An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Blianachtaí Scoir) Ar Aghaidh (CUID XIII Caitheamh agus Cuimilt agus Seandacht)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil IV

Blianachtaí Saoil Ceannaithe

Abhar caipitiúil i mblianachtaí ceannaithe áirithe.

[1959, Cuid IV, a. 22.]

239. —(1) Chun críocha na bhforálacha den Acht seo a bhaineann le cáin ar bhlianachtaí agus íocaíochtaí bliantúla eile, déileálfar le blianacht saoil cheannaithe (nach blianacht de shórt a eisctear le fo-alt (8)) mar ní ina bhfuil ábhar caipitiúil agus, maidir leis an méid de is ábhar caipitiúil, mar ní nach íocaíocht bhliantúil ná nach bhfuil gné íocaíochta bliantúla ann; ach cuirfear an t-ábhar caipitiúil i mblianacht den sórt sin a gcuntas nuair a bheidh brabúis nó gnóchain nó caillteanais á ríomh chun críocha eile de chuid an Achta seo in aon chúinsí ina gcuirfí íocaíocht chnapshuime i gcuntas.

(2) I gcás aon bhlianacht saoil cheannaithe lena mbaineann an t-alt seo—

(a) cinnfear an t-ábhar caipitiúil faoi threoir méid nó luach na n-íocaíochtaí a rinneadh nó na comaoine eile a tugadh i leith an bhlianacht a dheonú,

(b) an chomhréir a bheidh idir an t-ábhar caipitiúil in aon íocaíocht bhlianachta agus méid iomlán na híocaíochta sin is í an chomhréir chéanna a bheidh inti i gcónaí i gcás na n-íocaíochtaí uile ar cuntas na blianachta,

(c) nuair nach mbeidh téarma na blianachta ná méid aon íocaíocht bhlianachta ag braith ar aon teaghmas seachas fad saoil duine nó saolta daoine, is í an chomhréir sin an chomhréir chéanna a bheidh idir méid iomlán nó luach na comaoine i leith an bhlianacht a dheonú agus luach achtúire na n-íocaíochtaí blianachta arna chinneadh de réir fho-alt (3), agus

(d) i gcás nach mbeidh feidhm ag mír (c), is é bheidh sa chomhréir sin cibé comhréir is comhréir chóir ag féachaint don mhír sin agus do na teaghmhais a bhaineann leis an mblianacht.

(3) Chun críocha fho-alt (2)—

(a) déanfar aon chomaoin iomlán a tugadh i leith blianacht a dheonú agus i leith ábhair éigin eile a chionroinnt mar a dhealróidh a bheith cóir (ach sin i slí nach ndéanfar ceart chun préimheanna a fháil ar ais ná comaoin eile i leith blianachta a áireamh chun na críche seo mar ábhar ar leithligh ón mblianacht),

(b) má dhealraíonn sé go ndearna méid nó luach na comaoine a airbheartaítear a bheith tugtha i leith ábhair éigin eile nó go ndearna an chomaoin deiridh sin a luaitear difear don mhéid sin nó don luach sin, áireofar méid nó luach comhiomlán na gcomaoin sin mar aon chomaoin iomlán amháin a tugadh ina leith le chéile agus cionroinnfear í dá réir sin faoi mhír (a), agus,

(c) measfar gurb é luach achtúire aon íocaíochtaí blianachta a luach amhail ar an dáta a thosaigh an chéad íocaíocht acu sin ag faibhriú, agus an luach sin a chinneadh faoi threoir na dtáblaí mortlaíochta forordaithe agus gan aon íocaíocht a lascainiú i leith an ama a bheidh le caitheamh idir an dáta sin agus an dáta a bheidh sí le déanamh.

(4) I gcás ina mbeifear tar éis fógra a thabhairt sa tslí fhorordaithe do dhuine a dhéanfaidh íocaíocht ar cuntas aon bhlianachta saoil ag insint aon bhreithe i dtaobh í a bheith nó gan a bheith ina blianacht saoil cheannaithe lena mbaineann an t-alt seo nó i dtaobh méid an ábhair chaipitiúil (más aon mhéid é) agus nach mbeidh aon fhógra tugtha dó i dtaobh aon athrú ar an mbreith sin, beidh an fógra ina fhógra críochnaitheach maidir leis na nithe sin chun a chinneadh cé mhéid cánach atá sé i dteideal, nó is gá dó, a asbhaint as an íocaíocht, nó a bhfuil dliteanas air ina leith.

(5) I gcás nach mbeifear tar éis fógra i dtaobh méid an ábhair chaipitiúil a thabhairt sa tslí fhorordaithe do dhuine a dhéanfaidh íocaíocht ar cuntas blianachta saoil ceannaithe lena mbaineann an t-alt seo, is é an méid cánach a bheidh sé i dteideal, nó is gá dó, a asbhaint as an íocaíocht nó a mbeidh dliteanas air ina leith, an méid céanna agus dá mba nár bhlianacht saoil cheannaithe lena mbaineann an t-alt seo an bhlianacht.

