An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XI Cumainn Thionscail agus Choigilitis) Ar Aghaidh (Caibidil II Sochair Scoir agus Sochair Eile do Stiúrthóirí agus d'Fhostaithe)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XII

Forálacha Speisialta maidir le Pinsin, Scéimeanna Pinsin, Blianachtaí Scoir agus Blianachtaí Saoil Ceannaithe

Caibidil I

Aoisliúntas

Cistí aoisliúntais a dhíolmhú

[1921, a.32;

1940, a.7;

1958, a.38;

1959 (Uimh. 2), a. 13(2).]

222. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo agus aon rialachán faoi, lamhálfar díolmhadh ó cháin ioncaim i leith ioncam ó infheistíochtaí nó taiscí ciste aoisliúntais, agus, faoi réir a ndúradh roimhe seo, lamhálfar, nuair a bheidh sochair nó brabúis chun críche measúnachta i leith cánach ioncaim faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D nó faoi Sceideal E á ríomh, aon suim a d'íoc fostóir nó duine fostaithe ar mhodh ranníoca i leith ciste aoisliúntais a asbhaint mar chostas a tabhaíodh sa bhliain a íocadh an tsuim:

Ar choinníoll nach dtabharfar aon liúntas faoin bhforáil roimhe seo maidir le haon ranníoc ag duine fostaithe nach gnáth-ranníoc bliantúil agus, i gcás nach gnáth-ranníoc bliantúil ranníoc ó fhostóir, déanfar, chun críche na forála roimhe seo, í a áireamh, mar a ordóidh na Coimisinéirí, mar chostas a tabhaíodh sa bhliain a íocadh an tsuim nó mar chostas a bheidh le roinnt thar cibé tréimhse blianta is cuí leis na Coimisinéirí.

(2) Déanfar, má ordaíonn na Coimisinéirí amhlaidh, cáin ioncaim is inmhuirir i leith blianachta a íocadh as ciste aoisliúntais le duine a chónaíonn sa Stát, a mheasúnú agus a mhuirearú ar an mblianachtóir faoi Sceideal E in ionad í a asbhaint agus a chur i gcuntas faoi alt 434 agus ríomhfar cáin ar mhéid iomlán na blianachta a éireoidh sa bhliain mheasúnachta.

(3) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “ciste aoisliúntais”, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ciste a cheadaigh na Coimisinéirí chun na gcríocha sin, agus, faoi réir a bhforáiltear anseo ina dhiadh seo, ní cheadóidh na Coimisinéirí aon chiste mura gcruthófar chun a sástacht—

(a) gur ciste bona fide an ciste a bunaíodh faoi iontaobhais neamhinchúlghairthe i ndáil le trádáil nó gnóthas éigin a bhí á sheoladh sa Stát ag duine a raibh cónaí air ann;

(b) gurb é is aon-chuspóir don chiste blianachtaí a sholáthar do na daoine seo a leanas go léir nó d'aon duine áirithe díobh sna teagmhais a shonraítear faoi seach, is é sin le rá, do dhaoine ar fostú sa trádáil nó sa ghnóthas, ar scor dóibh nó ag aois shonraithe, nó ar theacht dóibh chun bheith éagumasaithe ag aois éigin níos óige, nó do bhaintreachta, do leanaí nó do chleithiúnaithe daoine atá nó a bhí fostaithe amhlaidh ar bhás na ndaoine sin;

(c) gur ranníocóir leis an gciste an fostóir sa trádáil nó sa ghnóthas;

(d) go dtugann an fostóir agus na daoine atá fostaithe sa trádáil nó sa ghnóthas aitheantas don chiste:

Ar choinníoll go bhféadfaidh na Coimisinéirí, más cuí leo, agus faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is oiriúnach leo a chur ag gabháil leis an gceadú, ciste, nó aon chuid áirithe de chiste, a cheadú mar chiste aoisliúntais chun críocha an ailt seo—

(i) d'ainneoin go ndéanann rialacha an chiste foráil le haghaidh ranníocaí a íocadh leis an gciste a chur ar ais i dteagmhais áirithe; nó

(ii) más é príomh-chuspóir an chiste blianachtaí mar a dúradh a sholáthar, d'ainneoin nach é an soláthar sin is aon-chuspóir dó; nó

