An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XXII Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte) Ar Aghaidh (CUID XXIV Gnóthais Airgeadais agus Daoine faoi Dhíolúine ó Cháin do Cheannach Scaireanna agus Srianta le Faoiseamh i Leith Caillteanas Trí Cháin a Aisíoc i gCás Díbhínní a Íocadh as Brabúis Charnaithe)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XXIII

Ceannach agus Díol Urrús

Feidhm Chuid XXIII.

[1959, a. 6.]

367. —(1) Faoi réir mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, baineann an Chuid seo le cásanna ina ndéanfaidh duine (dá ngairtear an chéad cheannaitheoir sa Chuid seo) aon urrúis a cheannach tar éis an 22ú lá d'Aibreán, 1959, agus iad a dhíol dá éis sin, agus gurb é toradh an idirbhirt go mbeidh ús a thiocfaidh chun bheith iníoctha i leith na n-urrús (dá ngairtear an t-ús sa Chuid seo) le fáil ag an gcéad cheannaitheoir.

(2) Ní bhaineann an Chuid seo le cásanna—

(a) inarbh fhaide ná sé mhí an tréimhse idir tráth na n-urrús a cheannach ag an gcéad cheannaitheoir agus tráth é do dhéanamh beart chun iad a dhiúscairt, nó

(b) inarbh fhaide ná mí an tréimhse sin agus gurb é tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim gur de réir an mhargadhphraghais reatha a rinneadh an díol agus an ceannach agus nach de bhun comhaontaithe nó comhshocraíochta a rinneadh tráth an cheannaigh nó roimhe a rinneadh an díol.

(3) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta maidir le haon tuairim de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (2) (b) sa tslí chéanna ina bhféadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomhairc.

(4) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) don chéad cheannaitheoir do dhéanamh beart chun na hurrúis a dhiúscairt a fhorléiriú—

(a) más i bhfeidhmiú rogha a bhí faighte aige a dhíol sé iad, mar thagairt d'fháil na rogha aige,

(b) in aon chás eile, mar thagairt dá ndíol aige.

(5) Chun críocha na Coda seo, is comhionann urrúis a dhíol, is urrúis cosúil le, agus ar cóimhéid ainmniúil le, hurrúis a ceannaíodh roimhe sin (dá ngairtear na hurrúis bhunaidh anseo ina dhiaidh seo) agus na hurrúis bhunaidh a dhíol, agus beidh feidhm dá réir sin ag fo-alt (4); agus i gcás inar cheannaigh an chéad cheannaitheoir dáileachtaí urrús comhchosúil tráthanna éagsúla, agus gur díoladh aon chuid de na hurrúis ina dhiaidh sin déanfar, a mhéid is féidir, an díol sin a chur i mbaint leis an dáileacht is deireanaí a ceannaíodh, agus ansin leis an gcéad cheann eile roimhe sin is deireanaí, agus mar sin de:

Ar choinníoll nach mbeidh duine faoi dhliteanas níos mó i leith cánach de bhua an fho-ailt seo ná mar bheadh dá mba rud é gurb iad na hurrúis bhunaidh agus nach iad na hurrúis chomhchosúla a dhíol sé.

(6) I gcás, aon tráth a bheidh trádáil, nó a measfar trádáil a bheith, arna bunú agus arna tosú, inar cuid de stoc trádála na trádála aon urrúis, áireofar, chun críocha an ailt seo, gur díoladh na hurrúis sin an tráth sin ar an margadh oscailte ag an duine ar leis iad díreach roimh an tráth sin agus gur ceannaíodh iad an tráth sin ar an margadh oscailte ag an duine a bhí ag seoladh na trádála ina dhiaidh sin; agus, faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, i gcás malairt daoine do dhul ag seoladh trádála nach malairt a measfar deireadh a bheith leis an trádáil dá bhíthin, beidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir leis an duine a bhí ag seoladh na trádála amhlaidh tar éis na malairte ionann is dá mba eisean a rinne nó leis-sean a rinneadh aon ní a rinneadh ag nó lena réamhtheachtaí.

(7) Chun críocha na coda seo—

(a) folaíonn “ús” díbhinn;

(b) folaíonn “duine” aon chomhlacht daoine agus, i gcás aon díolúine adeir go mbaineann sí le hioncam iontaobhais nó le hioncam ciste, folaíonn tagairtí do dhuine ag a bhfuil teideal chun aon díolúine ó cháin ioncaim tagairtí do na daoine ag a bhfuil teideal a éileamh go ndeonófar an díolúine sin;

(c) folaíonn “urrúis” stoic agus scaireanna;

(d) measfar urrúis a bheith comhchosúil má thugann siad teideal dá sealbhóirí chun na gcearta céanna in aghaidh na ndaoine céanna maidir le caipiteal agus ús agus chun na leigheas céanna maidir leis na cearta sin a chur i bhfeidhm d'ainneoin aon difir i méideanna ainmniúla iomlána na n-urrús faoi seach nó sa bhfoirm ina bhfuil siad ar seilbh nó sa tslí ina bhféadfar iad a aistriú.

Déileálaithe in urrúis.

[1959, a. 7.]

368. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, má bhíonn an chéad cheannaitheoir ag gabháil do thrádáil arb éard í nó cuid di déileáil in urrúis, ansin, nuair a bheifear, chun críocha an Achta seo, ag ríomh brabús nó caillteanas na trádála, déanfar an praghas a d'íoc sé ar na hurrúis a laghdú an méid iomchuí i leith an úis, arna chinneadh de réir Sceideal II.

(2) I gcás ina bhfuil, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, gnó tí lascaine sa Stát á sheoladh bona fide ag an gcéad cheannaitheoir, nó i gcás inar comhalta de stocmhargadh sa Stát an chéad cheannaitheoir agus go bhfuil sé aitheanta ag coiste an stocmhargaidh sin mar dhuine a sheolann gnó déileálaí, ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) maidir le hurrúis a ceannaíodh i ngnáthchúrsa an ghnó sin aige.

(3) Ní bheidh feidhm ag fho-alt (1) más rud é gur gá aon mhéid den ús a chur i gcuntas faoi alt 371 ionann is dá mb'fháltas trádála é nár íocadh cáin ina leith nó nárbh fholáir aon chuid de a chur i gcuntas amhlaidh mura mbeadh forálacha mhír 2 de Sceideal 12.

Daoine a bheidh i dteideal díolúintí.

[1959, a. 8.]

369. —(1) Má bhíonn teideal faoi aon achtachán ag an gcéad cheannaitheoir chun díolúine ó cháin ioncaim a bhainfeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, leis an ús, ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, ní bhainfidh an díolúine le méid ar cóimhéid leis an méid iomchuí i leith an úis, arna chinneadh de réir Sceideal 11:

Ar choinníoll go measfar, má bhíonn teideal mar a dúradh ag an gcéad cheannaitheoir agus go mbeidh aon íocaíocht bhliantúil iníoctha aige as an ús, an íocaíocht bhliantúil go léir a bheith arna híoc as brabúis nó gnóchain nár cuireadh faoi mhuirear cánach, agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 434.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás an díolúine a theacht ó chónaí a bheith ar an gcéad cheannaitheoir i dTuaisceart Éireann ní sa Bhreatain Mhóir.

Trádálaithe seachas déileálaithe urrús.

[1959, a. 9;

1963, a. 3 (d).]

370. —(1) Má bhíonn an chéad cheannaitheoir ag seoladh trádála nach dtagann faoi réim ailt 368, ansin, nuair a bheifear á dhéanamh amach an bhfuil nó nach bhfuil aon aisíoc cánach, agus, má tá, an t-aisíoc cánach atá, le déanamh leis, faoi alt 307, faoi threoir aon chailteanais a tharla sa trádáil don bhliain mheasúnachta ar cuid dá ioncam ina haghaidh an t-ús, fágfar as cuntas—

(a) an méid iomchuí i leith an úis, arna chinneadh de réir Sceideal 11, agus

(b) aon cháin a íocadh ar an méid sin.

(2) Más cuideachta an chéad cheannaitheoir agus go seolann sí gnó nach dtagann faoi réim alt 368 nó gnó arb é atá ann go formhór infheistíochtaí a dhéanamh, ansin, más as an ús atá méid ar bith d'aon íocaíocht bhliantúil is iníoctha ag an gcuideachta le híoc, measfar nach as brabúis nó gnóchain a tugadh faoi mhuirear cánach is iníoctha an méid sin den íocaíocht bhliantúil, agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 434.

(3) San alt seo folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe.