An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XV Liúntais Tosaigh i Leith Caiteachais Chaipitiúil áirithe ar Innealra agus Gléasra agus ar Fhoirgnimh agus Déanmhais Thionscail) Ar Aghaidh (Caibidil III Illghnéitheach agus Ginearálta)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil II

Foirgnimh agus Déanmhais Thionscail: Liúntas Foirgníochta Tionscail

Liúntas foirgníochta tionscail.

[1956, F. I., a. 16;

1962, a. 11 (2);

1965, a. 62;

1966, a. 28 (2).]

254. —(1) I gcás ina dtabhóidh duine caiteachas caipitiúil ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais ar foirgneamh nó déanmhas tionscail a bheidh ann a bheidh áitithe chun críocha trádála a bheidh á seoladh aige, ansin, faoi réir forálacha an Achta seo, tabharfar dó, don bhliain mheasúnachta sa bhonn-tréimhse a dtabhófar an caiteachas ina haghaidh, liúntas (dá ngairtear liúntas foirgníochta tionscail sa Chaibidil seo) ar cóimhéid leis an deichiú cuid den chaiteachas, agus tabharfar an liúntas sin mar asbhaint nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchan na trádála.

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956.

(2) D'ainneoin aon ní atá i bhfo-alt (1), maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 14ú lá de Nollaig, 1961, nó dá éis, agus roimh an 11ú lá d'Aibreán, 1968, beidh éifeacht ag an gCaibidil seo ionann agus dá gcuirfí “an gcúigiú” in ionad “an deichiú” i bhfo-alt (1):

Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt seo maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 1ú lá d'Eanáir, 1960, nó dá éis, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a mbeidh sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a bheith á úsáid chun críocha thrádáil na hóstóireachta ná maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a mbeidh liúntas faoin gCaibidil seo le tabhairt ina leith de bhua alt 255 (1) (c).

(3) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní thabharfar aon liúntas foirgníochta tionscail i leith aon chaiteachais ar fhoirgneamh nó déanmhas mura foirgneamh nó déanmhas tionscail a bheidh san fhoirgneamh nó sa déanmhas nuair a chuirfear in úsáid é, agus má deonaíodh liúntas foirgníochta tionscail i leith aon chaiteachais ar aon fhoirgneamh nó déanmhas den sórt sin, féadfar aon mheasúnachtaí breise a dhéanamh is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo.

(4) Chun críocha an ailt seo—

(a) aon chaiteachas tabhaíodh chun críocha trádála ag duine a bhí ar tí dul á seoladh, déileáfar leis ionann is dá mba an chéad lá a bhí sí á seoladh, ag an duine sin a thabhaigh sé é, agus

(b) ní mheasfar gur thabhaigh duine caiteachas sa mhéid go bhfuil an caiteachas sin íoctha nó le híoc go díreach nó go neamhdhíreach, ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údáras poiblí nó áitiúil:

Ar choinníoll nach mbainfidh mír (a) le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956.

(5) Beidh feidhm ag alt 241 (3) maidir le hasbhaint faoin alt seo mar atá feidhm aige maidir le hasbhaint is inlamháilte i leith caitheamh agus cumailt inealra nó gléasra.

(6) Aon éileamh a dhéanfaidh duine ar liúntas faoin alt seo nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchan a thrádála, cuirfear é sa ráiteas bliantúil nach foláir a thabhairt faoin Acht seo ar na brabúis nó na gnóchain aisti, agus cuirfear ina theannta deimhniú, faoi a bheidh sínithe ag an éilitheoir, agus a measfar gur cuid den éileamh é, á rá gur ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais thionscail a tabhaíodh an caiteachas agus ag tabhairt cibé sonraí a thaispeánfaidh go bhfuil an liúntas le tabhairt.

An bhrí atá le “foirgneamh nó déanmhas tionscail”.

[1956, F.I., a. 17;

1959, a. 73 (1);

1960, a. 33;

1966, a. 28 (1).]

255. —(1) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “foirgneamh nó déanmhas tionscail” foirgneamh nó déanmhas a úsáidtear—

(a) chun críocha trádála a sheoltar i muileann, i monarcha nó in áitreabh eile dá samhail, nó

(b) chun críocha gnóthais duga, nó

(c) chun torthaí, glasraí nó rudaí eile a fhás i gcúrsa trádáil gharraíodóireacht mhargaidh de réir bhrí alt 54, nó

(d) chun críocha thrádáil na hóstóireachta.