(iii) d'ainneoin nach bhfuil an trádáil nó an gnóthas ar ina leith a bunaíodh an ciste ach á sheoladh go páirteach sa Stát agus sin ag duine nach gcónaíonn ann.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí rialacháin a dhéanamh go ginearálta chun an t-alt seo a chur in éifeacht agus, go sonrach, gan dochar do ghinearáltacht na forála roimhe seo, féadfaidh siad leis na rialacháin sin—

(a) foráil a dhéanamh le cáin a mhuirearú agus a chur i gcuntas i leith ranníocai (lena n-áirítear ús) a aisíocadh le ranníocóir le ciste aoisliúntais agus ar chnapshuimeanna iad a íocadh mar iomalairt nó mar mhalairt ar bhlianachtaí is iníoctha as ciste aoisliúntais ionann agus dá mba é a bhí in aon suimeanna a aisíocadh nó a íocadh amhlaidh ioncam a bhain leis an mbliain a aisíocadh nó a íocadh iad;

(b) a cheangal ar na hiontaobhaithe nó ar na daoine eile ag a bhfuil bainistí chiste aoisliúntais, nó ar fhostóir a ndéanann a chuid fostaithe ranníoc le ciste iontaobhais, cibé eolas agus sonraí a sheachadadh do na Coimisinéirí a iarrfaidh na Coimisinéirí le réasún chun críocha an ailt seo;

(c) an tslí a fhorordú ina mbeidh éilimh ar fhaoiseamh faoin alt seo le déanamh agus le ceadú, agus ina mbeidh iarratais le déanamh chun ciste aoisliúntais a cheadú;

(d) foráil a dhéanamh le haghaidh ceadú a tharraingt siar i gcás ciste a scoirfidh de cheanglais an ailt seo a shásamh;

(e) foráil a dhéanamh lena chinneadh cad iad na ranníocaí le ciste aoisliúntais a bheidh le háireamh mar ghnáthranníocaí bliantúla chun críocha an ailt seo.

(5) San alt seo ciallaíonn “na Coimisinéirí” na Coimisinéirí Ioncaim.

Ranníocaí faoi chomhair costas sochar aoisliúntais.

[1922, a.31.]

223. —(1) Más rud é, de bhun aon reachta poiblí, gurb iníoctha aoisliúntais nó aiscí le pearsana aonair a shealbhaigh oifig nó fostaíocht ar scor dóibh, nó lena n-ionadaithe pearsanta dlíthiúla ar éag dóibh, agus go gceanglaítear ar na pearsana aonair sin le haon reacht den sórt sin ranníocaí a thabhairt faoi chomhair costas na liúntas agus na n-aiscí a sholáthar, féadfar na suimeanna a ranníocfaidh aon phearsa den sórt sin in aghaidh aon bhliana áirithe a asbhaint as an méid dá chuid díolaíochtaí a bheidh le measúnú i leith cánach ioncaim in aghaidh na bliana sin:

Ar choinníoll, i gcás aon suimeanna den sórt sin a bheith le haisíoc le haon phearsa faoi údarás aon reachta den sórt sin, go ndéanfaidh an duine a aisíocfaidh nó trína n-aisíocfar na suimeanna méid a asbhaint as na suimeanna sin is comhionann le méid iomlán na cánach ioncaim a bheadh íoctha i leith na suimeanna sin dá mba rud é nár lamháladh mar asbhaintí iad faoi údarás an ailt seo, agus má aisíoctar na suimeanna sin maille le haon ús orthu, go ndéanfaidh sé freisin suim a asbhaint as an gcéanna is comhionann le méid iomlán na cánach ioncaim a bheidh íoctha i leith an úis sin dá mba rud é gur íocadh é iarbhír leis an bpearsa aonair sna blianta ar leithligh ar íocadh é ina leith, agus beidh feidhm ag forálacha alt 434 (2) (3) (4) (5) maidir leis na méideanna a asbhainfear amhlaidh a chur i gcuntas agus a ghnóthú.

(2) Duine ar bith ag a bhfuil coinneáil na leabhar ina bhfuil na measúnachtaí i leith cánach ioncaim ar aon phearsa aonair do na blianta ar leithligh a bhfuil suimeanna inaisíoctha leis ina leith mar a dúradh déanfaidh sé, d'ainneoin aon ní in aon dearbhú a rinne an duine sin de bhun alt 163, ar iarratas ón duine ag a bhfuil nó trína bhfuil na suimeanna inaisíoctha, cibé sonraí a thabhairt don duine sin is gá chun go bhféadfaidh sé an méid iomchuí cánach ioncaim a ríomh a bheidh le asbhaint agus le híoc aige mar a dúradh.

Ranníocaí agus sochair faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh:

[1961, a.10.]

224. —(1) San alt seo ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1963, agus aon achtachán ina dhiaidh sin ar féidir na hAchtanna sin a lua ina theannta.

(2) Is iad na sochair lena mbaineann an t-alt seo pinsean baintrí (rannaíocach), liúntas dílleachta (ranníocach) agus pinsean seanaoise (ranníocach) is iníoctha faoi na hAchtanna.

(3) Maidir le haon ranníoc a bheidh íoctha ag duine faoi na hAchtanna mar ranníocóir fostaithe nó ranníocóir saorálach déanfar an méid sin de a bheidh íoctha aige i leith sochar lena mbaineann an t-alt seo a asbhaint as ioncam, nó a fhritháireamh in aghaidh ioncaim, an duine sin don bhliain mheasúnachta a íocadh an ranníoc, agus, i gcás inar gá sin, urscaoilfear nó aisíocfar cáin dá réir sin, agus déanfar ioncam iomlán an duine sin don bhliain mheasúnachta sin a ríomh dá réir sin chun críocha uile an Achta seo, agus ní thabharfar ná ní lamhálfar aon fhaoiseamh ná asbhaint faoi aon fhoráil eile den Acht seo maidir le haon ranníoc ar féidir faoiseamh a thabhairt ina leith faoin bhfo-alt seo:

Ar choinníoll—

(a) go ndéanfar an méid a bheidh le hasbhaint nó le fritháireamh a áireamh mar mhéid a laghdaíonn ioncam tuillte go príomha;

(b) i gcás breis a bheith ag an méid iomlán a bheidh le hasbhaint as ioncam, nó le fritháireamh in aghaidh ioncaim, duine phósta a gcónaíonn a bhanchéile leis nó a chónaíonn lena fearchéile ar ioncam iomlán an duine sin, go measfar gurb é atá sa bhreis méid a fhéadfaí, faoi na forálacha roimhe seo den fho-alt seo, a asbhaint as ioncam, nó a fritháireamh in aghaidh ioncaim, bhanchéile nó fhearchéile an duine sin;

(c) maidir le haon ranníoc a bheidh íoctha ag duine ar tharla dó dul faoi árachas chun críche pinsin seanaoise (ranníocach) tar éis dó seasca bliain d'aois a shlánú, nach ndéanfar aon asbhaint ná fritháireamh a lamháil i leith na coda de a íocadh i leith pinsin seanaoise (ranníocach).

(4) Measfar gur díolaíochtaí lena mbaineann Cuid IV de Chuid V, íocaíochtaí sochar lena mbaineann an t-alt seo.

(5) Aon duine a mbeidh, de bhua aon fhoráil atá sna hAchtanna, asbhaint bainte as a luach saothair i leith aon ranníoca measfar, chun críocha an ailt seo (ach ní chun aon chríche eile) ranníoc is comhionann le méid na hasbhainte a bheith íoctha aige.

(6) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb í cuid d'aon ranníoc a íocadh i leith aon sochair nó i leith na sochar uile lena mbaineann an t-alt seo an chuid sin de a chinnfidh an tAire Leasa Shóisialaigh.

Dliteanas pinsean, etc., áirithe i leith cánach.

[1932. a.4(1).]

225. —I gcás duine a bheith tar éis scor de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta agus go bhfuil an duine faoina raibh sé i seilbh na hoifige sin nó ag a raibh sé fostaithe amhlaidh, nó go bhfuil oidhrí, seiceadóirí, riarthóirí, nó comharbaí an duine sin, ag íoc pinsin, blianachta, nó íocaíochta bliantúla eile leis féin nó lena bhaintreach nó lena leanbh nó le héinne dá ghaolta nó dá chleithiúnaithe, ansin d'ainneoin go bhfuil an pinsean, an bhlianacht nó an íocaíocht bhliantúil eile sin á íoc go saorálach nó go bhféadfaí scor dá íoc measfar gur ioncam é chun críche measúnachta cánach ioncaim agus déanfar é a mheasúnú agus a mhuirearú faoi Sceideal D nó faoi Sceideal E de réir mar is gá sa chás.