(6) Aon duine a sheolann gnó ag deonú blianachtaí ar shaol daoine beidh sé i dteideal go n-aisíocfar leis aon cháin a d'íoc sé trí asbhaint nó ar shlí eile in aghaidh aon bhliana measúnachta suas go dtí méid na cánach a mbeadh teideal aige, dá mba nár ritheadh an t-alt seo, é a asbhaint agus a choinneáil ar íocaíochtaí a dhéanamh a bhí dlite an bhliain mheasúnachta sin ar cuntas blianachtaí saoil agus nach ndearna sé, de réir an ailt seo, a asbhaint.

(7) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “blianacht saoil” blianacht is iníoctha in aghaidh téarma dar críoch deireadh saoil duine (nó tráth nach infhionnta ach amháin faoi threoir deireadh saoil duine), cibé acu atá nó nach bhfuil foráil ann go gcríochnóidh an bhlianacht le linn an tsaoil ar bheith caite do théarma socraithe nó ar aon teagmhas áirithe tarlú nó ar shlí éigin eile, nó go leanfaidh sí tar éis deireadh an tsaoil i gcúinsí áirithe, agus ciallaíonn “blianacht saoil cheannaithe” blianacht saoil a deonaíodh i gcomaoin in airgead nó luach airgid i ngnáthchúrsa gnó dheonaithe bhlianachtaí ar shaol daoine.

(8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le haon bhlianacht a ndéanfaí, ar leith ón alt seo, í a áireamh, chun críocha forálacha an Achta seo a bhaineann le cáin ar bhlianachtaí agus íocaíochtaí bliantúla eile, mar ní arb éard atá i gcuid ar bith di íocaíocht nó aisíocaíocht suime caipitiúla,

(b) maidir le haon bhlianacht arb é a bhí in iomlán na comaoine nó i gcuid den chomaoin i leith an bhlianacht a dheonú suimeanna a chomhlíon na coinníollacha i leith faoisimh ó cháin faoi alt 143, 151 nó 236,

(c) maidir le haon bhlianacht a ceannaíodh de bhun aon treorach in uacht, nó chun socrú a dhéanamh le haghaidh blianachta is iníoctha de bhua uachta nó socraíochta as ioncam maoine a diúscraíodh leis an uacht nó leis an tsocraíocht (cibé acu a tarraingíodh nó nár tarraingíodh ar chaipiteal), nó

(d) maidir le haon bhlianacht a ceannaíodh faoi réim nó chun críocha aon scéime aoisliúntais faoi choimirce mar a mhínítear in alt 235 (a), nó aon scéime arna ceadú faoi alt 235, nó de bhun aon oibleagáid a fhorchuirtear, nó tairiscint nó cuireadh, faoi nó i ndáil le aon scéim den sórt sin, nó maidir le haon bhlianacht eile a cheannaigh duine ar bith d'aithint seirbhíse dhuine eile (nó a sheirbhíse san am a caitheadh) in aon oifig nó fostaíocht.

(9) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás blianachtaí saoil cibé uair a ceannaíodh iad nó a thosaíodar (agus forléireofar dá réir sin na tagairtí d'ailt 143, 151 agus 236).

Forálacha forlíontacha.

[1959, a. 23.]

240. —(1) Is é an cigire a chinnfidh aon cheist i dtaobh ar blianacht saoil cheannaithe lena mbaineann alt 239 blianacht áirithe nó i dtaobh cad é an t-ábhar caipitiúil atá i mblianacht den sórt sin, ach féadfaidh duine ar bith arb éagóir leis aon chinneadh a rinne an cigire sin ar aon cheist den sórt sin achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta laistigh den tréimhse fhorordaithe.

(2) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an gCaibidil seo, is é an nós imeachta a fhorordófar an nós imeachta a leanfar agus feidhm á thabhairt don chéanna.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun aon ní a fhorordú atá le forordú faoin gCaibidil seo; agus féadfaidh na rialacháin, chun críocha na Caibidle seo nó chun críocha na rialachán, feidhm a thabhairt d'aon fhoráil den Acht seo (le modhnuithe nó gan modhnuithe), agus go háirithe na forálacha maidir le hachomharc a athéisteacht nó cás a shonrú ag iarraidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí.

(4) Féadfaidh rialacháin faoi fho-alt (3) foráil a dhéanamh go háirithe i dtaobh na teorann ama chun aon éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh ó cháin nó ar aisíoc cánach faoin gCaibidil seo agus i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

(a) an t-eolas a bheidh le tabhairt i ndáil le cinneadh aon cheiste i dtaobh ar blianacht saoil cheannaithe lena mbaineann alt 239 blianacht áirithe, nó i dtaobh cad é an t-ábhar caipitiúil atá i mblianacht, agus na daoine ar féidir a cheangal orthu aon eolas den sórt sin a thabhairt;

(b) an tslí ina gcuirfear in éifeacht breith ar aon cheist den sórt sin, agus déanamh measúnachtaí chun na críche sin ar an duine a bheidh i dteideal na blianachta d'ainneoin aon ní in alt 433;

(c) an méid a bheidh aon bhreith ar aon cheist den sórt sin ina ceangal, agus na cúinsí ina bhféadfar í a athbhreithniú.

(5) Má dhéanann aon duine go feasach aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach d'fhonn aon fhaoiseamh ó cháin nó aisíoc cánach a fháil dó féin nó d'aon duine eile faoin gCaibidil seo, dlífear pionós £500 a chur air.