An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Dleachtanna Stampa) Ar Aghaidh (CUID VI Cáin Láimhdeachais)

17 1966

AN tACHT AIRGEADAIS, 1966

CUID V

Cáin Bhrabús Corparáide

Méadú ar an ráta cánach bhrabús corparáide. 1963, Uimh. 23 .

1920, c. 18.

21. —(1) In ionad forálacha míreanna (i), (ii) agus (iii) d'alt 37 (1) den Acht Airgeadais, 1963 , beidh feidhm agus éifeacht faoi réir an chéad fho-ailt eile, ag na forálacha seo a leanas maidir le gach tréimhse chuntasaíochta dar críoch an lú lá d'Aibreán, 1966, nó aon lá dá éis sin:

(i) forléireofar fo-alt (1) d'alt 52 den Finance Act, 1920, agus beidh éifeacht aige, ionann is dá gcuirfí “twenty-three per cent.” in ionad “five per cent.”;

(ii) forléireofar mír (a) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin agus beidh éifeacht aici ionann is dá gcuirfí “tax shall be charged at a rate of seven and one-half per cent. on so much of the profits as does not exceed two thousand five hundred pounds, and where the profits are profits arising in some shorter accounting period, tax shall be charged at a rate of seven and one-half per cent. on such amount of the profits as bears to two thousand five hundred pounds” in ionad “no tax shall be charged on the first five hundred pounds thereof, and where the profits are profits arising in some shorter accounting period, no tax shall be charged on such amount of the profits as bears to five hundred pounds”;

(iii) forléireofar mír (b) den choinníoll sin agus beidh éifeacht aici ionann is dá gcuirfí “thirty per cent.” in ionad “ten per cent.”.

(2) I gcás aon tréimhse chuntasaíochta den sórt sin a thosaigh roimh an lú lá d'Aibreán, 1966, cionroinnfear na brabúis idir an gcuid den tréimhse roimh an lá sin agus an chuid de i ndiaidh an 31ú lá de Mhárta, 1966, i gcomhréir le fadanna na gcodanna sin faoi seach agus—

(a) maidir leis an méid sin de na brabúis a chionroinnfear i leith na coda céadluaite, muirearófar cáin bhrabús corparáide air de réir cúig déag faoin gcéad, ar choinníoll go muirearófar an cháin de réir cúig faoin gcéad ar an méid sin de a mbeidh an chomhréir chéanna idir é agus dhá mhíle cúig chéad punt agus a bheidh idir an chuid sin agus dhá mhí dhéag,

(b) maidir leis an méid sin de na brabúis a chionroinnfear i leith an dara cuid a luaitear, muirearófar cáin bhrabús corparáide air de réir fiche a trí faoin gcéad, ar choinníoll go muirearófar cáin de réir seacht go leith faoin gcéad ar an méid sin de a mbeidh an chomhréir chéanna idir é agus dhá mhíle cúig chéad punt agus a bheidh idir an chuid sin agus dhá mhí dhéag,

(c) ní rachaidh an méid cánach is iníoctha ag cuideachta atá corparaithe le dlíthe an Stáit nó fúthu thar suim na méideanna seo a leanas in aon chás:

(i) an méid is ionann agus fiche faoin gcéad den iarmhéid de na brabúis a cionroinneadh i leith na coda céadluaite a bheidh fágtha tar éis an chomhréir sin a lamháil de na hasbhaintí a shonraítear i mír (b) den choinníoll a ghabhann le halt 52 (1) den Finance Act, 1920, ab iomchuí i leith na coda sin dá gcionroinnfí na hasbhaintí sin mar a cheanglaítear leis an bhfo-alt seo na brabúis a chionroinnt, agus

(ii) an méid is ionann agus tríocha faoin gcéad den iarmhéid de na brabúis a cionroinneadh i leith an dara cuid a luaitear tar éis an chomhréir sin a lamháil de na hasbhaintí ab iomchuí i leith na coda sin dá gcionroinnfí na hasbhaintí sin mar a dúradh.

Leasú ar Chuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1949 , agus an Chuid sin a chur chun feidhme maidir le cáin chorparáide na Ríochta Aontaithe.

1949, Uimh. 13 .

22. —Maidir le Cuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1949 ,—

(a) leasaítear í leis seo—

(i) trí “in aghaidh cánach brabús corparáide nó cánach ioncaim” a chur in ionad “in aghaidh cánach brabús corparáide” i mír 5 (3), agus

(ii) trí “an chigire chánach” a chur in ionad “na gCoimisinéirí Ioncaim” agus “an cigire cánach” a chur in ionad “na Coimisinéirí Ioncaim” i mír 8;

(b) forléireofar í agus beidh éifeacht aici ionann is dá bhfolódh na tagairtí i míreanna 4, 5, 6, 7 agus 8 do cháin bhrabús tagairtí don cháin sa Ríocht Aontaithe ar a dtugtar cáin chorparáide.