An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XVII Faoiseamh i leith Caiteachais ar Fhoireann áitiúil a Oiliúint roimh Thosú ar Thrádáil) Ar Aghaidh (CUID XIX Caillteanais)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XVIII

Liúntas i leith Caiteachais ar Earraí áirithe a Tháirgeadh

Caiteachas ar earraí áirithe a tháirgeadh.

[1942, a. 3.]

306. —(1) Ní bhaineann an t-alt seo ach amháin le hearraí nach raibh á dtáirgeadh i gcúrsaí tráchtála sa Stát sa dá mhí dhéag dar chríoch an 31ú lá de Lúnasa, 1939, agus nach mbeadh á dtáirgeadh sa Stát (cibé acu le haghaidh úsáide baile nó le honnmhairiú) sochrach ó thaobh tráchtála tráth ar bith i gcaitheamh an dá mhí dhéag sin agus déanfar “earra lena mbaineann an t-alt seo” a fhorléiriú dá réir sin san alt seo.

(2) San alt seo déanfar tagairtí do dhála eacnamaíochta neamhghnácha maidir le hearra lena mbaineann an t-alt seo a fhorléiriú mar thagairtí a chiallaíonn go bhfuil, mar gheall ar imthosca arb é is bonn nó is cúis leo an éigeandáil náisiúnta lenar bhain an rún a rith gach Teach den Oireachtas an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1939 (lena n-áirítear imthosca a lean ann tar éis deireadh na héigeandála sin),—

(a) tá an t-earra sin ag teastáil go géar sa Stát chun freastal do riachtanas de chuid an phobail agus nach féidir cainníochtaí go leor de a allmhairiú chun freastal don riachtanas sin nó nach féidir é a allmhairiú ar aon chor, agus

(b) gur táirgeadh sochrach tráchtála an fad ann na himthosca sin an t-earra sin a tháirgeadh sa Stát le haghaidh úsáide baile, ach a scoirfidh a tháirgeadh de bheith ina thráchtáil shochrach nuair a bheidh deireadh leis na himthosca sin.

(3) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh duine, de réir an ailt seo, liúntas speisialta faoin alt seo in aghaidh aon bhliaina mheasúnachta a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncaim, agus

(b) go suífidh sé, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, gur úsáid sé an bhliain sin foirgnimh a thóg nó a fuair sé nó gléasra nó innealra a chuir sé isteach tar éis an 31ú lá de Lúnasa, 1939, d'aontoisc chun earra lena mbaineann an t-alt seo a tháirgeadh ar mhodh trádála nó gnó, agus gur d'aontoisc chun a úsáidte sa Stát a táirgeadh an t-earra sin amhlaidh, agus

(c) go suífidh sé freisin chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh dála eacnamaíochta neamhghnácha ann maidir leis an earra sin i rith na bliana sin,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a chur faoi deara cibé liúntas speisialta a mheasfaidh siad is cóir a thabhairt maidir leis na foirgnimh, leis an ngléasra nó leis an innealra sin ón measúnacht a rinneadh ar an duine sin don bhliain maidir le brabúis a thrádála nó a ghnó ag táirgeadh an earra sin amhlaidh.

(4) Féadfar iarratas chun na gCoimisinéirí Ioncaim ar liúntas speisialta faoin alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta a dhéanamh laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana sin.

(5) I gcás liúntas speisialta a thabhairt faoi na forálacha roimhe seo den alt seo, cuirfear an liúntas in éifeacht trí aisíoc nó ar shlí eile.

(6) I gcás liúntais speisialta faoin alt seo a bheith tugtha do dhuine agus gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim deireadh a bheith le dála eacnamaíochta neamhghnácha maidir leis an earra ar i leith a tháirgthe a tugadh na liúntais sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na liúntais sin a athbhreithniú.

(7) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas i leith nó de dhroim athbhreithnithe faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt seo ar na liúntais speisialta faoin alt seo a bheidh tugtha do dhuine ar bith, is é sin le rá:—

(a) chun críche an athbhreithnithe sin féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na méideanna seo a leanas a chur i gcomparáid le chéile, is é sin le rá:—

(i) an glanchostas (mar a mhínítear anseo ina dhiaidh seo) a bhí ar an duine sin maidir leis na foirgnimh, leis an ngléasra nó leis an innealra ar ina leith a tugadh na liúntais speisialta sin, agus

(ii) iomlán na liúntas mar a mhínítear anseo ina dhiaidh seo a tugadh don duine sin;

(b) chun críocha na comparáide sin, measfar gurb é méid an ghlanchostais sin an bhreis a bheidh ag an méid a chosain sé iarbhír ar an duine sin na foirgnimh sin a fhoirgniú nó a fháil nó an gléasra nó an t-innealra sin a chur isteach ar chomhshuim na nithe seo a leanas—

(i) an tsuim nó na suimeanna (más ann) a soláthraíodh ar mhodh fóirdheontais nó deontais as cistí poiblí faoi chomhair an fhoirgnithe, an fhála, nó an churtha isteach sin, agus

(ii) an méid ar ar fiú, dar leis na Coimisinéirí Ioncaim, na foirgnimh, an gléasra nó an t-innealra sin a dhíol ar scor, nó laistigh de dhá mhí dhéag tar éis scor, do na dála eacnamaíochta neamhghnácha maidir leis an earra ar i leith a tháirgthe a úsáideadh na foirgnimh, an gléasra nó an t-innealra sin;

(c) measfar gurb é iomlán na liúntas sin a dúradh comhshuim na liúntas speisialta uile a bheidh tugtha don duine sin faoi na forálacha roimhe seo den alt seo maidir leis na foirgnimh, leis an ngléasra nó leis an innealra faoi réim nó de bhíthin alt 65 (4) (a), 241 nó 243 in aghaidh na bliana measúnachta a tharla scor na ndála eacnamaíochta neamhghnácha maidir leis an earra ar i leith a tháirgthe a úsáideadh na foirgnimh, an gléasra nó an t-innealra sin agus in aghaidh aon bliana measúnachta roimhe sin ar úsáideadh na foirgnimh, an gléasra nó an t-innealra sin ar a feadh;

(d) más mó an glanchostas sin ná iomlán na liúntas sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé liúntas speisialta breise is dóigh leo is cóir a thabhairt trí aisíoc nó eile;

(e) más mó iomlán na liúntas sin ná an glanchostas sin, féadfar na liúntais speisialta faoin alt seo a tugadh don duine sin a athbhreithniú agus féadfar cibé measúnachtaí breise a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá a dhéanamh ar an duine sin in aghaidh aon bhliana measúnachta ar tugadh aon liúntas speisialta den sórt sin dó ina haghaidh.