) a íoc le Cléireach na gCoimisinéirí íocfar leis an gcláraitheoir contae í in aon chás mar a dúradh.

Cinneadh na gCoimisinéirí Speisialta a chur in iúl.

[1932, a. 9.]

431. —(1) I gcás ina mbeidh aird tugtha ag na Coimisinéirí Speisialta ar achomharc i gcoinne measúnachta d'aon bhliain mheasúnachta agus, tar éis argóint ar an achomharc a éisteacht, go mbeidh siad tar éis a gcinneadh a chur ar athló d'fhonn an argóint a bhreithniú nó d'fhonn caoi a thabhairt don achomharcóir tuilleadh fianaise nó argóna a chur isteach i scríbhinn, féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta, mura dóigh leo gur gá éisteacht eile, a chur faoi deara a gcinneadh a chur leis an bpost go dtí na páirtithe san achomharc.

(2) I gcás ina gcuirfear cinneadh ar achomharc ag na Coimisinéirí Speisialta chun na bpáirtithe leis an bpost faoin alt seo, féadfar dearbhú míshástachta faoi alt 428 (1) nó fógra ag iarraidh athéisteachta faoi alt 429 (1) a dhéanamh nó a thabhairt i scríbhinn laistigh de dhá lá dhéag tar éis an lae a chuirfear an cinneadh amhlaidh go dtí an duine a dhéanfaidh an dearbhú nó a thabharfaidh an fógra.

Éilimh, etc., a dhéanamh, agus achomhairc agus athéisteachtaí.

[1965, a. 4 (I)-(4).]

432. —(1) D'ainneoin aon fhoráil eile san Acht seo, déanfar—

(a) gach éileamh ar dhíolúine nó ar aon liúntas nó asbhaint faoin Acht seo,

(b) gach éileamh ar aisíoc cánach faoin Acht seo,

(c)  (i) gach éileamh ar fhaoiseamh faoin Acht seo i gcás ina bhfuil an faoiseamh tomhaiste san fhoráil ar faoi a thugtar é, agus

(ii) gach ábhar agus ceist a bhaineann le haon fhaoiseamh atá tomhaiste amhlaidh,

agus nach bhfuil foráil shonrach déanta ina leith, ar shlí seachas leis an alt seo, maidir le ceart achomhairc ó chinneadh de chuid na gCoimisinéirí Speisialta,

a shonrú i cibé slí agus foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim agus a chur go dtí, agus a chinneadh, ag na Coimisinéirí Ioncaim nó cibé oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim (lena n-áirítear cigire) a údaróidh siad chuige sin, ach duine ar bith arb éagóir leis aon chinneadh ar aon éileamh, ábhar nó ceist den sórt sin féadfaidh sé, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim nó don oifigeach laistigh de lá agus fiche tar éis an cinneadh a chur in iúl don duine éagóraithe, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta.

(2) Éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (1) ionann agus dá mba achomharc é i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm dá réir sin, le haon mhodhnuithe is gá, ag forálacha an Achta seo a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí.

(3) I gcás—

(a) ina dtugtar ceart achomhairc chun na gCoimisinéirí Speisialta le haon fhoráil (seachas alt 203 nó mír (2) de Sceideal 16) den Acht seo, agus

(b) nach ndéanann an fhoráil sin, cé go gcuireann sí chun feidhme na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomhairc i gcoinne measúnachtaí, na forálacha de a bhaineann le hathéisteacht achomharc a chur chun feidhme,

measfar go gcuireann an fhoráil sin chun feidhme na forálacha sin a bhaineann le hathéisteacht achomharc.

(4) I gcás—

(a) nach dtabharfar fógra achomhairc laistigh den am a theorainnítear le fo-alt (1), nó

(b) nach dtiocfaidh duine a mbeidh fógra achomhairc tugtha aige os comhair na gCoimisinéirí Speisialta san am agus san áit a bheidh ceaptha chun a achomharc a éisteacht,

beidh feidhm, le haon mhodhnuithe is gá, ag forálacha alt 416 (5), (7), (8) agus (9).