|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Custaim agus Mál) | Ar Aghaidh (CUID IV Dleachtanna Stampa) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1966
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Dleachtanna Báis | |
[EN] |
Sochair a fhaibhríonn de bhun scéimeanna aoisliúntais. 1894, c. 30. |
18. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “sochar báis” aon sochar a fhaibhreoidh de bhun scéim aoisliúntais ar bhás nó maidir le bás, a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith, le linn seirbhíse nó tar éis scor; | |
[EN] | folaíonn “scéim aoisliúntais” aon chomhshocraíocht a bhaineann le fostaíocht; | |
[EN] | folaíonn “fostaíocht” fostaíocht mar stiúrthóir ar chomhlacht corpraithe. | |
[EN] | (2) Chun críocha alt 2 (1) (d) den Finance Act, 1894, measfar leas tairbhiúil a bheith faibhrithe ar an mbás a bhfuil sochar báis íoctha ina leith d'ainneoin nach raibh ag duine ar bith, ar dháta an bháis, aon cheart a bhí inchurtha i bhfeidhm de réir dlí chun an tsochair agus bainfidh forálacha an Achta sin agus forálacha alt 24 den Acht Airgeadais, 1965 , leis an sochar ionann is dá mbeadh an ceart sin ann an tráth sin. | |
[EN] | (3) Aon sochar báis lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo measfar chun gach críche a bhaineann le dleacht eastáit, dleacht leagáide agus dleacht chomharbais— | |
[EN] | (a) i gcás ina bhfuil sé íoctha le hionadaí pearsanta dlíthiúil an éagaigh, gur cuid é d'eastát pearsanta an éagaigh a aistríonn faoina uacht nó faoina dhíthiomnacht, | |
[EN] | (b) in aon chás eile, gur comharbas é a dhíorthaigh faoi dhiúscairt a rinne an t-éagach. | |
[EN] | (4) I gcás inarb éard é sochar báis maoin seachas airgead, déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) den alt seo do shochar báis a bheith íoctha a fhorléiriú dá réir sin. | |
[EN] | (5) Déantar leis seo alt 5 den Acht Airgeadais, 1945 , a aisghairm maidir le daoine a gheobhaidh bás tar éis an tAcht seo a rith. | |
[EN] |
Leasú ar alt 29 den Acht Airgeadais, 1965 . |
19. —(1) Déantar leis seo alt 29 den Acht Airgeadais, 1965 , a leasú mar a leanas: |
[EN] | (a) cuirfear na fo-ailt seo a leanas in ionad fo-ailt (2), (3) agus (4); | |
[EN] | “(2) I gcás inarb í an bhaintreach an t-aon chleithiúnaí amháin a bheidh i dteideal sochair ar bhás an éagaigh, déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith an tsochair sin a laghdú suim £350 mar aon le suim £250 i leith gach linbh. | |
[EN] | (3) Más bhíonn beirt chleithiúnaí nó níos mó ann ar duine acu an bhaintreach agus gur leanbh an t-aon chleithiúnaí atá i dteadeal sochair ar bhás an éagaigh nó go bhfuil níos mó ná cleithiúnaí amháin i dteideal sochar ar bhás an éagaigh— | |
[EN] | (a) déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith sochair linbh a laghdú suim £250; | |
[EN] | (b) má bhíonn an bhaintreach i dteideal sochair, déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith an tsochair sin a laghdú suim £350 mar aon le suim £250 i leith gach linbh nach bhfuil i dteideal sochair. | |
[EN] | (4) Má ba bhaintreach an t-éagach tráth a bháis nó a báis, déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith sochair a laghdú suim £250.”; | |
[EN] | (b) cuirfear “£25,000” in ionad “£15,000” i bhfo-alt (6); | |
[EN] | (c) i gcás ina mbeadh, murach an t-eastát a bheith níos mó ná £25,000, laghdú ar dhleacht eastáit, beidh feidmh ag an alt faoi réim na teorann go ndéanfar an laghdú iomlán ab iomchuí, ar leith ó mhír (b) d'fho-alt (5), dá mba nár mhó ná £25,000 an t-eastát, a ísliú an méid de bhreis ar £25,000 atá san eastát agus beidh éifeacht dá réir sin ag an mír sin (b). | |
[EN] | (2) I dteannta feidhm a bheith aige maidir le básanna a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, beidh feidhm freisin ag an alt seo maidir le básanna a tharla roimh an rith sin agus tar éis an tAcht Airgeadais, 1965 , a rith, agus déanfar aisíocaíochtaí iomchuí dá réir sin. |