An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Paitinní: Liúntais Bhliantúla agus Liúntais Chothromaíochta agus Muirir Chothromaíochta) Ar Aghaidh (Caibidil V Ilghnéitheach agus Ginearálta)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil IV

Dreidireacht: Liúntais Tosaigh agus Liúntais Bhliantúla

Liúntais i leith caiteachais ar dhreidireacht.

[1959, a. 57;

1965, a. 55 (8).]

294. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás ina mbeidh duine, chun críocha aon trádála cáilithí atá á seoladh aige, tar éis caiteachas caipitiúil a thabhú i leith dreidireachta agus gurb éard í an trádáil cothabháil nó feabhsú slí loingseoireachta cuain, inbhir nó uiscebhealaigh, nó gur dreidireacht í chun sochair árthach a thagann isteach in aon duga nó áitreabh eile, nó a fhágann nó a úsáideann aon duga nó áitreabh eile, atá á áitiú aige chun críocha na trádála, ansin, tabharfar i leith an chaiteachais don duine a bheidh ag seoladh na trádála de thuras na huaire—

(a) in aghaidh na céad bhliana measúnachta iomchuí, liúntas tosaigh is comhionann le deichiú cuid an chaiteachais, agus

(b) in aghaidh na bliana measúnachta sin agus gach bliana measúnachta dá éis sin (go dtí gur cóimhéid na liúntais faoin alt seo i leith an chaiteachais le méid an chaiteachais), liúntas bliantúil is comhionann le caogadú cuid an chaiteachais:

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 30ú lá de Mhéan Fomháir, 1956.

(2) Má bhuanscoirtear den trádála aon bhliain mheasúnachta áirithe, ansin, tabharfar in aghaidh na bliana sin don duine deiridh a sheol an trádáil, i dteannta aon liúntais eile a thabharfar dó, liúntas ar cóimhéid le méid an chaiteachais lúide na liúntais a bheidh tugtha ina leith faoi fho-alt (1) in aghaidh na bliana measúnachta áirithe sin agus blianta measúnachta roimhe sin.

(3) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar de bhua aon fhoráil d'fhorálacha an Achta seo trádáil a bheith arna scor ar mhalairt daoine do dhul dá seoladh.

(4) Tabharfar aon liúntas faoin alt seo nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchan na trádála, agus má mhuirearaítear daoine éagsúla i leith na trádála in aghaidh codanna éagsúla d'aon bhliain mheasúnachta áirithe, déanfar aon liúntas bliantúil in aghaidh na bliana sin a chionroinnt eatarthu i gcomhréir le fad na dtréimhsí a muirearófar amhlaidh iad ina n-aghaidh, ach, más í an chéad bhliain mheasúnachta iomchuí í, is don chéad duine a raibh an trádáil á seoladh aige an bhliain sin a thabharfar aon liúntas tosaigh.

(5) I gcás ina mbeifear tar éis caiteachas a thabhú go páirteach chun críocha trádála cáilithí agus go páirteach chun críocha eile, ní bhainfidh fo-alt (1) ach amháin leis an méid sin den chaiteachas sin ba chóir, ar chionroinnt chóir a dhéanamh, a áireamh mar chaiteachas a tabhaíodh chun críocha na trádála sin.

(6) San alt seo ciallaíonn “trádáil cháilitheach” aon trádáil nó gnóthas a chomhlíonann, nó a gcomhlíonann cuid de, aon choinníoll acu seo a leanas:

(a) an coinníoll gurb éard í cothabháil nó feabhsú slí loingseoireachta cuain, inbhir nó uiscebhealaigh,

(b) aon choinníoll atá leagtha amach i bhforálacha alt 255 (1),

ach i gcás nach gcomhlíonann ach amháin cuid de thrádáil nó de ghnóthas na coinníollacha sin, beidh feidhm ag fo-alt (5) ionann is dá mba thrádála ar leithligh an chuid a chomhlíonann agus an chuid nach gcomhlíonann.

(7) I gcás ina mbeidh duine tar éis caiteachas caipitiúil a thabhú chun críocha trádála nó coda de thrádáil nach bhfuil á seoladh fós aige ach a bhfuil de rún aige dul á seoladh, nó má thabhaíonn sé caiteachas caipitiúil i ndáil le duga nó áitreabh eile nach bhfuil ar áitiú fós aige chun críocha trádála cáilithí ach go bhfuil de rún an duga nó an t-áitreabh a áitiú chuige sin, beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo ionann is dá mbeadh an trádáil nó cuid den trádáil á seoladh aige nó an duga nó an t-áitreabh ar áitiú aige chun críocha na trádála cáilithí, cibé acu é, an tráth a tabhaíodh an caiteachas.

(8) Chun críocha an ailt seo, is í an chéad bhliain mheasúnachta iomchuí, maidir le caiteachas a bheidh aon duine tar éis a thabhú, an chéad bhliain ina bhonn tréimhse a thabhóidh sé an caiteachas ina haghaidh nó i gcás caiteachas a mbeidh liúntas le tabhairt ina leith de bhua fho-alt (7), an chéad bhliain mheasúnachta ina bhonntréimhse a bheidh an trádáil nó cuid den trádáil á seoladh aige ar tabhaíodh an caiteachas ina leith agus a bheidh an duga nó an t-áitreabh eile ar i ndáil leis a tabhaíodh é ar áitiú aige chun críocha na trádála sin nó na coda sin den trádáil.

(9) I gcás duine do ranníoc suime caipitiúla i leith caiteachais le dreidireacht a thabhaigh duine eile, measfar, chun críocha an ailt seo, gur thabhaigh sé caiteachas caipitiúil leis an dreidireacht sin ar coímhéid le méid an ranníoca agus measfar an caiteachas caipitiúil a thabhaigh an duine eile leis an dreidireacht sin a bheith, chun na críocha sin, arna laghdú méid an ranníoca.

(10) San alt seo ní fholaíonn “dreidireacht” nithe a dhéanamh chun críocha seachas ar mhaithe le slí loingseoireachta ach (faoina réir sin) folaíonn sé aon ní is cuid de ghrinneall, nó a fheitheann as grinneall, na farraige nó aon uisce intíre a thabhairt chun bealaigh cibé slí a thugtar chun bealaigh é agus cibé os cionn uisce ar fad nó go páirteach dó nó nach ea le linn an tabhartha chun bealaigh; agus bainfidh an t-alt seo le leathnú uiscebhealaigh intíre ar mhaithe le slí loingseoireachta mar bhaineann sé le dreidireacht.

(11) Ní thabharfar aon liúntas de bhua an ailt seo i leith aon chaiteachais má thugtar nó más intugtha liúntas in aghaidh na bliana measúnachta céanna nó aon bhliana measúnachta roimhe sin nó dá éis sin ina leith faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chaibidil I den Chuid seo.

(12) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní thabharfar aon liúntas faoin alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta a thosaigh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1960, ach, nuair a bheifear ag cinneadh na liúntas a bheidh le tabhairt faoin alt seo in aon chás áirithe, measfar na liúntais sin go léir (seachas liúntais tosaigh) a bheith tugtha sa chás sin ab fhéidir a thabhairt dá mbeadh éifeacht i gcónaí ag an alt seo.