Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.)

19 1966


Uimhir 19 de 1966.


AN tACHT UM CHOMHAR CREIDMHEASA, 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHARCHUMAINN (AR A dTABHARFAR COMHAIR CHREIDMHEASA) A CHLÁRÚ FAOI ACHTANNA NA gCUMANN TIONSCAIL AGUS SOLÁTHAIR, 1893 GO 1936, CHUN FEARACHAS A SPREAGADH AGUS CREIDMHEAS A BHUNÚ, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHAIR CHREIDMHEASA A RIALÁIL, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA gCUMANN TIONSCAIL AGUS SOLÁTHAIR, 1893 GO 1936, DO LEASÚ AN FRIENDLY SOCIETIES ACT, 1896, AGUS AN ACHTA ÁRACHAIS, 1936 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [12 Iúil, 1966.]

ACHAITEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1913, c. 31.

1893, c. 39.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1913” an Industrial and Provident Societies (Amendment) Act, 1913;

tá le “comhcheangal” an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht seo agus measfar go n-áirítear ann an gaol atá idir duine ag a bhfuil an comhcheangal agus duine de theaghlach an duine sin a chónaíonn leis an duine sin sa teach céanna;

ciallaíonn “duine de theaghlach” athair, máthair, seanathair, seanmháthair, leasathair, leasmháthair, athair céile, máthair chéile, fearchéile, banchéile, mac, iníon, ua, banua, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar, deirifiúr leasghaolmhar, uncail, aintín, nia, neacht, col ceathear, cliamhain nó banchliamhain agus, nuair a bheidh aon ghaol á ríomh chun críocha an mhínithe seo, measfar gur sliocht dlisteanach ar an uchtóir nó ar na huchtóirí duine a uchtaíodh faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

folóidh “oifigeach” cathaoirleach nó leas-chathaoirleach nó stiúrthóir ar chomhar creidmheasa nó cisteoir nó rúnaí nó seirbhíseach dó nó comhalta de Choiste Maoirseachta, de Choiste Comhaltais nó de Choiste Creidmheasa Chomhar Creidmheasa;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Industrial and Provident Societies Act, 1893;

ciallaíonn “an cláraitheoir” cláraitheoir na gcara-chumann;

ciallaíonn “scair”, maidir le comhar creidmheasa, gach suim puint chun creidmheasa chomhalta den chomhar creidmheasa sin i gclár na scaireanna a cheanglaíonn an tAcht seo ar an gcomhar creidmheasa sin a choimeád.

(2) Na tagairtí san Acht seo do chomhalta de chomhar creidmheasa a bheidh i láthair ag cruinniú den chomhar creidmheasa sin folóidh siad comhalta a mbeidh ionadaí dó ag an gcruinniú sin de réir fho-alt (3) d'alt 20 den Acht seo.

Comhair chreidmheasa a chlárú.

2. —(1) (a) D'ainneoin aon ní atá in Achtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1936, áireofar ar chumann a fhéadfar a chlárú faoi na hAchtanna sin comharchumann arb é atá ann daoine a bhfuil ag gach duine acu, maidir leis na comhaltaí eile go léir sa chumann, ceann amháin ar a laghad de na comhcheangail atá leagtha amach i mír (b) den fho-alt seo, agus a bunaíodh le haghaidh na gcuspóirí seo a leanas—

(i) fearachas a chur chun cinn i measc a chomhaltaí trína gcoigiltis a chnuasach,

(ii) foinsí creidhmeasa a bhunú le haghaidh sochair a chomhaltaí ar ráta úis a bheidh cothrom réasúnach, agus

(iii) coigiltis chomhaltaí a úsáid agus a rialú chun sochair dá chéile.

(b) Is iad na comhcheangail dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo—

(i) comhcheangal comhlachais (seachas chun comhar creidmheasa a bhunú nó a stiúradh);

(ii) comhcheangal áitíochta;

(iii) comhcheangal áite cónaithe nó fostaíochta i gceantar áirithe;

(iv) comhcheangal fostaíochta ag comhfhostóir;

(v) comhcheangal comhaltais in eagraíocht bona fide;

(c) Féadfaidh an cláraitheoir, dá rogha féin, cumann a chlárú mar chomhar creidmheasa a gceanglaíonn a rialacha go mbeadh comhcheangal nó comhcheangail idir a chomhaltaí de chineál nach bhforáiltear ina leith i mír (b) den fho-alt seo.

(2) Comhar creidmheasa a thabharfar ar chumann a chlárófar de bhua an Achta seo agus a ghairtear de san Acht seo.

(3) Is é dualgas an chláraitheora, ar bheith deimhin dó gur comhlíonadh na forálacha reachtúla iomchuí, cumann a chlárú lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo trí admháil ar chlárú a eisiúint chuige, agus beidh an admháil sin ina fianaise dhochloíte go bhfuil an cumann cláraithe go cuí, mura gcruthófar go ndearnadh an clárú a fhionraí nó a chealú.

(4) I gcás ina ndiúltóidh an cláraitheoir cumann a chlárú mar chomhar creidmheasa nó aon rialacha nó leasuithe ar rialacha a chlárú, féadfar achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinneadh sin chun na Cúirte Dúiche ag suí den Chúirt sin don Cheantar Cúirte Dúiche ina bhfuil a oifig chláraithe, nó ina bhfuil sí le bheith, ag an gcumann agus is breith chríochnaitheach breith na cúirte sin, ach amháin go bhféadfar aon cheist dlí a éireoidh in achomharc den sórt sin a tharchur chun na hArd-Chúirte lena cinneadh agus féadfar le cead na hArd-Chúirte achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí i gcoinne gach cinneadh den sórt sin.

(5) Má rialaítear in aghaidh diúltú an chláraitheora ar achomharc, eiseoidh an cláraitheoir sin admháil ar chlárú.

(6) Is i scríbhinn a bheidh fógra achomhairc chun na Cúirte Dúiche faoi fho-alt (4) den alt seo agus leagfar amach ann na forais ar a mbeidh an t-achomharc bunaithe.

Feidhm an Phríomh-Achta maidir le comhair chreidmheasa agus forálacha iarmartacha.

3. —(1) Déantar leis seo forálacha an Phríomh-Achta a fheidhmiú maidir le comhair chreidhmeasa ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo.

(2) D'ainneoin aon ní atá in Achtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1936, nó in Achta na gCara-Chumann, 1896 go 1953, ní dhéanfaidh an cláraitheoir tar éis tosach feidhme an Achta seo clárú, ar shlí seachas mar chomhar creidmheasa faoin bPríomh-Acht, ar aon chumann ar mar a chéile, go hiomlán nó go substainteach, cuspóirí nó cuspóirí beartaithe dó agus do chomhar creidmheasa.

(3) Más deimhin leis an gcláraitheoir tráth ar bith go bhfuil aon chumann atá cláraithe faoi Achtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1936, nó faoi Achta na gCara-Chumann, 1896 go 1953, seachas comhar creidmheasa ag seoladh a chúrsaí i slí gur mar a chéile go hiomlán nó go substainteach cuspóirí dó agus do chomhar creidmheasa féadfaidh sé, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna sin a ordú don chumann sin scor dá ghníomhaíochtaí go léir nó de ghníomhaíochtaí sonraithe áirithe nó a chúrsaí a fhoirceannadh laistigh de thréimhse a shonrófar ina ordú nó, d'eile, clárú de bhua an Achta seo mar chomhar creidmheasa laistigh den tréimhse sin agus déanfaidh an cumann sin de réir an ordaithe sin laistigh den tréimhse a shonrófar amhlaidh.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) den alt seo maidir le haon chumann a cláraíodh faoi Achtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1936, idir an 24ú lá d'Eanáir, 1962, agus an 31ú lá de Lúnasa, 1966, agus ar mhar a chéile, go hiomlán nó go substainteach, gach tráth a chuspóirí agus cuspóirí chomhar creidmheasa.

Comhaltas i gcomhar creidmheasa.

4. —(1) Is iad amháin a bheidh ina gcomhaltaí de chomhar creidmheasa agus is iad a bheidh iontu na daoine a shínigh an t-iarratas á iarraidh go gclárófaí an cumann faoin bPríomh-Acht agus cibé daoine eile, a mbeidh eatarthu an comhcheangal atá leagtha amach i rialacha an chomhair chreidmheasa agus a bheidh tofa ina gcomhaltaí den chomhar creidmheasa de réir na rialacha agus a chomhlíonfaidh na rialacha sin a bhaineann le comhaltas.

(2) Aon chomhalta de chomhar creidmheasa a scoirfidh den chomhcheangal a bheith aige is gá do chomhaltaí an chomhair chreidmheasa sin a bheith acu féadfaidh sé a chomhaltas agus a cheartanna vótaíochta sa chomhar creidmheasa sin a choimeád agus féadfaidh an comhar creidmheasa leanúint d'airgead a ghlacadh ón gcomhalta sin i leith scaireanna nó taiscí sa chomhar creidmheasa agus féadfaidh sé a thuilleadh iasachtaí a thabhairt don chomhalta sin, ar choinníoll nach rachaidh iomlán a fhiacha leis an gcomhar creidmheasa thar comhshuim a scaireanna agus a thaiscí sa chomhar creidmheasa sin.

(3) Beidh fáil agus scor comhaltais i gcomhar creidmheasa tar éis a chláraithe faoin bPríomh-Acht faoi rialú na rialacha; ar choinníoll—

(i) nach bhfaighidh duine comhaltas ar cuid is lú ná aon scair amháin a bheidh aige sa chomhar creidmheasa sin;

(ii) nach bhféadfaidh an comhar creidmheasa thar punt de tháille iontrála a bhaint amach; agus

(iii) nach gcuirfidh comhar creidmheasa d'oibleagáid ar dhuine thar cúig phunt a íoc i leith scaireanna nó taiscí, nó iad araon, ann d'fhonn bheith ina chomhalta.

(4) D'ainneoin aon fhoráil eile den Acht seo, féadfar aon duine seachas duine nádúrtha, a bhfuil teideal ag tromlach a chomhaltaí, agus a leanann de theideal a bheith acu, chun comhaltais i gcomhar creidmheasa, a ghlacadh mar chomhalta, agus féadfaidh sé leanúint air mar chomhalta, sa chomhar creidmheasa sin leis na ceartanna agus na hoibleagáidí céanna le duine nádúrtha.

Achomharc i gcoinne diúltú d'iarratas ar chomhaltas i gcomhar creidmheasa.

5. —(1) Duine ar bith a iarrfaidh bheith ina chomhalta de chomhar creidmheasa de réir rialacha an chomhair chreidmheasa sin agus a ndiúltófar comhaltas dó féadfaidh sé achomharc a dhéanamh i gcoinne an diúltaithe sin chun na Cúirte Dúiche ag suí den Chúirt sin don Cheantar Cúirte Dúiche ina bhfuil oifig chláraithe an chomhair chreidmheasa sin.

(2) Is i scríbhinn a bheidh fógra achomhairc faoi fho-alt (1) den alt seo agus leagfar amach ann na forais ar a mbeidh an t-achomharc bunaithe.

(3) Is breith chríochnaitheach breith na Cúirte Dúiche ar achomharc faoin alt seo, ach amháin go bhféadfar aon cheist dlí a éireoidh in achomharc den sórt sin a tharchur chun na hArd-Chúirte lena cinneadh agus féadfar achomharc a dhéanamh le cead na hArd-Chúirte chun na Cúirte Uachtaraí in aghaidh gach cinneadh den sórt sin.

Rialacha chomhar creidmheasa.

6. —(1) Is i bhfoirm a cheadóidh an cláraitheoir a bheidh rialacha chomhar creidmheasa.

(2) Ní dhéanfar rialacha chomhar creidmheasa a leasú ach amháin le rún arna cheadú ag dhá thrian ar a laghad de chomhaltaí an chomhair chreidmheasa a bheidh i láthair ag cruinniú ginearálta bliantúil nó ag cruinniú ginearálta speisialta a ghairfear chun rún á thairiscint go leasófar na rialacha a bhreithniú.

Comhar creidmheasa do choimeád leabhar cuntas.

7. —(1) Cuirfidh gach comhar creidmheasa faoi deara go gcoimeádfar leabhair chuntais chuí maidir leis na suimeanna airgid go léir a gheobhaidh agus a chaithfidh an comhar creidmheasa, maidir leis na hábhair lena mbainfidh an fáltas agus an caiteachas agus maidir le sócmhainní agus dliteanais an chomhair chreidmheasa.

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo, ní mheasfar leabhair chuntais chuí a bheith á gcoimeád maidir leis na hábhair á dúradh mura gcoimeádtar cibé leabhair is gá chun léargas fíor cothrom a thabhairt ar staid chúrsaí an chomhair chreidmheasa agus chun a idirbheartanna a mhíniú.

(3) Gach taifead is gá a choimeád faoin alt seo déanfaidh an comhar creidmheasa é a shlánchoimeád go ceann tréimhse sé bliana tar éis an dáta lena mbaineann sé.

(4) Beidh deireadh le bliain airgeadais chomhar creidmheasa an 31ú lá de Nollaig agus déanfar alt 14 den Phríomh-Acht a fhorléiriú, maidir le comhar creidmheasa, mar ní a cheanglaíonn an tuairisceán bliantúil a luaitear ann a dhéanamh amach go dtí an dáta sin, agus a chur chun an chláraitheora laistigh de mhí tar éis an chruinnithe ghinearálta bhliantúil.

(5) (a) Cuirfidh stiúrthóirí chomhar creidmheasa faoi bhráid a chruinnithe ghinearálta bhliantúil cuntas ar ioncam agus ar chaiteachas an chomhair chreidmheasa in aghaidh na tréimhse (i gcás an chéad chuntais) ó cláraíodh an comhar creidmheasa nó (in aon chás eile) ón gcuntas roimhe sin, agus é déanta suas i ngach cás go dtí deireadh na bliana airgeadais is déanaí a chríochnaigh.

(b) Cuirfidh stiúrthóirí chomhar creidmheasa faoi deara clár comhardaithe an chomhair chreidmheasa amhail ag deireadh na bliana airgeadais is déanaí a chríochnaigh a dhéanamh amach agus a leagan faoi bhráid a chruinnithe ghinearálta bhliantúil.

(c) Tabharfaidh gach cuntas ar ioncam agus caiteachas chomhar creidmheasa léargas fíor cothrom ar ioncam agus caiteachas an chomhair chreidmheasa in aghaidh na bliana airgeadais iomchuí agus tabharfaidh gach clár comhardaithe chomhar creidmheasa léargas fíor cothrom ar staid chúrsaí an chomhair chreidmheasa amhail ag deireadh na bliana airgeadais iomchuí.

(d) Folóidh tagairtí san fho-alt seo do chuntas ioncaim agus caiteachais tagairtí do chuntas sochair agus dochair.

Forálacha ginearálta maidir le scaireanna.

8. —(1) Féadfaidh comhar creidmheasa scaireanna sa chomhar creidmheasa a eisiúint mar a fhorálfar lena rialacha chun a chomhaltaí, agus féadfaidh na scaireanna sin a bheith inaistarraingte nó neamh-inaistarraingte.

(2) Cuirfidh comhar creidmheasa faoi deara go gcoimeádfar taifead (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, clár na scaireanna) de na scaireanna a bheidh ar teachtadh ag gach comhalta, agus beidh na sonraí a luaitear in alt 34 den Phríomh-Acht i gclár na scaireanna.

(3) Ní dhéanfaidh comhar creidmheasa deimhniú ag cur úinéireacht scaire in iúl a eisiúint chun comhalta.

(4) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, féadfar scair i gcomhar creidmheasa a shuibscríobh agus féadfar íoc as sa tslí a fhoráiltear le rialacha an chomhair chreidmheasa; ar choinníoll nach foláir punt a bheith mar luach ainmniúil ar gach scair agus nach leithroinnfear aon scair chun comhalta go dtí go mbeidh sé tar éis íoc aisti go hiomlán in airgead gan aon phréimh ná lascaine.

(5) (a) Beidh cearta comhionnanna ag na scaireanna inaistarraingte uile i gcomhar creidmheasa.

(b) Beidh cearta comhionanna ag na scaireanna neamhinaistarraingte uile i gcomhar creidmheasa, agus ní fhéadfar aisíocaíochtaí i leith scaireanna den sórt sin a dhéanamh ach amháin mar a fhoráiltear le hAchtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1966.

(6) D'ainneoin aon ní i rialacha chomhar creidmheasa nó in aon chonradh, feadfaidh an comhar creidmheasa a cheangal ar chomhalta fógra seasca lá ar a laghad a thabhairt go bhfuil beartaithe aige scair sa chomhar creidmheasa a aistarraingt agus ní cheadóidh comhar creidmheasa scaireanna a aistarraingt fad a bheidh aon éileamh, a bheidh dlite ar chuntas taiscí, gan sásamh.

(7) D'ainneoin fo-alt (4) den alt seo, aon uair a mholfaidh a bhord stiúrthóirí amhlaidh féadfaidh comhar creidmheasa feidhm a bhaint as aon suim a bheidh chun creidmheasa dá chúltacaí (seachas an cúltaca is gá de réir alt 23 den Acht seo) chun scaireanna a lán-íoc agus féadfaidh siad na scaireanna a eisiúint chun na gcomhaltaí mar scaireanna bónais lán-íoctha sna cionúireachtaí a mbeadh na comhaltaí i dteideal chucu dá mba rud é gur ar mhodh díbhinne a imdháileadh an tsuim sin.

(8) Ní dhéanfaidh comhalta de chomhar creidmheasa scair ann a aistarraingt más rud é, ar an aistarraingt sin a dhéanamh, gur lú luach ainmniúil na scaireanna agus na dtaiscí a bheadh aige sa chomhar creidmheasa an tráth sin ná iomlán a dhliteanais (lena n-áirítear dliteanas teagmhasach) leis an gcomhar creidmheasa, mar iasachtaí, mar ráthóir nó eile.

(9) Féadfaidh comhalta de chomhar creidmheasa, le ceadú an bhoird stiúrthóirí, scair sa chomhar creidmheasa sin a aistriú chun comhalta eile, ar choinníoll nach rachaidh an líon scaireanna a bheidh ar teachtadh an tráth sin ag an gcomhalta eile sin thar an teorainn a fhorchuirtear leis an Acht seo nó faoi.

(10) Ní bhainfidh an comhar creidmheasa aon táille amach i leith aistriú scaireanna ag comhalta den chomhar creidmheasa agus tabharfaidh an t-aistriú sin teideal don aistrí chun cibé díbhinní i leith na scaireanna sin a bheidh gan íoc ar dháta an aistrithe.

(11) (a) Aon chomhalta de chomhar creidmheasa, a mbeidh diúltaithe ag an mbord stiúrthóirí aistriú beartaithe a scaireanna sa chomhar creidmheasa sin a cheadú, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh i gcoinne an diúltaithe sin chun na Cúirte Dúiche ag suí den Chúirt sin don Cheantar Cúirte Dúiche ina bhfuil oifig chláraithe an chomhair chreidmheasa sin.

(b) Is i scríbhinn a bheidh fógra achomhairc faoi mhír (a) den fho-alt seo agus leagfar amach ann na forais ar a mbeidh an t-achomharc bunaithe.

(c) Is breith chríochnaitheach breith na Cúirte Dúiche ar achomharc faoin bhfo-alt seo, ach amháin go bhféadfar aon cheist dlí a éireoidh in achomharc den sórt sin a tharchur chun na hArd-Chúirte lena cinneadh agus féadfar achomharc a dhéanamh le cead na hArd-Chúirte chun na Cúirte Uachtaraí in aghaidh gach cinneadh den sórt sin.

Taiscí a ghlacadh agus a aistarraingt.

9. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh comhar creidmheasa airgead a ghlacadh ó chomhalta ar taisce de réir rialacha an chomhair chreidmheasa.

(2) Ní rachaidh an méid iomlán a bheidh ar taisce ag comhar creidmheasa tráth ar bith thar scairchaipiteal íoctha an chomhair chreidmheasa an tráth sin.

(3) D'ainneoin aon ní i rialacha chomhar creidmheasa nó in aon chonradh, féadfaidh an comhar creidmheasa a cheangal ar chomhalta fógra lá agus fiche ar a laghad a thabhairt go bhfuil beartaithe aige taisce a aistarraingt.

(4) Is é an ráta úis is iníoctha ag comhar creidmheasa ar thaiscí d'aicme áirithe tráth áirithe an ráta úis is iníoctha i gcás na dtaiscí go léir a bhaineann leis an aicme sin.

(5) Ní dhéanfaidh comhalta de chomhar creidmheasa taisce ann a aistarraingt más rud é, ar an aistarraingt sin a dhéanamh, gur lú luach ainmniúil na scaireanna agus na dtaiscí a bheadh aige sa chomhar creidmheasa an tráth sin ná iomlán a dhliteanais (lena n-áirítear dliteanas teagmhasach) leis an gcomhar creidmheasa, mar iasachtaí, mar ráthóir nó eile.

(6) Cuirfidh comhar creidmheasa faoi deara go gcoimeádfar taifead ar gach taisce a dhéanfaidh gach comhalta, ar aon aistarraingt taisce a dhéanfaidh sé, agus ar dháta gach taisce agus gach aistarraingte den sórt sin.

Cumhachtaí chomhar creidmheasa chun airgead a fháil ar iasacht.

10. —(1) Faoi réir a rialacha, féadfaidh comhar creidmheasa, i dteannta airgead a ghlacadh ar taisce óna chomhaltaí, airgead a fháil ar iasacht ar urrús nó eile, ó fhoinse ar bith agus bintiúir a eisiúint dá réir sin, ar choinníoll nach rachaidh an méid iomlán a gheofar ar iasacht amhlaidh thar caoga faoin gcéad d'iarmhéid scaireanna agus d'iarmhéid taiscí an chomhair chreidmheasa i dteannta i chéile.

(2) Nuair a bheidh an tsuim á ríomh a luaitear i bhfo-alt (1) don alt seo, ní thabharfar aird ar iasacht shealadach a gheobhaidh comhar creidmheasa óna bhaincéirí i ngnáthchúrsa gnó.

(3) Ní bheidh sé d'oibleagáid ar iasachtóir ná ar aon duine eile a bheidh ag déileáil le comhar creidmheasa deimhin ná fiafraí a dhéanamh i dtaobh urramú a bheith déanta nó á dhéanamh ar an teoranin a fhorchuirtear, le fo-alt (1) den alt seo, le hairgead a fháil ar iasacht ag an gcomhar creidmheasa sin, agus ní bheidh aon fhiach a thabhóidh comhar creidmheasa ná aon urrús a thabharfaidh sé thar an teorainn sin neamhbhailí ná neamhéifeachtúil de bhíthin amháin dul thar an teorainn sin amhlaidh ach amháin i gcás iasachtóra nó duine a fuair urrús agus a raibh fógra sainráite aige, an tráth a tabhaíodh an fiach nó a tugadh an t-urrús, go rabhthas tríd sin gafa nó ag gabháil thar an teorainn sin.

Comhar creidmheasa do thabhairt airgid ar iasacht.

1957, Uimh. 6 .

11. —(1) Féadfaidh comhar creidmheasa iasacht a thabhairt do chomhalta ar cibé urrúis (nó gan urrús) agus téarmaí a fhorálfaidh na rialacha, chun críche soláthair nó táirgthe.

(2) Is i scríbhinn a bheidh gach iarratas a chuirfear go dtí comhar creidmheasa ag lorg iasachta agus luafar ann an chríoch ar chuici a bheidh an iasacht ag teastáil agus an t-urrús (más ann) a bheidh á thairiscint ina leith.

(3) Féadfaidh comhar creidmheasa, faoi réir na rialacha, glacadh, i dteannta cineálacha eile urrúis, le ráthaíocht, nó le scaireanna nó taiscí arna gcur i ngeall sa chomhar creidmheasa, ó chomhalta den chomhar creidmheasa i ndáil le hiasacht a thabharfaidh an comhar creidmheasa agus measfar gur urrús i leith na hiasachta sin an ráthaíocht nó an cur i ngeall sin.

(4) Féadfaidh comhar creidmheasa, faoi réir a rialacha, iasacht a íoc le comhalta ina tráthchodanna míosúla socraithe nó in aon suim amháin agus féadfaidh comhalta iasacht den sórt sin a aisíoc ar fad nó go páirteach lá ar bith a bheidh oifig an chomhair chreidmheasa ar oscailt le haghaidh gnó.

(5) Ní thabharfaidh comhar creidmheasa iasacht do chomhalta—

(a) mura ndéanfar an iasacht a cheadú ag na comhaltaí uile den bhord stiúrthóirí nó den Choiste Creidmheasa a bheidh i láthair ag an gcruinniú den bhord nó den choiste (cibé acu é) ag a ndéanfar an t-iarratas ar an iasacht a bhreithniú agus gur tromlach den bhord nó den choiste líon na gcomhaltaí sin den bhord nó den choiste,

(b) go ceann tréimhse is faide ná cúig bliana dar tosach dáta an iasacht nó an chéad tráthchuid di (cibé acu é) a íoc,

(c) más rud é ar an iasacht sin a thabhairt go mbeadh an comhalta sin suim ba mhó ná deich faoi gcéad de shócmhainní iomlána an chomhair chreidmheasa i bhfiacha leis an gcomhar creidmheasa.

(6) (a) Ní thabharfaidh comhar creidmheasa iasacht do dhuine is comhalta dá bhord stiúrthóirí, dá Choiste Comhaltais, dá Choiste Maoirseachta nó dá Choiste Creidmheasa ach amháin le ceadú d'aontoil trí votaíocht faoi rún ó choiste speisialta a bheidh i láthair nuair a bheidh an iasacht faoi bhreithniú, agus is iad a bheidh ar an gcoiste speisialta sin tromlach an bhoird stiúrthóirí, tromlach an Choiste Chreidmheasa (más ann) agus comhalta amháin ar a laghad den Choiste Maoirseachta, ach ní áireofar air iarratasóir na hiasachta.

(b) Ní ghlacfaidh comhar creidmheasa ó dhuine is comhalta dá bhord stiúrthóirí, dá Choiste Comhaltais, dá Choiste Maoirseachta nó dá Choiste Creidmheasa ráthaíocht i leith iasachta ón gcomhar creidmheasa chun comhalta eile den chomhar creidmheasa.

(7) Féadfaidh comhar creidmheasa ús a bhaint amach ar iasacht a thabharfar faoin alt seo ach ní rachaidh an t-ús sin tráth ar bith thar aon faoin gcéad sa mhí de mhéid na hiasachta a bheidh gan íoc an tráth sin agus beidh ar áireamh air i ngach cás na muirir uile a ghearrfaidh an comhar creidmheasa le linn dóibh an iasacht a thabhairt.

(8) Is é an ráta úis a ghearrfaidh comhar creidmheasa ar iasachtaí neamhurraithe a dheonófar tráth áirithe an ráta céanna a ghearrfaidh sé i gcás gach iasachta den sórt sin.

(9) Is é an ráta úis a ghearrfaidh comhar creidmheasa ar iasachtaí urraithe a dheonófar tráth áirithe an ráta céanna a ghearrfaidh sé i gcás gach iasachta den sórt sin.

(10) Uair ar bith a ghearrfaidh nó a ghlacfaidh comhar creidmheasa ús ar iasacht de réir ráta is mó ná an ráta a cheadaítear faoin alt seo measfar an t-ús go léir a chomhaontaigh an comhalta a íoc ar an iasacht sin a bheith tarscaoilte ag an gcomhar creidmheasa, agus beidh aon ús a íocfar i gcás den sórt sin inghnóthaithe ag an gcomhalta nó ag a ionadaí pearsanta mar fhiach conartha shimplí agus measfar gur caingean de réir brí fho-alt (7) d'alt 11 de Reacht na dTréimhsí, 1957 , caingean chun a ghnóthaithe.

Cruinniú eagraíochta, toghadh stiúrthóirí, Coiste Maoirseachta agus iniúchóirí.

12. —(1) Beidh bord stiúrthóirí agus Coiste Maoirseachta ar chomhar creidmheasa.

(2) Tráth nach déanaí ná mí tar éis comhar creidmheasa a chlárú, déanfaidh na daoine a shínigh an t-iarratas chun an comhar creidmheasa a chlárú faoin bPríomh-Acht na daoine go léir a bhí, ar dháta an fógra a eisiúint, ina gcomhaltaí den chomhar creidmheasa a ghairm, trí fhógra i scríbhinn, go dtí cruinniú (ar a dtabharfar agus dá ngairtear san Acht seo an cruinniú eagraíochta).

(3) Luafar san fhógra a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo dáta, am agus áit an chruinnithe agus, tráth nach déanaí ná seacht lá agus nach luaithe ná deich lá roimh dháta an chruinnithe eagraíochta, tabharfar an fógra de láimh do gach comhalta nó postálfar é nó cuirfear chuige é chun a sheoladh mar a bheidh taifeadta i leabhair an chomhair chreidmheasa.

(4) Déanfaidh comhaltaí chomhar creidmheasa a bheidh i láthair ag an gcruinniú eagraíochta cúigear comhalta ar a laghad den chomhar creidmheasa a thoghadh trí rúnbhallóid le bheith ina stiúrthóirí air.

(5) Ag an gcruinniú ginearálta bliantúil de chomhar creidmheasa déanfaidh na comhaltaí a bheidh i láthair aon fholúntas sa bhord stiúrthóirí a líonadh trí rúnbhallóid.

(6) Ag an gcruinniú eagraíochta agus ag gach cruinniú ginearálta bliantúil de chomhar creidmheasa déanfaidh na comhaltaí de a bheidh i láthair triúr comhalta a thoghadh trí rúnbhallóid le bheith ina gCoiste Maoirseachta agus chun cibé feidhmeanna a chur i gcrích agus cibé cumhachtaí a fheidhmiú a shanntar don Choiste Maoirseachta leis an Acht seo nó faoi.

(7) Ní bheidh ar áireamh chomhaltaí an Choiste Maoirseachta cisteoir an chomhair chreidmheasa ná níos mó ná aon stiúrthóir amháin de chuid an chomhair chreidmheasa.

(8) Beidh comhaltaí an Choiste Maoirseachta i seilbh oifige go dtí deireadh an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil eile agus déanfar aon chorrfholúntas sa Choiste Maoirseachta a líonadh trí na comhaltaí de a bheidh fágtha do cheapadh duine as líon comhaltaí an chomhair chreidmheasa agus beidh an duine a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige go dtí deireadh an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil eile.

(9) Ag an gcruinniú eagraíochta agus ag gach cruinniú ginearálta bliantúil de chomhar creidmheasa déanfaidh na comhaltaí de a bheidh i láthair iniúchóir a thoghadh trí rúnbhallóid le bheith i seilbh oifige go dtí deireadh an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil eile, ach féadfaidh an bord stiúrthóirí aon chorrfholúntas in oifig an iniúchóra a líonadh.

(10) Beidh feidhm ag fo-ailt (3), (4) agus (5) d'alt 19 (gan aon tagairt don iniúchóir a áireamh), agus ag alt 20, den Acht seo maidir leis an gcruinniú eagraíochta ionann agus dá mba chruinniú ginearálta bliantúil den chomhar creidmheasa é.

Cumhachtaí agus feidhmeanna bhord stiúrthóirí.

13. —(1) Beidh rialú, stiúradh agus bainistíocht ghinearálta ag bord stiúrthóirí chomhar creidmheasa ar chúrsaí, cistí agus taifid an chomhair chreidmheasa.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, beidh gach ní nó aon ní acu seo a leanas ar áireamh cumhachtaí agus feidhmeanna bhord stiúrthóirí chomhar creidmheasa—

(a) cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratais ar chomhaltas sa chomhar creidmheasa agus maidir le hiarratais ar iasachtaí,

(b) méid agus cineál an bhanna-urra (más ann) a shocrú a bheidh ag teastáil i leith aon oifigigh don chomhar creidmheasa a mbeidh earraí nó maoin eile leis an gcomhar creidmheasa ina choimeád,

(c) an ráta úis a mhuirearófar ar iasachtaí a thabharfar do chomhaltaí agus an ráta úis a íocfar ar thaiscí a chinneadh ó am go ham,

(d) díbhinní a mholadh do chomhaltaí lena ndearbhú,

(e) an méid uasta scaireanna sa chomhar creidmheasa a fhéadfaidh comhalta a theachtadh, agus an méid uasta a fhéadfaidh comhalta a thaisceadh leis an gcomhar creidmheasa, a shocrú, agus feidhm a bheith ag na teorainneacha sin go cothrom maidir leis na comhaltaí go léir,

(f) an méid uasta a fhéadfaidh a bheith ar iasacht tráth áirithe ag comhalta maidir le hiasachtaí urraithe agus iasachtaí neamhurraithe faoi seach a shocrú, agus feidhm a bheith ag na teorainneacha sin go cothrom maidir leis na comhaltaí go léir,

(g) cinneadh a dhéanamh maidir le cistí barrachais leis an gcomhar creidmheasa a infheistiú,

(h) fostaíocht agus téarmaí fostaíochta cibé duine nó daoine a mheasfaidh an bord stiúrthóirí is gá chun críocha an chomhair chreidmheasa; ar choinníoll gur gá ceadú ó chomhaltaí an chomhair chreidmheasa ag cruinniú ginearálta den chomhar creidmheasa a bheith leis an luach saothair, i leith fostaíochta sa chomhar creidmheasa, a thabharfar do dhuine is stiúrthóir ar an gcomhar creidmheasa,

(i) maoin a dhíol agus a cheannach don chomhar creidmheasa,

(j) an comhar creidmheasa d'fháil airgid ar iasacht,

(k) aon ghníomh dleathach nach mbeidh ar neamhréir le rialacha an chomhair chreidmheasa a dhéanamh de réir orduithe a thabharfaidh comhaltaí an chomhair chreidmheasa ag cruinniú ginearálta den chomhar creidmheasa sin.

(3) Beidh cruinniú ann de bhord stiúrthóirí chomhar creidmheasa a mhinice is gá chun a ghnó a dhéanamh go cuí agus beidh cruinniú den sort sin ann uair sa mhí ar a laghad.

(4) (a) Féadfaidh an bord stiúrthóirí, d'ainneoin fo-ailt (1) agus (2) den alt seo, coiste (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, an Coiste Creidmheasa) triúr comhalta nó níos mó den chomhar creidmheasa a cheapadh chun iarratais ar iasachtaí a bhreithniú agus a chinneadh.

(b) Tabharfaidh an Coiste Creidmheasa tuarascáil don bhord stiúrthóirí uair sa mhí ar a laghad agus, i bhfeidhmiú na bhfeidhmeanna a bheidh tarmligthe chuige, déanfaidh sé de réir aon orduithe a bheidh curtha ag an mbord stiúrthóirí air.

(c) Beidh stiúrthóir amháin ar a laghad, ach ní bheidh cisteoir an chomhair chreidmheasa, ina chomhalta den Choiste Comhaltais.

(5) (a) Féadfaidh bord stiúrthóirí chomhar creidmheasa, d'ainneoin fo-ailt (1) agus (2) den alt seo, coiste (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, an Coiste Comhaltais) comhalta amháin nó níos mó den chomar creidmheasa a cheapadh chun iarratais ar chomhaltas sa chomhar creidmheasa a bhreithniú agus a chinneadh.

(b) Tabharfaidh an Coiste Comhaltais tuarascáil don bhord stiúrthóirí uair sa mhí ar a laghad agus, i bhfeidhmiú na bhfeidhmeanna a bheidh tarmligthe chuige, déanfaidh sé de réir aon orduithe a bheidh curtha ag an mbord stiúrthóirí air.

(c) Beidh stiúrthóir amháin ar a laghad, ach ní bheidh cisteoir an chomhair chreidmheasa, ina chomhalta den Choiste Comhaltais.

(6) Ar stiúrthóir chomhar creidmheasa is comhalta freisin de Choiste Comhaltais nó de Choiste Creidmheasa an chéanna scor de bheith i seilbh oifige mar stiúrthóir, scoirfidh sé freisin de bheith ina chomhalta den Choiste Comhaltais nó den Choiste Creidmheasa, de réir mar a bheidh.

(7) Beidh gníomhartha stiúrthóra chomhar creidmheasa bailí d'ainneoin aon locht a fháil dá éis sin ar a cheapadh nó ar a cháilíocht.

Forálacha eile maidir le bord stiúrthóirí.

14. —(1) Beidh stiúrthóir chomhar creidmheasa i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse a fhorálfaidh na rialacha, ach nach faide ná an tréimhse sin arb é is críoch di deireadh an tríú cruinniú ginearálta bliantúil a thionólfar tar éis an chruinnithe ag ar toghadh é.

(2) Féadfaidh an bord stiúrthóirí tráth ar bith agus ó am go ham aon chomhalta den chomhar creidmheasa a cheapadh ina stiúrthóir chun corrfholúntas a líonadh agus ní bheidh aon stiúrthóir a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige ach amháin go dtí deireadh an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil ina dhiaidh sin.

(3) Ach amháin i gcás ina bhforálfaidh na rialacha a mhalairt, ní bheidh duine inatofa ná incheaptha chun an bhoird stiúrthóirí go dtí go mbeidh bliain caite ó bhí sé i seilbh oifige go deiridh mar stiúrthóir.

Luach saothair.

15. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní íocfaidh comhar creidmheasa le stiúrthóir ná le comhalta de Choiste Creidmheasa, de Choiste Comhaltais ná de Choiste Maoirseachta an chomhair chreidmheasa aon luach saothair, go díreach ná go neamhdhíreach, i leith aon seirbhíse a rinne sé sa cháil sin dó mar stiúrthóir den sórt nó mar chathaoirleach, mar leas-chathaoirleach nó mar rúnaí nó mar chomhalta coiste den sórt sin thar ceann nó chun tairbhe an chomhair chreidmheasa, seachas aon chaiteachais a thabhaigh sé de riachtanas sa cháil sin agus aon dualgais á gcomhlíonadh aige maidir le gnó an chomhair chreidmheasa agus a ceadaíodh le vóta thromlach comhaltaí bhord stiúrthóirí an chomhair chreidmheasa.

(2) Féadfar cibé luach saothair a íoc le cisteoir chomhar creidmheasa a bheidh na comhaltaí, i gcruinniú ginearálta, tar éis a cheadú ó am go ham, sula n-íocfar an luach saothair sin nó aon chuid de.

Toirmeasc ar rúin iolartha.

16. —Ní dhéanfar, ag aon chruinniú ginearálta de chomhar creidmheasa, tairiscint le rún aonair chun beirt daoine nó níos mó a thoghadh nó a cheapadh mar oifigigh don chomhar creidmheasa.

Cumhachtaí agus dualgais an Choiste Maoirseachta.

17. —(1) Beidh de dhualgas ginearálta ar Choiste Maoirseachta chomhar creidmheasa maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh a ndualgais ag oifigigh an chomhair chreidmheasa.

(2) Gan dochar do ghinearaltacht fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh Coiste Maoirseachta chomhar creidmheasa na nithe seo a leanas—

(a) scrúdú a dhéanamh, nó a chur faoi deara go ndéanfar scrúdú, dhá uair ar a laghad sa tréimhse roimh an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil eile, ar leabhair, ar pháipéir, ar thaifid agus ar chuntais an chomhair chreidmheasa agus is cuid den scrúdú sin urrúis, cuntais airgid agus gach doiciméad agus taifead maidir le hiasachtaí a iniúchadh,

(b) comparáid a dhéanamh, nó a chur faoi deara go ndéanfar comparáid, uair amháin sa tréimhse roimh an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil eile, idir pasleabhar nó doiciméad nó ráiteas cuntais eile gach comhalta agus taifid iomchuí an chomhair chreidmheasa.

(c) a fháil amach an bhfuil nó nach bhfuil gach gníomh agus cinneadh de chuid na n-oifigeach, a bhaineann le cúrsaí an chomhair chreidmheasa, de réir dlí agus de réir rialacha an chomhair chreidmheasa,

(d) tuarascáil i scríbhinn a thabhairt don chéad chruinniú ginearálta bliantúil eile den chomhar creidmheasa nó, más cuí sin leis an gCoiste Maoirseachta, níos luaithe do chruinniú ginearálta speisialta den chomhar creidmheasa, i dtaobh toradh a scrúdaithe agus a fhiosruithe.

(3) Féadfaidh an Coiste Maoirseachta—

(a) trí vóta d'aonghuth a chomhaltaí uile ag cruinniú a ghairfear chun na críche sin aon oifigigh don chomhar creidmheasa a rinne aon ghníomh nó aon chinneadh is dóigh leis an gCoiste a bheith ar neamhréir leis an dlí nó le rialacha an chomhair chreidmheasa a fhionraí ó oifig; nó

(b) cibé am a fhionróidh siad nó nach bhfionróidh siad aon oifigeach, cruinniú ginearálta speisialta den chomhar creidmheasa a chomóradh chun an gníomh nó an cinneadh sin a bhreithniú.

(4) Aon uair a dhéanfaidh Coiste Maoirseachta, faoin alt seo, oifigeach de chuid chomhar creidmheasa a fhionraí ó oifig, comórfaidh an Coiste Maoirseachta cruinniú ginearálta speisialta den chomhar creidmheasa a thionólfar tráth nach déanaí ná ceithre lá déag tar éis na fionraí sin.

(5) Ag cruinniú ginearálta speisialta a thionólfar faoin alt seo féadfaidh an comhar creidmheasa, ar thromlach na gcomhaltaí a bheidh i láthair dá cheadú trí rúnbhallóid—

(a) fionraí a rinne an Coiste Maoirseachta a dhaingniú agus an duine a bheidh curtha ar fionraí amhlaidh a chur as oifig, agus an folúntas a tharla mar gheall ar an gcur as oifig sin a líonadh sa tslí a chinnfear ag an gcruinniú,

(b) fionraí a rinne an Coiste Maoirseachta a chealú, nó

(c) aon oifigeach don chomhar creidmheasa (cibé acu a bheidh sé curtha ar fionraí ag an gCoiste Maoirseachta nó nach mbeidh) a chur as oifig, agus an folúntas a tharla mar gheall ar an gcur as oifig sin a líonadh sa tslí a chinnfear ag an gcruinniú;

ar choinníoll, áfach, nach ndéanfar aon duine a chur as oifig faoin alt seo gan caoi a thabhairt dó ar éiseacht a fháil ó na comhaltaí ag an gcruinniú ginearálta speisialta.

Cathaoirleach, etc., a thoghadh.

18. —(1) Sa tréimhse seacht lá dar tosach an lá i ndiaidh an chruinnithe eagraíochta nó i ndiaidh gach cruinnithe ghinearálta bhliantúil, déanfaidh bord stiúrthóirí chomhar creidmheasa, trí rúnbhallóid, ceathrar as a líon a thoghadh mar chathaoirleach, leas-chathaoirleach, cisteoir agus rúnaí don chomhar creidmheasa, faoi seach.

(2) D'ainneoin fo-alt (1) den alt seo, féadfar an duine céanna a thoghadh mar chisteoir agus mar rúnaí do chomhar creidmheasa.

(3) Beidh duine a thoghfar faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo i seilbh oifige go dtí deireadh an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil eile a bheidh ag an gcomhar creidmheasa agus ní bheidh níos faide ná sin.

(4) Féadfaidh na stiúrthóirí, d'fhonn corrfholúntas a líonadh, tráth ar bith agus ó am go ham, duine dá líon a thoghadh mar chathaoirleach, leas-chathaoirleach, rúnaí nó cisteoir don chomhar creidmheasa (nó mar chisteoir agus rúnaí dó) agus beidh duine ar bith a thoghfar amhlaidh i seilbh oifige go dtí deireadh an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil eile a bheidh ag an gcomhar creidmheasa agus ní bheidh níos faide ná sin.

(5) Laistigh de cheithre lá dhéag ón lá a thoghfar nó a cheapfar cathaoirleach, leas-chathaoirleach, stiúrthóir, rúnaí, cisteoir nó comhalta coiste, cuirfidh an cathaoirleach agus an rúnaí i gcomhpháirt fógra i scríbhinn chun an chláraitheora faoin toghadh nó faoin gceapadh, agus luafaidh siad san fhógra ainm agus seoladh iomlán an duine a bheidh tofa nó ceaptha.

(6) Is é dualgas an rúnaí miontuairiscí a choimeád ar chruinnithe ginearálta uile an chomhair chreidmheasa agus ar chruinnithe uile bhord stiúrthóirí an chomhair chreidmheasa.

(7) Gach cisteoir do chomhar creidmheasa—

(a) gníomhóidh sé mar bhainisteoir ginearálta don chomhar creidmheasa ach amháin i gcás ina bhforálfaidh na rialacha a mhalairt,

(b) tráth nach déanaí ná lá deiridh gach míosa, cuirfidh sé faoi deara go gcuirfear ar taispeáint in oifig an chomhair chreidmheasa (nó in áit éigin eile má ordaíonn na comhaltaí amhlaidh i gcruinniú ginearálta) ráiteas airgeadais amhail ag deireadh na míosa roimhe sin ina leagfar amach ioncam agus caiteachas an chomhair chreidmheasa in aghaidh na tréimhse ó thosach na bliana airgeadais reatha go dtí deireadh na míosa roimhe sin a dúradh agus ina mbeidh clár comhardaithe an chomhair chreidmheasa amhail ag deireadh na míosa roimhe sin a dúradh.

(8) Forálfaidh na rialacha síniú beirt oifigeach ar a laghad don chomhar creidmheasa a bheith ar gach tíolacas maoine de chuid an chomhair chreidmheasa agus ar gach seic, dréacht, nóta agus oibleagáid eile de chuid an chomhair chreidmheasa agus ar gach aistriú a dhéanfaidh an comhar creidmheasa ar scaireanna nó infheistíochtaí eile.

(9) Ar dhuine is stiúrthóir ar chomhar creidmheasa agus is cathaoirleach, leas-chathaoirleach, cisteoir nó rúnaí freisin don chomhar creidmheasa scor de bheith i seilbh oifige mar stiúrthóir, scoirfidh sé freisin de bheith i seilbh oifige mar chathaoirleach, leas-chathaoirleach, cisteoir nó rúnaí.

Cruinniú ginearálta bliantúil chomhar creidmheasa.

19. —(1) Déanfar cruinniú (dá ngairtear an cruinniú ginearálta bliantúil san Acht seo) de chomhaltaí chomhar creidmheasa a thionól sa Stát i mí Eanáir nó Feabhra, gach bliain, san am agus san áit dá bhforáiltear faoi na rialacha.

(2) Tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an gcruinniú ginearálta bliantúil, cuirfidh rúnaí chomhar creidmheasa faoi deara go dtabharfar fógra scríofa faoi dháta, am agus áit an chruinnithe sin de láimh do gach comhalta agus don iniúchóir nó go bpostálfar nó go gcuirfear é go dtí gach duine acu ag a sheoladh mar a bheidh sin taifeadta i leabhair an chomhair chreidmheasa.

(3) Deich faoin gcéad de chomhalta an chomhair chreidmheasa nó cúig chomhalta déag, cibé líon acu is lú, is córam don chruinniú ginearálta bliantúil, ar choinníoll—

(a) nach lú ná cúig chomhalta, an córam i gcás ar bith do chruinniú ginearálta bliantúil, agus

(b) go bhféadfaidh an córam do chruinniú ginearálta bliantúil atrátha a bheith níos lú ná an córam is gá de réir na bhforálacha roimhe seo den fho-alt seo má fhorálann na rialacha amhlaidh.

(4) Féadfar cruinniú ginearálta bliantúil a chur ar atráth, ar chúiseanna maithe dóthanacha agus le toiliú thromlach na gcomhaltaí a bheidh i láthair, ar choinníoll—

(a) nach ndéanfar aon ghnó ag cruinniú ginearálta bliantúil atrátha seachas an gnó a fágadh gan chríochnú ag an gcruinniú ónar tharla an t-atráthú; agus

(b) nuair a chuirfear cruinniú ginearálta bliantúil ar atráth go ceann tríocha lá nó níos mó, ach ní ar aon bhealach eile, go mbeidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo maidir leis an gcruinniú ginearálta bliantúil atrátha sin.

(5) D'ainneoin fo-ailt (2) agus (4) den alt seo, féadfar fógra níos giorra ná seacht lá faoi dháta, am agus áit an chruinnithe ghinearálta bhliantúil nó an chruinnithe ghinearálta bhliantúil atrátha a thabhairt i gcás nócha faoin gcéad ar a laghad de chomhaltaí an chomhair chreidmheasa a bheidh i dteideal a bheith i láthair agus vótáil ag an gcruinniú sin mar aon le hiniúchóir an chomhair chreidmheasa sin do chomhaontú amhlaidh i scríbhinn roimh an gcruinniú sin nó lena linn.

Vótáil ag cruinniú ginearálta bliantúil.

20. —(1) Ag cruinniú ginearálta bliantúil de chomhar creidmheasa ní bheidh ag gach comhalta ach vóta amháin ar gach ceist is cuma cad é a scairshealbhán sa chomhar creidmheasa.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ní fhéadfaidh comhalta de chomhar creidmheasa vótáil trí sheachvótálaí ag cruinniú ginearálta bliantúil an chomhair chreidmheasa.

(3) Maidir le grúpa daoine is comhalta de chomhar creidmheasa, féadfaidh comhalta den ghrúpa sin ionadú dó ag cruinniú ginearálta bliantúil an chomhair chreidmheasa agus féadfaidh an comhalta vótáil ag an gcruinniú sin thar ceann an ghrúpa sin má bhíonn údarás cuí i scríbhinn aige ón ngrúpa sin déanamh amhlaidh agus má bhíonn bord stiúrthóirí an chomhair chreidmheasa tar éis glacadh leis an údarás sin go sainráite nó go hintuigthe, agus beidh sé i dteideal na cumhachtaí céanna a fheidhmiú thar ceann an ghrúpa a mbeidh sé ag ionadú dó agus a fhéadfadh an grúpa sin a fheidhmiú dá mba chomhalta aonair é den chomhar creidmheasa.

Cruinniú ginearálta speisialta chomhar creidmheasa.

21. —(1) Féadfaidh bord stiúrthóirí nó Coiste Maoirseachta chomhar creidmheasa, cibé uair is oiriúnach leo, cruinniú ginearálta speisialta den chomhar creidmheasa a chomóradh.

(2) Ar chúig chomhalta déag ar a laghad de chomhar creidmheasa á iarraidh sin i ndoiciméad a bheidh dírithe chun an chomhair chreidmheasa go dtí a oifig chláraithe, comórfaidh na stiúrthóirí cruinniú ginearálta speisialta den chomhar creidmheasa agus má tharlaíonn, laistigh de mhí ón dáta a gheofar an doiciméad sin san oifig chláraithe, nach mbeidh na stiúrthóirí tar éis cruinniú ginearálta speisialta a chomóradh le tionól laistigh de shé sheachtain ón dáta sin, féadfaidh aon triúr comhalta den chomhar creidmheasa a bheidh ag gníomhú thar ceann an chúig chomhalta déag sin cruinniú ginearálta speisialta a chomóradh.

(3) Faoi réir fo-ailt (1) agus (2) den alt seo, beidh feidhm ag an oiread sin d'fho-ailt (2) go (5) d'alt 19, agus d'alt 20 den Acht seo agus a bhaineann le cruinniú ginearálta bliantúil i gcás cruinnithe ghinearálta speisialta ionann agus dá mba é a bhí ann cruinniú ginearálta bliantúil den chomhar creidmheasa.

Díbhinní.

22. —(1) Féadfaidh comhaltaí chomhar creidmheasa ag gach cruinniú ginearálta bliantúil den chomhar creidmheasa díbhinn nach mó ná deich faoin gcéad de luach ainmniúil scaireanna chomhar creidmheasa a dhearbhú ar na scaireanna sin, agus déanfar aon díbhinn den sórt sin a íoc ar na scaireanna uile a bhí gan íoc i ndeireadh na bliana airgeadais roimhe sin, agus beidh teideal ag aon scaireanna a leithroinneadh i rith na bliana airgeadais sin chun coda coibhneasaí den díbhinn agus chun críche an teidil sin ní thabharfar aird ar chuid de mhí.

(2) Ní rachaidh aon díbhinn a dhearbhóidh comhaltaí chomhar creidmheasa thar an méid a mholfaidh an bord stiúrthóirí, ná ní íocfar í ar shlí seachas as cistí barrachais a bheidh ar fáil chuige sin agus a bheidh carnaithe tar éis freastal do cheanglais alt 23 den Acht seo maidir le cúltaca.

Cúltaca.

23. —(1) Bunóidh comhar creidmheasa cúltaca trí dheich faoin gcéad ar a laghad de chistí barrachais an chomhair chreidmheasa a dháileadh chuige sin i leith gach bliana airgeadais.

(2) Chun cistí barrachais chomhar creidmheasa i mbliain airgeadais a dhéanamh amach, déanfar soláthar ar dtús le haghaidh caiteachais oibríochta uile an chomhair chreidmheasa sa bhliain sin agus le haghaidh aon tsoláthair is gá i leith díluachadh ach ní dhéanfar aon socrú i leith méideanna a bheidh le híoc ar mhodh díbhinní.

(3) Ní dhéanfaidh comhar creidmheasa a chúltaca a chaipitliú ar mhodh scaireanna bónais ná é a indháil ar mhodh díbhinní.

(4) D'ainneoin fo-alt (1) den alt seo, aon uair a mholfaidh bord stiúrthóirí chomhar creidmheasa amhlaidh dá chomhaltaí agus go gceadóidh na comhaltaí amhlaidh i gcruinniú ginearálta, féadfar an dáileadh i leith cúltaca a mhéadú nó, más ionann an cúltaca i ndeireadh na bliana airgeadais a bheidh i gceist agus cúig déag faoin gcéad d'iarmhéid na scaireanna agus d'iarmhéid na dtaiscí i dteannta a chéile, nó más mó é ná an méid sin, féadfar an dáileadh a laghdú.

Ionnarbadh as comhar creidmheasa nó tarraingt siar as.

24. —(1) Féadfar comhalta de chomhar creidmheasa a ionnarbadh as má bhíonn dhá thrian ar a laghad de na comhaltaí a bheidh i láthair ag cruinniú ginearálta speisialta a ghlaofar chuige sin i bhfabhar é a ionnarbadh, ar choinníoll, áfach, go dtabharfar caoi a éisteachta ag an gcruinniú don chomhalta a bheidh i gceist, sula rifhtear aon rún den sórt sin.

(2) Féadfar achomharc (a dtabharfar fógra faoi i scríbhinn agus ina leagfar amach na forais ar a bhfuil sé bunaithe) a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ag suí den Chúirt sin don Cheantar Cúirte Dúiche ina bhfuil oifig chláraithe an chomhair creidmheasa in aghaidh an comhar creidmheasa do chinneadh an comhalta a ionnarbadh as an gcomhar creidmheasa agus is breith chríochnaitheach a bheidh a mbreith na Cúirte Dúiche ar an achomharc sin, ach amháin go bhféadfar aon cheist dlí a éireoidh in aon achomharc den sórt sin a tharchur chun na hArd-Chúirte lena cinneadh agus féadfar le cead na hArd-Chúirte achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí i gcoinne gach cinneadh den sórt sin.

(3) Féadfaidh comhalta de chomhar creidmheasa tarraingt siar ó bheith ina chomhalta de trí fhógra i scríbhinn a thabhairt de réir rialacha an chomhair creidmheasa.

(4) Má tharraingíonn duine siar, nó má ionnarbaítear duine, as comhar creidmheasa, ní oibreoidh sé sin chun é a shaoradh ó aon dliteanas a bheidh ag an gcomhar creidmheasa air le linn dó tarraingt siar nó é a ionnarbadh amhlaidh.

(5) An t-airgead go léir a bheidh dlite, maidir le scaireanna agus taiscí inaistarraingte, de chomhar creidmheasa do chomhalta de a tharraingeoidh siar nó a ionnarbófar as, íocfar é leis an duine sin tar éis an t-airgead go léir a bheidh dlite de don chomhar creidmheasa a asbhaint; ar choinníoll, áfach, d'ainneoin aon ní ina rialacha nó in aon chonradh, go bhféadfaidh comhar creidmheasa, más oiriúnach leis, íoc cibé airgid a bheidh dlite nó íoc coda de a chur siar go ceann tréimhse seasca lá dar tosach dáta an ionnarbaithe nó na tarraingte siar.

(6) Féadfar freisin luach ainmniúil scaireanna neamh-inaistarraingte a bheidh ar teachtadh ag comhalta a ionnarbófar as comhar creidmheasa (ach ní ag comhalta a tharraingeoidh siar) a íoc leis tar éis an t-airgead uile a bheidh dlite de don chomhar creidmheasa a asbhaint, faoi réir an choinnííll dá dtagraítear i bhfo-alt (5).

(7) Ní thabharfaidh comhar creidmheasa íocaíocht ar bith i leith scaireanna do chomhalta a tharraingeoidh siar nó a ionnarbófar an fad a bheidh aon éileamh a bheidh dlite ar cuntas taiscí gan sásamh.

(8) Ní thabharfaidh comhar creidmheasa íocaíocht d'aon sórt do chomhalta a tharraingeoidh siar nó a ionnarbófar as mura mbeidh a dhliteanais uile (lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha) don chomhar creidmheasa, cibé acu mar iasachtaí, ráthóir nó eile, glanta go hiomlán nó mura mbeidh soláthar iomlán déanta ina leith ar bhealach éigin eile ag duine seachas an comhar creidmheasa.

Cumhacht chomhar creidmheasa chun árachais áirithe a thógáil amach.

1936, Uimh. 45 .

25. —(1) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Árachais, 1909 go 1964, féadfaidh an tAire a údarú i scríbhinn do chomhar creidmheasa árachas de na cineálacha seo a leanas a thógáil amach le duine, nach duine ar deonaíodh ceadúnas dó faoi Chuid II den Acht Árachais, 1936

(a) árachas ar chomhalta den chomhar creidmheasa i gcás a mhíchumasaithe, nó árachas ar eastát an chomhalta i gcás a bháis, in aghaidh dliteanais don chomhar creidmheasa i leith iasachtaí a thug an comhar creidmheasa don chomhalta sin agus a bheidh gan íoc tráth an éagumasaithe nó an bháis sin,

(b) árachas saoil ar chomhalta den chomhar creidmheasa i leith méid comhionann nó i gcoibhneas le suim a thaiscí agus a scaireanna sa chomhar creidmheasa.

(c) cibé cineálacha eile árachais is inmhianaithe leis an Aire a údarú le haghaidh cúrsaí comhar creidmheasa a rialú go cuí.

(2) Maidir le haon údarás a thabharfar faoin alt seo—

(a) féadfaidh gur údarás ginearálta nó údarás sonrach a bheidh ann,

(b) féadfaidh sé bheith faoi réir cibé coinníollacha is dóigh leis an Aire is cuí agus a bheidh leagtha amach ann, agus

(c) féadfar é a tharraingt siar tráth ar bith, gan dochar do bhailíocht aon ní a bheidh déanta faoin údarás sin roimh an aistarraingt sin.

Toirmeasc áirithe ar fhéimhigh neamhurscaoilte agus ar dhaoine eile.

1963, Uimh. 33 .

26. —(1) Duine is féimheach neamhurscaoilte (de réir brí alt 2 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ) nó a ciontaíodh ar díotáil in aon chion lenar bhain calaois nó mí-mhacántacht ní dhéanfaidh sé—

(a) foirm iarratais le haghaidh clárú chomhar creidmheasa a shíniú,

(b) gníomhú mar chomhalta de bhord stiúrthóirí nó de Choiste Comhaltais, de Choiste Creidmheasa ná de Choiste Maoirseachta chomhar creidmheasa,

(c) páirt ná cúram a ghlacadh, go díreach nó go neamhdhíreach, i mbainistíocht chomhar creidmheasa, ná

(d) a cheadú a ainm a chur ar aghaidh le toghadh nó le ceapadh chun aon oifige dá dtagraítear i mír (b) nó (c) den fho-alt seo.

(2) Aon uair a thiocfaidh duine a bheidh i seilbh oifige dá dtagraítear i mír (b) nó (c) d'fho-alt (1) den alt seo chun bheith neamhcháilithe, de bhua an fho-ailt sin, chun bheith i seilbh oifige, scoirfidh sé láithreach de bheith i seilbh na hoifige sin agus measfar gur corrfholúntas an folúntas a tharlóidh dá dhroim sin agus líonfar é dá réir sin.

An Coiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa.

27. —(1) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an Achta seo, coiste a cheapadh ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, an Coiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa.

(2) Tabharfaidh an Coiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa comhairle don Aire agus do cibé daoine eile is cuí leis an Aire maidir le—

(a) bainistíocht chomhair chreidmheasa a fheabhsú,

(b) leasanna comhaltaí agus creidiúnaithe chomhair chreidmheasa a chaomhnú,

(c) nithe eile maidir le comhair chreidmheasa a n-iarrfaidh an tAire ó am go ham comhairle ar an gCoiste ina dtaobh.

(3) (a) Is iad a bheidh ar an gCoiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa seachtar duine ar a mhéid a cheapfar go ceann cibé tréimhse is cuí leis an Aire.

(b) Gach duine a cheapfar ina chomhalta den Choiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa toghfaidh an tAire é don cheapachán sin de bharr eolas an duine sin ar ábhair a bhaineann le comhair chreidmheasa nó toisc é bheith ábalta ar chabhair phraiticiúil shubstainteach a thabhairt le hobair an Choiste.

(4) Duine ar bith ag a mbeidh teideal de thuras na huaire faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Teach den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh teideal aige amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Choiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa.

(5) I gcás comhalta den Choiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa a theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas ansin, ar theacht dó chun bheith i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin chun suí sa Teach sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Choiste.

(6) Déanfaidh an tAire ó am go ham comhalta den Choiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa a ainmniú chun gníomhú mar chathaoirleach ar an gCoiste.

(7) Íocfar le gach comhalta den Choiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa cibé luach saothair agus costais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

Gan feidhm a bheith ag Achtanna na nIasachtóirí Airgid maidir le comhair chreidmheasa.

28. —Ní bheidh feidhm ag Achtanna na nIasachtaithe Airgid, 1900 agus 1933, maidir le comhar creidmheasa ná le comhlacht arb iad is comhaltaí de comhair chreidmneasa agus iad sin amháin agus arb iad is príomh-chuspóirí dó gluaiseacht an chomhair chreidmheasa a chur ar aghaidh agus seirbhísí a sholáthar le haghaidh comhair chreidmheasa.

Gan feidhm a bheith ag Acht an Bhainc Cheannais, 1942 , maidir le comhair chreidmheasa.

1942, Uimh. 22 .

29. —Ní bheidh feidhm ag Acht an Bhainc Cheannais, 1942 , maidir le comhar creidmheasa.

Focail áirithe a úsáid in ainmneacha comhar creidmheasa.

30. —(1) Beidh na focail “credit union” nó na focail “comhar creidmheasa” in ainm chomhar creidmheasa.

(2) Ní dhéanfaidh comhar creidmheasa gnó a sheoladh faoi ainm ina mbeidh ceann de na focail seo, is é sin le rá, “banc”, “baincéir” nó “baincéireacht” nó aon fhocal eile is tiontú nó malairt leagain ar aon fhocal acu sin nó is díorthaíoch uaidh.

Usáid na bhfocal “comhar creidmheasa”.

31. —Ní dhéanfaidh duine ar bith, nach comhar creidmheasa nó comhlacht comhar creidmheasa, úsáid a bhaint, maidir leis féin, as ainm, teideal nó abairt thuairisciúil ina mbeidh na focail “credit union” nó na focail “comhar creidmheasa” nó aon téarma gaolmhar do na focail sin nó is díorthaíoch uathu nó is tiontú orthu ná a chur in iúl gur comhar creidhmeasa nó comhlacht comhar creidmheasa, de réir mar a bheidh, é féin.

Conarthaí roimh chlárú.

1957, Uimh. 6 .

32. —(1) Féadfar imeachtaí dlíthiúla maidir le haon chonradh nó idirbheart eile a rinne comhlacht neamhchorpraithe roimh an dáta a bhainfidh sé clárú amach mar chomhar creidmheasa de bhua an Achta seo, nó a airbheartófar a bheith déanta ag an gcomhlacht sin nó ag aon duine thar a cheann roimh an dáta sin, féadfar, faoi réir Reacht na dTréimhsí, 1957 , iad a thionscnamh ag an gcomhar creidmheasa sin nó thar a cheann ionann agus dá mbeadh sé cláraithe mar chomhar creidmheasa de bhua an Achta seo ar dháta an chonartha nó an idirbhirt eile.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon chomhlachta bhainfidh amach clárú ar dtús mar chomhar creidmheasa de bhua an Achta seo ar dháta is faide ná dhá bhliain tar éis tosach feidhme an Achta seo.

Cumhacht an chláraitheora a achainí ar an Ard-Chúirt comhar creidmheasa a fhoirceannadh.

33. —Féadfaidh an cláraitheoir, le toiliú an Aire, ordú a achainí ar an Ard-Chúirt chun comhar creidmheasa a fhoirceannadh ar an bhforas nach féidir leis a fhiacha a ghlanadh nó go ndearna sé go toiliúil, tar éis fógra a fháil ón gcláraitheoir, foráil d'Achtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1966, a shárú.

Toirmeasc ar eolas áirithe a nochtadh.

34. —Ní dhéanfaidh oifigeach don chomhar creidmheasa aon eolas a nochtadh do dhuine ar bith maidir le hidirbheart de chuid chomhalta den chomhar creidmheasa sin ach amháin a mhéid is gá le haghaidh gnó an chomhair chreidmheasa sin a stiúradh go cuí.

Rialacháin.

35. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa, rialacháin a dhéanamh—

(a) d'fhorordú foirmeacha agus nósanna imeachta a bheidh le húsáid ag comhar creidmheasa ag stiúradh a ghnó,

(b) do cheangal ar chomhar creidmheasa árachas de chineál sonraithe a thógáil amach maidir le hiasachtaí, taiscí nó scaireanna na gcomhaltaí,

(c) do cheangal, maidir le hoifigigh a bheidh ag déileáil le cistí nó le maoin chomhar chreidmheasa, urra-bhanna de cibé cineál a bheidh sonraithe sna rialacháin a thógáil amach,

(d) d'fhorordú an méid uasta iasachtaí urraithe agus neamhurraithe a fhéadfaidh comhar creidmheasa a thabhairt d'iasachtaithe,

(e) d'fhorordú an urrúis nó na gcineálacha urrúis a éileoidh comhar creidmheasa maidir le hiasacht urraithe a thabhairt do chomhalta,

(f) d'fhorordú foirm agus ábhar na gcuntas agus na gclár comhardaithe a cheanglaítear ar chomhar creidmheasa a dhéanamh amach faoin Acht seo,

(g) d'fhorordú na n-infheistíochtaí (lena n-áirítear infheistíochtaí seachas iad sin atá ceadaithe ag alt 38 den Phríomh-Acht) ina bhféadfaidh comhar creidmheasa a chistí a infheistiú,

(h) á cheangal ar chomhar creidmheasa glacadh le rialacha i bhfoirm a bheidh forordaithe nó i bhfoirm chomh gar di sin agus is féidir sna cúinsí,

(i) do dhéanamh athrú ó am go ham ar na teorainneacha airgeadais (lena n-áirítear céatadáin) nó ar na teorainneacha ama a fhorordaítear le míreanna (ii) agus (iii) d'fho-alt (3) d'alt 4, le fo-alt (4) d'alt 7, le fo-ailt (4) agus (6) d'alt 8, le fo-ailt (2) agus (3) d'alt 9, le fo-alt (1) d'alt 10, le míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (5) agus fo-alt (7) d'alt 11, le fo-ailt (2) agus (3) d'alt 12, le fo-ailt (1) agus (3) d'alt 14, le fo-ailt (2) agus (4) d'alt 17, le fo-ailt (1) agus (5) agus le mír (b) d'fho-alt (7) d'alt 18, le fo-ailt (1) agus (2) d'alt 19, le fo-alt (2) d'alt 21, le fo-alt (1) d'alt 22, le fo-ailt (1) agus (4) d'alt 23, le fo-ailt (5) agus (6) d'alt 24, agus le Cuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(j) do dhéanamh cibé oiriúnuithe ar an dlí is dóigh leis is cuí d'fhonn go n-urasófaí clárú comhar creidmheasa ar comhair chreidmheasa eile agus iad sin amháin is comhaltaí de,

(k) do thoirmeasc ar chomhair chreidmheasa nó ar chinéalacha áirithe comhar creidmheasa cibé foirmeacha agus modhanna fógraíochta a úsáid a bheidh, i dtuairim sé chomhalta ar a laghad den Choiste Comhairleach um Chomhar Creidhmeasa, contrártha d'aidhmeanna ghluaiseacht an chomhair chreidmheasa,

(l) d'fhorordú an nós imeachta a leanfar nuair a bheidh cuntais comhar creidmheasa á n-iniúchadh agus na cáilíochtaí is gá don iniúchadh sin, d'ainneoin aon fhoráil eile sa dlí.

(2) Féadfaidh rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo baint a bheith acu le gach ní nó le haon ní nó nithe acu sin dá dtagraítear san fho-alt sin.

(3) I gcás ina mbeartófar rialachán a dhéanamh faoi mhíreanna (b), (g), (i) (ach amháin sa mhéid go mbaineann sé le teorainneacha ama), (j), (k) nó (l) d'fho-alt (1) den alt seo, leagfar dréacht de faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an rialachán go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(4) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo (seachas rialachán lena mbainfidh fo-alt (3) den alt seo) leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoi.

Gan feidhm a bheith ag forálacha áirithe den Phríomh-Acht maidir le comhair chreidmheasa.

36. —(1) Ní bheidh feidhm maidir le comhar creidmheasa ag na forálacha seo a leanas den Phríomh-Acht, eadhon, mír (b) d'alt 4, ailt 6 go 8, fo-ailt (1) agus (6) d'alt 10, ailt 19, 54 agus 55, an míniú ar “officer” in alt 79, agus an Dara Sceideal.

(2) Beidh éifeacht ag alt 49 den Phríomh-Acht, ina fheidhm maidir le díospóid a bhaineann le comhalta a ionnarbadh ag comhar creidhmeasa nó maidir le aistriú beartaithe scaireanna ag comhalta de chomhar creidmheasa, ionann agus dá ndéanfaí fo-alt (1) agus fo-ailt (4) go (6) a scriosadh agus dá ndéanfaí, na focail seo a leanas a chur in ionad na bhfocal ó “and such determination” i bhfo-alt (2) go dtí deireadh an fho-ailt sin: “and such determination and order shall be binding and conclusive on all parties without appeal, and shall not be removable into any court of law or restrainable by injunction, and application for the enforcement thereof may be made to the judge of the Circuit Court assigned to the circuit in which the registered office of the society is situate”.

Leasú ar Achtanna eile.

1896, Uimh. 25.

1936, Uimh. 45 .

37. —Déantar leis seo gach alt den Phríomh-Acht, den Friendly Societies Act, 1896, agus den Acht Árachais, 1936 , a luaitear i gcolún (1) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú sa tslí atá leagtha amach i gcolún (2) den Sceideal sin os coinne lua an ailt sin.

Caiteachas an Aire.

38. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, tosach feidhme, forléiriú agus comhlua.

39. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhar Creidmheasa, 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

(3) Déanfar Achtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1936, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile agus féadfar Achtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1966, a ghairm díobh le chéile.