An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XXV Brabúis ó Thrádáil in Aerfort na Sionna) Ar Aghaidh (Caibidil III Brabúis ó Oibríochtaí Gualmhianadóireachta)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil II

Brabúis Mhianach Áirithe

Léiriú.

[1956, (Mianaigh), a. 1.]

382. —(1) Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “oibríochtaí mianadóireachta” oibríochtaí mianadóireachta (trí thochailt faoi thalamh nó trí thochailt in uachtar talún) laistigh den Stát, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, sa mhéid go bhfuarthas nó go bhfaightear mianraí sceidealta dá dtoradh agus sa mhéid sin amháin; ciallaíonn “nua-oibríochtaí mianadóireachta” oibríochtaí mianadóireachta—

(a) nár tharla, tráth ar bith sa tréimhse bliana dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán, 1956, gur táirgeadh mianraí sceidealta dá dtoradh, agus

(b) arb í tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, ag féachaint do na himthosca uile (ar a bhféadfar cineál agus méid na n-oibríochtaí agus an áit a bhfuiltear ag gabháil dóibh a áireamh), gurb oibríochtaí sainiúla ar leithligh iad, go substaintiúil, ó aon oibríochtaí mianadóireachta eile, agus nach é amháin gur leathnú ar na hoibríochtaí sin iad;

ciallaíonn “táirgeadh” táirgeadh i gcainníochtaí réasúnacha tráchtála d'fhonn brabúis a dhéanamh;

ciallaíonn “mianach cáilitheach” mianach sa mhéid go bhfuiltear ag seoladh nua-oibríochtaí mianadóireachta ann agus sa mhéid sin amháin;

ciallaíonn “mianraí sceidealta” mianraí a shonraítear i Sceideal 13 agus a fhaightear i bhfoslaigh neamhshreathnaithe de na mianraí sin.

(2) Maidir le haon tuairim ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (1), beidh ábhar achomhairc ann chun na gCoimisinéirí Speisialta amhail mar a bheadh ábhar achomhairc ann i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomhairc.

(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le hordú, mianraí a fhaightear i bhfoslaigh neamhshreathnaithe de na mianraí sin a chur le Sceideal 13.

(4) Gach ordú a dhéanfar faoi fho-alt (3) leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá agus fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin.

Feidhm na Caibidle seo.

[1956, (Mianaigh), a. 2; 1959, a. 79; 1965, a. 63.]

383. —Baineann an Chaibidil seo leis na brabúis (dá ngairtear na brabúis anseo feasta sa Chaibidil seo) de chuid cuideachta (dá ngairtear an chuideachta anseo feasta sa Chaibidil seo), a corpraíodh sa Stát agus a chónaíonn ann chun críocha cánach ioncaim, ó mhianach cháilitheach (dá ngairtear an mianach feasta sa Chaibidil seo) a oibriú a dtosóidh an chuideachta ar thrádáil maidir leis lá (dá ngairtear an lá tosaithe feasta sa Chaibidil seo) laistigh den tréimhse fiche bliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1956.

Brabúis a ríomh.

[1956, (Mianaigh), a. 3.]

1956. Uimh. 8.

384. —Nuair a bheifear ag ríomh méid na mbrabús le haghaidh measúnachta i leith cánach ioncaim, áireofar oibriú an mhianaigh mar thrádáil ar leithligh a bunaíodh nó a tosaíodh ar an lá tosaithe, agus measfar gur íocadh aon cháin bhrabús corparáide nach iníoctha de bhua alt 6 den Acht Airgeadais (Brabúis Mhionach Áirithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956.

Glancháin ioncaim a ríomh.

[1956, (Mianaigh), a. 4.]

385. —(1) Faoi réir fho-alt (2), forléireofar tagairt san Acht seo don ghlancháin ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta mar thagairt don cháin ioncaim is inmhuirir ar an gcuideachta don bhliain sin faoi Sceideal D, tar éis gach liúntas, asbhaint nó fritháireamh a bheidh dlite a bheith tugtha, i leith na mbrabús a ríomhadh le haghaidh measúnachta, an cháin ioncaim sin arna laghdú méid na cánach ioncaim, arna ríomh de réir an ráta chaighdeánaigh chánach, ar mhéid aon íocaíochta is iníoctha ag an gcuideachta as na brabúis a bhfuil teideal ag an gcuideachta, ar shlí seachas faoi alt 456, é a mhuirearú ar aon duine eile nó é a asbhaint nó a choinneáil nó a ghlanadh as íocaíocht ar bith le haon duine eile.

(2) I gcás asbhaint a lamháil, nuair a dhéanfar amach méid na mbrabús a ríomhfar le haghaidh measúnachta i leith cánach ioncaim faoi Sceideal D, maidir le luach bliantúil aon tailte, tionóntán nó oidhreachtán a measúnaíodh faoi Sceideal A, ansin, chun an ghlancháin ioncaim a dhéanamh amach, cuirfear leis an gcáin ioncaim is inmhuirir ar mhéid na mbrabús faoi Sceideal D an méid atá ag an gcáin ioncaim sa mheasúnú (arna laghdú chun críocha bailiúcháin, má laghdaítear) i leith na dtailte, na dtionóntán nó na n-oidhreachtán sin faoi Sceideal A don bhliain mheasúnachta de bhreis ar cháin ioncaim arna ríomh de réir an ráta chaighdeánaigh chánach ar aon chíos nó íocaíocht bhliantúil atá iníoctha ar na tailte, na tionóntáin nó na hoidhreachtáin sin.

Faoiseamh ó cháin.

[1956, (Mianaigh), a. 5.]

386. —(1) Ní iníoctha an ghlancháin ioncaim don bhliain mheasúnachta ina mbeidh an lá tosaithe (dá ngairtear an chéad bhliain feasta sa Chaibidil seo).

(2) Ní iníoctha an ghlan-cháin ioncaim d'aon cheann de na trí bliana measúnachta (a ngairtear an ceathrú bliain feasta sa Chaibidil seo den bhliain deiridh díobh) díreach i ndiaidh na céad bhliana.

(3)  (a) Ní iníoctha an ghlancháin ioncaim don bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an cúigiú bliain feasta sa Chaibidil seo) díreach i ndiaidh na ceathrú bliana, sa mhéid go ngabhann sí thar an suim iomchuí.

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “an tsuim iomchuí” leath na suime a bhfuil idir í agus an ghlancháin ioncaim don chúigiú bliain an chomhréir chéanna atá idir an méid lá sa tréimhse dar tosach an lá tosaithe agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán sa chéad bhliain agus an méid iomlán lá sa chéad bhliain.

(4)  (a) Beidh an coinníoll seo a leanas ag gabháil le fo-alt (3), is é sin, i gcás an chuideachta buanscor, an cúigiú bliain, d'oibriú an mhianaigh a bheith á sheoladh aici mar thrádáil, ansin—

(i) más ar nó roimh an lá deiridh den tréimhse ocht mí is daichead dar tosach an lá tosaithe a tharlóidh an scor, ní iníoctha an ghlancháin ioncaim don chúigiú bliain, agus

(ii) más tar éis deireadh na tréimhse sin a tharlóidh an scor, ní iníoctha an méid den ghlancháin ioncaim don chúigiú bliain a ghabhann thar an tsúim iomchuí.

(b) I mír (a) (ii) den fho-alt seo ciallaíonn “an tsuim iomchuí” leath na suime a bhfuil idir i agus an ghlancháin, ioncaim don chúigiú bliain an chomhréir chéanna atá idir an méid lá, sa tréimhse dar tosach an lá díreach i ndiaidh an lae dheiridh den tréimhse ocht mí is daichead dar tosach an lá tosaithe agus dar críoch an lá scoir, agus an méid lá sa tréimhse dar tosach an chéad lá den chúigiú bliain agus dar críoch lá an scoir.

(5) Ní iníoctha leath na glanchánach ioncaim d'aon cheann de na trí bliana measúnachta (a ngairtear an t-ochtú bliain feasta sa Chaibidil seo den bhliain dheiridh díobh) díreach i ndiaidh an cúigiú bliain.

(6)  (a) Ní iníoctha an méid den ghláncháin ioncaim, don bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an naoú bliain anseo feasta sa Chaibidil seo) díreach i ndiaidh an ochtú bliain, is comhionann leis an tsuim iomchuí.

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “an tsuim iomchuí” leath na suime a bhfuil idir í agus an ghlancháin iomcaim don naoú bliain an chomhréir chéanna atá idir an méid lá sa tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán an chéad bhliain agus dar críoch an lá díreach roimh an lá tosaithe agus an méid iomlán lá sa chéad bhliain.

(7)  (a) Beidh an coinníoll seo a leanas ag gabháil le fo-alt (6), is é sin, i gcás an chuideachta buan scor an naoú bliain d'oibriú an mhianaigh a bheith á sheoladh aici mar thrádáil, ansin—

(i) más ar nó roimh an lá deiridh den tréimhse sé mhí is nóchad dar tosach an lá tosaithe a tharlóidh an scor, ní iníoctha leath na glanchánach ioncaim don naoú bliain, agus

(ii) más tar éis deireadh na tréimhse sin a tharlóidh an scor, ní hiníoctha an méid den ghlancháin ioncaim scor, ní iníoctha an méid den ghlancháin ioncaim iomchuí.

(b) I mír (a) (ii) den fho-alt seo ciallaíonn “an tsuim iomchuí” leath na suime a bhfuil idir í agus an ghlancháin ioncaim don naoú bliain an chomhréir chéanna atá idir an méid lá sa tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán an naoú bliain agus dar críoch an lá deiridh den tréimhse sé mhí nóchad dar tosach an lá tosaithe agus an méid lá sa tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán an naoú bliain agus dar críoch dáta an scoir.

(8) D'ainneoin aon ní sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, beidh an cháin ioncaim iomlán le n-íoc ar an méid de na brabúis is comhionann le hiomlán aon íocaíocht, den tsórt dá dtagraítear in alt 385, a íocfaidh an chuideachta as na brabúis.

Díbhmní.

[1956, (Mianaigh), a. 7.]

387. —(1) (a) Chun críocha an ailt seo, bainfidh alt 458 leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfaidh an ráiteas is gá do réir an ailt sin, maidir le gach barántas, seic nó ordú a tharraingeoidh nó a dhéanfaidh an chuideachta chun aon díbhinn a íoc is iníoctha go hiomlán nó go páirteach as na brabúis, i dteannta aon tsonraí is gá a thabhairt ar leithigh ón alt seo, cibé ní acu seo a leanas is gá sa chás—

(i) gurb íocaíocht díbhinne de na brabúis iomlán na suime dá mbeidh an barántas, an seic nó an t-ordú tarraingte nó déanta, nó

(ii) gurb íocaíocht as na brabúis cuid den tsuim sin (a luaitear ar leithligh a méid comhlán roimh aon asbhaint a dhéanamh i leith cánach ioncaim),

agus gairtear an íocaíocht iomchuí anseo feasta san alt seo den iomlán sin nó den chuid sin.

(b) Taispeánfaidh an ráiteas sin freisin an tréimhse (dá ngairtear an tréimhse dhíbhinne anseo feasta san alt seo) ar as an mbrabús ina leith a dhéantar an íocaíocht iomchuí agus—

(i) más rud é, maidir leis an íocaíocht iomchuí, nach bhfuil an chuideachta, de réir fho-alt (2) (a), i dteideal cáin ioncaim a asbhaint, inseofar an fíoras sin ar leithligh sa ráiteas sin,

(ii) más rud é, maidir le cuid den íocaíocht iomchuí, nach bhfuil an chuideachta, de réir fho-alt (2) (b), i dteideal cáin ioncaim a asbhaint, inseofar an chuid sin ar leithligh sa ráiteas sin,

(iii) más rud é, maidir leis an íocaíocht iomchuí, go ndéanfar, de réir fho-alt (2) (b), an méid den cháin ioncaim a d'fhéadfadh an chuideachta a asbhaint ar shlí eile a laghdú leath an mhéid sin, inseofar an fíoras sin ar leithligh sa ráiteas, sin, agus

(iv) más rud é, maidir le cuid den íocaíocht iomchuí, go ndéanfar, de réir fho-alt (2) (b), an méid den cháin ioncaim a d'fhéadfadh an chuideachta a asbhaint ar shlí eile, a laghdú leath an mhéid sin, inseofar an chuid sin ar leithligh sa ráiteas sin.

(2)  (a) Más as na brabúis a íocfar díbhinn go hiomlán nó go páirteach agus, maidir leis an díbhinn sin, gur laistigh de thréimhse (dá ngairtear an chéad téarma anseo feasta sa Chaibidil seo) ocht mí is daichead dar tosach an lá tosaithe a bheidh iomlán na tréimhse díbhinne, beidh an chuideachta i dteideal cáin ioncaim a asbhaint, de réir alt 456 den chuid sin, más aon chuid é, den díbhinn a ghabhann thar an íocaíocht iomchuí, ach ní bheidh an chuideachta i dteideal cáin ioncaim a asbhaint as an íocaíocht iomchuí.

(b) I ngach cás eile ina n-íocfar díbhinn go hiomlán nó go páirteach as na brabúis, beidh an chuideachta i dteideal cáin ioncaim a asbhaint as an díbhinn de réir alt 456 ar choinníoll, áfach,—

(i) más laistigh de thréimhse (dá ngairtear an dara téarma anseo feasta sa Chaibidil seo) ocht mí is daichead dar tosach an lá díreach i ndiaidh lá dheireadh an chéad téarma a bheidh iomlán na tréimhse díbhinne, go ndéanfar an méid den cháin ioncaim a d'fhéadfadh an chuideachta a asbhaint ar shlí eile as an íocaíocht iomchuí faoi alt 456, a laghdú leath an mhéid sin, agus

(ii) mura laistigh den dara téarma a bheidh iomlán na tréimhse díbhinne—

(I) go ndéanfar an méid den cháin ioncaim a d'fhéadfadh an chuideachta a asbhaint ar shlí eile, faoi alt 456, as aon chuid den íocaíocht iomchuí is inchurtha i leith aon choda den tréimhse dhíbhinne a bheidh laistigh den dara téarma a laghdú leath an mhéid sin, agus

(II) nach mbeidh an chuideachta i dteideal cáin ioncaim a asbhaint as aon chuid den íocaíocht iomchuí is inchurtha i leith aon choda den tréimhse dhíbhinne a bheidh laistigh den chéad téarma.

(3)   (a) Más as brabúis tréimhse díbhinne a mbeidh a hiomlán laistigh den chéad téarma, a íocfar iomlán na híocaíochta iomchuí, ní áireofar í i ráiteas ioncaim iomláin chun críche aon fhaoisimh nó aisíoca faoin Acht seo ná chun críche forchánach.

(b) Má bhíonn cuid den íocaíocht iomchuí inchurtha i leith coda de thréimhse díbhinne a bheidh laistigh den chéad téarma, ní áireofar an chuid sin den íocaíocht iomchuí i ráiteas ioncaim iomláin chun na gcríocha a dúradh.

(c) Más rud é—

(i) gur as brabúis tréimhse díbhinne a mbeidh a hiomlán laistigh den dara téarma a íocfar iomlán na híocaíochta iomchuí, nó

(ii) go mbeidh cuid den íocaíocht iomchuí inchurtha i leith coda de thréimhse dhíbhinne a bheidh laistigh den dara téarma,

ansin, d'ainneoin aon ní san Acht seo—

(I) ní dhéanfar aon fhaoiseamh ná aisíoc i leith na cánach ioncaim a d'fhéadfadh an chuideachta, de réir fho-alt (2) (b) a asbhaint as an íocaíocht iomchuí nó, de réir mar a bheidh, as an gcuid den íocaíocht iomchuí, a lamháil de réir ráta is mó ná an ráta ar dá réir a bheidh an chuideachta, ag féachaint d'fho-alt (2) (b), i dteideal cáin ioncaim a asbhaint as an íocaíocht iomchuí nó de réir mar a bheidh, as an gcuid den íocaíocht iomchuí, agus

(II) ní áireofar ach leath na híocaíochta iomchuí nó, de réir mar a bheidh, na coda den íocaíocht iomchuí, in aon ráiteas ioncaim iomláin chun críche forchánach.

Aisíoc.

[1956, (Mianaigh), a. 8.]

388. —Aon fhaoiseamh i bhfoirm aisíoca i leith cánach ioncaim a bheidh i measúnacht faoi Sceideal D nó faoi Sceideal A, agus is measúnacht den sórt dá dtagraítear in alt 385, tabharfar é de réir ráta a dhéanfar amach tríd an méid is iníoctha, ag féachaint don Chaibidil seo, den ghlancháin ioncaim don bhliain mheasúnachta a roinnt ar mhéid a thabharfaidh, ar é a mhuirearú de réir an ráta chaighdeánaigh chánach don bhliain sin, suim ar cóimhéid leis an nglancháin ioncaim don bhliain sin.

Srian ginearálta.

[1956, (Mianaigh), a. 9 (1).]

