An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII Riarachán) Ar Aghaidh (Caibidil II Foráil in Aghaidh Measúnachta Dúbailte agus Faoiseamh Maidir le hEarráid nó Dearmad)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID VIII

Tuairisceán agus Measúnú, Foráil in Aghaidh nó Measúnachta Dúbailte, agus Faoiseamh Maidir le hEarráid nó Dearmad

Caibidil I

Tuairisceáin agus Measúnú

Fógra ginearálta á cheangal liostaí agus ráitis a sheachadadh.

[1928, a. 9;

1929, a. 19, Sc. 3.]

167. —(1) Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi deara, gach bliain mheasúnachta, go dtabharfar fógra ginearálta, á cheangal ar gach duine a gceanglaítear air leis an Acht seo aon liosta, dearbhú nó ráiteas a sheachadadh an liosta, an dearbhú nó an ráiteas sin a dhéanamh amach agus a sheachadadh do na cigirí nó do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de cibé tréimhse a theorainneofar leis an bhfógra sin, nach giorra ná lá agus fiche ó dháta an fógra sin a thabhairt.

(2) Tabharfar an fógra ginearálta sin gach bliain trína chur faoi deara é a chur isteach uair amháin sin Iris Oifigiúil agus uair amháin ar a laghad i ngach ceann de dhá pháipéar laethúla a fhoilsítear sa Stát agus measfar gur leor-chomhlíonadh ar fho-alt (1) agus gur seirbheáil mhaith ar an bhfógra ginearálta sin ar gach duine lena mbaineann an cur isteach sin.

Fógra sonrach do dhaoine is inmhuirir.

[1918, a. 99.]

168. —(1) Tabharfaidh na cigirí, laistigh den am a ordaítear le proiceacht ó na Coimisinéirí Speisialta, fógra sonrach do gach duine is inmhuirir, laistigh de na teorainneacha ina ngníomhaíonn siad, á cheangal air go ndéanfaidh sé, laistigh de cibé tréimhse a theorainneofar leis an ordú, gach uile liosta, dearbhú agus ráiteas a ullmhú agus a sheachadadh do na cigirí a cheanglaítear leis an Acht seo a sheachadadh.

(2) Féadfar fógra sonrach a thabhairt go pearsanta, nó trí fhógra a fhágáil ag teach cónaithe, áit chónaithe nó áit ghnó an duine is inmhuirir, nó ag an áitreabh a bheadh le muirearú leis an measúnacht.

Tuairisceáin ó dhaoine is inmhuirir.

[1918, a. 100;

1963, Sc. 6, Cuid III.]

169. —(1) Gach duine is inmhuirir faoin Acht seo déanfaidh sé, nuair a cheanglófar air sin a dhéanamh le haon fhógra ginearálta nó sonrach a thabharfar de bhun an Achta seo, ráiteas i scríbhinn mar a cheanglaítear leis an Acht seo agus a shíneoidh sé, a ullmhú agus a sheachadadh don chigire, ina mbeidh—

(a) luach bliantúil na dtailte agus na dtionóntán uile a áitíonn sé;

(b) méid na mbrabús nó na ngnóchan a thagann chuige, ó gach uile bhunadh ar leithligh is inmhuirir de réir na sceideal faoi seach, arna meas i leith na tréimhse agus de réir forálacha an Achta seo.

(2) Cuirfear i dteannta an ráitis sin dearbhú ina ndéarfar go bhfuil na luachanna nó na méideanna sin arna meas i leith na mbunadh ioncaim uile a luaitear san Acht seo, agus ina dtabharfar tuairisc ar an gcéanna, tar éis na suimeanna sin amháin a asbhaint a lamháiltear a asbhaint.

(3) Déanfar gach uile ráiteas den sórt sin gan aon ús airgid nó íocaíocht bhliantúil eile ó mhaoin aon duine eile a bheidh muirearaithe ina leith a chur san áireamh.

(4) Gach uile dhuine ar a ndearna cigire fógra sonrach a sheirbheáil á cheangal air ráiteas a sheachadadh ar aon bhrabúis, gnóchain, nó ioncam arb inmhuirir é ina leith faoi Sceideal D nó Sceideal E, seachadfaidh sé ráiteas san fhoirm a cheanglaítear leis an bhfógra, cibé acu is inmhuirir amhlaidh é nó nach ea:

Ar choinníoll nach mó ná £5 in aghaidh aon chiona áirithe an pionós a ghearrfar ar aon duine a dtionscnófar imeachtaí ina choinne mar gheall ar gan déanamh de réir na forála seo agus a chruthóidh nárbh inmhuirir i leith cánach é.

Daoine a bheidh ag gníomhú do dhaoine éagumasacha agus do neamhchónaitheoirí.

[1918, a. 101.]

170. —(1) Gach duine a bheidh ag gníomhú i gcáil ar bith thar ceann aon duine éagumasaithe nó duine nach gcónaíonn sa Stát ar duine é nach féidir, mar gheall ar an éagumas sin nó an neamhchónaí sin sa Stát, é a mhuirearú go pearsanta faoin Acht seo, déanfaidh sé aon uair a cheanglófar air déanamh amhlaidh le haon fhógra ginearálta nó sonrach, agus sa tréimhse chéanna agus in aon cheantar ina bhféadfaidh sé a bheith inmhuirir ar a chuntas féin, ráiteas a sheachadadh den sórt a thuairiscítear in alt 169 ar na brabúis nó na gnóchain arb ina leith a bheidh an cháin le muirearú air ar chuntas an duine eile sin, mar aon leis an dearbhú forordaithe.

(2) I gcás ina ndlífear beirt daoine nó níos mó den sórt sin a mhuirearú i leith an duine chéanna—

(a) ní bheidh de cheangal ann ach ráiteas amháin a sheachadadh agus féadfaidh siad é sin a dhéanamh i gcompháirt, nó féadfaidh aon duine áirithe nó níos mó acu é sin a dhéanamh; agus

(b) féadfaidh aon daoine den sórt sin fógra i scríbhinn a thabhairt don chigire do gach ceantar ina n-iarrfar orthu ráiteas a thabhairt ag insint an cheantair nó na gceantar inarb inmhuirir iad faoi seach ina gcuntas féin, agus ag insint an cheantair acu sin ar mian leo gurb ann a mhuirearófaí iad thar ceann an duine a ngníomhaíonn siad thar a cheann, agus má dhlitear aon duine áirithe acu a mhuirearú ar a chuntas féin sa cheantar sin, muirearófar iad sa cheantar sin dá réir sin trí aon mheasúnacht amháin.

Fógra do dhaoine ag teacht isteach i gceantar.

[1918, a. 102;

1963, Sc. 6, Cuid III.]

171. —(1) Má thagann duine ar bith isteach i gceantar nár muirearaíodh ann é i leith cánach, féadfaidh an cigire fógra i scríbhinn a thabhairt dó á ordú go seachadfaidh sé, laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta an fógra a thabhairt—

(a) dearbhú i scríbhinn a bheidh sínithe aige agus a shonróidh an ceantar inar measúnaíodh é; nó

(b) nó mura ndéanfaidh sé é sin, ráiteas ionas go bhféadfar é a mheasúnú agus a mhuirearú sa cheantar a mbeidh sé tar éis teacht isteach ann.

(2) Má tharla in aon chás nach ndearnadh duine atá, nó a chónaíonn, in aon cheantar áirithe a mheasúnú sa cheantar sin, féadfaidh an cigire é a mheasúnú, ionann agus dá mba ann a bhí cónaí air tráth foilsithe na bhfógraí ginearálta a ordaítear leis an Acht seo, mura gcruthóidh sé chun sástacht an chigire gur measúnaíodh é go cuí i gceantar éigin eile.

Cumhacht á cheangal go dtabharfar tuairisceán ar ioncam.

[1961, a. 13;

1963, Sc. 6, Cda. II, III.]

172. —(1) Déanfaidh gach pearsa aonair, nuair a cheanglófar air sin a dhéanamh le fógra a thabharfar dó maidir le haon bhliain mheasúnachta ag cigire, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe a ullmhú agus a sheachadadh don chigire laistigh den am a bheidh teoranta leis an bhfógra, ina luafar—

(a) bunaidh uile a chuid ioncaim don bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an bhliain roimhe sin san alt seo) díreach roimh an mbliain mheasúnachta ar ina leith a tugadh an fógra;

(b) méid an ioncaim ó gach bunadh don bhliain roimhe sin arna ríomh de réir fho-alt (2);

(c) cibé sonraí eile chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) don bhliain roimhe sin nó don bhliain mheasúnachta a cheanglóidh an fógra nó a luafar san fhoirm fhorordaithe.

(2) Déanfar méid an ioncaim ó aon bhunadh a bheidh le háireamh i dtuairisceán faoin alt seo a ríomh de réir forálacha an Achta seo ach amháin go ndéanfar an ríomh i ngach cás faoi threoir na bliana roimhe sin:

Ar choinníoll—

(a) i gcás ús den sórt dá dtagraítear in alt 344, go ndéanfar an ríomh ar neamhshuim leis an alt sin;

(b) i gcás na mbeidh sé le meas faoi alt 60 gurb iad brabúis nó gnóchain bliana dar críoch dáta sa bhliain roimhe sin, brabúis nó gnóchain na bliana roimhe sin, g ndéanfar an ríomh faoi threoir na bliana sin dar críoch dáta sa bhliain roimhe sin.

(3) Féadfaidh cigire staonadh ó fhógra áirithe de bhun ordú faoi alt 168 a thabhairt in aon chás ina ndearna sé nó ina mbeartaíonn sé fógra a thabhairt faoin alt seo.

(4) Má dhéanann duine ar bith tuairisceán i bhfoirm fhorordaithe a sheachadadh d'aon chigire, measfar gur ceanglaíodh air le fógra faoin alt seo an tuairisceán sin a ullmhú agus a sheachadadh.

(5) In imeachtaí le pionos a ghnóthú a tabhaíodh faoi alt 500 nó 501 in ndáil le tuairisceán dá dtagraítear sna forálacha roimhe seo den alt seo—

(a) beidh deimhniú arna shíniú ag cigire á dheimhniú gur scrúdaigh sé a chuid taifead iomchuí agus gur dealraitheach uathu gur tugadh go cuí fógra sonraithe don chosantóir lá sonraithe ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuair an duine sin an fógra sin sa ghnáth-chúrsa,

(b) beidh deimhniú arna shíniú ag cigire á dheimhniú gur scrúdaigh sé a chuid taifead iomchuí agus gur dealraitheach uathu nach bhfuarthas, le linn tréimhse sonraithe, tuairisceán sonraithe ón gcosantóir ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach ndearna an cosantóir, le linn na tréimhse sin, an tuairisceán sin a sheachadadh,

(c) féadfar deimhniú ag deimhniú mar a fhoráiltear i mír (a) nó (b) agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag cigire a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas and measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur shínigh an cigire sin é.

(6) San alt seo ciallaíonn an briathar “forordú” forordú ag na Coimisinéirí Ioncaim agus nuair a bheidh foirmeacha á bhforordú acu chun críocha an ailt seo, beidh aird ag na Coimisinéirí Ioncaim ar a inmhianaithe é a áirithiú, a mhéid is féidir, nach n-iarrfar ar aon phearsa aonair thar thuairisceán amháin sa bhliain a thabhairt ar bhunaidh a ioncaim agus ar na méideanna a fhaightear ón gcéanna.

Cumhacht chun eolas a fháil maidir le táillí coimisiúin, etc.

[1960, a. 9.]

173. —(1) Gach duine a sheolann trádáil déanfaidh sé agus tabharfaidh sé don chigire, má éilítear sin air trí fhógra ón gcigire, tuairisceán i dtaobh na n-íocaíochtaí uile d'aon sórt a shonrófar san fhógra agus a rinneadh i rith tréimhse a shonrófar amhlaidh agus—

(a) arbh íocaíochtaí iad a rinneadh i gcúrsa cibé coda den trádáil nó den ghnó a shonrófar san fhógra, i leith seir bhísí a tugadh i ndáil leis an trádáil nó an gnó ag daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát agus nach raibh ar fostú leis an trádáil nó an gnó, nó

(b) arbh íocaíochtaí iad i leith seirbhísí a tugadh i ndáil leis an trádáil nó an gnó, nó aon chuid den trádáil nó den ghnó, a bhunú, a fháil, a fhorbairt nó a dhiúscairt, ag daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát agus nach raibh ar fostú leis an trádáil nó an gnó, nó

(c) arbh íocaíochtaí tréimhsiúla nó cnapshuime iad a rinneadh le daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát i leith aon chóipchirt.

(2) Gach comhlacht daoine a sheolann aon ghníomhaíocht nach trádáil nó gnó, déanfaidh sé, agus tabharfaidh sé do chigire, má éilítear sin air trí fhógra ón gcigire, tuairisceán i dtaobh na n-íocaíochtaí uile d'aon sórt a shonrófar san fhógra agus a rinneadh i rith tréimhse a shonrófar amhlaidh, agus—

(a) arbh íocaíochtaí iad a rinneadh i gcúrsa an ghníomhaíocht, nó cibé cuid den ghníomhaíocht a shonrófar san fhógra, a sheoladh, i leith seirbhísí a tugadh i ndáil leis an ngníomhaíocht ag daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát agus nach raibh ar fostú ag an gcomhlacht daoine sin, nó

(b) arbh íocaíochtaí tréimhsiúla nó cnapshuime iad a rinneadh le daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát i leith aon chóipchirt.

(3) Aon tuairisceán a éileofar faoi fho-alt (1) nó (2), más comhlacht neamhchorpraithe daoine a sheolann an trádáil, an gnó nó an ghníomhaíocht eile, is é an duine a dhéanfaidh agus a thabharfaidh é an duine is rúnaí, nó a chomhlíonann dualgais rúnaí, don chomhlacht, agus leagfar amach an fógra dá réir sin.

(4) Beidh i dtuairisceán faoi na forálacha roimhe seo den alt seo ainm an duine lena ndearnadh gach íocaíocht, méid na híocaíochta agus cibé sonraí eile (lena n-áirítear sonraí maidir leis na seirbhísí nó na cearta ar ina leith a rinneadh an íocaíocht, an tréimhse ar tugadh aon seirbhísí ar a feadh agus aon ghnó-ainm agus aon ghnósheoladh nó seoladh baile leis an duine lena ndearnadh an íocaíocht) a shonrófar san fhógra.

(5) Ní éileofar ar dhuine ar bith faoi na forálacha roimhe seo den alt seo na nithe seo a leanas a chur i dtuairisceán—

(a) sonraí aon íocaíochta as arb inbhainte cáin ioncaim, nó

(b) sonraí íocaíochtaí a rinneadh le haon duine amháin áirithe i gcás nach mó ná £15 iomlán ná n-íocaíochtaí leis an duine sin a bheadh thairis sin le cur sa tuairisceán, nó

(c) sonraí aon íocaíochta a rinneadh bliain mheasúnachta dar chríoch tráth níos mó ná trí bliana roimh thráth an fhógra a sheirbheáil air á éileamh air an tuairisceán a dhéanamh.

(6) Aon duine ar a n-éileofar in aon fhógra a sheirbheálfar air faoin alt seo tuairisceán fíor cruinn a thabhairt agus a mhainneoidh é a thabhairt laistigh den tréimhse a theorainneofar san fhógra dlífear pionós £20 a chur air agus ina theannta sin, i gcás neamhchomhlíonadh leanúnaigh, a chóimhéid de phionós in aghaidh gach lae a leanfaidh an neamhchomhlíonadh.

(7) Na pionóis uile faoin alt seo, féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, imeachtaí a bhunú dá lorg agus iad a ghnóthú go hachomair amhail mar a dhéanfaí i gcás imeachtaí achomaire chun aon fhíneáil nó pionós faoi aon Acht a bhaineann leis an mál a ghnóthú.

(8) I gcás—

(a) ina bhfágfaidh aon duine gan chomhlíonadh aon fhógra a sheirbheálfar air faoin alt seo á éileamh air aon tuairisceán a thabhairt,

(b) go n-éileoidh an fógra comhlíonadh laistigh de thréimhse áirithe, agus

(c) go leanfaidh an duine sin, ar feadh tréimhse breise dhá lá nó níos mó, gan an tuairisceán a thabhairt,

measfar, chun críocha fho-alt (6), gur neamhchomhlíonadh a leanfaidh gach lá, ach an chéad lá, den tréimhse bhreise an neamhchomhlíonadh sin.

(9) In imeachtaí chun pionós faoin alt seo a ghnóthú beidh deimhniú arna shíniú ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú gur scrúdaigh sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim agus go ndealraíonn sé uathu nach bhfuarthas, i rith tréimhse a shonrófar, tuairisceán a shonrófar ón gcosantóir ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nár thug an cosantóir an tuairisceán sin i rith na tréimhse sin agus féadfar aon deimhniú den sórt sin a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim.

(10) San alt seo—

(a) folaíonn tagairtí d'íocaíochtaí i leith seirbhísí tagairtí d'íocaíochtaí ar mhodh coimisiúin d'aon sórt agus tagairtí d'íocaíochtaí i leith costais a tabhaíodh i ndáil le seirbhísí a thabhairt, agus

(b) folaíonn tagairtí d'íocaíochtaí a dhéanamh tagairtí d'aon chomaoin luachmhar a thabhairt,

agus déanfar an ceanglas a fhorchuirtear le fo-alt (4) méid íocaíochta a lua a fhorléiriú, maidir le haon chomaoin a thabharfar ar shlí seachas in airgead, mar cheanglas sonraí a thabhairt i dtaobh na comaoine.

Cumhacht á cheangal cuntais agus leabhair a thabhairt ar aird.

[1963, a. 16.]

174. —(1) I gcás ina gceanglófar go cuí ar dhuine ráiteas a thabhairt ar na sochair nó na brabúis a tháinig chuige ó aon trádáil nó gairm agus go mainneoidh sé an ráiteas a thabhairt, nó i gcás nach mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim sásta leis an ráiteas a thabharfaidh aon duine den sórt sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra i scríbhinn nó fógraí i scríbhinn a sheirbheáil ar an duine sin á cheangal air ní ar bith de na nithe seo a leanas a dhéanamh is é sin le rá—

(a) cóipeanna de cibé cuntais (lena n-áirítear cláir chomhardaithe) maidir leis an trádáil nó leis an ngairm a shonrófar nó a thuairisceofar san fhógra a sheachadadh do chigire laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra, lena n-áirítear, má bhíonn na cuntais iniúchta, cóip de dheimhniú an iniúchóra;

(b) na leabhair, na cuntais agus na doiciméid sin go léir a bheidh ina sheilbh nó ar a urláimh agus a shonrófar nó a thuairisceofar san fhógra, is leabhair, cuntais agus doiciméid ina mbeidh eolas i dtaobh idirbhearteanna na trádála nó na gairme, a chur ar fáil, laistigh de cibé am a shonrófar san fhógra, lena n-iniúchadh ag cigire nó ag aon oifigeach a bheidh údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) Féadfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile cóipeanna a dhéanamh d'aon leabhair, cuntais nó doiciméid a chuirfear ar fáil le hiniúchadh aige faoin alt seo nó sleachta a thógáil astu.

Cumhacht chun eolas a fháil i dtaobh ús a íocfar nó a chreidiúnófar gan cáin a asbhaint.

[1963, a. 17;

1965, a. 11.]

1861, c. 14.

175. —(1) Gach duine a sheolann trádáil nó gnó agus a fhaigheann nó a choimeádann airgead i ngnáthchúrsa na n-oibríochtaí a bhaineann leis, i gcúinsí de shórt go dtagann ús chun bheith iníoctha air a íoctar nó a chreidiúnaítear gan cáin ioncaim a asbhaint, agus, go háirithe, gach duine a sheolann trádáil nó gnó baincéireachta déanfaidh sé, má cheanglaítear sin air, trí fhógra ó chigire, tuairisceán a dhéanamh agus a sheachadadh don chigire sin, laistigh den am a shonrófar san fhógra, ar an ús go léir d'íoc nó a chreidiúnaigh sé mar a dúradh, i gcaitheamh bliana a shonrófar san fhógra, i gcúrsa a thrádála nó a ghnó nó i gcúrsa cibé cuid dá thrádáil nó dá ghnó a shonrófar amhlaidh, ag tabhairt ainmneacha agus seolta na ndaoine lenar íocadh nó dar creidiúnaíodh an t-ús agus ag insint méid an úis i ngach cás:

Ar choinníoll—

(a) nach gá aon ús a íocadh le duine ar bith nó a creidiúnaíodh dó a chur in aon tuairisceán den sórt sin mura mó ná £50 iomlán an úis a íocadh leis an duine sin nó a creidiúnaíodh dó agus a bheadh le cur sa tuairisceán mura mbeadh sin; agus

(b) nach bliain a chríochnaigh níos mó ná trí bliana roimh dháta an fógra a sheirbheáil an bhliain a shonrófar i bhfógra faoin bhfo-alt seo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht an oiread sin d'fho-alt (1) agus a chumasaíonn fógraí éagsúla a sheirbheáil faoi maidir le codanna éagsúla de thrádáil nó de ghnó, féadfar fógraí ar leithligh a sheirbheáil faoin bhfo-alt sin maidir leis na hidirbheartanna a rinneadh in aon bhrainse nó brainsí faoi seach a shonrófar sna fógraí, agus má sheirbheáiltear aon fhógra ar leithligh den sórt sin ar an mbainisteoir nó ar an duine eile a bheidh i bhfeighil an bhrainse nó na mbrainsí a bheidh i gceist measfar é a bheith seirbheáilte go cuí ar an duine a sheolann an trádáil nó an gnó; agus i gcás ina ndéanfar fógra ar leithligh den sórt sin a sheirbheáil amhlaidh maidir leis na hidirbheartanna a rinneadh in aon bhrainse nó brainsí, ní mheasfar aon fhógra a sheirbheálfar ina dhiaidh sin faoin bhfo-alt sin (1) ar an duine a sheolann an trádáil nó an gnó do bhaint le haon idirbheart lena mbainfidh an fógra ar leithligh sin.

(3) Beidh feidhm ag an alt seo, modhnaithe in aon slí is gá, maidir le Banc Taisce an Phoist ionann is dá mba thrádáil nó gnó é a sheolann an tAire Poist agus Telegrafa.

Beidh éifeacht ag an bhfo-alt seo d'ainneoin aon ní atá in alt 4 den Post Office Savings Bank Act, 1861, ach beidh feidhm agus éifeacht iomlán ag an alt sin ach amháin sa mhéid a dúradh.

(4) Bainfidh na forálacha roimhe seo den alt seo le hús a íocadh nó a creidiúnaíodh tráth ar bith tar éis an 6ú lá d'Aibreán, 1962, agus ní bhainfidh sé ach le hairgead a fuarthas nó a coimeádadh sa Stát, agus, i gcás duine ar bith a ndearnadh aon ús a íoc leis nó a chreidiúnú dó maidir le haon airgead a fuarthas nó a coimeádadh sa Stát trí fhógra i scríbhinn arna sheirbheáil ar an duine a d'íoc nó a chreidiúnaigh an t-ús—

(a) á dhearbhú nach raibh an duine a bhí i dteideal tairbhiúil an úis sin tráth a íoctha nó a chreidiúnaithe ina ghnáthchónaí sa Stát an tráth sin, agus

(b) á iarraidh nach n-áireofar an t-ús in aon tuairisceán faoin alt seo,

ní cheanglófar ar an duine a d'íoc nó a chreidiúnaigh an t-ús an t-ús a áireamh in aon tuairisceán den sórt sin.

Daoine a bheidh ag fáil ioncaim daoine eile do sheachadadh liostaí.

[1918, a. 103 (1) (2);

1958, a. 66;

1963, Sc. 6, Cuid III.]

176. —(1) Gach duine a bheidh, i cibé cáil é, ag fáil aon airgid nó luacha, nó aon bhrabús nó gnóchan ó aon cheann de na bunaidh dá luaitear san Acht seo, de chuid aon duine eile is inmhuirir ina leith, nó ab inmhuirir amhlaidh dá mbeadh cónaí sa Stát air agus dá mba nár dhuine éagumasaithe é, déanfaidh sé, cibé uair a iarrfar sin air le haon fhógra ginearálta nó sonrach, liosta san fhoirm fhorordaithe, agus a shíneoidh sé, a ullmhú agus a sheachadadh, laistigh den tréimhse a luaitear san fhógra sin, ina mbeidh—

(a) ráiteas ar an airgead, an luach, na brabúis nó na gnóchain sin go léir;

(b) ainm agus seoladh gach duine ar leis an céanna;

(c) dearbhú á insint ar duine lán-aoise, nó bean phósta nó duine a chónaíonn sa Stát nó duine éagumasaithe gach duine den sórt sin nó nach ea.

(2) Má bhíonn aon duine a thuairiscítear thuas ag gníomhú i gcomhpháirt le haon duine eile, déanfaidh sé, sa tslí chéanna, liosta a sheachadadh d'ainmneacha agus de sheolta na ndaoine uile a bhí i gcomhpháirt leis tráth an liosta a luaitear i bhfo-alt (1) a sheachadadh.

Liostaí lóisthirí agus cónaitheach.

[1918, a. 104.]

177. —Déanfaidh gach duine, nuair a cheanglófar air sin a dhéanamh le fógra ginearálta nó sonrach faoin Acht seo, liosta, i scríbhinn, a ullmhú agus a sheachadadh don chigire, laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra sin, ina mbeidh a mhéid is fearr is eol dó—

(a) ainm gach lóistéara nó cónaithigh a chónaíonn ina theach cónaithe; agus

(b) ainm agus gnáth-áit chónaithe aon lóistéara nó cónaithigh den sórt sin a bhfuil aon ghnáth-áit chónaithe aige in aon áit eile ina bhféadfar é a mheasúnú agus a dteastaíonn uaidh go measúnófaí é ag an ngnáth-áit chónaithe sin.

Liostaí fostaithe.

[1918, a. 105;

1920, a. 32;

1958, a. 6, 27 (1);

1963, Sc. 6, Cuid III.]

178. —(1) Déanfaidh gach fostóir, nuair a iarrfar air sin a dhéanamh le fógra ó chigire, déanfaidh sé tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh don chigire, laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra, ina mbeidh—

(a) ainmneacha agus áiteanna cónaithe na ndaoine go léir atá ar fostú aige; agus

(b) na híocaíochtaí a rinneadh leis na daoine sin i leith na fostaíochta sin, ach amháin daoine nach bhfuil ar fostú in aon fhostaíocht eile agus nach mó ná £150 a luach saothair san fhostaíocht don bhliain:

Ar choinníoll nach ndlífear aon phionós a chur ar fhostóir mar gheall ar ainm nó áit chónaithe aon duine atá ar fostú aige agus nach bhfuil ar fostú in aon fhostaíocht eile a fhágáil ar lár as aon tuairisceán den sórt sin, más dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil an duine sin i dteideal díolúine iomláine ó cháin.

(2)   (a) San alt seo, measfar go bhfolaíonn na tagairtí d'íocaíochtaí le daoine i leith a bhfostaíochta agus do luach saothair daoine ina bhfostaíocht tagairtí—

(i) d'aon íocaíochtaí le daoine fostaithe i leith costas,

(ii) d'aon íocaíochtaí thar ceann daoine fostaithe agus nach mbeidh aisíoctha, agus

(iii) d'aon íocaíochtaí leis na fostaithe i dtrádáil nó gnó i leith seirbhísí a rinneadh i ndáil leis an trádáil nó an gnó, cibé acu i gcúrsa a bhfostaíochta nó nach ea a rinneadh na seirbhísí.

(b) Folaíonn an tagairt i mír (a) (i) d'íocaíochtaí le daoine fostaithe i leith caiteachas tagairt do shuimeanna a soláthraíodh do dhuine fostaithe agus a d'íoc sé amach.

(3) I gcás inar comhlacht daoine an fostóir, measfar gurb é rúnaí an chomhlachta, nó an t-oifigeach eile (cibé ainm a thugtar air) a bheidh ag déanamh dualgas rúnaí, an fostóir chun críocha an ailt seo, agus measfar gur duine ar fostú aon stiúrthóir, de réir bhrí alt 119, ar chomhlacht corpraithe (lena n-áirítear cuideachta), nó aon duine a bheidh ag gabháil do bhainistí an chomhlachta chorpraithe sin.

(4) I gcás inar comhlacht corpraithe (lena n-áirítear cuideachta) fostóir, dlífear pionós a chur ar an gcomhlacht corpraithe sin má mhainníonn sé tuairisceán a sheachadadh de bhun an ailt seo, agus dlífear freisin pionós a chur ar an rúnaí nó ar an oifigeach eile a mbeidh dualgais rúnaí an chomhlachta chorpraithe á ndéanamh aige.

Fógra a sheirbheáil ar chónaitheoirí nua i gceantar.

[1918, a. 109.]

179. —Féadfaidh an cigire a chur faoi deara tráth ar bith fógra a sheachadadh d'aon duine, nó a sheirbheáil ar aon duine, a thiocfaidh chun cónaithe in aon cheantar tar éis dul in éag do na fógraí ginearálta a fhorordaítear leis an Acht seo.

Measúnachtaí a dhéanamh faoi Sceidil A agus B.

[1929, a. 3;

1963, Sc. 6, Cuid II.]

180. —(1) Is iad na cigirí, nó cibé oifigigh eile a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin, a dhéanfaidh na measúnachtaí faoi Sceidil A agus B.

(2) Nuair a bheidh measúnachtaí faoi Sceidil A agus B déanta cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi deara fógra ina thaobh sin agus faoin am a bheith lamháilte le haghaidh fógra achomhairc a thabhairt i cibé slí is foirsteanach leo.

(3) Féadfar fógra ar bith den sórt sin a thabhairt—

(a) trí fhógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, agus i dhá pháipéar laethúla ar a laghad a fhoilsítear sa Stát, á rá go bhfuil na measúnachtaí taiscthe leis na cigirí do na ceantair faoi seach lena n-iniúchadh ag an duine measúnaithe, agus á insint cad é an tréimhse a lamháiltear le haghaidh fógra achomhairc a thabhairt i gcoinne na measúnachtaí sin, nó

(b) trína chur faoi deara fógra a sheachadadh do gach duine measúnaithe faoi mhéid a mheasúnachta agus faoin am a lamháiltear le haghaidh fógra achomhairc a thabhairt.

Measúnachtaí a dhéanamh faoi Sceidil D agus E.

[1929, a. 4;

1959 (Uimh. 2), a. 13 (4);

1963, Sc. 6, Cuid II.]

181. —(1) Maidir le measúnachtaí faoi Sceidil D agus E, ach amháin—

(a) cibé measúnachtaí atá de chumhacht ag na Coimisinéirí Speisialta a dhéanamh faoi Chuid XXXI, agus

(b) measúnachtaí lena mbaineann alt 157, agus

(c) cibé measúnachtaí atá de chumhacht ag oifigigh nó ag daoine arna gceapadh ag na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh faoi alt 158,

is iad a dhéanfaidh iad na cigirí nó cibé oifigigh eile a cheapfaidh na Comisinéirí Ioncaim chuige sin.

(2) Tabharfaidh an cigire fógra cuí do gach duine a mheasúnófar, faoi gach measúnacht a rinne sé, agus ar a mhéid, agus ar an am a lamháiltear chun fógra achomhairc a dhéanamh in aghaidh an chéanna.

Liúntais agus faoisimh a dheonú.

[1935, a. 9;

1965, Sc. 6, Cuid IV.]

182. —(1) D'ainneoin aon ní atá san Acht seo, féadfaidh an cigire nó cibé oifigeach eile a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin, aon liúntas, asbhaint nó faoiseamh a údaraítear leis an Acht seo a dheonú, tráth ar bith, maidir le haon mheasúnacht i leith cánach is inmhuirir in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe.

(2) Aon uair a dheonóidh cigire nó oifigeach eile den sórt sin aon liúntas, asbhaint, nó faoiseamh amhlaidh maidir le measúnacht, measfar an mheasúnacht sin a bheith leasaithe dá réir sin.

Comhshuímiú measúnachtaí.

[1963, a. 21;

1964, a. 2 (3), 3 (7), Sc. 5, Cuid I.]

183. —(1) I gcás ina mbeidh dhá mheasúnacht nó níos mó le déanamh ar dhuine faoi Sceideal A, B, D nó E, nó faoi dhá Sceideal nó níos mó acu sin,—

(a) féadfar an cháin sna measúnachtaí a lua in aon suim amháin,

(b) maidir le Sceideal A nó B i gcas ina mbeidh dhá thionóntán nó oidhreachtán inrátaithe nó níos mó ann, féadfar measúnacht amháin a dhéanamh ar iomlán na luachanna bliantúla nó na luachanna inmheasúnaithe,

agus féadfar an fógra measúnachta a bheith dá réir sin, ach tabharfaidh an cigire, má iarrtar sin air, sonraí na luachanna bliantúla nó na luachanna inmheasúnaithe a bheidh ar áireamh in aon mheasúnacht amháin a rinneadh de bhun mhír (b).

(2) Ionas gur bailí d'fhógra achomhairc, i gcás a mbeidh feidhm maidir leis ag fo-alt (1), ní foláir gach measúnacht a bhfuiltear ag achomharc ina coinne a lua ann.

(3) An fad a bheifear ag feitheamh le cinneadh achomhairc i gcoinne measúnacht amháin nó níos mó díobh sin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) beidh méid cánach arb é a bheidh ann cuid den aon suim amháin dá dtagraítear san fho-alt sin iníoctha ar an dáta nó na dátaí cuí agus is é a bheidh ann an méid a bheidh fágtha nuair a bheidh na faoisimh phearsanta iomchuí bainte as na measúnachtaí nach mbeidh faoi achomharc nó lamháilte ón gcáin a mhuirearófar sna measúnachtaí sin (de réir mar is cuí).

(4) An cháin a luafar in aon suim amháin faoi fho-alt (1) nó an méid is iníoctha faoi fho-alt (3) measfar, chun críocha alt 550, 551 agus 552, gur cáin í arna muirearú trí mheasúnacht i leith cánach ioncaim.

(5) Más rud é gur gá, chun aon chríche de chríocha an Achta seo, a chinneadh cé mhéid den cháin a muirearaíodh is inchurtha i leith aon cheann áirithe de dhá mheasúnacht nó níos mó dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) beidh deimhniú ó chigire ag insint na slí inar dáileadh na hasbhaintí, na liúntais nó na faoisimh agus ag insint na méideanna cánach ar leithligh, más ann, agus na dtráthchodanna díobh is inchurtha i leith aon mheasúnacht nó measúnachtaí nó i leith gach measúnachta ar leithligh ina fhianaise leordhóthanach ar an muirearú i leith cánach i ngach ceann agus le gach ceann ar leithligh de na measúnachtaí sin,

(b) i gcás measúnacht lena mbaineann an deimhniú sin a dhéanamh faoi fho-alt 1 (b), féadfaidh an cigire a dheimhniú freisin cén chuid den mhéid cánach muirearaíodh sa mheasúnacht sin agus leis an measúnacht sin is inchurtha i leith aon cheann de na luachanna bliantúla nó de na luachanna inmheasúnaithe, agus chun críocha an Achta seo, measfar gur cáin arna muirearú i measúnacht agus le measúnacht an chuid sin.

(6) D'ainneoin measúnacht amháin a dhéanamh de bhun fho-alt (1) (b), leanfaidh na forálacha den Acht seo, seachas an t-alt seo, a bhaineann le measúnachtaí faoi Sceideal A nó B (de réir mar a bheidh) d'fheidhm a bheith acu amhail agus dá ndéanfaí na tionóntáin nó na hoidreachtáin inrátaithe a mheasúnú ar leithligh.

(7) San alt seo tá le “faoisimh phearsanta” an bhrí a cheaptar dó le halt 193 (6).

Measúnacht d'uireasa tuairisceáin.

[1918, a 112, 121.]

184. —(1) Mura bhfaighidh an cigire ráiteas ó dhuine a ndlitear cáin a mhuirearú air, déanfaidh sé, go feadh iomlán a eolais agus a bhreithiúnais, measúnacht ar an duine sin arb é méid a bheidh inti an méid ar dá réir ba chóir é a mhuirearú faoi Sceidil A, B agus E.

(2) Más rud é—

(a) go mainneoidh duine ráiteas a sheachadadh maidir le haon cháin faoi Sceideal D, nó

(b) nach mbeidh an cigire sásta le ráiteas a seachadadh, nó go bhfuair sé aon eolas maidir lena neamhdhóthanacht,

déanfaidh an cigire measúnacht ar an duine lena mbaineann i cibé suim a mheasfaidh sé, go feadh iomlán a bhreithiúnais, ba chóir a mhuirearú ar an duine sin.

Feidhmeanna measúnóirí.

[1918, a 117.]

185. —(1)   (a) Aon duine a cheapfar faoi alt 159 ina mheasúnóir agus aon duine (dá ngairtear measúnóir san alt seo) a cheapfar faoi alt 158 tabharfaidh aon oifigeach sa roinn nó san oifig iomchuí nó tabharfaidh aon ghníomhaire ag arb iníoctha an céanna, tuairisceáin fhíora in aisce, ar iad a iarraidh, ar aon tuarastail, táillí, pá, peircuisí, brabúis, pinsin, nó stipinní is iníoctha faoi Sceideal E.

(b) Beidh teacht ag gach measúnóir den sórt sin ar gach doiciméad ina roinn nó ina oifig a bhaineann le haon íocaíochtaí den sórt sin.

(c) Féadfaidh gach measúnóir den sórt sin, mura mbeidh sé sásta leis an gcuntas sin mar a dúradh, nó in aon chás inar gá sin, cuntas a iarraidh, ó aon duine a bheidh le muirearú, ar aon tuarastal, taillí, pá, peircuisí, brabúis, pinsin, nó stipinn sa tréimhse den sórt céanna a theorainnítear le haghaidh ráitis ar bhrabúis nó ar ghnóchain faoin Acht seo a sheachadadh, agus faoi réir sin phionóis chéanna a fhoráiltear i gcás mainneachtain a dhéanamh na ráitis sin a sheachadadh.

(2) Measúnóidh na measúnóirí na daoine a bheidh i seilbh oifigí, nó a bheidh i dteideal pinsean nó stipinní, de réir mhéid bliantúil an chéanna ó na doiciméid, na cuntais agus na páipéir ina gcuid ranna faoi seach.

(3) Beidh i ngach measúnacht—

(a) díolaíochtaí bliantúla, iomlána, córa gach oifige agus fostaíochta sochair, agus méid iomlán bliantúil gach pinsin nó stipinne;

(b) ainmneacha na ndaoine a bheidh ina dteideal sin; agus

(c) an cháin is iníoctha i ngach cás.

(4) Aon mheasúnóir nach ndéanfaidh de réir forálacha an ailt seo dlífear pionós a chur air nach mó ná £100 agus nach lú ná £20.

Measúnachtaí breise.

[1918, a. 125;

1925, a. 8(1);

1936, a. 3(1);

1963, a, 18(2)]

186. —(1) Má fhaigheann an cigire amach—

(a) go ndearnadh aon mhaoin nó brabúis ab inmhuirir i leith cánach a fhágáil ar lár as na céad-mheasúnachtaí, nó

(b) nach ndearna duine inmhuirir aon ráiteas a sheachadadh, nó nach ndearna sé ráiteas iomlán, cuí a sheachadadh, nó nár measúnaíodh é i leith cánach, nó nach ndearnadh leor-mhuirearú air sna céad-mheasúnachtaí, nó

(c) gur lamháladh do dhuine inmhuirir, nó go bhfuair sé, ó na céad-mheasúnachtaí agus iontu, aon liúntas, asbhaint, nó faoiseamh nach n-údaraítear leis an Acht seo,

ansin, i gcás inarb inmhuirir an cháin faoi Sceideal A, B, D nó E, déanfaidh an cigire céad-mhéasúnacht bhreise:

Ar choinníoll go mbeidh aon chéad-mheasúnacht bhreise den sórt sin faoi réir achomhairc agus imeachtaí eile amhail mar atá i gcás céad-mheasúnachta.

(2) Faoi réir alt 211, féadfar measúnacht nó céad-mheasúnacht bhreise a leasú nó a dhéanamh tráth ar bith.

(3) Aon mheasúnachtaí nach ndéanfar an tráth a dhéanfar na céad-mheasúnachtaí cuirfear iad, a luaithe a dhéanfar iad, i dteannta na gcéad-mheasúnachtaí, agus i dteannta na ndúbláidí faoi seach a bhaineann leo sin, trí fhoirmeacha measúnachta agus dúbláid ar leith.

Sonraí suimeanna a bheidh le bailiú.

[1963, a. 22;

1964, a. 6(1)(3).]

1934, Uimh. 31 .

187. —(1) Tar éis measúnachtaí i leith cánach ioncaim agus forchánach a bheith déanta, cuirfidh na cigirí sonraí ar na suimeanna a bheidh le bailiú ar aghaidh go dtí an Bailitheoir lena mbailiú, agus forléireofar tagairtí san Acht seo do dhúbláidí de mheasúnachtaí a sheachadfar do bhailitheoirí mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do shonraí a chuirfear ar aghaidh amhlaidh.

(2) A luaithe is féidir tar éis cheapachán bailitheora a ceapadh faoi alt 7 den Acht Airgid, 1934 , a fhoirceannadh, cuirfidh an cigire ar aghaidh chun an Bhailitheora lena mbailiú sonraí ar na suimeanna uile cánach ioncaim nó na n-iarmhéideanna uile díobh a ndúbláidí a seachadadh don bhailitheoir sin agus a bhí gan íoc ar an gceapachán sin a fhoirceannadh, agus déanfar tagairtí san Acht seo do dhúbláidí de mheasúnachtaí a seachadadh do bhailitheoirí a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do shonraí a cuireadh ar aghaidh amhlaidh.

(3) I gcás an Bailitheoir a ceapadh go cuí chun aon cháin ioncaim a bhailiú i gcomharbas ar Bhailitheoir eile do bhunú imeachtaí nó do leanúint d'imeachtaí, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, faoi alt 486 chun an cháin nó aon iarmhéid di a ghnóthú, ansin, chun críocha na n-imeachtaí, measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach é an Bailitheoir eile a thuilleadh an Bailitheoir a ceapadh chun an cháin a bhailiú.

Measúnachtaí agus doiciméid eile a chailleadh nó a dhíthiú.

[1920, a. 61.]

188. —(1) I gcás aon mheasúnacht i leith cánach ioncaim d'aon bhliain áirithe, nó aon dúbláid mheasúnachta i leith cánach ioncaim d'aon bhliain áirithe nó aon tuairisceán nó doiciméad eile maidir le cáin ioncaim, a chailleadh, nó a aghlot nó a dhamáistiú ionas nach inléite í nó go bhfuil sí gan mhaith ar aon slí eile, ansin, d'ainneoin aon ní in aon achtachán contrártha dó sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, na cigirí, an Bailitheoir agus oifigigh eile faoi seach ag a mbeidh cumhachtaí maidir le cáin ioncaim, gach uile bheart agus ní a dhéanamh ab fhéidir dóibh a dhéanamh, agus beidh gach uile bheart agus ní a dhéanfar faoi réim nó de bhun an ailt seo chomh bailí éifeachtúil chun gach críche agus a bheadh dá mba rud é nach ndearnadh an mheasúnacht nó an dúbláid mheasúnachta, nó nach ndearnadh nó nár tugadh, nó nár ceanglaíodh go ndéanfaí nó go dtabharfaí, an tuairisceán nó an doiciméad eile:

Ar choinníoll, i gcás ina ndéanfaidh duine ar bith a muirearaíodh i leith cánach ioncaim de dhroim nó de bhua aon bhirt nó ní a rinneadh faoi réim nó de bhun an ailt seo, a chruthú chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil aon cháin ioncaim íoctha aige cheana féin in aghaidh na bliana céanna i leith an ábhair agus ar an gcuntas ar muirearaíodh é amhlaidh ina leith agus ina aghaidh, go dtabharfar faoiseamh go feadh an mhéid a glanadh dliteanas an duine sin leis na híocaíochtaí a rinneadh amhlaidh ar mhodh lascaine ón muirear nó ar mhodh aisíoca, de réir mar is gá sa chás.

(2) San alt seo folaíonn “cáin ioncaim” “forcháin”.

Foirmeacha reachtúla a leasú.

[1929, a.7.]

189. —Is dleathach do na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham cibé leasuithe a dhéanamh ar na foirmeacha dearbhaithe, ar na liostaí agus ar na ráitis atá i Sceidil 17 agus 18 is dóigh leo is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta seo.