An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VII Brabúis nó Gnóchain ó Dhéileáil i dTalamh nó óna Fhorbairt) Ar Aghaidh (Caibidil IX Forálacha Ilghnéitheacha maidir le Sceideal D)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil VIII

Cíosanna áirithe a íoc gan Cáin a Asbhaint

Cíosanna áirithe a íoc gan cáin a asbhaint.

[1964, a. 11.]

104. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “léasóir” duine lenarb iníoctha cíos;

ciallaíonn “áitreabh” aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin sa Stát;

ciallaíonn “cíos” aon íocaíocht de shórt dá luaitear in alt 93 (1) (b).

(2)   (a) Is dleathach don chigire comhshocraíocht a dhéanamh le léasóir trína ndéanfar an cháin ioncaim is inmhuirir ar aon chíos, nó ar gach cíos, is iníoctha leis an léasóir a mheasúnú agus a mhuirearú trí mheasúnacht faoi Chás IV de Sceideal D in ionad í a asbhaint faoi alt 433 nó 434.

(b) Más rud é de bhun comhshocraíochta den sórt sin go mbeidh léasóir, i gcás aon bhliain mheasúnachta, inmhuirir trí mheasúnacht faoi Chás IV de Sceideal D i leith dhá mhéid cíosa nó níos mó, féadfar na méideanna ar leithligh a mheasúnú san aon mheasúnacht amháin.

(c) Tiocfaidh aon chomhshocraíocht den sórt sin i ngníomh amhail ó thosach na bliana measúnachta.

(d) Féadfaidh ceachtar páirtí in aon chomhshocraíocht den sórt sin, tráth ar bith, fógra a thabhairt i scríbhinn don pháirtí eile gur mian leis an chomhshocraíocht a fhoirceannadh, agus, i ndeireadh míosa ó dháta an fhógra sin a thabhairt, foirceannfar an chomhshocraíocht.

(3) Maidir le comhshocraíocht a dhéanamh faoin alt seo agus ó am go ham i gcaitheamh ré na comhshocraíochta sin, féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar an léasóir cibé eolas a shonrófar san fhógra i dtaobh na gcíosanna is infhaighte aige a sheachadadh laistigh den am a bheidh teoranta leis an bhfógra agus, go háirithe agus gan dochar go ghinearáltacht a bhfuil roimhe seo, féadfaidh sé a cheangal ar an léasóir ráiteas a sheachadadh ag insint ainmneacha agus seoltaí na ndaoine uile ag arb iníoctha cíosanna leis, méid bliantúil an chíosa is iníoctha ag gach duine acu sin agus suíomh an áitribh arb iníoctha an cíos sin ina leith.

(4) I gcás inar gá sin chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (2) féadfaidh an cigire fógra i scríbhinn a thabhairt d'aon duine ag arb iníoctha cíos—

(a) á chur in iúl dó go gcaithfear íocaíochtaí den chíos a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige leis an léasóir a bheidh i gceist ar dháta sonraithe nó dá éis (nach lú ná mí i ndiaidh dháta an fhógra) a íoc gan cáin a asbhaint;

(b) á chur in iúl go bhfuil an fógra a tugadh cheana faoi mhír (a) den fho-alt seo cealaithe agus gurb inasbhainte cáin as gach íocaíocht den chíos a íocfar tar éis dáta shonraithe (nach lú ná seacht lá i ndiaidh dháta an fhógra).

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le híocaíochtaí cíosa is iníoctha gan cáin a asbhaint de réir treoracha a thabharfar faoi fho-alt (4).

(a) beidh éifeacht ag alt 93 maidir leis na híocaíochtaí ionann agus dá scriosfaí fo-alt (3) (b) den alt sin;

(b) measfar chun críocha alt 81 (4) (b) gur faoi ghearr-léas is iníoctha na híocaíochtaí;

(c) i gcás ina ndéanfar na híocaíochtaí a thiocfaidh chun bheith iníoctha i mbliain mheasúnachta a íoc i leith áitribh a bheidh á áitiú chun críocha trádála nó gairme a sheolann an duine a íocann iad, lamhálfar don duine sin, trí aisíoc nó ar shlí eile, cibé faoiseamh, más aon fhaoiseamh é, is gá chun méid iomlán na cánach a bheidh air sa deireadh don bhliain a laghdú go dtí an méid a bheadh air dá mbeifí gan an fógra faoi fho-alt (4) (a) a thabhairt;

(d) déanfar an oiread de na híocaíochtaí a thiocfaidh chun bheith iníoctha i mbliain mheasúnachta, arb íocaíochtaí iad nach mbeidh le cur i gcuntas ar shlí eile le linn ríomh a dhéanamh, chun críocha cánach ioncaim, ar mhéid aon bhrabús nó gnóchan nó caillteanais de chuid an duine a íocfaidh iad, a asbhaint as ioncam, nó a fhritháireamh in aghaidh ioncam, an duine sin don bhliain mheasúnachta.