An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XIV Faoisimh do Chaiteachas áirithe ar Thaighde Eolaíochta, ar Fhorbairt Mhianaigh agus ar Cheannach Longa Nua) Ar Aghaidh (Caibidil III Liúntaís i leith Caiteachais Chaipitiúil ar Longa Nua a Cheannach)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil II

Liúntas i leith Caiteachais Chaipitiúil ar Fhorbairt Mhianadóireachta

Liúntas i leith forbartha mianadóireachta.

[1946, a. 6;

1960, Sc. 4, Cuid I; 1961, a. 8.]

1940, Uimh. 31 .

245. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an focal “mianach” tochailt faoi thalamh chun mianraí a fháil:

Ar choinníoll, maidir le caiteachas caipitiúil de réir bhrí an ailt seo a tabhaíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis sin, go gciallaíonn an focal “mianach” mianach a oibrítear chun aon mhianra sceidealta, cumasc mianrúil nó substaint mhianrúil mar a mhínítear in alt 2 den Acht Forbairte Minearál, 1940 , a fháil trí oibriú faoi thalamh nó ar uachtar talún;

déanfar tagairtí do chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach a léiriú mar thagairtí do chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh—

(a) ag forbairt an mhianaigh ar bheith ag cuardach nó ag fionnachtain agus ag tástáil foslach mianraí nó ag déanamh bealaigh chucu, nó

(b) ag déanamh aon oibreacha is oibreacha de shaghas gur dócha, nuair a scoirfear den mhianach a oibriú, go mbeidh a luach chomh laghdaithe sin gur beag is fiú iad, nó nach fiú dada iad,

ach mar thagairtí nach bhfolaíonn tagairtí—

(c) d'aon chaiteachas chun láithreán an mhianaigh nó láithreán aon oibreacha den sórt sin nó cearta in aon láithreán nó ar aon láithreán den sórt sin a fháil, nó

(d) d'aon chaiteachas chun na foslaigh, nó cearta i leith na bhfoslach, a fháil, nó

(e) d'aon chaiteachas ar oibreacha a rinneadh go hiomlán nó go formhór chun amhtháirge an mhianaigh a chur faoi aon phróis seachas próis a ceapadh chun an t-amhtháirge a ullmhú chun a úsáidte sa cháil sin;

déanfar tagairtí go shócmhainní a ionannaíonn caiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach—

(a) a léiriú mar thagairtí a fholaíonn, maidir le caiteachas ar chuardach, fionnachtain agus tástáil foslach, tagairtí d'aon eolas nó torthaí eile ó aon chuardach, lorg nó fiosrú arb i ndáil leis a tabhaíodh an caiteachas, agus

(b) a léiriú mar thagairtí a fholaíonn freisin tagairtí d'aon chuid de shócmhainní den sórt sin, agus

(c) a léiriú mar thagairtí a fholaíonn freisin, i gcás aon sócmhainní den sórt sin a díthíodh nó a damáistíodh, tagairtí d'aon airgead árachais nó airgead cúitimh eile i leith an díthithe nó an damáistithe sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar caiteachas a bheith tabhaithe ag duine a raibh oibriú mianaigh á sheoladh aige mar thrádáil, sa mhéid go bhfuil an caiteachas sin íoctha nó le híoc, go díreach nó go neamhdhíreach, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó ag duine ar bith eile (nach duine a raibh oibriú an mhianaigh sin á sheoladh aige mar thrádáil).

(3) Duine ar bith a raibh oibriú mianaigh á sheoladh aige mar thrádáil agus a bheidh, an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, tar éis aon chaiteachas caipitiúil a thabhú i ndáil leis an mianach sin, féadfaidh sé liúntas (dá ngairtear liúntas forbartha mhianaigh san alt seo) a iarraidh i leith an chaiteachais chaipitiúil sin.

