An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Sceidil A agus B) Ar Aghaidh (Caibidil III Ginearálta)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil II

Sceideal B

Sceideal B.

[1918, Sc. B, ceannteideal agus r.1; 1922 a. 23 (1).]

30. —Is é seo a leanas an Sceideal a luaitear san Acht seo mar Sceideal B:—

1. Déanfar cáin faoin Sceideal seo a mhuirearú i leith áitiú na dtailte, na dtionóntán agus na n-oidhreachtán uile sa Stát is inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal A, ach amháin—

(a) aon teach cónaithe, nó na hoifigí tís a bhaineann leis sin, mura bhfuil siad áitithe, de bhua an fhorléasta amháin chéanna, mar aon le feirm thailte, nó le feirm deachún, chun feirmeoireacht a dhéanamh ar an gcéanna; nó

(b) aon stóras nó foirgneamh eile atá á áitiú chun trádáil nó gairm a sheoladh.

2. Muirearófar cáin faoin Sceideal seo in aghaidh gach fiche scilling de luach inmheasúnaithe na dtailte, na dtionóntán nó na n-oidhreachtán lena mbaineann.

San Acht seo ciallaíonn “luach inmheasúnaithe” i ndáil le cáin faoin Sceideal seo méid is comhionann le luach bliantúil na dtailte, na dtionóntán agus na n-oidhreachtán, nó, in aon chás ina gcruthófar chun sástacht na gCoimisinéirí Speisilta i gcás aon duine atá ag áitiú aon tailte agus atá measúnaithe i leith cánach i ndáil leo, nach d'aon-toisc chun feirmeoireachta ná go formhór chun na gcríocha sin atá na tailte sin á n-áitiú ag an duine sin, agus nach ndeimhneoidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh, ar an ábhar a tharchur chuige ó na Coimisinéirí Ioncaim, gur míréasúnach na tailte a bheith á n-úsáid ag áititheoir na dtailte sin chun críche seachas feirmeoireacht, méid is comhionann leis an tríú cuid den luach bliantúil.

3. An cháin a mhuirearófar faoin Sceideal seo is cáin í i dteannta na cánach a mhuirearófar faoi Sceideal A.

Luach bliantúil do Sceideal B.

[1918, a. 187 (1) (4);

1923, a. 5 (1);

1925, a. 5.]

31. —(1) Faoi réir fho-alt (2), is é luach bliantúil tailte chun críocha Sceidil B, luacháil inrátaithe na dtailte de thuras na huaire.

(2) Measfar gurb é an luach bliantúil a dúradh—

(a) an cíos breithiúnach arna shocrú faoi na Land Law (Ireland) Acts nó faoi aon cheann acu; nó

(b) an t-ús bliantúil nó an íocaíocht bhliantúil is íníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann in ionad cíosa faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó faoi aon cheann acu; nó

(c) an bhlianacht cheannaigh is iníoctha faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó faoi aon cheann acu,

in aon chás ina suífear gur lú ná an luacháil inrátaithe an cíos breithiúnach sin, an t-ús bliantúil nó an íocaíocht bhliantúil sin, nó an bhlianacht cheannaigh sin, cibé acu é.

(3) Beidh feidhm ag alt 13 (1) maidir le measúnacht faoi Sceideal B mar a bhaineann sé le Sceideal A.

(4) San alt seo ciallaíonn “blianacht cheannaigh” an chéad bhlianacht nó an bhlianacht bhunaidh is iníoctha sula ndéanfar aon fhuascailt nó laghdú reachtúil.

Daoine is inmhuirir.

[1918, a. 187 (3); Sc. A, Uimh. VII, r. 2; Sc. B, r. 4.]

32. —(1) Muirearófar cáin faoi Sceideal B ar áititheoir na maoine.

(2) Gach duine ag a mbeidh úsáid aon mhaoine measfar gurb eisean áititheoir na maoine sin.

Measúnú ar bhrabúis áirithe ó stail a choinneáil.

[1939, a. 7.]

33. —I gcás duine is áititheoir ar thalamh agus atá measúnaithe faoi Sceideal B i leith áitiú na talún sin, a bheith freisin ina úinéir nó ina pháirt-úinéir ar stail a choinnítear de ghnáth ar an talamh sin, measfar, chun críocha an Achta seo, gur brabúis ó áitiú na talún sin brabúis an duine sin ó tháillí a fuair sé nó ab infhaighte aige i leith eachmaireacht ag an stail sin ar an talamh sin ar láracha le daoine eile.

Feirmeoireacht: muirearú faoi Sceideal D a ghlacadh de rogha.

[1918, Sc. B, r. 5.]

34. —(1) Duine ar bith nach bhfuil ag áitiú talún ach chun críocha feirmeoireachta amháin féadfaidh sé é a ghlacadh de rogha é a mheasúnú agus a mhuirearú faoi Sceideal D, agus de réir na bhforálacha is infheidhmithe ina leith sin, in ionad é a mheasúnú agus a mhuirearú faoin Sceideal seo.

(2) Déanfar an rogha sin ag duine ar bith a chur in iúl trí fhógra i scríbhinn arna sheachadadh go pearsanta nó arna chur tríd an bpost i litir chláraithe chun an chigire laistigh de dhá mhí tar éis tosach na bliana measúnachta; agus amhail ón tráth a gheobhaidh sé an fógra agus dá éis sin is faoi Sceideal D a bheidh an muirir air in aghaidh na bliana sin agus measfar chun gach críche gur brabúis nó gnóchain trádála is inmhuirir faoin Sceideal sin a bhrabús nó a ghnóchain ó áitíocht na dtailte.

Feirmeoireacht: brabúis is lú ná an luach inmheasúnaithe.

[1918, Sc. B, r. 6; 1925, a. 9 (4).]

35. —Má dhéanann duine nach bhfuil tailte á n-áitiú aige mar úinéir nó ar shlí eile ach amháin chun críocha feirmeoireachta a shuíomh, laistigh de thréimhse bliana tar éis deireadh aon bliana measúnachta, chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta gur lú na brabúis nó na gnóchain ón áitiú sin i gcaitheamh na bliana sin ná luach inmheasúnaithe na dtailte faoin Sceideal seo, measfar gurbh é an t-ioncaim ón áitiú sin méid iarbhír na mbrabús nó na ngnóchan sin, agus má íocadh iomlán na cánach, deimhneofar an méid a ró-íocadh agus aisíocfar é sa tslí chéanna ina n-aisíoctar cáin faoi alt 22 (2).

Talamh coille.

[1918, Sc. B, r. 7;

1922, a. 23 (2).]

36. —(1) Duine ar bith a áitíonn talamh coille agus a chruthóidh chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta go bhfuil an talamh coille sin á bhainistí aige ar fhoras tráchtála agus le brabúis a dhéanamh, féadfaidh sé é a ghlacadh de rogha é a mheasúnú agus a mhuirearú i leith cánach i ndáil leis an talamh coille sin faoi Sceideal D in ionad faoin Sceideal seo sa tslí chéanna le duine nach n-áitíonn tailte ach chun críocha feirmeoireachta amháin, agus beidh feidhm ag alt 34 dá réir sin.

(2) Bainfidh aon rogha den sórt sin leis an talamh coille go léir a bheidh á bhainistí amhlaidh ar an eastáit céanna:

Ar choinníoll go ndéanfar chun na críche sin talamh coille a áireamh mar thalamh coille ar eastát ar leithligh, má thugann an duine a bheidh ag áitiú na talún coille sin fógra do na Coimisnéirí Speisialta laistigh de dheich mbliana tar éis an ama a plandáladh nó a athphlandáladh iad.

(3) Beidh éifeacht ag an rogha ní amháin maidir leis an mbliain mheasúnachta, ach freisin maidir le gach bliain mheasúnachta san am le teacht, an fad a bheidh an talamh coille á áitiú ag an duine a dhéanfaidh an rogha.

Measúnú brabús ó áitiú talún faoi Sceideal D i gcásanna áirithe eile.

[1936, a. 6.]

1963, Uimh. 33 .

37. —(1) Más rud é, maidir le haon bhliain mheasúnachta, go mbeidh duine lena mbaineann an t-alt seo inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal B i ndáil le háitiú aon tailte chun críocha feirmeoireachta:

(a) déanfaidh an duine, nuair a cheanglófar sin air trí fhógra i scríbhinn arna sheirbheáil air ag cigire ráiteas a ullmhú agus a sheachadadh don chigire, laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra, ina n-inseoidh sé na brabúis nó na gnóchain a mbeadh cáin inmhuirir air ina leith don bhliain mheasúnachta dá nglacadh sé rogha maidir leis na tailte faoi alt 34;

(b) má mhainníonn an duine an ráiteas a sheachadadh, nó mura mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim sásta leis an ráiteas a sheachadfaidh an duine, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra i scríbhinn nó fógraí i scríbhinn a sheirbheáil ar an duine á cheangal air aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá—

(i) cóipeanna de cibé cuntais (lena n-áirítear cláir chomhardaithe) a bhainfidh le háitiú na dtailte a shonrófar nó a thuairisceofar san fhógra a sheachadadh do chigire laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra, lena n-áirítear, má bhíonn na cuntais iniúchta, cóip de dheimhniú an iniúchóra,

(ii) na leabhair, na cuntais agus na doiciméid sin go léir a bheidh ina sheilbh nó ar a urláimh, agus a shonrófar nó a thuairisceofar san fhógra, is leabhair, cuntais agus doiciméid ina mbeidh eolas i dtaobh idirbheartanna maidir le háitiú na dtailte, a chur ar fáil, laistigh de cibé am a shonrófar san fhógra, lena n-iniúchadh ag cigire nó ag aon oifigeach a bheidh údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim;