Ar choinníoll go measfar gur foirgneamh nó déanmhas atá á úsáid chun críocha thrádáil na hóstóireachta foirgneamh nó déanmhas atá á úsáid mar champa saoire.

(2) San alt seo folaíonn “duga” aon chuan, caladh, piara nó lamairne nó oibreacha eile inar féidir nó ag ar féidir le hárthaí marsantas nó paisnéirí a loingsiú nó a dhíloingsiú, nach piara ná lamairne a úsáidtear go príomha le haghaidh caitheamh aimsire, agus forléireofar “gnóthas duga” dá réir sin.

(3) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le cuid de thrádáil mar atá feidhm aige maidir le trádáil, ach mura gcomhlíonann ach cuid de thrádáil na coinníollacha atá leagtha amach san fho-alt sin, ní foirgneamh nó déanmhas tionscail de bhua an fho-ailt seo foirgneamh nó déanmhas mura n-úsáidtear é chun críocha na coda sin den trádáil sin.

(4) (a) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) nó i bhfo-alt (3), ach faoi réir fho-alt (5), ní fholaíonn “foirgneamh nó déanmhas tionscail”, sa Chaibidil seo, aon fhoirgneamh nó déanmhas atá á úsáid, mar, nó atá á úsáid mar chuid de, theach cónaithe, siopa mionreaca, seomra taispeána nó oifig nó chun aon chríche a ghabhann le críocha tí chónaithe, siopa mionreaca, seomra taispeána nó oifige.

(b) San fho-alt seo folaíonn “siopa mionreaca” aon áitreabh dá shamhail ina seoltar trádáil mhionreaca nó gnó mionreaca (ar a n-áirítear obair dheisiúcháin).

(5) Má tá cuid d'iomlán foirgnimh nó déanmhais, agus nach bhfuil cuid eile dhe, ina foirgneamh nó déanmhas tionscail, agus nach mó an caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú an dara coda sin a luaitear ná an deichiú cuid den chaiteachas caipitil iomlán a tabhaíodh ag foirgniú iomlán an fhoirgnimh nó an déanmhais, measfar gur foirgneamh nó déanmhas tionscail iomlán an fhoirgnimh nó an déanmhais agus gach cuid de.

(6) Déanfar aon tagairt sa Chaibidil seo d'fhoirgneamh nó déanmhas a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chuid d'fhoirgneamh nó déanmhas ach amháin i gcás ina n-áirítear an tagairt i dtagairt d'iomlán foirgnimh nó déanmhais.

An bhrí atá le “caiteachas ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais”.

[1956, F.I., a. 19;

1959, a. 73 (2).]

256. —Ní fholaíonn aon tagairt sa Chaibidil seo do chaiteachas a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais—

(a) aon chaiteachas a tabhaíodh ag fáil aon talún nó aon cheart i dtalamh nó thar thalamh, ná

(b) aon chaiteachas ag soláthar innealra nó gléasra nó ar aon sócmhainn a measfar maidir le haon bhliain mheasúnachta gur innealra nó gléasra í, ná

(c) aon chaiteachas a bhfuil aon liúntas tugtha nó ar féidir liúntas a thabhairt ina leith, in aghaidh na bliana céanna measúnachta nó in aghaidh aon bhliana measúnachta roimhe sin, faoi alt 244 (3) nó faoi alt 245.

Caiteachas ar ullmhú láithreáin.

[1959, a. 73 (3).]

257. —I gcás ina mbeifear tar éis caiteachas caipitiúil a thabhú ag allmhú, ar gearradh, ag tunalaíocht nó ag cothromú na talún chun an talamh a ullmhú mar láithreán chun innealra nó gléasra a chur isteach, measfar, chun críocha na Caibidle seo, maidir leis an gcaiteachas sin, gur foirgneamh nó déanmhas an t-innealra nó an gléasra.

Tosach feidhme ailt 255 (1) (b), 255 (2), 256 (b) (c) agus 257.

[1959, a. 73 (4).]

1956, Uimh. 47 .

258. —Maidir le liúntais foirgníochta tionscail in aghaidh blianta measúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, nó lá dá éis sin, seachas méideanna a tugadh anall ó aon bhliain mheasúnachta a chríochnaigh roimh an dáta sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas den Chaibidil seo amhail ó dháta tosach feidhm an Achta Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956

(a) alt 255 (1) (b) agus alt 255 (2),

(b) alt 256 (b) (c), agus

(c) alt 257.

Achomhairc.

[1956, F.I., a. 2.]

259. —Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta ar aon cheist a éireoidh faoin gCaibidil seo amhail mar a fhéadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomhairc.