An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XXIV Gnóthais Airgeadais agus Daoine faoi Dhíolúine ó Cháin do Cheannach Scaireanna agus Srianta le Faoiseamh i Leith Caillteanas Trí Cháin a Aisíoc i gCás Díbhínní a Íocadh as Brabúis Charnaithe) Ar Aghaidh (Caibidil II Brabúis Mhianach Áirithe)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XXV

Brabúis ó Thrádáil in Aerfort na Sionna

Caibidil I

Brabúis ó Thrádáil in Aerport na Sionna

Mínithe.

[1958, F.I., a. 2.]

1947, Uimh. 5 .

373. —(1) Sa Chaibidil seo—

tá le “an t-aerfort” an bhrí chéanna atá leis san Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947 ;

ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe a dhéanann trádáil;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

Oibríochtaí trádála díolmhaithe:

[1958, F.I., a. 3.]

374. —(1) San alt seo ciallaíonn “cuideachta cháilithe” cuideachta ar san aerfort a sheoltar a trádáil go léir nó cuid dá trádáil.

(2) Faoi reir fho-ailt (5) agus (6) féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú gur oibríochtaí trádála díolmhaithe chun críocha na Caibidle seo, le héifeacht amhail ó dháta a dtosaithe, na hoibríochtaí trádála sin de chuid cuideachta cáilithe a shonrófar sa deimhniú, agus fanfaidh aon deimhniú a thabharfar amhlaidh i bhfeidhm go ceann na tréimhse cúig bliana fichead ón 25ú lá de Shamhain, 1958, mura gcúlghairfear é faoi fho-alt (4).

(3) Féadfar deimhniú faoi fho-alt (2) a thabhairt gan aon choinníollacha nó faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé ann.

(4) Má tharlaíonn, i gcás cuideachta a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) tugtha ina leith—

(a) go scoirfear de thrádáil na cuideachta nó go dtarlóidh sé gur lasmuigh den aerfort a bheifear ag seoladh na trádála sin go léir, nó

(b) gur deimhin leis an Aire aon choinníoll áirithe ar ar tugadh an deimhniú a bheith gan chomhlíonadh ag an gcuideachta,

féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar tríd an bpost cláraithe ar an gcuideachta, an deimhniú a chúlghairm.

(5) Ní dheimhneoidh an tAire, faoi fho-alt (2) gur oibríocht trádála dhíolmhaithe oibríocht trádála áirithe mura de cheann amháin nó níos mó de na cineálacha oibríochta trádála seo a leanas í:

(a) díol earraí a onnmhairíodh, nó a onnmhaireofar, as an Stát ag an gcuideachta cháilithe (ag gníomhú di mar phríomhaí nó mar ghníomhaire), is earraí a táirgeadh, a monaraíodh nó a próisíodh san aerfort ag an gcuideachta cháilithe,

(b) díol earraí a onnmhairíodh, nó a onnmhaireofar, as an Stát, ag an gcuideachta cháilithe, is earraí a allmhairíodh isteach sa Stát agus a pacáistíodh nó a láimhsíodh san aerfort ag an gcuideachta cháilithe,

(c) aerárthaí a dheisiú nó a chothabháil san aerfort,

(d) seirbhísí lena ngabhann úsáid aerárthach nó aeriompair a dhéanamh san aerfort nó lasmuigh den Stát,

(e) oibríochtaí trádála eile ar dóigh leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Iompair agus Cumhachta, go gcabhraíonn siad le húsáid nó forbairt an aerfoirt,

(f) oibríochtaí trádála a ghabhann le haon oibríocht dá dtuairiscítear sna míreanna roimhe seo den fho-alt seo.

