11 1966


Uimhir 11 de 1966.


AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (ORDÚ A DHAINGNIÚ), 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ AN ORDAITHE UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (DEOCHANNA MEISCIÚLA AGUS DEOCHANNA NEAMHALCÓLACHA), 1965, A RINNE AN tAIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA FAOI ALT 9 DEN ACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA, 1953 . [31 Bealtaine, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Ordú a dhaingniú.

1965, I.R. Uimh. 232.

1953, Uimh. 14 .

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú um Chleachtais Srianta Trádála (Deochanna Meisciúla agus Deochanna Neamhalcólacha), 1965, a rinne an tAire Tionscail agus Tráchtála faoi alt 9 den Acht um Chleachtais Srianta Trádála, 1953 .

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht um Chleachtais Srianta Trádála (Ordú a Dhaingniú), 1966, a ghairm den Acht seo.