An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Brabúis Mhianach Áirithe) Ar Aghaidh (Caibidil IV Brabúis ó Earraí Áirithe a Onnmhairiú)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil III

Brabúis ó Oibríochtaí Gualmhianadóireachta

Mínithe.

[1956, F.I., Cuid II, a. 4.]

393. —Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “oibríochtaí gualmhianadóireachta” oibríochtaí gualmhianadóireachta (trí thochailt faoi thalamh nó trí thochailt in uachtar talún) sa Stát, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, ach sin sa mhéid go dtáirgfear nó gur táirgeadh gual dá dtoradh agus sa mhéid sin amháin;

ciallaíonn “oibríochtaí gualmhianadóireachta láithreacha” oibríochtaí gualmhianadóireachta ar táirgeadh gual dá dtoradh tráth ar bith sa tréimhse bhliana dar chríoch an 30ú lé de Mheán Fómhair, 1956;

ciallaíonn “táirgeadh” táirgeadh i gcainníochtaí réasúnacha tráchtála d'fhonn brabúis a dhéanamh.

Srian ginearálta le faoiseamh.

[1956, F.I., a. 5.]

394. —Ní thabharfar faoiseamh faoin gCaibidil seo ach amháin i leith ioncaim nó brabús cuideachta, a corpraíodh sa Stát agus a chónaíonn ann chun críocha cánach ioncaim, ó oibríochtaí gualmhianadóireachta láithreacha.

Faoiseamhoibríochtaí gualmhianadóireachta láithreacha.

[1956, F.I., a. 8.]

395. —(1) Laghdófar 50 faoin gcéad in aghaidh gach bliana measúnachta iomchuí, cáin ioncaim is iníoctha i leith ioncaim, arna ríomh de réir an Achta seo, ó oibríochtaí gualmhianadóireachta láithreacha, a mhéid is inchurtha an t-ioncam sin i leith an barrachais chánach ioncaim.

(2) Nuair a bheidh méid na mbrabús ó oibríochtaí gualmhianadóireachta láithreacha á ríomh lena mheasúnú i leith cánach ioncaim, measfar gur íocadh aon cháin bhrabús corparáide nach iníoctha de bhua alt 8 (2) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha) 1956.

(3)  (a) San alt seo—

ciallaíonn “bonn-tréimhse” an tréimhse ar ar a brabúis nó a gnóchain a dhéantar cáin ioncaim i leith na n-oibríochtaí gualmhianadóireachta láithreacha a ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D don bhliain mheasúnachta iomchuí;

ciallaíonn “barrachas cánach ioncaim” barrachas na táirgeachta guail ó na hoibríochtaí gualmhianadóireachta láithreacha sa bhonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta iomchuí thar an táirgeacht chaighdeánach ghuail;

ciallaíonn “bliain mheasúnachta iomchuí” gach ceann de na deich mbliana measúnachta comhleanúnacha arb í an chéad bhliain díobh cibé bliain de na trí blian measúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, an 6ú lá d'Aibreán, 1958, agus an 6ú lá d'Aibreán, 1959, faoi seach, a roghnóidh an chuideachta a bheidh i gceist nó, mura roghnóidh, an bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, faoi réir an choinníll, in aon chás inarb ionann an táirgeacht chaighdeánach ghuail agus an táirgeacht ghuail sa dá mhí dhéag dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nach bliain mheasúnachta iomchuí an bhliain mheasúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, más rud é gur ar lá roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1955, a thosaigh an bhonntréimhse maidir léi;

ciallaíonn “an táirgeacht chaighdeánach ghuail” an táirgeacht ghuail ó na hoibríochtaí gualmhianadóireachta láithreacha sa dá mhí dhéag dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó, más é is rogha leis an gcuideachta a bheidh i gceist, sa dá mhí dhéag dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1955.

(b) I gcás inar gá, chun an barrachas cánach ioncaim nó an barrachas cánach brabús corparáide a dhéanamh amach, comparáid a dhéanamh idir an táirgeacht chaighdeánach ghuail agus an táirgeacht ghuail i dtréimhse is giorra ná dhá mhí dhéag, measfar, chun críche na comparáide, gurb ionann an táirgeacht chaighdeánach ghuail agus an chuid sin di a bhfuil idir í agus an t-iomlán an chomhréir chéanna atá idir an tréimhse sin agus dhá mhí dhéag.

Díbhinní.

[1956, F.I., a. 9.]

1956, Uimh. 47 .

1960, Uimh. 19 .

396. —(1) Má bhíonn teideal faoi alt 456 ag cuideachta cáin ioncaim a bhaint as aon díbhinn, ní dhéanfar, in aon chás, cáin a bhaint aisti de réir ráta is mó ná ráta na cánach ioncaim arna laghdú aon fhaoiseamh ón gcáin sin a thugtar faoin gCaibidil seo nó faoi alt 7 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, nó faoi alt 32 den Acht Airgeadais, 1960 , agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha alt 457, le haon mhodhnuithe is gá.

(2) An ráta cánach ioncaim ar dá réir a bheidh aon aisíoc cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta le déanamh beidh sé faoi réir cibé coigeartuithe is cuí i gcásanna ina dtugtar faoiseamh faoi réim nó de bhua na Caibidle seo nó alt 7 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, nó faoi alt 32 den Acht Airgeadais, 1960 .

(3) Ní dheonófar aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim faoin gCaibidil seo i leith aon ioncaim a bhfuil teideal ag cuideachta ar shlí seachas faoi alt 456 an cháin ioncaim ina leith a mhuirearú ar aon duine eile nó a bhaint, a choimeád siar nó a ghlanadh as aon íocaíocht le haon duine eile.

(4) I gcás ina ndéanfar, de bhua fho-alt (1), cáin ioncaim a asbhaint as díbhinn de réir ráta laghdaithe, is é méid a bheidh le cur i leith na díbhinne in aon tuairisceán chun críocha forchánach méid a mbeidh idir é agus méid na díbhinne an chomhréir chéanna atá idir ráta na cánach ioncaim a baineadh aisti agus an ráta a údarófaí a bhaint aisti dá mba nár hachtaíodh an t-alt seo.

Achomhairc.

[1956, F.I., a. 2.]

397. —Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta ar aon cheist a éireoidh faoin gCaibidil seo sa tslí chéanna ina bhféadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomhairc.