23 1966


Uimhir 23 de 1966.


AN tACHT UM ALLMHAIRÍ (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE DLEACHTANNA CUSTAM AGUS LE hALLMHAIRIÚ EARRAÍ, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN DLEACHTANNA CUSTAM AR EARRAÍ ÁIRITHE A ALLMHAIRÍTEAR Ó THUAISCEART ÉIREANN A LAGHDÚ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [13 Iúil, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

Modhnú ar fhorálacha ceadúnúcháin a bhaineann le dleachtanna custam.

2. —Aon uair a bheidh foráil i reacht nó in ordú reachtúil (cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a ritheadh nó a rinneadh é) arb éifeacht dó, más cuí leis an Aire Airgeadais é tar éis dó dul i gcomhairle le hAire eile, go bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le ceadúnas a údarú do dhuine earraí ar a bhfuil dleacht custam inmhuirir a allmhairiú nó (i gcás earraí atá allmhairithe) a ghlacadh arna seachadadh gan an dleacht a íoc nó an dleacht a íoc de réir ráta is ísle ná an ráta is inmhuirir de ghnáth, beidh éifeacht ag an bhforáil faoi réir na modhnuithe seo a leanas, is é sin le rá, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí sin agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire eile a luaitear san fhoráil, go bhféadfaidh an tAire Airgeadais maidir le ceadúnais a dheonófar tar éis dáta an Achta seo a rith—

(a) a fhoráil go ndéanfar an dleacht a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir rátaí sonraithe éagsúla ar earraí a fásadh, a táirgeadh nó a monaraíodh i dtíortha, i gcríocha nó i limistéir shonraithe éagsúla agus a allmhaireofar faoi cheadúnas arna dheonú faoin bhforáil agus go bhféadfar earraí a fásadh, a táirgeadh nó a monaraíodh i dtíortha, i gcríocha nó i limistéir shonraithe a allmhairiú gan an dleacht a íoc, agus

(b) srian a chur le haon cheadúnas a dheonófar faoin bhforáil agus a údaraíonn earraí a allmhairiú gan an dleacht a íoc nó an dleacht a íoc de réir ráta is lú ná an ráta is inmhuirir de ghnáth ar earraí a fásadh, a táirgeadh nó a monaraíodh i dtíortha, i gcríocha nó i limistéir shonraithe.

Cumhacht chun foráil a dhéanamh le haghaidh rátaí laghdaithe dleachta ar earraí ó Thuaisceart Éireann.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú a dhéanfar le toiliú an Aire Airgeadais, a fhoráil, maidir le haon dleacht custam; nach ndéanfar, faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar san ordú a bheith comhlíonta, an dleacht a mhuirearú, a thobhach ná a íoc ar earraí a coinsíníodh as Tuaisceart Éireann agus a fásadh, a táirgeadh nó a monaraíodh ann, nó, d'eile, go ndéanfar í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar na hearraí sin de réir ráta is ísle ná an ráta ar dá réir a bheadh an dleacht inmhuirir ar na hearraí mura mbeadh an t-ordú.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú le hordú.

Bunadh earraí monaraithe.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, coinníollacha a fhorordú a bheidh le comhlíonadh maidir le hearraí ionas, nuair a allmhaireofar na hearraí, go bhféadfar déileáil leo chun aon chríche a shonrófar sna rialacháin mar earraí a monaraíodh i dtír, i gcríoch nó i limistéar a shonrófar sna rialacháin.

(2) Ní dhéileálfar chun críche a shonrófar in aon rialacháin faoin alt seo maidir leis na hearraí sin le hearraí mar earraí a monaraíodh i dtír, i gcríoch nó i limisteár a shonrófar sna rialacháin sin mura gcomhlíonfar maidir leis na hearraí sin na coinníollacha a shonrófar sna rialacháin sin.

(3) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le haicmí nó tuairiscí éagsúla earraí nó maidir le tíortha, le críocha nó le limistéir éagsúla.

Bunadh earraí le cruthú chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim.

5. —Chun críocha na nAchtanna Custam nó aon ionstraime reachtúla a bhaineann le custaim nó aon Achta nó ionstraime arna déanamh faoin gcéanna chun allmhairiú aon earraí a rialáil, a rialú nó a thoirmeasc, ní mheasfar gur fásadh, gur táirgeadh nó gur monaraíodh earraí in aon tír, críoch nó limistéar mura gcruthófar chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncam gur fásadh, gur táirgeadh nó gur monaraíodh iad, de réir mar a bheidh, sa tír, sa chríoch nó sa limistéar sin.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

6. —Gach ordú agus rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh de lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi.

Caiteachais an Aire.

7. —Déanfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus forléiriú.

8. —(1) Féadfar an tAcht um Allmhairí (Forálacha Ilghnéitheacha), 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Custam mar aon ní amháin.