An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XIII Caitheamh agus Cuimilt agus Seandacht) Ar Aghaidh (Caibidil II Liúntas i leith Caiteachais Chaipitiúil ar Fhorbairt Mhianadóireachta)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XIV

Faoisimh do Chaiteachas áirithe ar Thaighde Eolaíochta, ar Fhorbairt Mhianaigh agus ar Cheannach Longa Nua

Caibidil I

Liúntais i leith Caiteachais ar Thaighde Eolaíochta

Liúntas i leith taighde eolaíochta.

[1946, a. 5;

1960, Sc. 4, Cuid I;

1965, a. 2 (a).]

244. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “taighde eolaíochta” aon ghníomhaíochtaí i réim na heolaíochta nádúrtha nó feidhmiúla d'fhonn eolas a mhéadú;

folaíonn an focal “sócmhainn” cuid de shócmhainn;

ní fholaíonn an abairt “caiteachas ar thaighde eolaíochta” aon chaiteachas a tabhaíodh ag fáil chearta i dtaighde eolaíochta nó cearta a d'éirigh as taighde eolaíochta.

(2) I gcás duine a sheolann trádáil—

(a) do thabhú, an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, caiteachais neamh-chaipitiúil ar thaighde eolaíochta a bhaineann leis an trádáil, nó

(b) d'íoc aon suime, ar an dáta sin nó dá éis, le comhlacht a sheolann taighde eolaíochta agus a bheidh ceadaithe chun críocha an ailt seo ag an Aire Airgeadais nó le hollscoil Éireannach, ionas go bhféadfadh an comhlacht nó an ollscoil sin taighde eolaíochta a bhaineann leis an trádáil a ghabháil de láimh,

ansin, déanfar an caiteachas a tabhaíodh amhlaidh nó an tsuim a íocadh amhlaidh a asbhaint mar chostas agus áireamh á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain na trádála.

(3) Más rud é—

(a) go dtabhóidh duine an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, caiteachas caipitiúil ar thaighde eolaíochta, agus

(b)      (i) go mbeidh trádáil lena mbaineann an caiteachas sin á seoladh aige an uair sin, nó

(ii) go dtionscnóidh agus go dtosóidh sé ina dhiaidh sin trádáil a bhainfidh leis an taighde sin, agus

(c) go n-iarrfaidh sé liúntais faoin bhfo-alt seo ar an gcigire i leith an chaiteachais sin, agus

(d) go n-iarrfaidh sé é sin amhlaidh—

(i) i gcás é do thabhú an chaiteachais le linn an trádáil a bheith á seoladh aige, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta a tabhaíodh é, nó

(ii) i gcás é do thabhú an chaiteachais roimh an trádáil a thionscnamh agus a thosú, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta a tionscnaíodh agus a tosaíodh an trádáil,

ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, lamhálfar mar asbhaint, nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchan na trádála don bhliain mheasúnachta a luaitear i cibé fomhír is infheidhmithe d'fhomhíreanna (i) agus (ii) de mhír (d) agus do gach bliain de na ceithre bliana measúnachta ina dhiaidh sin, suim is comhionann leis an gcúigiú cuid de mhéid an chaiteachais.

(4) Má scoirtear, tráth ar bith ar chúis ar bith, de shócmhainn, is ionann agus caiteachas caipitiúil ar thaighde eolaíochta, a úsáid don taighde sin a bhaineann leis an trádáil a sheolann an duine a thabhaigh an caiteachais, ansin—

(a) ní dhéanfar aon liúntas faoin alt seo i leith an chaiteachais sin a thabhairt d'aon bhliain mheasúnachta i ndiaidh na bliana a tharla an scor;

(b) má bhíonn a n-iomlán seo a leanas, eadhon, na liúntais a tugadh cheana faoin alt seo i leith an chaiteachais sin agus luach na sócmhainne díreach roimh an scor, níos lú ná an caiteachas sin, lamhálfar mar asbhaint, nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchan na trádála don bhliain mheasúnachta a tharla an scor liúntas breise ar cóimhéid le méid an easnaimh;

(c) más mó an t-iomlán sin ná an caiteachas sin, déileálfar le méid na breise nó le hiomlán na liúntas a tugadh amhlaidh, cibé acu sin is lú, mar fháltas trádála de chuid na trádála a d'fhaibhrigh díreach roimh an scor;

(d) nuair a bheifear ag tabhairt feidhme d'alt 241 maidir le héileamh i leith na sócmhainne d'aon bhliain mheasúnachta i ndiaidh na bliana a tharla an scor, measfar costas iarbhír na sócmhainne a bheith laghdaithe iomlán na liúntas a deonaíodh i leith na sócmhainne faoin alt seo; agus

(e) nuair a bheifear ag cur alt 243 chun feidhme maidir le haon éileamh den sórt sin, measfar costas na sócmhainne a bheith laghdaithe an t-iomlán sin.

(5) Maidir le caiteachas caipitiúil ar thaighde eolaíochta a bheifear tar éis a thabhú an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó dá éis sin beidh éifeacht ag an alt seo—

(a) ionann agus dá ndéanfaí na focail “agus do gach bliain de na ceithre bliana measúnachta ina dhiaidh sin” a fhágáil ar lár as fo-alt (3) agus “le méid” a chur in ionad “leis an gcúigiú cuid de mhéid” san fho-alt sin,

(b) ionann agus dá ndéanfaí míreanna (a), (b) agus (e) d'fho-alt (4) a fhágáil ar lár agus an mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (c)—

“(c) measfar gur fáltas trádála de chuid na trádála a d'fhaibhrigh díreach roimh an scor méid ar cóimhéid leis an liúntas a tugadh faoin alt seo i leith an chaiteachais sin, nó, más lú luach na sócmhainne díreach roimh an scor ná an liúntas sin, le méid ar cóimhéid leis an luach sin;”,

(c) ionann agus dá gcuirfí “méid an liúntais a deonaíodh go héifeachtúil” in ionad “iomlán na liúntas a deonaíodh” i bhfo-alt (4) (d).

(6) I gcás liúntas faoin alt seo a dheonú do dhuine in aghaidh aon bhliana measúnachta i leith caiteachais arb ionann é, go hiomlán nó go páirteach, agus sócmhainní, ansin, in aghaidh na bliana measúnachta sin—

(a) ní dhéanfar aon asbhaint i leith na sócmhainní sin a lamháil don duine sin faoi alt 67, 241, 243 nó 306, agus

(b) beidh éifeacht ag alt 65 (3) maidir leis na sócmhainní sin amhail is dá mbeadh alt 65 (4) ar lár.

(7) Beidh feidhm ag alt 241 (3) maidir le liúntas faoi fho-alt (3) den alt seo amhail mar atá feidhm aige maidir le hasbhaintí i leith caitheamh agus cuimilt ghléasra agus innealra.

(8) Chun críocha an ailt seo ní mheasfar gur thabhaigh duine caiteachas sa mhéid gur glanadh an caiteachas sin nó go bhfuil sé le glanadh, go díreach nó go neamhdhíreach, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó ag duine ar bith eile seachas an duine céadluaite.

(9) Ní chuirfear an caiteachas céanna san áireamh chun críche ar bith de chríocha an ailt seo maidir le níos mó ná aon trádáil amháin.