(6) Ní dheimhneoidh an tAire, faoi fho-alt (2), gur oibríocht trádála dhíolmhaithe aon oibríocht trádála acu seo a leanas:

(a) díol earraí a tugadh, nó a thabharfar, ón aerfort isteach in aon chuid eile den Stát ar shlí seachas i gcúrsa a n-onnmhairithe as an Stát,

(b) seirbhísí a dhéanamh do dhaoine a chónaíonn sa Stát lasmuigh den aerfort,

(c) earraí a tháirgeadh nó a mhonarú lasmuigh den aerfort,

(d) seirbhís aeriompair a oibriú seachas seirbhís aeriompair—

(i) a oibrítear idir an t-aerfort agus áit lasmuigh den Stát, agus

(ii) nach n-oibrítear amhlaidh faoi chomhaontú dháthaobhach idirnáisiúnta ar páirtí ann an Rialtas,

(e) seirbhísí a dhéanamh sa Stát—

(i) do phaisineirí a rachaidh ar bord nó a thiocfaidh ó bhord aerárthach, lena n-áirítear seirbhísí óstán, seirbhísí bia agus dí, seirbhísí sóinseála airgid nó iompair (seachas seirbhísí aeriompair), nó

(ii) i ndáil le tuirling, imeacht, luchtú nó díluchtú aerárthach,

(f) earraí a dhíol ar mionreic,

(g) earraí inchaite a dhíol mar bhreosla aerárthach nó le loingsiú mar stórais aerárthach,

(h) oibríocht trádála a dhéantar i gcúrsa trádála i dTuairceart Éireann nó sa Bhreatain Mhóir.

Ní áireofar brabúis, gnóchain ná caillteanais i gcás oibríochtaí trádála díolmhaithe.

[1958, F.I., a. 5.]

375. —(1) Ní dhéanfar brabúis nó gnóchain ná caillteanais de dhroim oibríochtaí trádála díolmhaithe a chur i gcuntas, chun aon chríche de chuid an Achta seo, maidir leis an gcuideachta a sheolann na hoibríochtaí sin.

(2) I gcás inar oibríochtaí díolmhaithe cuid, agus gur oibríochtaí trádála eile cuid, den trádáil a sheolann cuideachta, déanfar méid na mbrabús nó na ngnóchan nó na gcaillteanas de dhroim na n-oibríochtaí trádála eile sin a ríomh, chun aon chríche de chuid an Achta seo, mar ríomhfaí é chun na críche sin dá mbeadh dhá thrádáil ar leithligh á seoladh ag an gcuideachta arbh éard iad faoi seach na hoibríochtaí trádála díolmhaithe agus na hoibríochtaí trádála eile.

Idirbheartanna idir daoine i gcomhlachas le chéile.

[1958, F.I., a. 5.]

376. —(1) Má tharlaíonn, i gcúrsa oibríochtaí trádála díolmhaithe, go gceannóidh an chuideachta a bheidh ag seoladh na n-oibríochtaí (dá ngairtear an ceannaitheoir ina dhiaidh seo san fho-alt seo) earraí ó dhuine eile (dá ngairtear an díoltóir ina dhiaidh seo san fho-alt seo) agus—

(a) go mbeidh an ceannaitheoir faoi rialú ag an díoltóir nó, más comhlacht corpraithe nó comhpháirtíocht an díoltóir, go mbeidh an díoltóir faoi rialú ag an gceannaitheoir nó go mbeidh an díoltóir agus an ceannaitheoir faoi rialú ag duine éigin eile, agus

(b) go ndíolfar na hearraí ar phraghas is lú ná an praghas ba dhóigh le duine a gheofaí orthu dá mba pháirtithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí le chéile na páirtithe san idirbheart,

ansin, déanfar brabúis nó gnóchain nó caillteanais an díoltóra a ríomh, chun aon chríche de chuid an Achta seo, ionann is dá ndíolfaí na hearraí ar an bpraghas a gheofaí orthu dá mba idir daoine neamhspleácha ag déileáil mar a dúradh a dhéanfaí an t-idirbheart.

(2) San alt seo tá le “rialú” an bhrí a thugtar dó le halt 299 (6).

Ráitis a sheachadadh, etc.

[1958, F.I., a. 6;

1963, Sc. 6, Cuid III.]

377. —I gcás ina mbeidh deimhniú tugtha ag an Aire faoi alt 374—

(a) na forálacha sin de chuid an Achta seo a bhaineann le tabhairt ráiteas nó tuairisceán brabús nó gnóchan, leanfaidh siad d'éifeacht a bheith acu ionann is dá mbeifí gan an deimhniú a thabhairt, agus

(b) féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an gcuideachta lena mbainfidh cibé cuntais agus sonraí eile is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun críocha na Caibidle seo a thabhairt dóibh laistigh de cibé tréimhse a ordóidh siad.

Eisceadh ó Chaibidil IV.

[1958, F.I., a. 7.]

378. —D'ainneoin aon ní i gCaibidil IV den Chuid seo, ní chuirfear i gcuntas chun aon chríche de chuid na Caibidle sin IV aon mhéid is infhaighte ó earraí a dhíol a onnmhairíodh as an Stát i gcúrsa oibríochtaí trádála díolmhaithe.

Laghdú ar asbhaintí áirithe.

[1958, F.I., a. 8;

1959, a. 68 (2).]

379. —(1) I gcás inar oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid, agus gur oibríochtaí trádála eile cuid, den trádáil a sheolann cuideachta, déanfar méid aon asbhainte, is asbhaint lena mbaineann an t-alt seo, a mbeadh teideal ag an gcuideachta chuige mura mbeadh an t-alt seo, a laghdú cibé méid, más aon mhéid é, is dóigh leis na Coimisinéirí Speisialta a bheith cóir ag féachaint d'alt 375.

(2) Is iad na hasbhaintí lena mbaineann an t-alt seo asbhaintí i leith aon liúntais faoi ailt 241, 244 (3), Caibidil III de Chuid XIV, nó Cuid XV nó i leith aon liúntais bhliantúla faoi Chaibidil I, III nó IV de Chuid XVI.

Díbhinni.

[1958, F.I., a. 9.]

380. —(1) I gcás díbhinn a bheith arna híoc go páirteach as brabúis ó oibríochtaí trádála díolmhaithe agus go páirteach as brabúis eile, beidh feidhm ag ailt 456 agus 457 ionann agus dá mbeadh an díbhinn comhdhéanta de dhá dhíbhinn a íocadh faoi seach as brabúis ó oibríochtaí trádála díolmhaithe agus as brabúis eile.

(2) Ní dhéanfar an mhéid d'aon díbhinn a íocadh as brabúis ó oibríochtaí trádála díolmhaithe a áireamh mar ioncam nó brabúis chun aon chríche de chuid an Achta seo.

(3) Maidir le gach barántas, seic, nó ordú a tharraingeoidh nó a dhéanfaidh cuideachta chun díbhinn a íoc is iníoctha go hiomlán nó go páirteach as brabúis ó oibríochtaí trádála díolmhaithe, bainfidh alt 458 leis an gcuideachta ar shlí go dtaispeánfaidh (de réir mar dhlífidh an cás) an ráiteas a cheanglaítear leis an alt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear ar leith ón alt seo, a thabhairt—

(a) gurb é atá in iomlán na suime ar a bhfuil an barántas, an seic nó an t-ordú tarraingte nó déanta íocaíocht díbhinne brabús ó oibríochtaí trádála díolmhaithe, nó

(b) gurb íocaíocht as brabúis ó oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid den tsuim sin agus gurb íocaíocht as brabúis eile (a luafar ar leithligh a mórmhéid sula ndéanfar aon asbhaint i leith cánach ioncaim) cuid den tsuim sin.

Foráil maidir le híocaíochtaí bliantúla agus le ríchíosanna paitinne.

[1958, F.I., a. 10.]

381. —(1) I gcás aon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo a bheith iníoctha as brabúis nó gnóchain trádála arb oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid di agus oibríochtaí trádála eile cuid di, is é an méid a measfar é a bheith arna íoc as brabúis nó gnóchain a tugadh faoi mhuirear cánach an chuid sin amháin den íocaíocht a bhfuil an chomhréir chéanna idir í agus an íocaíocht iomlán atá idir an méid de bhrabúis nó gnóchain na trádála ar ar muirearaíodh cáin iarbhír agus an méid de na brabúis nó na gnóchain sin ar a muirearófaí cáin iarbhír dá mba nach n-achtófaí an Chaibidil seo.

(2) Baineann an t-alt seo le haon íocaíocht úis airgid, bhlianachta, nó íocaíocht bhliantúil eile ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D, nó aon ríchíosa nó suime eile a íocadh i leith paitinn a úsáid.