7 1966


Uimhir 7 de 1966.


AN tACHT UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN (LEASÚ), 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN, 1960 AGUS 1964. [8 Márta, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1960, Uimh. 10 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Údarás Craolacháin, 1960 .

Méideanna bliantúla a íocfaidh an tAire leis an Údarás.

2. —Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, maidir le gach bliain de na cúig bliana airgeadais comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1966, suim a íoc leis an Údarás, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a bheidh comhionann le hiomlán na bhfáltas sa bhliain sin i leith táillí ceadúnais chraolacháin lúide—

(a) aon chaiteachas a dheimhneoidh an tAire a bhain dó sa bhliain sin maidir le bailiú na dtáillí sin, agus

(b) aon chaiteachas a dheimhneoidh an tAire a bhain dó sa bhliain sin i leith comhlíonadh a fheidhmeanna aige faoi ailt 12 agus 12A d'Acht 1926 maidir le trasnaíl nó docharú ar ghléasra raidió-theileagrafaíochta le haghaidh glactha amháin.

Ainm corpraithe an Údaráis a athrú.

3. —Déantar leis seo ainm corpraithe an Údaráis a athrú ó “Radio Éireann” go “Radio Telefís Éireann”.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

4. —Déantar leis seo alt 12 den Phríomh-Acht a leasú tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (ii) d'fho-alt (2):

“(iiA) ceapachán is ardú céime do dhuine is seirbhíseach cheana féin don Údarás.”

Leasú ar alt 16 den Phríomh-Acht.

5. —Déantar leis seo alt 16 den Phríomh-Acht a leasú trí na míreanna seo a leanas a chur isteach ag deireadh fho-alt (2);

“  (l) socrú a dhéanamh le húdaráis chraolacháin eile chun cláir (beo nó taifeadta) a dháileadh, a ghlacadh, a mhalartú agus a leaschraoladh;

(m) faoi réir thoiliú an Aire, ábhar éisteachta agus ábhar féachana a taifeadadh a thiomsú, a fhoilsiú agus a dháileadh, ar tháille nó gan táille;

(n) faoi réir thoiliú an Aire, seirbhísí a sholáthar d'Airí Stáit agus thar a gceann.”

Leasú ar alt 25 den Phríomh-Acht.

6. —Déantar leis seo alt 25 den Phríomh-Acht a leasú trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Déanfaidh an tUdarás cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur gach bliain faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh cibé tráth a ordóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(1B) Díreach tar éis gach iniúchadh faoin alt seo ar a chuntais, cuirfidh an tUdarás chun an Aire—

(a) cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe arna ndeimhniú ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste,

(b) cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus

(c) cóipeanna den mhéid de na cuntais a cuireadh faoi iniúchadh a gceapfaidh an tAire gur cuntais iad a mbeidh cóipeanna díobh le chur chuige.”

Mion-leasú agus aisghairm.

7. —(1) Athraítear leis seo ó “(1A)” go “(1B)” uimhir an fho-ailt a cuireadh isteach le mír (d) d'alt 34 den Phríomh-Acht in alt 5 d'Acht 1926.

(2) Aisghairtear leis seo míreanna (h) agus (k) d'fho-alt (2) d'alt 16 agus fo-ailt (2), (3) agus (4) d'alt 25 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

8. —(1) Féadfar an tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1966, a ghairm de na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 agus 1964, agus den Acht seo le chéile.