An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Forálacha Speisialta maidir le Neamhchónaitheoirí agus Cónaitheoirí Sealadacha) Ar Aghaidh (CUID X Forálacha Speisialta maidir le Cuideachtaí árachais agus Gnóthaí Infheistíochta)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil III

Forálacha Speisialta maidir le Comhlachtaí Daoine, Daoine Éagumasaithe, Iontaobhaithe agus Gníomhairí, Ionadaithe Pearsanta agus Glacadóirí

Comhlachtaí daoine.

[1918, a.106, r.gin 1.]

207. —(1) Beidh gach comhlacht daoine inmhuirir i leith cánach sa tslí chéanna ina bhfuil duine ar bith inmhuirir faoi fhorálacha an Achta seo.

(2) Beidh an cisteoir nó an t-oifigeach eile a ghníomhaíonn sa cháil sin, nó an t-iniúchóir nó an glacadóir de thuras na huaire d'aon chomhlacht daoine is inmhuirir leith cánach, freagrach i ndéanamh na mbeartanna sin uile is gá a dhéanamh faoin Acht seo, chun an comhlacht sin a mheasúnú agus an cháin a íoc, agus chun na hoifigigh agus na daoine i bhfostaíocht an chomhlachta sin a mheasúnú:

Ar choinníoll, i gcás cuideachta, gurb é an duine a bheidh freagrach amhlaidh rúnaí na cuideachta nó an t-oifigeach eile (cibé ainm a thugtar air) a mbeidh dualgais rúnaí á gcomhlíonadh aige.

(3) Féadfaidh gach oifigeach den sórt sin ó am go ham an oiread a choinneáil den airgead a thiocfaidh faoina láimh thar ceann an chomhlachta agus is leor chun an cháin a mhuirearófar ar an gcomhlacht a íoc agus slánófar é in aghaidh na n-íocaíochtaí sin go léir a dhéanfar de bhun an Achta seo.

Iontaobhaithe, caoimhnóirí agus cúramaithe.

[1918, r.gin. 4.]

208. —Beidh iontaobhaí, caomhnóir nó cúramaí aon duine éagumasaithe ag a mbeidh stiúradh, rialú nó bainistí maoine nó gnólachta aon duine den sórt sin, cibé acu ar sa Stát nó nach ann a chónaíonn an duine sin, beidh sé inmheasúnaithe agus inmhuirir i leith cánach sa tslí chéanna a ndéanfaí agus an méid céanna a dhéanfaí measúnú agus muirearú ar an duine sin dá mba nár dhuine éagumasaithe é.

Dliteanas iontaobhaithe, etc.,

[1918, r.gin.13,14.]

209. —(1) Beidh an duine is inmhuirir i leith duine éagumasaithe, nó a bhfuil duine neamhchónaitheach inmhuirir ina ainm, freagrach i ngach ní is gá a dhéanamh faoin Acht seo chun cáin a mheasúnú agus a íoc.

(2) Duine ar bith a muirearaíodh faoin Acht seo i leith aon duine éagumasaithe nó neamhchónaithigh féadfaidh sé ó am go ham an oiread a choinneáil den airgead a thiocfaidh faoina láimh thar ceann aon duine den sórt sin agus is leor chun an cháin a muirearaíodh a íoc agus slánófar é in aghaidh na n-íocaíochtaí sin go léir a dhéanfar de bhun an Achta seo.

Dliteanas tuistí, caomhnóirí agus ionadaithe pearsanta.

[1918, a.161;

1965, Sc. 3, Cuid I.]

210. —(1) Más naíon an duine is inmhuirir i leith cánach, nó má fhaigheann sé bás—

(a) beidh tuiste nó caomhnóir an naín faoi dhliteanas i leith na cánach mura mbeidh an cháin íoctha ag an naíon; agus

(b) beidh seiceadóir nó riarthóir an duine éagtha faoi dhliteanas i leith na cánach a bheidh muirearaithe ar an duine éagtha sin,

agus má fhaillítear nó má dhiúltaítear íoc, féadfar imeachtaí a thionscnamh in aghaidh aon duine den sórt sin a bheidh faoi dhliteanas mar a dúradh mar a dhéanfaí i gcás aon mhainnitheora eile.

(2) Aon tuiste nó caomhnóir a dhéanfaidh íocaíocht den sórt sin lamhálfar dó na suimeanna go léir a bheidh íoctha amhlaidh aige ina chuntais, agus féadfaidh seiceadóir nó riarthóir gach uile íocaíocht den sórt sin a asbhaint as sócmhainní agus éifeachtaí an duine éagtha.

(3) I gcás úinéir aon mhaoine a bhí á háitiú aige an tráth a rinneadh measúnacht d'aon bhliain áirithe faoi Sceideal A d'fháil bháis agus an cháin gan íoc, beidh sé de dhliteanas ar na hoidhrí, ar na seiceadóirí, ar na riarthóirí, nó ar na sannaithe nó ar na daoine eile a thiocfaidh chun bheith i dteideal cíosanna agus brabús na maoine sin ar é d'fháil bháis, na riaráistí uile cánach a íoc a bheidh dlite tráth an bháis, nó, mura mbeidh aon riaráistí dlite, an cháin is iníoctha in aghaidh na tréimhse suas go tráth an bháis a íoc, gan aon mheasúnacht nua.

Ionadaithe pearsanta a mheasúnú.

[1918, R.gin. 18;

1932, a.5;

1936, a.3;

1963, a.18, Sc. 6, Cuid III.]

211. —(1) Má éagann duine, féadfar measúnacht nó céadmheasúnacht bhreise (cibé acu é) a dhéanamh don bhliain mheasúnachta a éagfaidh an duine sin nó d'aon bhliain roimhe sin i leith na mbrabús nó na ngnóchan a d'éirigh nó a d'fhaibhrigh chun an duine sin roimh a bhás, agus beidh méid na cánach ar na brabúis nó ar na gnóchain sin ina fhiach a bheidh dlite ó agus iníoctha as eastát an duine sin agus beidh seiceadóir nó riarthóir an duine sin inmheasúnaithe agus inmhuirir i leith na cánach sin.

(2) Ní dhéanfar aon mheasúnacht faoin alt seo tráth is déanaí ná trí bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta a fuair an duine éagtha bás i gcás inarb í an bhliain sin a deonaíodh probháid nó litreacha riaracháin, agus ní dhéanfar aon mheasúnacht den sórt sin tráth is déanaí ná dhá bhliain tar éis deireadh na bliana measúnachta a rinneadh an deonú sin in aon chás eile, ach beidh éifeacht ag na forálacha roimhe seo den mhír seo faoi réir an choinníll, má thaisceann an seiceadóir nó an riarthóir mionnscríbhinn cheartúcháin chun dleacht eastáit a mheasúnú tar éis an bliana measúnachta a d'éag an duine éagtha, go bhféadfar an mheasúnacht sin a dhéanamh tráth ar bith roimh dheireadh dhá bhliain tar éis deireadh na bliana measúnachta a taisceadh an mhionnscríbhinn cheartúcháin.

(3) Déanfaidh seiceadóir nó riarthóir aon duine éagtha den sórt sin, nuair a iarrfar air le fógra sonrach déanamh amhlaidh, ráiteas i scríbhinn a ullmhú agus a sheachadadh don chigire a bheidh sínithe ag an seiceadóir nó an riarthóir sin agus ina mbeidh sonraí, go feadh iomlán a bhreithiúnais agus a thuairime, ar na brabúis nó na gnóchain a d'éirigh nó a d'fhaibhrigh chun an duine éagtha sin roimh a bhás agus ar inmheasúnaithe an seiceadóir nó an riarthóir sin ina leith faoin alt seo, agus beidh feidhm maidir le ráitis a bheidh le seachadadh faoin alt seo ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le ráitis a bheidh le seachadadh ag duine ar bith, le haon mhodhnuithe is gá.

(4) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag aon ní san alt seo maidir le ráitis a bheidh le seachadadh nó le measúnachtaí a bheidh le déanamh i leith trádála nó gairme a sheolann beirt daoine nó níos mó i gcomhar.

Glacadóirí a cheapfaidh an chúirt.

[1918. r.gin. 15.]

212. —(1) Aon ghlacadóir a cheapfaidh aon chúirt sa Stát ag a mbeidh stiúradh agus rialú aon mhaoine a bhfuil cáin muirearuithe ina leith de réir forálacha an Achta seo beidh sé inmheasúnaithe agus inmhuirir i leith cánach sa tslí chéanna agus i leith an mhéid chéanna a mheasúnófaí nó a mhuirearófaí dá mbeadh an mhaoin gan bheith faoi stiúradh agus rialú na cúirte.

(2) Beidh gach glacadóir den sórt sin freagrach i ndéanamh na n-ábhar agus na nithe go léir is gá a dhéanamh faoin Acht seo chun cáin a mheasúnú agus a íoc.

Cosaint d'iontaobhaithe, do ghíomhairí agus do ghlacadóirí.

[1918, a. 103(3).]

213. —(1) Aon iontaobhaí a d'údaraigh glacadh brabús ó mhaoin iontaobhais ag an duine a bhí ina theideal sin nó ag gníomhaire an duine sin, ní bheidh sé—

(a) má fuair an duine nó an gníomhaire sin iarbhír na brabúis faoin údarás sin, agus

(b) má thug an t-iontaobhaí liosta, mar a cheanglaítear le halt 176, ina raibh ainm, seoladh agus brabúis an duine sin,

faoi cheangal aon ghníomh eile a dhéanamh le haghaidh measúnú an duine sin, mura n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fianaise an iontaobhaí de bhun an Achta seo.

(2) Aon ghníomhaire nó glacadóir do dhuine a chonaíonn sa Stát, seachas duine éagumasaithe, ní bheidh sé má thugann sé liosta, mar a cheanglaítear le halt 176, ina mbeidh ainm, seoladh agus brabúis an duine sin, faoi cheangal aon ghníomh eile a dhéanamh le haghaidh measúnú an duine sin, mura n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fianaise an ghníomhaire nó an ghlacadóra de bhun an Achta seo.