(c) féadfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile cóipeanna a dhéanamh d'aon leabhair, cuntais nó doiciméid a chuirfear ar fáil le hiniúchadh aige faoin mír sin roimhe seo nó sleachta a thógáil astu;

(d) má mhainníonn an duine aon ní a dhéanamh a cheanglófar air le fógra faoi mhír (b) a dhéanamh beidh feidhm ag an Acht seo amhail is dá mbeadh sé tar éis rogha a ghlacadh go cuí faoi alt 34 maidir leis na tailte trí fhógra arna sheachadadh díreach tar éis tosach na bliana measúnachta;

(e) i gcás ina mbeidh an duine tar éis cóipeanna a sheachadadh de chuntais a bhainfidh le háitiú na dtailte agus gur dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim go ndéanann na cuntais lua thar ceart ar na brabúis nó ar na gnóchain ón áitiú sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú dá réir sin;

(f) i gcás ina mbeidh deimhniú tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim faoin mír sin roimhe seo—

(i) beidh feidhm ag an Acht seo, faoi réir na chéad fhomhíre eile, amhail agus dá mbeadh an duine tar éis rogha a ghlacadh go cuí, faoi alt 34, i gcás na dtailte trí fhógra a seachadadh díreach tar éis tosach na bliana measúnachta,

(ii) féadfar achomharc a dhéanamh, laistigh de lá agus fiche tar éis a chur in iúl don duine gur tugadh an deimhniú, i gcoinne an deimhnithe chun na gCoimisinéirí Speisialta díreach mar a fhéadfaí a dhéanamh i gcoinne measúnacht i leith cánach ioncaim agus beidh éifeacht dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomhairc.

(2)   (a) Baineann an t-alt seo—

(i) le duine atá ag gabháil do thrádáil nó gairm sa bhliain mheasúnachta,

(ii) le duine is duine pósta sa bhliain mheasúnachta, agus a bhfuil a bhanchéile nó a fearchéile ag gabháil do thrádáil nó gairm an bhliain sin, nó

(iii) le duine is stiúrthóir sa bhliain mheasúnachta ar chuideachta atá ag gabháil do thrádáil an bhliain sin agus arb é an t-úinéir tairbhiúil é, nó ar féidir leis, go díreach nó trí mheán cuideachtaí eile nó ar aon mhodh eile, rialú a dhéanamh, ar níos mó ná 25 faoin gcéad de gnáth-scairchaipiteal na cuideachta,

faoi réir an choinníll nach mbeidh duine, arb é a bheadh ann ar leithligh ón gcoinníoll seo, de bhua fhomhír (ii), duine lena mbaineann an t-alt seo, ina dhuine den sórt sin i gcás nach mbeidh sé le meas, chun críocha cánach ioncaim, an banchéile a bheith ina cónaí lena fearchéile.

(b) Chun críocha fhomhír (iii) de mhír (a), i gcás gnáthscairchaipiteal atá ar úinéireacht nó faoi rialú mar a luaitear san fhomhír ag duine arb é atá ann banchéile, fearchéile nó naíon stiúrthóra, nó ag iontaobhaí iontaobhais chun sochair do dhuine nó do dhaoine arb eisean nó iadsan, nó ar a bhfuil, aon duine den sórt sin nó an stiúrthóir sin, measfar an gnáth-scairchaipiteal sin a bheith ar úinéireacht nó faoi rialú ag an stiúrthóir sin agus ní ag aon duine eile.

(c) San fho-alt seo—

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

folaíonn “stiúrthóir” duine a shealbhaíonn aon oifig nó fostaíocht faoi chuideachta;

ciallaíonn “gnáth-scairchaipiteal” caipiteal eisithe uile (cibé ainm a thugtar air) de chuid cuideachta seachas caipiteal a bhfuil ceart ag a shealbhóirí díbhinn a fháil de réir ráta shocraithe nó de réir ráta a athraíonn de réir an ráta cánach ioncaim, ach nach bhfuil aon cheart eile acu chun scair de bhrabúis na cuideachta a fháil.

Faoiseamh faoi Sceideal B i gcás caillteanais de dheasca tuile nó anfa.

[1918, Sc. B, r. 3.]

38. —Beidh feidhm i gcás Sceideal B mar atá i gcás Sceideal A ag alt 26, a bhaineann le faoiseamh i gcás ciallteanas ó thuile nó anfa, agus i gcás talún a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta gur duine éagumasaithe a dhílseánach, nó go bhfuil sé faoi neamhchumas ar aon bhealach eile chun toiliú le cealú ar an gcíos, féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta cealú agus urscaoileadh cánach faoi Sceideal B a lamháil ar chruthú a thabhairt dóibh ar an gcaillteanas i leith an chealaithe chíosa is dóigh leo ba cheart a bheith déanta.