|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Cáin Bhrabús Corparáide) | Ar Aghaidh (CUID VII Ilghnéitheach) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1966
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI Cáin Láimhdeachais | |
[EN] |
Forálacha maidir le rincí. 1851, c. 93. |
23. —(1) (a) I gcás rincí, agus earraí a dhíolfar agus seirbhísí a sholáthrófar i ndáil le rincí má bhíonn íocaíocht i leith na n-earraí nó na seirbhísí sin ar áireamh san íocaíocht i leith ligean isteach nó mar choinníoll a ghabhann le ligean isteach, is í an cháin deich faoin gcéad de láimhdeachas inchánach an duine fhreagraigh agus déanfar an méid cánach is inmhuirir a íoc de réir rialacháin faoi Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963 . |
[EN] | (b) Chun críocha an fho-ailt seo is é an laimhdeachas inchánach an méid iomlán airgid a fuarthas nó is inghnóthaithe ó dhaoine a ligeadh isteach chun rince i leith iad a ligean isteach agus, ina theannta sin, i gcás earraí a dhíol nó seirbhísí a sholáthar, nó earraí a dhíol agus seirbhísí a sholáthar, i ndáil leis an rince, agus íoc i leith an chéanna a bheith mar choinníoll a ghabhann le ligean isteach agus gan an t-íoc sin a bheith ar áireamh san íocaíocht i leith ligean isteach, an méid iomlán airgid a fuarthas nó is infhaighte i leith an chéanna. | |
[EN] | (2) (a) Gach duine a bheidh chun rince nó sraith rincí a sheoladh tabharfaidh sé fógra do na Coimisinéirí Ioncaim de réir rialacháin faoi Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963 , go bhfuil sé chun sin a dhéanamh. | |
[EN] | (b) Dlífear fineáil fiche punt a chur ar aon duine a sháróidh an mhír sin roimhe seo. | |
[EN] | (c) In imeachtaí chun pionós faoin bhfo-alt seo a ghnóthú— | |
[EN] | (i) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim á dheimhniú gur iniúchaigh sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim agus gur dealraitheach uathu nár thug an cosantóir an fógra iomchuí do na Coimisinéirí Ioncaim ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nár thug an cosantóir an fógra, | |
[EN] | (ii) féadfar deimhniú ag deimhniú mar a fhoráiltear chuige sin i bhfomhír (i) den mhír seo agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. | |
[EN] | (3) (a) Ni sheolfaidh dílseánach aon áitribh rince san áitreabh sin ná ní cheadóidh sé rince a sheoladh ann ag aon duine eile go dtí go bhfaighidh sé fógra ó na Coimisinéirí Ioncaim gur tugadh fógra dóibh de réir fho-alt (2) den alt seo. | |
[EN] | (b) Dlífear fíneáil fiche punt a chur ar aon duine a sháróidh an mhír sin roimhe seo. | |
[EN] | (c) In imeachtaí chun pionós faoin bhfo-alt seo a ghnóthú— | |
[EN] | (i) beidh deimhniú faoi láimh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí á dheimhniú gur iniúchaigh sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim agus gur dealraitheach uathu nár eisíodh aon fhógra chun an chosantóra maidir leis an rince iomchuí ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach bhfuair an cosantóir an fógra iomchuí, | |
[EN] | (ii) féadfar deimhniú ag deimhniú mar a fhoráiltear chuige sin i bhfomhír (i) den mhír seo agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. | |
[EN] | (4) (a) Féadfaidh oifigeach údaraithe, ar a údarás a thabhairt ar aird má iarrtar sin air, dul isteach aon tráth réasúnach in aon áit ina bhfuil rince ar siúl agus in aon áit a úsáidtear de ghnáth chun rince, d'fhonn a fháil amach an bhfuil forálacha an ailt agus na rialacháin maidir le cáin á gcomhlíonadh i gcás rincí. | |
[EN] | (b) Aon duine a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach údaraithe ó dhul isteach mar a dúradh dlífidh sé pionós fiche punt a chur air. | |
[EN] | (c) San fho-alt seo ciallaíonn “oifigeach údaraithe” oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu i scríbhinn chun críocha an fho-ailt seo. | |
[EN] | (5) Gan dochar d'aon mhodh eile chun pionóis faoin alt seo a ghnóthú, féadfar imeachtaí a thionscnamh ina leith agus iad a ghnóthú go hachomair sa tslí chéanna mar a dhéanfaí i gcás imeachtaí achomaire chun pionós faoi aon Acht a bhaineann leis an mál a ghnóthú, agus, d'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire faoin alt seo a bhunú laistigh de thrí bliana ó dháta an pionós a thabhú. | |
[EN] | (6) Faoi réir an ailt seo; na rialacha de chuid na cúirte lena mbainfidh de thuras na huaire is inchurtha chun feidhme maidir le himeachtaí sibhialta beidh feidhm acu maidir le himeachtaí de bhun fho-alt (2), (3) nó (4) den alt seo. | |
[EN] | (7) Ní bheidh feidhm ag aon ní in ailt 47 (3), 48 (3), 49 agus 53 den Acht Airgeadais, 1963 , maidir le rincí nó earraí a dhíoltar nó seirbhísí a sholáthraítear sna himthosca a luaitear i bhfo-alt (1) (a) den alt seo. | |
[EN] | (8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás ina mbeidh céad mar theorainn leis an líon daoine a ligfear isteach chun an rince agus nach mó ná ceithre scilling an íocaíocht chun duine a ligean isteach. | |
[EN] | (9) San alt seo folaíonn “rince” damhsa. | |
[EN] | (10) Chun críocha an ailt seo déanfar an abairt “airgead a gheofar” in alt 47 (1) (a) den Acht Airgeadais, 1963 , a fhorléirú mar abairt a fholaíonn “airgead is infhaighte”. | |
[EN] | (11) Beidh éifeacht ag an alt seo amhail ar an agus ón 1ú lá de Bhealtaine, 1966. | |
[EN] |
Láimhdeachas inchánach a mheas. |
24. —(1) I gcás ina mbeidh cúis ag na Coimisinéirí Ioncaim chun a chreidiúint go raibh láimhdeachas inchánach duine fhreagraigh— |
[EN] | (a) maidir le haon tréimhse míosa nó dhá mhí comhleanúnacha nó níos mó ná dhá mhí comhleanúnacha, nó | |
[EN] | (b) maidir le haon rince nó maidir le hearra a díoladh nó seirbhísí a soláthraíodh sna himthosca a luaitear in alt 23 (1) (a) den Acht seo, | |
[EN] | níos mó ná an láimhdeachas inchánach ar ar íocadh cáin, ansin, gan dochar d'aon ghníomh eile a fhéadfar a dhéanamh, féadfaidh siad, maidir le haon cheann de na hábhair a luaitear i mír (a) nó (b) den fho-alt seo, meas a dhéanamh i suim amháin ar an laimhdeachas inchánach ar ar cheart, dar leo, cáin a bheith íoctha, agus féadfaidh siad fógra a sheirbheáil ar an duine freagrach ina sonróidh siad— | |
[EN] | (i) an láimhdeachas inchánach arna mheas amhlaidh, agus | |
[EN] | (ii) an cháin is iomchuí maidir leis an méid a bheidh de bhreis ag an meastachán ar an láimhdeachas inchánach ar a mbeidh cáin íoctha. | |
[EN] | (2) I gcás ina seirbhéalfar fógra ar dhuine freagrach faoi fho-alt (1) den alt seo— | |
[EN] | (a) féadfaidh an duine, má éilíonn sé go bhfuil an láimhdeachas inchánach a bheidh san fhógra iomarcach, féadfaidh sé, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag ó dháta an fógra a sheirbheáil, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim, | |
[EN] | (b) ar an tréimhse sin a bheith caite, mura mbeidh aon fhógra achomhairc faighte, nó, má bhíonn fógra achomhairc faighte, ar an achomharc a chinneadh trí chomhaontú nó ar shlí eile, tiocfaidh an cháin a bheidh sonraithe san fhógra, nó an cháin leasaithe arna cinneadh maidir leis an achomharc, chun bheith dlite agus inghnóthaithe sa tslí chéanna agus trí na himeachtaí comhchosúla ionann agus dá mbeadh an duine tar éis sonraí a chur, de réir na rialachán iomchuí, ag taispeáint na cánach sin a bheidh dlite de ar dháta an tréimhse sin d'éag nó an t-achomharc a chinneadh, de réir mar a bheidh. | |
[EN] | (3) Na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann leis an méid seo a leanas— | |
[EN] | (a) ceapadh tráthanna agus áiteanna chun achomhairc a éisteacht, | |
[EN] | (b) fógra a thabhairt do gach duine a thug fógra achomhairc, | |
[EN] | (c) cinneadh achomhairc trí chomhaontú idir an t-achomharcóir agus na Coimisinéirí Ioncaim, | |
[EN] | (d) cinneadh achomhairc ar an achomharcóir do thabhairt fógra nach bhfuil sé chun dul ar aghaidh lena achomharc, | |
[EN] | (e) éisteacht agus cinneadh achomhairc ag na Coimisinéirí Speisialta, lena n-áirítear éisteacht agus cinneadh achomhairc ag Coimisinéir Speisialta amháin, | |
[EN] | (f) duine a thug fógra achomhairc d'fhaillí nó do mhainniú láithriú os comhair na gCoimisinéirí Speisialta an tráth agus san áit a ceapadh, | |
[EN] | (g) fadú ar an am chun fógra achomhairc a thabhairt agus achomhairc a athghlacadh ag na Coimisinéirí Speisialta, | |
[EN] | (h) athéisteacht achomhairc ag an gCúirt Chuarda agus cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí, | |
[EN] | (i) cumhacht na gCoimisinéirí Speisialta chun a ordú cáin faoi achomharc a íoc, | |
[EN] | (j) cáin a íoc a gcomhaontaítear nach ábhar díospóide í maidir le hachomharc, | |
[EN] | (k) an nós imeachta ar achomhairc, | |
[EN] | beidh, le haon mhodhnuithe is gá, feidhm acu ionann is dá mba achomharc i gcoinne measúnú i leith cánach an t-achomharc faoi fho-alt (2) den alt seo. | |
[EN] |
Leasú ar alt 54 den Acht Airgeadais, 1963 . |
25. —Leasaítear leis seo alt 54 den Acht Airgeadais, 1963 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach ag deireadh fho-alt (2): |
[EN] | “(d) i gcás ina mbeifear tar éis caingean a bhunú chun cáin a bheidh sonraithe i bhfógra faoi fho-alt (1) den alt seo a ghnóthú, is caingean i modh imeachtaí a thionscamh in aon chúirt nó deimhniú a eisiúint faoi alt 7 den Acht Airgid, 1923 , ní bheidh, mura n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, feidhm ag mír (c) den fho-alt seo maidir leis an bhfógra sin go dtí go mbeidh an chaingean sin críochnaithe.” | |
[EN] |
Oifigeach a bheidh freagrach i gcás comhlacht daoine. |
26. —(1) Beidh an rúnaí nó oifigeach eile a bheidh de thuras na huaire ag gníomhú mar rúnaí d'aon chomhlacht daoine freagrach, i dteannta an chomhlachta, i ndéanamh na ngníomhartha go léir atá de cheangal ar an gcomhlacht a dhéanamh faoi aon cheann de na forálacha a bhaineann le cáin. |
[EN] | (2) Féadfaidh gach oifigeach mar a dúradh an oiread sin d'aon airgead a thiocfaidh isteach ina lámha thar ceann an chomhlachta is leor chun an cháin a íoc atá dlite den chomhlacht a choimeád ó am go ham agus slánófar é i leith gach íocaíochta den sórt sin a dhéanfar de bhun an ailt seo. | |
[EN] | (3) Aon fhógra is gá a thabhairt do chomhlacht daoine faoi aon cheann de na forálacha a bhaineann le cáin féadfar é a thabhairt do rúnaí an chomhlachta sin nó don oifigeach eile a bheidh de thuras na huaire ag gníomhú mar rúnaí don chomhlacht sin. | |
[EN] | (4) San alt seo ciallaíonn “na foralácha a bhaineann le cáin”— | |
[EN] | (a) forálacha Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963 , agus na rialacháin faoin gCuid sin, agus | |
[EN] | (b) na forálacha a bhaineann le cáin den Acht Airgeadais, 1965 , agus den Acht seo agus d'aon Acht dá éis sin. |