389. —Ní bheidh éifeacht ag an gCaibidil seo chun críocha cánach ioncaim maidir le haon bhliain mheasúnachta a thosóidh tar éis deireadh an naoú bliain, ach ní chuirfidh an fhoráil seo cosc le halt 387 do bhaint le díbhinn a íocfar tar éis deireadh an naoú bliain i gcás iomlán na díbhinne, nó cuid di, a íoc as brabúis thréimhse a mbeidh a hiomlán, nó cuid di, laistigh den chéad téarma nó den dara téarma.

Eolas a thabhairt.

[1956, (Mianaigh), a. 10; 1963, Sc. 6, Cuid III.]

390. —Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar an gcuideachta cibé cuntais agus sonraí eile is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim a bheith riachtanach chun críocha na Caibidle seo a thabhairt dóibh laistigh de cibé tréimhse a ordóidh siad.

Feidhm alt 387 maidir le díbhinní áirithe.

[1956, (Mianaigh), a. 11; 1960, a. 40.]

391. —(1) San alt seo ciallaíonn “cuideachta” cuideachta atá tar éis faoiseamh a fháil faoi alt 11 den Acht Airgeadais (Brabúis Mhianach Áirithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956 , i leith brabús ó mhianach láithreach (mar a mhínítear sin san alt sin 11) a oibriú.

(2) D'ainneoin gan éifeacht a bheith feasta le fo-alt (2) den alt sin 11, beidh feidhm ag alt 387 maidir le díbhinn a íocfaidh an chuideachta tar éis tosach feidhme an Achta seo i gcás ina n-íocfar an díbhinn as brabúis a ndearnadh an glancháin ioncaim orthu a laghdú de bhua an ailt sin 11.

(3) D'fhonn feidhm a thabhairt d'alt 387 i gcás aon díbhinne den sórt sin measfar gurb é an lá tosaithe an lá a thosaigh an chuideachta ag gabháil d'oibriú an mhianaigh láithrigh a sheoladh mar thrádáil nó an 6ú lá d'Aibreáin, 1954 (cibé lá acu is déanaí).

(4)  (a) Dúnfar amach ó fheidhm alt 387 aon díbhinn a d'íoc an chuideachta as brabúis an mhianaigh láithrigh agus ar tréimhse roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1956, an tréimhse dhíbhinne ina leith agus, i gcás aon díbhinne den sórt sin arb é an tréimhse dhíbhinne ina leith tréimhse ar tháinig cuid di roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1956, agus cuid tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1956, dúnfar amach ó fheidhm an ailt sin an chuid den díbhinn is inchurtha i leith na coda den tréimhse dhíbhinne roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1956, ach ní dhéanann na forálacha sin roimhe seo den mhír seo dochar do theideal na cuideachta chun cáin ioncaim a asbhaint as aon díbhinn den sórt sin nó as aon chuid den sórt sin de dhíbhinn.

(b) I mír (a) ciallaíonn “tréimhse dhíbhinne” an tréimhse a n-íoctar díbhinn as a brabúis.

Athrú cuideachta.

[1956, (Mianaigh), a. 12.]

392. —(2) Más rud é—

(a) go scoirfidh cuideachta (dá ngairtear an chuideachta bhunaidh anseo feasta san alt seo) tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1956, d'oibriú mianaigh cháilithigh a sheoladh mar thrádáil a raibh feidhm ag an gCaibidil seo, díreach roimh an dáta scoir, maidir le brabúis as, agus

(b) go dtosóidh cuideachta eile (dá ngairtear an athchuideachta anseo feasta san alt seo) ina dhiaidh sin ar thrádáil den sórt sin a sheoladh maidir leis an mianach,

tabharfar don athchuideachta, má corpraíodh sa Stát í agus má chónaíonn sí ann chun críocha cánach ioncaim, faoiseamh ó íoc a glanchánach ioncaim agus na cánach brabús corparáide is inchurtha i leith a brabús as an trádáil sin, an méid céanna (agus an méid sin amháin), agus do na blianta céanna (agus do na blianta sin amháin), ba chuí dá mba nár scoir an chuideachta bhunaidh de bheith ag seoladh na trádála sin agus gur ar an gcuideachta bhunaidh a bhí an ghlancháin ioncaim agus an cháin bhrabús corparáide sin inmhuirir in ionad iad a bheith inmhuirir ar an athchuideachta, agus beidh feidhm, chun críocha an ailt seo, ag fórálacha na Caibidle seo le haon mhodhnuithe is gá.