(4) Féadfar liúntas forbartha mhianaigh d'aon bhliain mheasúnachta a iarraidh ar an gcigire tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana sin.

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir leis an méid a bheidh i liúntas forbartha mianaigh d'aon bhliain mheasúnachta i leith aon chaiteachais chaipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach—

(a) measfaidh an cigire, go feadh a bhreithiúnais, marthanacht (dá ngairtear an mharthanacht mheasta san alt seo) na bhfoslach, ach ní mheasfaidh marthanacht is faide ná fiche bliain dóibh,

(b) measfaidh an cigire ansin méid an difir (dá ngairtear an difear measta san fho-alt seo) idir an caiteachas caipitiúil sin agus an méid is dóigh leis is fiú na sócmhainní, is ionann agus an caiteachas caipitiúil sin, i ndeireadh na marthanachta measta,

(c) faoi réir forálacha an ailt seo, lamhálfaidh an cigire sin mar liúntas forbartha mianaigh don bhliain mheasúnachta sin, méid ar cóimhéid le suim a mbeidh idir í agus an difear measta an chomhréir chéanna a bheidh idir fad na bliana measúnachta sin agus fad na marthanachta measta,

(d) más í an bhliain mheasúnachta sin a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil sin, ansin measfar chun críocha mhír (c), gurb ionann an bhliain mheasúnachta sin agus an oiread sin den bhliain mheasúnachta sin i ndiaidh an dáta ar ar tabhaíodh an caiteachas caipitiúil sin:

Ar choinníoll nach mbeidh iomlán na liúntas níos mó ná an difear measta.

(6) Aon liúntas forbartha mianaigh a thabharfar do dhuine ar bith a mbeidh oibriú mianaigh á sheoladh aige mar thrádáil tabharfar í mar asbhaint nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchan na trádála sin agus beidh feidhm ag alt 241 (3) maidir leis an liúntas amhail mar atá feidhm aige maidir le hasbhaintí i leith caitheamh agus cuimilt ghléasra agus innealra.

(7) Ní dheonófar liúntas forbartha mhianaigh i leith aon chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach in aon chás inar sócmhainn a bhféadfaí asbhaint a éileamh ina leith faoi alt 241, 243 nó 306 an tsócmhainn arb ionann í agus an caiteachas caipitiúil sin.

(8) Más rud é go mbeifear tar éis liúntas forbartha mianaigh d'aon bhliain mheasúnachta a dheonú i leith caiteachais chaipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach, ansin, in aghaidh na bliana measúnachta sin—

(a) beidh éifeacht ag alt 65 (3), maidir le haon tsócmhainn is ionann agus an caiteachas caipitiúil sin ionann agus dá mbeadh alt 65 (4) ar lár, agus

(b) ní bheidh feidhm ag alt 67 maidir le haon sócmhainn den sórt sin.

(9) Aon chaiteachas a tabhaíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis sin, i ndáil le mianach ag duine a bhí ar tí dul i mbun oibriú an mhianaigh sin a sheoladh mar thrádáil ach sular thosaigh sé ar an trádáil sin, déileálfar leis ionann is dá mba é chéad lá tosaithe na trádála a tabhaíodh é.

(10) I gcás ina mbeifear tar éis liúntais forbartha mianaigh a dheonú i leith caiteachais chaipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach agus ina mbeidh scortha go críochnaitheach den mhianach a oibriú—

(a) athscrúdóidh an cigire na liúntais forbartha mianaigh sin,

(b) más rud é, ar an athscrúdú sin a dhéanamh, gur dealraitheach breis a bheith ar iomlán na liúntas forbartha mianaigh sin ag méid an difir (dá ngairtear an difear sin san fho-alt seo) idir an caiteachas caipitiúil sin agus an méid ab fhiú, tráth an scoir sin, na sócmhainní ab ionann agus an caiteachas caipitiúil sin tráth an scoir sin, ansin féadfar liúntais forbartha mianaigh eile a mbeidh a n-iomlán comhionann leis an mbreis a dheonú d'aon bhliain mheasúnachta (arb í an bhliain í a mbeidh scortha go críochnaitheach den mhianach sin a oibriú nó aon bhliain roimhe sin) ach sin i dtreo nach mó ná an bhreis sin iomlán na liúntas forbartha mianaigh eile sin, agus, más gá, féadfar éifeacht a thabhairt don mhír seo trí aisíocaíocht a dhéanamh,

