An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XII Forálacha Speisialta maidir le Pinsin, Scéimeanna Pinsin, Blianachtaí Scoir agus Blianachtaí Saoil Ceannaithe) Ar Aghaidh (Caibidil III Blianachtaí Scoir)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil II

Sochair Scoir agus Sochair Eile do Stiúrthóirí agus d'Fhostaithe

Léiriú.

[1958, Cuid V, a.31.]

226. —(1) Sa Chaibidil seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “stiúrthóir”—

(a) maidir le comhlacht corpraithe ar bord stiúrthóirí nó comhlacht dá shamhail a bhainistíonn a ghnó, comhalta den bhord sin nó den chomhlacht dá shamhail,

(b) maidir le comhlacht corpraithe ar stiúrthóir aonair nó duine dá shamhail a bhainistíonn a ghnó, an stiúrthóir sin nó an duine sin,

(c) maidir le comhlacht corpraithe arb iad na comhaltaí féin a bhainistíonn a ghnó, comhalta den chomhlacht corpraithe,

agus folaíonn sé duine ar bith atá le bheith nó a bhí ina stiúrthóir;

ciallaíonn “luach saothair deiridh”, maidir le stiúrthóir nó fostaí ghlacann páirt i mbainistí ghnó an chomhlachta chorpraithe agus nach stiúrthóir, agus folaíonn sé duine atá le bheith nó a bhí ina fhostaí;

ciallaíonn “luach saothair deiridh”, maidir le stiúrthóir nó fostaí comhlachta chorpraithe, meán-mhéid bliantúil a luach saothair ón gcomhlacht corpraithe ar feadh na dtrí bliana deiridh dá sheirbhís leis an gcomhlacht corpraithe, agus glacfar gurb é méid luach saothair dhuine in aghaidh aon bhliana áirithe an méid de a mbeadh sé inmheasúnaithe ina leith faoi fhorálacha an Achta seo, dá gceanglódh na forálacha sin gur ar bhrabúis nó gnóchain na bliana sin agus nach ar bhrabúis nó gnóchain aon bhliana nó tréimhse eile a bhunófaí an mheasúnacht arna laghdú d'aon asbhaint (seachas asbhaint faoi alt 222 nó faoi alt 233) ab inlamháilte le linn brabúis nó gnóchain a bheith á ríomh faoin Acht seo, agus d'aon asbhaintí ab inlamháilte i leith caithimh agus cuimilte aon inneallra nó gléasra: Ar choinníoll nach bhfolóidh luach saothair, gcás stiúrthóra chuideachta, aon táille stiúrthóra nó luach saothair dá shamhail a fuair sé ina cháil mar stiúrthóir den sórt sin;

ciallaíonn “stiúrthóir páirt-aimsire”, maidir le comhlacht corpraithe, stiúrthóir nach bhfuil de cheangal air formhór a chuid ama a chaitheamh i seirbhís an chomhlachta chorpraithe;

ciallaíonn “fostaí páirt-aimsire” maidir le comhlacht corpraithe, fostaí nach bhfuil de cheangal air formhór a chuid ama a chaitheamh i seirbhís an chomhlachta chorpraithe;

ciallaíonn “stiúrthóir dílseánach” stiúrthóir cuideachta arb é an t-úinéir tairbhiúil é ar níos mó ná 15 faoin gcéad de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta, nó ar féidir leis, go díreach nó trí mheán cuideachtaí eile, nó trí aon mheán neamhdhíreach eile, níos mó ná an méid sin den ghnáth-scairchaipiteal sin a rialú;

ciallaíonn “fostaí dílseánach”, maidir le cuideachta, fostaí arb é an t-úinéir tairbhiúil é ar níos mó ná 15 faoin gcéad de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta nó ar féidir leis, go díreach nó trí mheán cuideachtaí eile, nó trí aon mheán neamhdhíreach eile, níos mó ná an méid sin den ghnáth-scairchaipiteal sin a rialú;

ciallaíonn “sochar scoir nó sochar eile” aon phinsean, blianacht, cnapshuim, aisce nó sochar eile dá shamhail a bheidh le tabhairt ar scor nó in oirichill scoir, nó, i ndáil le seirbhís san am a caitheadh, tar éis scoir, nó ar bhás nó i ndáil le bás a fháil le linn seirbhíse nó tar éis scoir, nó bheidh le tabhairt ar aon athrú nó in oirichill aon athrú nó i ndáil le haon athrú a theacht ar sheirbhís an duine iomchuí, ach amháin nach bhfolaíonn sé aon phinsean, blianacht, cnapshuim, aisce, ná sochar eile dá shamhail sin a bheidh le tabhairt de dhroim amháin bás nó éagumas duine ó thionóisc a tharlóidh de dhroim nó i gcúrsa a oifige nó a fhostaíochta agus ní de dhroim aon chúise eile;

ciallaíonn “seirbhís” seirbhís mar fhostaí don comhlacht corpraithe iomchuí nó mar stiúrthóir ar an gcomhlacht sin agus forléireofar “scor” dá réir sin;

ciallaíonn “scéim aoisliúntais reachtúil” scéim atá curtha ar bun le haon achtachán a bhaineann le haoisliúntas nó faoi.

(2) Chun críocha na mínithe atá i bhfo-alt (1) ar “stiúrthóir dílseánach” agus “fostaí dílseánach”—

(a) gnáth-scairchaipiteal atá ar úinéireacht nó faoi rialú mar a deirtear sna mínithe ag duine arb é céile stiúrthóra nó fostaí é nó ar naíon le stiúrthóir nó fostaí é nó is iontaobhaí ar iontaobhas chun sochair duine nó daoine arb eisean, nó ar a bhfuil, aon duine den sórt sin nó an stiúrthóir nó an fostaí sin, measfar gurb é an stiúrthóir nó an fostaí sin agus nach aon duine eile an duine a bhfuil sé ar úinéireacht aige nó faoina rialú, agus

(b) ciallaíonn “gnáth-scairchaipiteal” an caipiteal eisithe uile (cibé ainm a thugtar air) na cuideachta seachas caipiteal a bhfuil ceart ag a shealbhóirí díbhinn a fháil de réir ráta shocair nó de réir ráta a athraíonn de réir an ráta chánach ioncaim, ach nach bhfuil aon cheart eile acu chun scair de bhrabúis na cuideachta a fháil.

(3) I gcás athrú a bheith déanta ar scéim shochar scoir tráth ar bith i ndiaidh an 23ú lá d'Aibreán, 1958, measfar, chun críocha na Caibidle seo, gur scéim nua an scéim a tháinig i ngníomh dáta an athraithe, ach ní bhainfidh an fo-alt seo le hathrú a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

(4) Aon tagairt sa Chaibidil seo do shochair scoir nó do shochair eile a sholáthar do dhuine folaíonn sí tagairt do shochair is iníoctha le céile, leanaí, cleithiúnaithe nó ionadaithe pearsanta dlíthiúla an duine sin a sholáthar.

(5) Aon tagairt sa Chaibidil seo do shochair scoir nó do shochair eile nó do phinsean nó do bhlianacht a sholáthar ag comhlacht corpraithe folaíonn sí tagairt don soláthar sin a dhéanamh trí chonradh le tríú duine.

(6) Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le comhlachtaí neamhchorpraithe nó le comhlachtaí eile mar atá feidhm aici maidir le comhlachtaí corpraithe, ach measfar nach bhfolaíonn an tagairt san fho-alt seo do chomhlachtaí neamhchorpraithe nó do chomhlachtaí eile tagairt do phearsana aonair i gcomhpháirtíocht.

Muirearú i leith cánach i leith soláthair le haghaidh sochar scoir nó sochar eile do stiúrthóirí agus d'fhostaithe comhlachtaí corpraithe.

[1958, a. 32.]

227. —(1) Faoi réir alt 228, má tharlaíonn, de bhun scéime chun soláthar a dhéanamh faoi chomhair sochar scoir nó sochar eile san am le teacht do dhaoine arb éard iad, nó ar a bhfuil, stiúrthóirí nó fostaithe comhlachta chorpraithe (dá ngairtear scéim sochar scoir sa Chaibidil seo), go n-íocfaidh an comhlacht corpraithe in aon bhliain mheasúnachta áirithe suim chun aon sochair den sórt sin a sholáthar d'aon stiúrthóir nó fostaí don chomhlacht, ansin (cibé acu a bhraitheann nó nach mbraitheann faibhriú na sochar ar aon teagmhas)—

(a) maidir leis an tsuim a bheifear tar éis a íoc, mura mbeidh sí inmhuirir i leith cánach ioncaim ar shlí eile mar ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí, measfar, chun críocha uile an Achta seo, gur ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí sin don bhliain mheasúnachta sin an tsuim sin agus go bhfuil sí inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Chás IV de Sceideal D; agus

(b) más íocaíocht faoi aon árachas nó conradh den sórt a luaitear in alt 143 nó 151, an íocaíocht, tabharfar faoiseamh, muran inlamháilte ar shlí eile é, don stiúrthóir nó don fhostaí faoi alt 143 nó 151, cibé acu é, i leith na híocaíochta agus tabharfar an oiread faoisimh, más aon fhaoiseamh é, agus ab inlamháilte dó dá mb'eisean a rinne an íocaíocht agus gur leis a rinneadh an t-árachas nó an conradh faoina ndearnadh an íocaíocht.

(2) Faoi réir alt 228, i gcás—

(a) comhaontú a bheith i bhfeidhm idir comhlacht corpraithe agus stiúrthóir nó fostaí don chomhlacht sin chun soláthar a dhéanamh faoi chomhair aon sochar scoir nó sochar eile dó san am le teacht faoi scéim sochar scoir, nó duine a bheith ag fónamh mar stiúrthóir nó fostaí ag comhlacht corpraithe a bhfuil scéim sochar scoir ann maidir leis, a bhaineann le daoine den aicme ar di é agus faoina soláthrófar aon sochair den sórt sin dó,

(b) nach ndéanann an comhlacht corpraithe, nó nach ndéanann sé go hiomlán, soláthar na sochar a urrú trí shuimeanna den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) a íoc, agus

(c) nach imthosca ina bhfaibhreoidh na sochair imthosca a fhágfaidh cáin ioncaim a bheith inmheasúnaithe ar na sochair mar dhíolaíochtaí óna oifig mar stiúrthóir nó óna fhostaíocht,

ansin (cibé acu a bhraitheann nó nach mbraitheann faibhriú na sochair ar aon teaghmhas áirithe), gach bliain mheasúnachta a bheidh an comhaontú i bhfeidhm nó a bheidh an stiúrthóir nó an fostaí ag fónamh mar a dúradh anuas go dtí an bhliain mheasúnachta, agus an bhliain mheasúnachta sin freisin, a fhaibhreoidh na sochair nó scoirfidh aon seans de bheith ann go bhfaibhreoidh siad, measfar, chun críocha uile an Achta seo, gur ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí don bhliain sin, agus is ioncam arb inmheasúnaithe cáin ioncaim ina leith faoi Chás IV de Sceideal D, suim cóimhéid leis an tsuim bhliantúil a bheadh ar an gcomhlacht corpraithe a íoc an bhliain sin faoi chonradh le tríú duine ag urrú soláthar na sochar sin ag an tríú duine sin nó, cibé acu é, an oiread de na sochair sin nach mbeidh urraithe cheana trí íoc na suimeanna sin a luaitear i bhfo-alt (1).

(3) I gcás ina n-íocfaidh an comhlacht corpraithe aon suim a luaitear i bhfo-alt (1) maidir le stiúrthóirí nó fostaithe iomaí, déanfar, chun críocha an fho-ailt sin, an tsuim a íocfar amhlaidh a chionroinnt eatarthu faoi threoir na suimeanna faoi leith a chaithfí a íoc chun a urrú go ndéanfaí na sochair ar leith a sholáthar dóibh faoi seach, agus, chun na críche sin, measfar an chuid den tsuim a chionroinnfear ar gach duine faoi leith díobh a bheith íoctha ar leithligh maidir leis an duine áirithe sin díobh.

Díolúintí ó mhuirear cánach faoi alt 227.

[1958, a. 33.]

228. —(1) Beidh na híocaíochtaí seo a leanas díolmhaithe ó oibriú:

(a) íocaíochtaí le ciste aoisliúntais a bheidh ceadaithe (go hiomlán nó go páirteach) ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha alt 222;

(b) íocaíochtaí ar mhodh préimhe de bhun scéime sochar scoir, a bhfuil na sochair fúithi urraithe trí phréimheanna is iníoctha ag an gcomhlacht corpraithe, le ranníocaí nó gan ranníocaí ó na stiúrthóirí nó na fostaithe lena mbaineann, faoi chonarthaí árachas saoil nó dearlaice nó blianachtaí saoil, agus is scéim a bhí i ngníomh roimh an 24ú lá d'Aibreán, 1958,

faoi réir an choinníll nach mbeidh feidhm ag mír (b) maidir le híocaíocht i leith stiúrthóra nó fostaí a ligeadh nó a ligfear chun bheith ina chomhalta den scéim tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1959, ná maidir le duine arb éard é, tráth ar bith i rith na bliana measúnachta—

(i) stiúrthóir dílseánach,

(ii) stiúrthóir páirt-aimsire,

(iii) fostaí dílseánach, nó

(iv) fostaí páirt-aimsire.

(2)   (a) Ní bheidh feidhm ag alt 227 (1) ná ag alt 227 (2) ar shlí go mbeidh aon tsuim le háireamh mar ioncam mar a luaitear ansin i gcás inarb éard í an scéim sochar scoir a bheidh i gceist—

(i) scéim aoisliúntais reachtúil,

(ii) scéim eiscthe, nó

(iii) scéim a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 229.

(b) San fho-alt seo, ciallaíonn “scéim eiscthe” scéim sochar scoir a bhaineann le daoine nach stiúrthóir dílseánach, stiúrthóir páirt-aimsire, fostaí dílseánach ná fostaí páirt-aimsire aon duine díobh agus nach cead, de réir a téarmaí, luach comhiomlán na sochar uile is féidir a sholáthar d'aon duine a bheith níos mó ná £3,000 (i gcás ina bhfuil níos mó ná scéim sochar scoir amháin ann de thuras na huaire maidir leis an gcomhlacht corpraithe agus a bhaineann le daoine den aicme chéanna, measfar gur scéim amháin chun críocha an mhínithe seo na scéimeanna sin go léir i dteannta a chéile).

(3) I gcás—

(a) ina mbeifear, maidir le soláthar faoi chomhair aon sochar scoir nó sochar eile san am le teacht do stiúrthóir nó fostaí, tar éis a mheas gur ioncam dá chuid de bhua alt 227 (1) nó 227 (2) suim (dá ngairtear an tsuim mhuirearaithe san fho-alt seo),

(b) go gcruthóidh an stiúrthóir nó an fostaí dá éis sin do na Coimisinéirí Ioncaim, nó ar achomharc chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta, nach ndearnadh aon íocaíocht i leith, ná in ionad, na sochar agus gur tharla teaghmas éigin a thugann nach ndéanfar aon íocaíocht den sórt sin, agus

(c) go n-iarrfaidh an stiúrthóir nó an fostaí faoiseamh faoin bhfo-alt seo laistigh de thrí bliana ón am a tharla an teagmhas sin,

tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh i leith cánach ar an tsuim mhuirearaithe trí aisíoc nó ar shlí eile mar is iomchuí; agus má shásaíonn an stiúrthóir nó an fostaí na Coimisinéirí Ioncaim, nó ar achomharc na Coimisinéirí Speisialta, mar a dúradh maidir le cuid áirithe éigin de na sochair is lú ná a n-iomlán, féadfaidh na Coimisinéiri Ioncaim cibé faoiseamh a thabhairt is dóigh leo a bheith cóir, réasúnach.

(4) I gcás ina ndéanfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, a mheas, de bhua fo-alt (1) nó fo-alt (2) d'alt 227, gur ioncam le fostaí in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe aon suim áirithe, ach, maidir leis an mbliain sin, nach bhfuil, faoi fhorálacha an Achta seo, cáin ioncaim inmheasúnaithe ar an bhfostaí i leith díolaíochtaí a fhostaíochta nó gur ar fhoras an mhéid a fuair sé sa Stát is inmheasúnaithe amhlaidh í, ní bheidh d'fheidhm ag an bhfo-alt sin go mbeidh sé le meas gur ioncam dá chuid in aghaidh na bliana sin an tsuim sin.

Scéimeanna sochar scoir a cheadú.

[1958, a. 34.]

229. —(1) Faoi réir alt 230, ceadóidh na Coimisinéirí Ioncaim scéim sochar scoir chun críocha na Caibidle seo má chruthaítear dóibh go gcomhlíonann an scéim na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a) go bhfuil an scéim bunaithe in ndáil le trádáil nó gnóthas a sheoltar go hiomlán nó go páirteach sa Stát ag comhlacht corpraithe a chónaíonn sa Stát chun críocha cánach ioncaim;

(b) nach féidir le sochair na scéime faibhriú ach—

(i) do stiúrthóirí nó d'fhostaithe an chomhlachta chorpraithe ar scor dóibh, ar aois shonraithe (nach mó ná seachtó bliain) a shlánú dóibh, nó ar theacht faoi éagumas buan níos óige ná sin dóibh, nó

(ii) do bhaintreacha, do chlann nó do chleithiúnaithe eile nó d'ionadaithe pearsanta dlíthiúla daoine atá nó a bhí ina stiúrthóirí nó ina bhfostaithe don chomhlacht corpraithe, ar éag do na daoine sin;

(c) go bhfuil ceart sonraithe chun sochar sonraithe faoin scéim ag gach duine lena mbaineann an scéim agus gur cuireadh téarmaí na scéime in iúl dó;

(d) gur mar a chéile, maidir leis na daoine uile lena mbaineann an scéim, an saghas sochar a thugtar faoin scéim;

(e) gurb é an comhlacht corpraithe a íocann trian ar a laghad den chostas a bhaineann le soláthar na sochar is iníoctha faoin scéim le gach duine, nó maidir le gach duine, lena mbaineann an scéim;

(f) nach cead aon suim a d'íoc an comhlacht corpraithe chun sochair a sholáthar faoin scéim a chur chun aon chríche eile ná a aisíoc leis an gcomhlacht corpraithe;

(g) i gcás aon stiúrthóir nó fostaí do dhéanamh ranníoca i leith costas soláthair na sochar faoin scéim, nach cead aon suim a ranníoc aon duine amhlaidh a chur chun aon chríche eile seachas soláthar na sochar sin ná a aisíoc leis;

(h)      (i) nach cead luach comhiomlán na sochar uile a d'fhéadfadh faibhriú chun aon duine ar scor dó a bheith níos mó ná suim is comhionann, ar dháta an scoir sin, le luach pinsin ar feadh a shaoil ar cóimhéid leis an seascadú cuid dá luach saothair deiridh arna iolrú faoi uimhir a bhlianta seirbhíse, nó ná suim is comhionann, ar an dáta sin, le luach pinsin ar feadh a shaoil ar cóimhéid le dhá dtrian a luach saothair deiridh cibé acu sin is lú, agus

(ii) nach mó luach na sochar, más ann, a thugtar, ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamhiomalartaithe, ná ceathrú cuid an luacha chomhiomláin sin;

(i) nach bhféadfaidh luach comhiomlán na sochar uile (dá ngairtear sochair báis san fhomhír seo), a fhéadfaidh faibhriú ar aon duine d'fháil bháis le linn a sheirbhíse, a bheith níos mó ná luach na sochar d'fhéadfaí, de réir an choinníll at i mír (h) (i) a sholáthar dó ar scor dó ar an aois shonraithe a shlánú, dá leanadh sé de bheith ag fónamh nó go slánódh sé an aois sin de réir ráta bhliantúil luach saothair comhionann lena luach saothair deiridh, agus nach bhféadfaidh luach na sochar báis uile sin a fhéadfar a thabhairt ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamhiomalartaithe a bheith níos mó ná cibé suim acu seo a leanas is mó:

(i) £1,000,

(ii) méid is comhionann le luach saothair deiridh an duine,

(iii) suim is comhionann leis an tríochadú cuid de luach saothair deiridh an duine arna iolrú faoi uimhir a bhlianta seirbhíse nó faoi dhaichead a cúig, cibé acu is lú,

(iv) méid is comhionann le comhiomlán na suimeanna a ranníoc an duine faoin scéim, mar aon le hús réasúnach ar na suimeanna sin;

(j)      (i) nach bhféadfaidh comhiomlán na sochar uile a fhéadfaidh faibhriú, ar aon duine d'fháil bháis tar éis scor dó, a bheith níos mó ná suim is comhionann le luach comhiomlán na sochar ar tháinig an duine sin ina dteideal ar scor dó arna laghdú de shuim iomlán na n-íocaíochtaí uile a rinneadh nó a bhí dlite suas go dtí dáta báis an duine sin i leith na sochar sin, nó

(ii) gurb é an t-aon-sochar a fhéadfaidh faibhriú ar aon duine d'fháil bháis tar éis scor dó pinsean neamhiomalartaithe dá bhaintreach nó do chleithiúnaí eile agus arb é méid é méid nach mó ná leath an phinsin nó na blianachta a raibh an duine sin ina theideal tráth a bháis;

(k) nach insannaithe go hiomlán ná go páirteach na pinsin ná na blianachtaí a sholáthraítear faoin scéim;

(l) go bhfuil foráil sa scéim á áirithiú nach ngéillfear, go hiomlán ná go páirteach, aon chearta chun aon tsochair a soláthraíodh nó a sholáthrófar faoin scéim (cibé acu a bhraitheann nó nach mbraitheann faibhriú an tsochair ar theagmhas); agus

(m) nach bhféadfar seirbhís ar bith ag duine in aon fheidhmeannas an fad is—

(i) stiúrthóir dílseánach,

(ii) stiúrthóir páirt-aimsire,

(iii) fostaí dílseánach, nó

(iv) fostaí páirt-aimsire, é a chur san áireamh chun aon cheann de chríocha na scéime.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, ag féachaint do chúinsí an cháis áirithe, agus faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leo a fhorchur, scéim sochar scoir chun críocha na Caibidle seo a cheadú d'ainneoin feidhm a bheith ag mír nó míreanna acu seo a leanas:

(a) an coinníoll atá i bhfo-alt (1) (a) a bheith gan chomhlíonadh,

(b) cé gurb é príomh-chuspóir na scéime soláthar sochar nach bhféadfaidh faibhriú ach sna cúinsí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b), nach é an soláthar sin aon-chuspóir na scéime,

(c) an coinníoll atá i bhfo-alt (1) (f) a bheith gan chomhlíonadh toisc, más mó na suimeanna a bheidh íoctha ag an gcomhlacht corpraithe chun sochair a sholáthar faoin scéim i leith aon duine nó daoine ná an méid is gá chun sochair a sholáthar de réir na scéime don duine nó do na daoine sin, go bhféadfar suim i leith na breise a aisíoc leis an gcomhlacht corpraithe,

(d) go bhfuil an coinníoll atá i bhfo-alt (1) (g) gan chomhlíonadh toisc go bhféadfar suimeanna a ranníoc stiúrthóir nó fostaí a aisíoc leis (mar aon le hús réasúnach air nó dá éagmais sin) ar dheireadh a bheith lena sheirbhís i gcúinsí de shaghas nach dtiocfaidh sé i dteideal pinsin is iníoctha láithreach nó ar dháta éigin le teacht,

(e) i gcúinsí faoi leith féadfaidh luach comhiomlán na sochar a fhéadfaidh faibhriú, ar stiúrthóir nó fostaí do scor, dul thar an teorainn atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (h) (i) nó féadfaidh luach na sochar sin a thabharfar ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamhiomlartaithe dul thar an teorainn atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (h) (ii),

(f) féadfaidh luach comhiomlán na sochar a fhéadfar a thabhairt ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamhiomalartaithe, ar aon duine d'fháil bháis le linn a sheirbhíse dul thar an teorainn atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (i),

(g) an coinníoll atá i bhfo-alt (1) (m) a bheith gan chomhlíonadh maidir le stiúrthóir páirt-aimsire nó fostaí páirt-aimsire,

ar choinníoll go gcomhlíonann an scéim ar shlite eile na coinníollacha atá i bhfo-alt (1) agus go bhfuil na híocaíochtaí go léir faoin scéim le daoine lena mbaineann an scéim iníoctha ag duine nó trí dhuine a chónaíonn, chun críocha cánach ioncaim, sa Stát.

(3) Nuair a bheidh a gceadú tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim i leith scéime, féadfaidh siad tráth ar bith, trí fhógra i scríbhinn chun an chomhlachta chorpraithe lena mbainfidh, a gceadú a aistarraingt ar cibé forais agus amhail ó cibé dáta (ar a n-áirítear dáta roimh dháta an fhógra) a shonrófar san fhógra agus i gcás ina n-aistarraingeofar aon cheadú faoin bhfo-alt seo, déanfar, air sin, cibé measúnachtaí is oiriúnach ag féachaint d'alt 227 de dhroim na haistarraingte sin.

Scéimeanna comhshuimithe agus eadarscartha.

[1958, a. 35.]

230. —(1) Déanfar na tagairtí atá sa Chaibidil seo do scéim sochar scoir a fhorléiriú de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) déanfar tagairtí do scéim den sórt sin a fhorléiriú, maidir le gníomhas, comhaontú, sraith de chomhaontuithe nó comhshocraíochtaí eile do dhéanamh soláthair le haghaidh sochar scoir nó sochar eile do daoine de dhá aicme nó níos mó, mar thagairtí don méid sin den chéanna a bhaineann le daoine d'aicme amháin, agus, dá réir sin, measfar, chun críocha na Caibidle seo, dhá scéim sochar scoir nó níos mó a bhaineann faoi seach leis na haicmí éagsúla a bheith comhdhéanta i ngníomhas, comhaontú, sraith de chomhaontuithe nó comhshocraíochtaí eile a dhéanann soláthar den sórt sin;

(b) folaíonn tagairtí do scéim den sórt sin tagairtí do ghníomhas, comhaontú, sraith de chomhaontuithe, nó do chomhshocraíochtaí eile do dhéanamh soláthair le haghaidh sochar scoir nó sochar eile do dhaoine arb éard iad, nó ar a bhfuil, stiúrthóir nó fostaí, nó stiúrthóirí nó fostaithe, comhlachta chorpraithe (nó, i gcás lena mbaineann mír (a), don méid sin den chéanna a bhaineann le duine nó daoine d'aon aicme áirithe), d'ainneoin nach mbaineann sé nó siad ach le líon beag stiúrthóirí nó fostaithe, nó le stiúrthóir nó fostaí amháin.

(2) Chun a chinneadh, i gcás scéime sochar scoir a chuirfear faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim lena ceadú, cibé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha a shonraítear in alt 229 (1) comhlíonta, breithneofar an scéim i dteannta aon scéime nó scéimeanna eile a bheidh ann maidir leis an gcomhlacht corpraithe agus a bhainfidh le daoine den aicme lena mbainfidh an scéim a bheidh i gceist agus má bhíonn na coinníollacha sin comhlíonta i gcás na scéimeanna uile agus iad a ghlacadh le chéile, measfar go bhfuil na coinníollacha sin comhlíonta i gcás gach scéime díobh, agus, mura mbeidh, measfar nach bhfuil na coinníollacha sin comhlíonta i gcás aon scéime díobh.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo—

(a) cuid de scéim sochar scoir a cheadú, nó

(b) scéim den sórt sin a cheadú, d'ainneoin é a bheith, ag féachaint do scéim eile dá sórt a bheidh ann i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, le meas, de bhua fo-alt (2), nach gcomhlíonann an scéim a bheidh i gceist na coinníollacha réamhráite,

agus measfar go bhfolaíonn tagairtí sa Chaibidil seo do scéim sochar scoir a ceadaíodh faoi alt 229 tagairtí do chuid de scéim a ceadaíodh faoin bhfo-alt seo.

Measfar gurb ioncam suimeanna áirithe.

[1958, a. 36.]

231. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le scéim sochar scoir arna ceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim i bhfeidhmiú na gcumhacht a thugtar dóibh le halt 229 (2) i gcás lena mbaineann alt 229 (2) (e).

(2) I gcás ina ndéanfar, faoi scéim sochar scoir a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi, aon sochar a sholáthar do stiúrthóir nó d'fhostaí ar scor dó, ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamhiomalartaithe, agus go mbeidh breis ag luach iomlán na sochar uile a sholáthrófar amhlaidh faoi na scéimeanna sochar scoir uile lena mbainfidh an t-alt seo ar an tsuim a chomhlíonfadh an coinníoll a shonraítear in alt 229 (1) (h) (ii), measfar, chun críocha uile an Achta seo, gur ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí in aghaidh na bliana measúnachta a scoirfidh sé an bhreis sin (dá ngairtear an bhreis ina dhiaidh seo san alt seo) agus gurb inmheasúnaithe í i leith cánach ioncaim faoi Chás IV de Sceideal D:

Ar choinníoll go mbeidh teideal ag an stiúrthóir nó ag an bhfostaí, ar na fíorais iomchuí a bheith cruthaithe do na Coimisinéirí Ioncaim, go ndéanfar iomlán na cánach ioncaim agus na forchánach is iníoctha aige don bhliain mheasúnachta a laghdú go dtí iomlán an dá shuim seo a leanas:

(i) an méid cánach ioncaim agus forchánach ab iníoctha aige dá mba nár achtaíodh an fo-alt seo, agus

(ii) cáin ioncaim agus forcháin ar mhéid na breise de réir rátaí a dhéanfar amach faoi seach ar an modh a shonraítear i bhfo-alt (3).

(3) Ríomhfar:

(a) na méideanna cánach ioncaim agus forchánach faoi seach ab iníoctha ag an stiúrthóir nó ag an bhfostaí don bhliain mheasúnachta a scoir sé mura mbeadh ar áireamh a ioncaim iomláin don bhliain sin aon luach saothair ón oifig nó ón bhfostaíocht óna mbeidh sé tar éis scor, ach go raibh ar áireamh ann íocaíocht bliana iomláine den bhlianacht nó den phinsean neamhiomalartaithe a soláthraíodh dó, má soláthraíodh, ar scor dó, agus

(b) na suimeanna breise cánach ioncaim agus forchánach, de bhreis ar na suimeanna a ríomhfar de réir mhír (a) ab iníoctha aige dá mbeadh ar áireamh a ioncaim iomláin don bhliain mheasúnachta, i dteannta an ioncaim a shonraítear sa mhír sin, íocaíocht bhliana iomláine de phinsean ar feadh a shaoil (dá ngairtear an measphinsean ina dhiaidh seo san fho-alt seo) ar chomhionann leis an mbreis a luach ar dháta a scoir,

agus déanfar na rátaí cánach ioncaim agus forchánach faoi seach chun críocha mhír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) a ríomh ansin trí na suimeanna breise cánach ioncaim agus forchánach faoi seach, arna ríomh de réir mhír (b), a roinnt ar mhéid an mheas-phinsin.

(4)   (a) Bainfidh alt 434 le haon íocaíocht i leith, nó ar cuntas, na breise amhail is dá mba éard í an íocaíocht sin íocaíocht úis ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D nach iníoctha as brabúis nó gnóchain a tugadh faoi mhuirear cánach, agus déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar an íocaíocht cáin a asbhaint, agus beidh cáin inghnóthaithe uaidh, dá réir sin.

(b) Ní dhéanfaidh an fo-alt seo difear do dhliteanas an stiúrthóra nó an fhostaí iomchuí a bheith inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim de bhua an ailt seo faoi Chás IV de Sceideal D, ná don méid a bhféadfar cáin a mheasúnú amhlaidh air ina leith, ach, chun críocha bailiúcháin, tabharfar creidiúint dó sa mhéid a asbhainfear agus a dtabharfar cuntas ina leith faoin bhfo-alt seo.

(5) I gcás nach mó ná £3,000 luach comhiomlán na sochar uile a sholáthrófar, ar scor do stiúrthóir nó d'fhostaí nó i ndáil le scor stiúrthóra nó fostaí, faoi na scéimeanna sochar scoir uile a bheidh ann i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, ní ghlacfaidh an t-alt seo éifeacht maidir leis an stiúrthóir nó an fostaí sin.

Baint alt 434 le híocaíochtaí áirithe.

[1958, a. 37.]

232. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le scéim sochar scoir arna ceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim trí na cumhachtaí a thugtar dóibh le halt 229 (2) a fheidhmiú, i gcás lena mbaineann alt 229 (2) (f).

(2) I gcás ina ndéanfar, faoi scéim sochar scoir a mbeidh feidhm ag an alt seo maidir léi, aon sochar a sholáthar, ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamhiomalartaithe, ar stiúrthóir nó fostaí d'fháil bháis le linn a sheirbhíse agus go mbeidh breis ag luach iomlán na sochar uile a sholáthrófar amhlaidh faoin scéim sin agus faoi na scéimeanna eile uile a bheidh díolmhaithe ó oibriú alt 227, agus a bheidh ann i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, ar an tsuim a chomhlíonfadh an coinníoll a shonraítear in alt 229 (1) (i), bainfidh alt 434 le haon íocaíocht i leith, nó ar cuntas, na breise sin amhail is dá mba éard í an íocaíocht íocaíocht úis ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D nach iníoctha as brabúis nó gnóchain a tugadh faoi mhuirear cánach, agus déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar an íocaíocht cáin a asbhaint, agus beidh cáin inghnóthaithe uaidh, dá réir sin.

(3) Ní thabharfaidh aon ní san alt seo go ndéileálfar, chun aon cheann de chríocha an Achta seo, le haon bhreis den sórt sin dá dtagraítear i bhfo-alt (2) mar ioncam le hionadaí pearsanta dlíthiúil an stiúrthóra nó an fhostaí éagtha nó le haon duine eile.

(4) I gcás nach mó ná £3,000 luach comhiomlán na sochar uile a sholáthrófar ar, nó i ndáil le, stiúrthóir nó fostaí d'fháil bháis le linn a sheirbhíse, faoi na scéimeanna sochar scoir uile a bheidh ann i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, ní ghlacfaidh an t-alt seo éifeacht maidir leis an stiúrthóir nó an fostaí sin.

Ranníocaí a lamháil mar asbhaintí, etc.

[1958, a. 38.]

233. —(1) I gcás ina ndéanfaidh stiúrthóir nó fostaí ranníoc, faoi théarmaí scéime sochar scoir a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 229, i leith costas soláthair shochar na scéime, déanfar aon suim a ranníocfaidh an stiúrthóir nó an fostaí sin amhlaidh, a lamháil, chun críocha measúnachta faoi Sceideal E, mar asbhaint as an luach saothair óna oifig nó óna fhostaíocht agus déanfar an asbhaint sin de réir alt 112, ach

(a) déanfar méid (dá ngairtear an méid sin ina dhiaidh seo sa mhír seo), is inlamháilte ar shlí eile faoin bhfo-alt seo d'aon bhliain mheasúnachta áirithe, is é sin, méid aon asbhainte nó asbhaintí, a laghdú (ar a n-áirítear a laghdú go nialas), más gá sin, ionas nach mó iomlán an mhéid sin agus na hasbhainte, más aon asbhaint é, is inlamháilte don bhliain mheasúnachta chéanna faoi alt 222 (1), i leith ranníoc a rinneadh le ciste aoisliúntais a bhaineann leis an oifig nó leis an bhfostaíocht chéanna ná 15 faoin gcéad den luach saothair ón oifig nó ón bhfostaíocht iomchuí don bhliain, nó don chuid de bhliain, ar ina leith a rinneadh na ranníocaí iomchuí, agus

(b) ní inlamháilte aon asbhaint i leith ranníoc a aisíocfar roimh dheireadh na bliana measúnachta a dhéanfar é.

(2) I gcás ina ndéanfar aon ranníocaí a rinne stiúrthóir nó fostaí faoi scéim is scéim cheadaithe de réir bhrí fho-alt (1) a aisíoc leis i rith a shaoil—

(a) beidh feidhm ag alt 434 maidir le méid na ranníoc a aisíocfar ionann agus dá mba íoc é ar ús a tugadh faoi mhuirear cánach faoi Sceideal D nárbh iníoctha as brabúis nó gnóchain ar ar muirearaíodh cáin, agus déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar an t-aisíoc cáin a asbhaint, agus beidh cáin inghnóthaithe uaidh, dá réir sin,

(b) chun críocha cánach ioncaim (gan forcháin a áireamh) ní dhéanfar méid na ranníoc a aisíocfar a áireamh mar ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí, ach ar é do dhéanamh éilimh air, beidh teideal aige go n-aisíocfar leis an oiread sin den cháin a asbhaineadh faoi mhír (a) is breis ar shuim ar cóimhéid le cáin ar mhéid na ranníoc a aisíocadh, gan aon ranníocaí ná codanna de ranníocaí a áireamh nárbh inlamháilte mar asbhaintí faoi fho-alt (1), de réir ráta a dhéanfar amach trí iomlán na suimeanna breise cánach ioncaim ab iníoctha aige in aghaidh na sé bliana measúnachta roimh an mbliain a aisíocadh na ranníocaí mura lamhálfaí aon asbhaint faoin bhfo-alt sin (1) faoi threoir na ranníoc sin a íoc, ar iomlán na n-asbhaintí a lamháladh iarbhír amhlaidh in aghaidh na mblianta sin, agus

(c) chun críocha forchánach, déanfar na ranníocaí a bheidh aisíoctha a áireamh, sa mhéid gur lamháladh mar asbhaintí iad faoi fho-alt (1), mar ioncam sna blianta leithleacha measúnachta ar lamháladh dóibh amhlaidh iad agus féadfar aon mheasúnachtaí eile is gá i leith forchánach a dhéanamh dá réir sin.

Sonraí scéimeanna sochar scoir a se achadadh, etc.

[1958, a. 39; 1963, Sc. 6, Cuid III.]

234. —(1) Beidh de dhualgas ar chomhlacht corpraithe—

(a) sonraí a thabhairt don chigire, laistigh den trí mhí dar tosach an dáta a thiocfaidh an scéim i bhfeidhm, i dtaobh aon scéime sochar scoir a thiocfaidh ann an 6ú lá d'Eanáir, 1967, nó dá éis sin, seachas scéim a oibrítear trí chiste a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 222, nó faoi scéim aoisliúntais reachtúil, agus

(b) nuair a cheanglófar air é trí fhógra ón gcigire sin a dhéanamh, cibé sonraí breise a thabhairt, laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra sin, a iarrfaidh an cigire le réasún i dtaobh aon scéime sochar scoir a bheidh ann maidir leis an gcomhlacht corpraithe nó leis na daoine lena mbaineann sí.

(2) I gcás ina mbeidh scéim sochar scoir ceadaithe de thuras na huaire chun críocha na Caibidle seo, beidh sé de dhualgas ar an duine ag a mbeidh bainistí na scéime, nuair a cheanglófar air é trí fhógra ón gcigire sin a dhéanamh, cibé sonraí maidir le hoibriú na scéime a iarrfaidh an cigire le réasún, a thabhairt laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra, lena n-áirítear (go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo)—

(a) sonraí íocaíochtaí a rinneadh chun sochair a sholáthar faoin scéim,

(b) sonraí íocaíochtaí a rinneadh i leith nó ar cuntas sochar faoin scéim agus sonraí daoine lena ndearnadh na híocaíochtaí, agus

(c) sonraí ranníocaí a aisíocadh faoin scéim agus sonraí aon úis a íocadh ar na ranníocaí sin.

(3) I gcás ina mbainfidh comhlacht corpraithe as na sochair a íocfaidh sé le haon duine dá stiúrthóirí nó dá fhostaithe, nó ina n-íocfaidh sé thar ceann an duine sin, aon ranníocaí de chuid an stiúrthóra nó an fhostaí sin faoi scéim sochar scoir cheadaithe, cuirfear sonraí na hasbhainte nó na híocaíochta sa tuairisceán iomchuí pá agus tuarastal a cheanglaítear a thabhairt faoi alt 178.