An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim) Ar Aghaidh (CUID III Dleachtanna Báis)

17 1966

AN tACHT AIRGEADAIS, 1966

CUID II

Custaim agus Mál

Beoir.

1965, Uimh. 22 .

1933, Uimh. 15 .

8. —(1) In ionad an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 12 (1) den Acht Airgeadais, 1965 , muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a ghrúdófar sa Stát an 10ú lá de Mhárta, 1966, nó dá éis sin, dleacht máil de réir seacht bpunt déag, naoi scilling déag agus cúig phingin ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle caoga is cúig ghrád.

(2) In ionad an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 12 (2) den Acht Airgeadais, 1965 , déanfar, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, dleacht custam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon sórt a allmhaireofar isteach sa Stát de réir seacht bpunt déag, naoi scilling déag agus aon phingin déag ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil.

(3) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhaireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stóras beoir a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, aistarraingt, arna ríomh de réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, de réir seacht bpunt déag naoi scilling déag agus ocht bpingin ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar mhíle, caoga is cúig ghrád a saindlús bunaidh.

(4) Más rud é, i gcás beoir ar arb inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo nó i gcás beoir ar arb iníoctha aistarraingt faoi fho-alt (3) den alt seo, nach míle, caoga is cúig ghrád saindlús na beorach sin, athrófar an dleacht sin nó an aistarraingt sin go coibhneasach.

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 , maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear leis an alt seo.

Biotáille.

1920, c. 18.

1926, Uimh. 35 .

9. —(1) Leasófar an Finance Act, 1920, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, tríd an ábhar atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, in ionad an ábhair a cuireadh isteach sa Chuid sin le halt 13 den Acht Airgeadais, 1965 , agus beidh éifeacht dá réir sin ag alt 3 (1) den Finance Act, 1920, a dúradh.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le biotáille dá ngairtear fuiscí a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ar a hallmhairiú gur i dTuaisceart Éireann a monaraíodh í go hiomlán agus gurb é an driogaire a rinne í a bhuidéalú agus a choinsíniú.

(b) Déanfar na dleachtanna custam lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, ar bhiotáille lena mbaineann an fo-alt seo de réir aon phunt déag, cúig scilling déag agus aon phingin déag an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo.

(c) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1965 , a aisghairm amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966.

(3) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 3 (2) den Finance Act, 1920, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, de réir aon phunt déag, cúig scilling déag agus sé phingin an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir de bhua alt 13 (3) den Acht Airgeadais, 1965 .

(4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachtanna custam breise ná ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibidh a fhorchuirtear le halt 9 den Acht Airgid, 1926 , ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.

Olaí hiodracarbóin.

1935, Uimh. 28 .

1965, Uimh. 22 .

1931, Uimh. 43 .

1935, Uimh. 7 .

I.R. Uimh. 219 de 1959.

1957, Uimh. 20 .

10. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht Airgid, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Airgeadais, 1965 .

(2) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, déanfar an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1931 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, maidir le hola éadrom hiodracarbóin mhianach ar ar inmhuirir an dleacht sin, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, de réir 3s. 8d. an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 14 (2) d'Acht 1965.

(b) Déanfar, amhail ar an agus ón 15ú lá de Mheitheamh, 1966, an dleacht sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 3s. 919/20d. an galún in ionad an ráta a shonraítear sa mhír sin roimhe seo.

(3) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935 , déanfar, maidir le hola éadrom hiodracarbóin mhianach ar ar inmhuirir an dleacht sin agus a chuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile, ó áitreabh a monaróra an 10ú lá de Mhárta, 1966, nó dá éis, nó a úsáidfidh an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas ola hiodracarbóin mhianach a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 3s. 7d. an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 14 (3) d'Acht 1965.

(b) Maidir le hola éadrom hiodracarbóin mhianach ar ar inmhuirir an dleacht sin agus a chuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile, ó áitreabh a monaróra, an 15ú lá de Mheitheamh, 1966, nó dá éis, nó a úsáidfidh an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas ola hiodracarbóin mhianach a mhonarú nó a tháirgeadh, déanfar an dleacht sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 3s.819/20d. an galún in ionad an ráta a shonraítear sa mhír sin roimhe seo.

(4) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 21 d'Acht 1935, déanfar, maidir le hola hiodracarbóin ar arb inmhuirir an dleacht sin, í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, de réir 3s. 0¾d. an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 14 (4) d'Acht 1965.

(b) Déanfar, amhail ar an agus ón 15ú lá de Mheitheamh, 1966, an dleacht sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 3s. 27/10d. an galún in ionad an ráta a shonraítear sa mhír sin roimhe seo.

(5) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, faoi alt 21 (2) d'Acht 1935—

(i) maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus a ndearnadh an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a íoc uirthi de réir 3s. 0¾d. an galún, 3s. 0¾d. an galún, agus

(ii) maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus a ndearnadh an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo, de bhua mhír 6 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 84) (Olaí Hiodracarbóin) (Dleachtanna Custam), 1959, a íoc uirthi de réir 2s. 11¾d. an galún, 2s. 11¾d. an galún,

in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 10ú lá de Mhárta, 1966, de bhua alt 14 (5) d'Acht 1965.

(b) Is é ráta aon lacáiste a lamhálfar, amhail ar an agus ón 15ú lá de Mheitheamh, 1966, faoi alt 21 (2) d'Acht 1935—

(i) maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus a ndearnadh an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a íoc uirthi de réir 3s. 27/10d. an galún, 3s. 27/10d. an galún, agus

(ii) maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus a ndearnadh an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a íoc uirthi, de bhua mhír 6 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 84) (Olaí Hiodracarbóin) (Dleachtanna Custam), 1959, de réir 3s. 17/10d. an galún, 3s. 17/10d. an galún,

in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 15ú lá de Mheitheamh, 1966, de bhua na míre sin roimhe seo.

(6) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 21 d'Acht 1935, déanfar, maidir le hola hiodracarbóin ar ar inmhuirir an dleacht sin agus a chuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile, ó áitreabh a monaróra, an 10ú lá de Mhárta, 1966, nó dá éis, nó a úsáidfidh an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas ola hiodracarbóin a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 2s. 11¾d. an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 14 (6) d'Acht 1965.

(b) Maidir le hola hiodracarbóin ar ar inmhuirir an dleacht sin agus a chuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile, ó áitreabh a monaróra, an 15ú lá de Mheitheamh, 1966, nó dá éis, nó a úsáidfidh an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas ola hiodracarbóin a mhonarú nó a tháirgeadh, déanfar an dleacht sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 3s. 17/10d. an galún in ionad an ráta a shonraítear sa mhír sin roimhe seo.

(7) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, faoi alt 21 (4) d'Acht 1935, maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus a ndearnadh an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo a íoc uirthi de réir 2s. 11¾d. an galún, 2s. 11¾d. an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 10ú lá de Mhárta, 1966, de bhua alt 14 (7) d'Acht 1965.

(b) Is é ráta aon lacáiste a lamhálfar, amhail ar an agus ón 15ú lá de Mheitheamh, 1966, faoi alt 21 (4) d'Acht 1935, maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus a ndearnadh an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo a íoc uirthi de réir 3s. 17/10d. an galún, 3s. 17/10d. an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 15ú lá de Mheitheamh, 1966, de bhua na míre sin roimhe seo.

(8) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, is é ráta aon aisíoca a lamhálfar, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, faoi alt 10 (8) den Acht Airgeadais, 1957 , maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an t-aisíoc sin ina leith agus a ndearnadh—

(i) an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo a íoc uirthi de réir 2s. 11¾d. an galún, nó

(ii) an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a íoc uirthi de réir 2s. 11¾d. an galún nó 3s. 0¾d. an galún a íoc uirthi,

1s. 4d. an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 10ú lá de Mhárta, 1966.

(b) Is é ráta an aisíoca a lamhálfar, amhail ar an agus ón 15ú lá de Mheitheamh, 1966, faoi alt 10 (8) den Acht Airgeadais, 1957 , maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an t-aisíoc sin ina leith agus a ndearnadh—

(i) an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo a íoc uirthi de réir 3s. 17/10d. an galún, nó

(ii) an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a íoc uirthi de réir 3s. 17/10d. an galún nó 3s. 27/10d. an galún,

1s. 6d. an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 15ú lá de Mheitheamh, 1966.

Tobac.

1932, Uimh. 20 .

I.R. Uimh. 163 de 1962.

1919, c. 32.

1934, Uimh. 31 .

1940, Uimh. 14 .

11. —(1) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, déanfar an dleacht custam ar thobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1965 .

(b) Déanfar an dleacht sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 15ú lá de Mheitheamh, 1966, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Sceideal sin.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le tobac monaraithe a monaraíodh sa Ríocht Aontaithe, agus a coinsíníodh as agus a monaraíodh ann as ábhair seachas ábhair a thagann faoin gCeannteideal sa Cháinliosta darb uimhir 24.02 sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 128) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1962.

(b) Déanfar an dleacht custam ar thobac a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón lú lá d'Iúil, 1966, ar thobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí is inmhuirír faoi fho-alt (1) den alt seo.

(c) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo—

(i) ach “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad “Great Britain and Ireland” agus ionann is nár fholaigh an abairt “manufactured tobacco” sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin tobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo,

(ii) ionann is dá mbeadh tobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo, mar aon le tuairiscí an tobac mhonaraithe sin i gCuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo luaite ar leithligh sa chéad cholún sin agus dá mbeadh na rátaí tosaíochta iomchuí a shonraítear i gCuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo luaite sa dara colún den Dara Sceideal sin a ghabhann leis an Finance Act, 1919, os coinne lua na n-earraí sin sa chéad cholún de, agus

(iii) faoi réir go ndéanfar neamhshuim den mhír dheiridh (dar tosach “Goods shall not be deemed”) d'fho-alt (1) den alt sin 8.

(d) San fho-alt seo ciallaíonn “Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.

(3) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, déanfar an dleacht máil ar thobac a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mharta, 1966, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid IV den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1965 .

(b) Déanfar an dleacht sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 15ú lá de Mheitheamh, 1966, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid V den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid IV den Sceideal sin.

(4) Tá leis an abairt “tobac cruafháiscthe” a luaitear i gCuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus sa chéad fho-alt eile den alt seo an bhrí chéanna atá leis in alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 .

(5) Ciallaíonn an abairt “tobac píopa eile” a luaitear i gCuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo tobac monaraithe de na cineálacha is gnáth a bheith beartaithe a úsáid i bpíopaí agus nach tobac cruafháiscthe.

Tobac (dleacht máil ar stoic áirithe).

12. —(1) Faoi réir forálacha fho-alt (2) den alt seo, déanfar dleacht máil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar na stoic tobac go léir de gach tuairisc a bheidh, ar a cúig a chlog, san iarnóin, an 9ú lá de Mhárta, 1966, ar úinéireacht nó ina sheilbh ag monaróir ceadúnaithe tobac agus in aon áit sa Stát seachas bannastóras, agus beidh an dleacht máil sin iníoctha ag an monaróir, de réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá:

(a) a mhéid gur tobac neamhmhonaraithe na stoic, trí scilling agus cúig phingin ar gach punt meáchain de na stoic, agus

(b) a mhéid gur tobac (lena n-áirítear snaois) seachas tobac neamhmhonaraithe na stoic, trí scilling agus cúig phingin ar gach punt meáchain de thobac neamh-mhonaraithe ónar tháinig na stoic i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim.

(2) Ní bheidh an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar aon tobac monaraithe (lena n-áirítear toitíní, todóga agus snaois seachas dríodsnaois) a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ina thaobh go raibh sé, ar a cúig a chlog san iarnóin, an 9ú lá de Mhárta, 1966, lán-ullmhaithe lena dhíol ar mionreic agus—

(i) nár tháirge aon oibríochta é de chuid aon mhonaróra a raibh sé ar úinéireacht nó ar seilbh aige an tráth sin; nó

(ii) go raibh sé an tráth sin ar coiméad mar stoc mionreaca in áitreabh a úsáidtear chun tobac a dhíol ar mionreic; nó

(iii) go raibh sé an tráth sin ar bealach ó dhíoltóir go ceannaitheoir faoi chonradh i gcomhair díolacháin:

Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-ailt seo aon tobac a bheith lán-ullmhaithe lena dhíol ar mionreic má bhí sé, de réir gnáth-chúrsa gnó an duine a raibh sé ar úinéireacht nó ina sheilbh aige nó an duine a raibh sé ar bealach chuige le cur fós faoi phróiseas éigin eile (seachas pacáil) sula ndíolfadh sé é.

(3) Cuirfidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, lá nach déanaí ná an 16ú lá de Mhárta, 1966, tuairisceán chuig na Coimisinéirí Ioncaim i bhfoirm a bheidh ceadaithe acu agus ina dtabharfaidh sé cibé eolas a iarrfaidh siad leis an bhfoirm agus, go háirithe, ina n-inseoidh sé na meáchain tobac de gach tuairisc a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige, ar a cúig a chlog, san iarnóin, an 9ú lá de Mhárta, 1966, in aon áit sa Stát seachas bannastóras.

(4) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac mar a leanas—

(a) tabharfaidh sé ar aird, má cheanglaítear sin air, d'aon oifigeach Custam agus Máil na leabhair thrádála agus gach uile chuntas agus doiciméad de chuid nó i seilbh an mhonaróra sin is gá chun an tuairiscéan a thabharfar de bhun fho-alt (3) den alt seo a fhíorú, agus

(b) tabharfaidh sé gach cúnamh réasúnach don oifigeach sin ag tógáil cuntais dó ar an tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh ag an monaróir sin ar a cúig a chlog san iarnóin an 9ú lá de Mhárta, 1966.

(5) Díreach tar éis an tuairiscéan a thabhairt a cheanglaítear le fo-alt (3) den alt seo nó ar an 16ú lá de Mhárta, 1966, cibé acu is luaithe, íocfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac leis na Coimisinéirí Ioncaim méid iomlán na dleachta a luaitear san alt seo ar aon tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige ar a cúig a chlog san iarnóin an 9ú lá de Mhárta, 1966, agus ar arb inmhuirir an dleacht sin agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, íoc na dleachta a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an 1ú lá de Shamhain, 1966, ar an monaróir do thabhairt urrúis trí bhanna nó ar shlí eile chun a sástachta go n-íocfar an dleacht sin.

(6) Gach monaróir a gceanglaíonn fo-alt (3) den alt seo air tuairisceán den sórt a luaitear san fho-alt sin a thabhairt agus a mhainneoidh an tuairisceán sin a thabhairt nó a thabharfaidh tuairisceán a bheidh neamh-iomlán, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon ní a dhéanamh a cheanglaíonn fo-alt (4) den alt seo air a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion faoi na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus tabhóidh sé pionós máil caoga punt in aghaidh gach ciona den sórt sin agus forghéillfar an tobac go léir ar maidir leis a rinneadh an cion sin.

(7) I gcás aistarraingt a bheith iníoctha maidir le tobac ar ar íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo, is aistarraingt máil a bheidh inti go feadh na dleachta a íocadh de bhun an fho-ailt sin (1) arna cinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Tobac (dleacht máil ar stoic áirithe) (14.6.66).

13. —(1) Faoi réir forálacha fho-alt (2) den alt seo, déanfar dleacht máil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar na stoic tobac go léir de gach tuairisc a bheidh, ar a cúig a chlog, san iarnóin, an 14 lá de Mheitheamh, 1966, ar úinéireacht nó ina sheilbh ag monaróir ceadúnaithe tobac agus in aon áit sa Stát seachas bannastóras, agus beidh an dleacht máil sin iníoctha ag an monaróir, de réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá:

(a) a mhéid gur tobac neamhmhonaraithe na stoic, trí scilling agus cúig phingin ar gach punt meáchain de na stoic, agus

(b) a mhéid gur tobac (lena n-áirítear snaois) seachas tobac neamhmhonaraithe na stoic, trí scilling agus cúig phingin ar gach punt meáchain de thobac neamh-mhonaraithe ónar tháinig na stoic i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim.

(2) Ní bheidh an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar aon tobac monaraithe (lena n-áirítear toitíní, todóga agus snaois seachas dríodsnaois) a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ina thaobh go raibh sé, ar a cúig a chlog san iarnóin, an 14 lá de Mheitheamh, 1966, lán-ullmhaithe lena dhíol ar mionreic agus—

(i) nár tháirge aon oibríochta é de chuid aon mhonaróra a raibh sé ar úinéireacht nó ar seilbh aige an tráth sin; nó

(ii) go raibh sé an tráth sin ar coiméad mar stoc mionreaca in áitreabh a úsáidtear chun tobac a dhíol ar mionreic; nó

(iii) go raibh sé an tráth sin ar bealach ó dhíoltóir go ceannaitheoir faoi chonradh i gcomhair díolacháin:

Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-ailt seo aon tobac a bheith lán-ullmhaithe lena dhíol ar mionreic má bhí sé, de réir gnáth-chúrsa gnó an duine a raibh sé ar úinéireacht nó ina sheilbh aige nó an duine a raibh sé ar bealach chuige le cur fós faoi phróiseas éigin eile (seachas pacáil) sula ndíolfadh sé é.

(3) Cuirfidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, lá nach déanaí ná an 21 lá de Mheitheamh, 1966, tuairisceán chuig na Coimisinéirí Ioncaim i bhfoirm a bheidh ceadaithe acu agus ina dtabharfaidh sé cibé eolas a iarrfaidh siad leis an bhfoirm agus, go háirithe, ina n-inseoidh sé na meáchain tobac de gach tuairisc a bhi ar úinéireacht nó ina sheilbh aige, ar a cúig a chlog, san iarnóin, an 14 lá de Mheitheamh, 1966, in aon áit sa Stát seachas bannastósas.

(4) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac mar a leanas—

(a) tabharfaidh sé ar aird, má cheanglaítear sin air, d'aon oifigeach Custam agus Máil na leabhair thrádála agus gach uile chuntas agus doiciméad de chuid nó i seilbh an mhonaróra sin is gá chun an tuairisceán a thabharfar de bhun fho-alt (3) den alt seo a fhíorú, agus

(b) tabharfaidh sé gach cúnamh réasúnach don oifigeach sin ag tógáil cuntais dó ar an tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh ag an monaróir sin ar a cúig a chlog san iarnóin an 14 lá de Mheitheamh, 1966.

(5) Díreach tar éis an tuairisceán a thabhairt a cheanglaítear le fo-alt (3) den alt seo nó ar an 21 lá de Mheitheamh, 1966, cibé acu is luaithe, íocfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac leis na Coimisinéirí Ioncaim méid iomlán na dleachta a luaitear san alt seo ar aon tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige ar a cúig a chlog san iarnóin an 14 lá de Mheitheamh, 1966, agus ar ar inmhuirir an dleacht sin agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, íoc na dleachta a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an 31 lá de Nollaig, 1966, ar an monaróir do thabhairt urrúis trí bhanna nó ar shlí eile chun a sástachta go n-íocfar an dleacht sin.

(6) Gach monaróir a gceanglaíonn fo-alt (3) den alt seo air tuairisceán den sórt a luaitear san fho-alt sin a thabhairt agus a mhainneoidh an tuairisceán sin a thabhairt nó a thabharfaidh tuairisceán a bheidh neamhiomlán, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon ní a dhéanamh a cheanglaíonn fo-alt (4) den alt seo air a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion faoi na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus tabhóidh sé pionós máil caoga punt in aghaidh gach ciona den sórt sin agus forghéillfar an tobac go léir ar maidir leis an rinneadh an cion sin.

(7) I gcás aistarraingt a bheith iníoctha maidir le tobac ar ar íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo, is aistarraingt máil a bheidh inti go feadh na dleachta a íocadh de bhun an fho-ailt sin (1) arna cinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Uiscí boird.

I.R. Uimh. 163 de 1962.

1916, (Seis. 2), c. 11.

1956, Uimh. 22 .

I.R. Uimh. 209 de 1962.

14. —(1) Déanfar na dleachtanna custam a fhorchuirtear de réir 1s. 4d. an galún (cibé acu mar dhleacht bhreise nó nach ea) le mír 5 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 128) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1962, agus a luaitear ag na Ceannteidil darb uimhreacha 20.07 (A), 22.01 (A), 22.02 (A) 22.02 (B) agus 22.07 (D) (2) sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin, a athrú, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, trí “1s. 9⅚d.” a chur in ionad “1s. 4d.” sa tríú, sa cheathrú agus sa chúigiú colún den Sceideal ag na ceannteidil sin.

(2) Déanfar na dleachtanna máil ar uiscí boird a fhorchuirtear le halt 4 den Finance (New Duties) Act, 1916, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 10ú lá de Mhárta, 1966, de réir 1s. 5⅚d. an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 14 (2) den Acht Airgeadais, 1956 .

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le hearraí is inchurtha faoi na dleachtanna custam a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo agus a monaraíodh sa Ríocht Aontaithe agus a coinsíníodh as agus arb i leith toradh saothair sa Ríocht Aontaithe is inchurtha fiche a cúig faoin gcéad ar a laghad dá luach.

(b) Déanfar na dleachtanna custam a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobach agus a íoc, amhail ar an agus ón lú lá d'Iúil, 1966, ar earraí lena mbaineann an fo-alt seo de réir 1s. 9⅖d. an galún in ionad an ráta 1s. 9⅚d. an galun is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo.

(c) Beidh feidhm chun críocha mhír (a) den fho-alt seo ag forálacha mhíreanna (a), (b) agus (c) de Rialachán 5 de na Rialacháin um Chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe (Cionúireacht Fhorordaithe Luacha), 1962.

(d) San fho-alt seo ciallaíonn “an Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.

Fíon Éireannach.

15. —(1) Muirearófar, toibheofar agus íocfar, agus íocfaidh gach déantoir a dhéanann fíon Éireannach lena dhíol, ar fhíon Éireannach dleacht máil de réir na rátaí leithleacha atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leo an Acht seo ar an gcainniocht den fhíon sin a rinneadh sa Stát agus a chuirfear amach as a áitreabh ar an agus ón lú lá d'Iúil, 1966.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh—

(a) chun an dleacht sin a urrú agus a bhailiú;

(b) chun faoiseamh ón dleacht sin a thabhairt i leith fíon atáthar chun a onnmhairiú nó a loingsiú mar stórais, nó a úsáid ag ullmhú earraí nó mar tháthchuid d'earraí atáthar chun a onnmhariú nó a loingsiú mar stórais, nó i leith fíon a chuirfear amach go dtí áitreabh déantóra eile a dhéanann fíon Éireannach lena dhíol.

(3) Má sháraíonn aon duine foráil, nó má mhainníonn sé déanamh de réir aon fhorála, a bheidh in aon rialacháin a dhéanfar mar a dúradh, dlífear pionós máil céad punt a chur air in aghaidh gach ciona agus forghéillfear aon earra a ndearnadh an cion maidir leis.

(4) San alt seo ciallaíonn “fíon Éireannach” aon liocáir atá déanta as toradh agus siúcra, nó as toradh nó siúcra measctha le haon ábhar eile agus a chuaigh faoi phróiseas giosála le linn a dhéanta, agus folaíonn sé fíonta saorga agus meá.

Dleacht cheadúnas arm tine.

1964, Uimh. 15 .

16 —An dleacht máil ar cheadúnas arm tine a thiocfaidh i bhfeidhm, trí dheonú nó athnuachan, an lú lá de Lúnasa, 1966, nó dá éis, is de réir an ráta a shonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a íocfar í in ionad an ráta dá bhforáltar le halt 18 den Acht Airgeadais, 1964 , agus beidh éifeacht ag an alt sin dá réir sin.

Feithicli inneallghluaiste a úsáidtear ar bhóithre poiblí.

1952, Uimh. 24 .

1961, Uimh. 24 .

1920, c. 72.

17. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1952.

(2) Déanfar, amhail ar an agus ón lú lá d'Aibreán, 1966, gach ceann de na rátaí máil a shonraítear i mír I de Chuid 1 den Sceideal a ghabhann leis an Acht (lena n-áirítear an dleacht bhreise £2 i gcás rothair má úsáidtear é chun leantóir nó taobhcharr a tharraingt) a mhéadú fiche a cúig faoin gcéad.

(3) Déanfar, amhail ar an agus ón lú lá d'Aibreán, 1966, gach ceann de na rátaí dleachta máil a shonraítear i mír 6 (d) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht (lena n-áirítear, i gcás feithiclí is mó ná 12 each-chumhacht, an dleacht bhreise £2 in aghaidh gach aonaid nó coda d'aonad each-chumhachta de bhreis ar 12 each-chumhacht) a mhéadú fiche a cúig faoin gcéad.

(4) Beidh éifeacht ag fo-alt (3) den alt seo faoi réir an choinníll—

(a) i gcás aon fheithicil—

(i) a úsáidtear mar bheag-fheithicil seirbhíse poiblí de réir brí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , agus ní chun aon chríche eile,

(ii) a bhfuil tacsaiméadar feistithe uirthi agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil sráidsheirbhíse de réir brí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile, nó

(iii) a úsáidtear mar eileatram agus ní chun aon chríche eile,

nach mbeidh aon mhéadú ar aon cheann de na rátaí dá dtagraítear san fho-alt, agus

(b) i gcás aon fheithicil—

(i) nach feithicil den sórt dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo,

(ii) a bhfuil thar 16 each-chumhacht inti, agus

(iii) nach feithicil den sórt dá dtagraítear i mír 5 (4) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht,

nach mbeidh, maidir le méadú na dleachta breise £2 in aghaidh gach aonaid nó coda d'aonad de bhreis ar 12 each-chumhacht, aon mhéadú uirthi i gcás aon aonaid, nó coda d'aonad, each-chumhachta de bhreis ar 16.

(5) Déanfar, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Aibreán, 1966, “chúig phunt nó níos lú” a chur in ionad “trí phunt nó níos lú” in alt 1 (2) (b) den Acht.

(6) I gcás aon fheithicil lena mbaineann mír 6 (d) de Chuid 1 den Sceideal a ghabhann leis an Acht agus—

(a) nach feithicil í den sórt dá dtagraítear i mír 5 (4) de Chuid II den Sceideal sin, agus

(b) a bhfuil thar 16 each-chumhacht inti,

déanfar an dleacht bhreise £2 in aghaidh gach aonaid nó coda d'aonad de bhreis ar 16 each-chumhacht a laghdú deich faoin gcéad.

(7) Déantar leis seo fomhír (1) de mhír 3 de Chuid 11 den Sceideal a ghabhann leis an Acht a leasú tríd an méid seo a leanas a chur léi:

“nó

(c) gurb éard é an duine sin comhlacht a bhfuil deimhnithe ina thaobh ag an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh gur comharchumann talmhaíochta é chun críocha an Achta seo agus gur go hócáideach a úsáidtear an fheithicil ar bhóithre poiblí agus ansin amháin mar seo a leanas—

(i) chun táirge feirmeacha agus earraí is gá le haghaidh feirmeacha, lena n-áirítear tithe feirme agus foirgnimh feirme, chomhaltaí an chumainn a tharraingt, ar choinníoll nach ar luach saothair a dhéantar é, ach gan tarraingt bhreosla a áireamh más mar earra le díol a iompraítear é, nó

(ii) chun earraí den chineál céanna a tharraingt d'fheirmeoirí eile ar choinníoll nach ar luach saothair a tharraingítear na hearraí sin, nó

(iii) chun na hearraí seo a leanas a tharraingt do chomhaltaí an chumainn nó d'fheirmeoirí eile ar luach saothair—

(I) bainne a bheifear a tharraingt go dtí uachtarlann nó go dtí stáisiún deighilte uachtair, nó

(II) bainne deighilte a bheifear a tharraingt ó uachtarlann nó ó stáisiún deighilte uachtair, nó

(III) coimeádáin bhainne a bheifear a tharraingt go dtí uachtarlann nó uaidh nó go dtí stáisiún deighilte uachtair nó uaidh.”

(8) Más ar an lú lá d'Iúil, 1966, nó roimhe sin, a rithfear an tAcht seo, tiocfaidh fo-ailt (6) agus (7) den alt seo i ngníomh an lá sin agus, más tar éis an lae sin a rithfear é, measfar gurb é an lá sin a tháinig siad i ngníomh.

(9) Déanfar na haisíocaíochtaí iomchuí ag féachaint d'fhorálacha fho-ailt (6) (7) agus (8) den alt seo agus déanfar na haisíocaíochtaí de réir cibé orduithe a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil.

(10) D'ainneoin alt 3 den Acht, déanfar neamhshuim de na fáltais ó mhéaduithe dleachtanna a dhéantar leis an alt seo le linn suim a eiseofar as an bPríomh-Chiste faoi alt 2 (1) den Roads Act, 1920, a bheith á cinneadh.