(c) más rud é, ar an athscrúdú sin a dhéanamh, gur dealraitheach gur lú an difear sin ná iomlán na liúntas forbartha mianaigh sin, ansin déileálfar leis an easnamh nó le hiomlán na liúntas forbartha mianaigh sin, cibé acu sin is lú, mar fháltas trádála de chuid na trádála ag oibriú an mhianaigh sin a d'fhaibhrigh díreach roimh an scor sin.

(11) I gcás an duine (dá ngairtear an díoltóir san fho-alt seo) a sheolann oibriú mianaigh mar thrádáil do dhíol aon tsócmhainne le haon duine eile (nach duine is comharba don díoltóir sa trádáil sin) is sócmhainn is ionann agus caiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil leis an mianach sin agus ar tugadh liúntais forbartha mianaigh faoina threoir, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) má bhíonn iomlán na liúntas forbartha mianaigh sin, i dteannta na suime de bharr an tsócmhainn sin a dhíol, níos lú de mhéid ar bith (dá ngairtear an liúntas neamhídithe san fho-alt seo) ná an caiteachas caipitiúil sin, ansin, féadfar liúntas forbartha mianaigh eile a dheonú don díoltóir in aghaidh aon bhliana measúnachta (arb í bliain an díola sin í nó aon bhliain roimhe sin), ach sin i dtreo nach mó ná an liúntas neamhídithe iomlán na liúntas forbartha mianaigh eile sin,

(b) má bhíonn breis ag iomlán na liúntas forbartha mianaigh sin, i dteannta na suime de bharr an tsócmhainn sin a dhíol, ar an gcaiteachas caipitiúil sin, ansin, déileálfar le méid na breise sin nó le hiomlán sin na liúntas forbartha mianaigh, cibé acu sin is lú, mar fháltas trádála de chuid na trádála sin a d'fhaibhrigh díreach roimh an díol sin.

(12) Más rud é—

féadfar leanúint de liúntais forbartha mianaigh a dheonú úi leith caiteachais chaipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach a dheonú do dhuine (dá ngairtear an trádálaí bunaidh san fho-alt seo) a raibh oibriú an mhianaigh á sheoladh aige mar thrádáil, agus

(b) go dtiocfaidh duine eile (dá ngairtear an comharba san fho-alt seo) i gcomharbas na trádála sin,

féadfar leanúint de liúntais forbartha mianaigh a dheon úi leith an chaiteachais chaipitiúil sin don chomharba, ach i gcás ar bith ní rachaidh méid na liúntas sin thar an méid a mbeadh teideal ag an trádálaí bunaidh chuige dá leanadh sé den trádáil sin.

(13) Más rud é maidir le haon bhliain mheasúnachta go mbeidh cuideachta i dteideal faoisimh i leith cánach ioncaim de bhua Chaibidil II nó Chaibidil III de Chuid XXV, ansin, chun críocha fho-ailt (5), (10), (11) agus (12), measfar gur deonaíodh, in aghaidh na bliana sin i leith aon chaiteachais, an liúntas forbartha mianaigh iomlán a fhéadfaí, ar é a éileamh go cuí, a dheonú in aghaidh na bliana sin i leith an chaiteachais sin, mura mbeifear tar éis an liúntas sin a dheonú iarbhír.

(14) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le haon cheist a éireoidh faoin alt seo sa slí chéanna ina bhféadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne measúnachta agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomhairc.