An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custaim agus Mál.) Ar Aghaidh (CUID IV. Dleachtanna Stampa.)

22 1965

AN tACHT AIRGEADAIS, 1965

CUID III

Dleachtanna Báis.

Diúscairtí i bhfabhar cuideachtaí áirithe, etc.

1941, Uimh. 14 .

1918, c. 40.

1894, c. 30.

20. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “cuideachta” comhlacht corpraithe (cibé áit a corpraíodh)—

(a) nach mó ná caoga líon na scairshealbhóirí ann (gan áireamh a dhéanamh ar fhostaithe nach stiúrthóirí ar an gcuideachta ná ar aon scairshealbhóir ar scairshealbhóir é mar ainmní de chuid úinéir tairbhiúil scaireanna),

(b) nach bhfuil tar éis aon chuid dá scaireanna a éisiúint de thoradh cuireadh poiblí suibscríobh le haghaidh scaireanna, agus

(c) nach bhfuil faoi rialú chuid nach mó ná cúigear daoine;

ciallaíonn “cuideachta faoi rialú an éagaigh” cuideachta a bhí faoi rialú duine amháin nó níos mó de na héagaigh, de ghaolta an éagaigh, d'ainmnithe de chuid an éagaigh, nó d'ainmnithe de chuid gaolta an éagaigh—

(a) i gcás ina mbeidh an t-éagach tar éis bás a fháil dhá bhliain nó níos mó tar éis dáta an Achta seo a rith, laistigh de tréimhse cúig bliana roimh an mbás;

(b) in aon chás eile, laistigh den tréimhse dar tosach trí bliana roimh dháta an Achta seo a rith agus dar críoch dáta an bháis;

ciallaíonn “rialú”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó maidir leis nó in chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le haon doiciméad eile ag rialáil an chomhlachta chorpraithe sin nó aon chomhlachta chorpraithe eile, go stiúrfar cúrsaí an chomhlachta chorpraithe chéadluaite de réir mar a theastaíonn ón duine sin;

ciallaíonn “éagach” duine a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith;

tá le “diúscairt” an bhrí chéanna atá le “riarasú” in alt 27 agus in alt 32 den Acht Airgeadais, 1941 , agus folaíonn sé freisin íocaíocht airgid;

folaíonn “ioncaim”, maidir le cuideachta, brabúis ó thrádáil;

ciallaíonn “ainmní” duine (ar a n-áirítear iontaobhaí) a bhféadfaí a cheangal air a chumhacht vótála a fheidhmiú de réir treoracha duine eile nó a shealbhaíonn scaireanna go díreach nó go neamhdhíreach thar ceann duine eile;

ciallaíonn “cuideachta neamhthrádálach” cuideachta arbh é a bhí go formhór ina hioncam sa dá mhí dhéag roimh bhás an éagaigh ioncam nárbh é a bheadh ann, dá mba phearsa aonair an chuideachta, ioncam tuillte mar a mhínítear i bhfo-alt (3) d'alt 14 den Income Tax Act, 1918;

ciallaíonn “gaol” fearchéile nó banchéile, sinsear, dírshliochtach, nó deartháir nó deirfiúr nó duine de shliocht dearthár nó deirféar.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar cuideachta a bheith faoi rialú chuid nach mó ná cuigear daoin emá bhíonn rialú na cuideachta, go direach nó go neamhdhíreach, á fheidhmiú ag aon chúigear daoine nó ag aon líon daoine faoina bhun sin, nó má bhíonn siad i gcumas nó i dteideal an rialú sin a fheidhmiú go díreach nó go neamhdhíreach agus chuige sin áireofar faoi seach mar aon duine amháin daoine is gaolta dá chéile, daoine is ainmnithe de chuid aon duine eile mar aon leis an duine eile sin, daoine i gcomhpháirtíocht agus daoine a bhfuil leas acu in aon scaireanna nó oibleagáidí de chuid na cuideachta atá faoi réir aon iontaobhais nó is cuid d'eastát duine éagtha, agus

(b) cuideachta atá faoi rialú ag aon duine amhain no níos mó de na héagaigh agus dá ghaolta nó dá ngaolta measfar gur gaol don éagach í féin.

(3) (a) I gcás ina ndearna an t-éagach roimh dháta nó tar éis dáta an Achta seo a rith, maoin a dhiúscairt i bhfabhar cuideachta faoi rialú an éagaigh, measfar chun gach críche dleachta eastáit, gur maoin a ghlac an chuideachta faoi dhiúscairt a d'oibrigh mar bhronntanas láithreach inter vivos de réir bhrí mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, agus aon chomaoin a fuair an t-éagach i ndáil leis sin ní áireofar í mar chomaoin chun críche alt 3 den Finance Act, 1894, nó fho-alt (1) d'alt 7 den Acht sin.

(b) I gcás ina mbeidh dleacht eastáit i ndáil le bás an éagaigh dlite ar an gcomaoin a fuair an t-éagach ar dhiúscairt lena mbaineann mír (a) den fho-alt seo agus a rinneadh laistigh de chúig bliana ó dháta a bháis, nó ar mhaoin in ionannas na comaoine sin, beidh éifeacht ag an bhforáil seo a leanas: Nuair a bheidh luach na maoine a glacadh faoin diúscairt á chinneadh chun críocha dleachta eastáit asbhainfear as an luach ab inchurtha faoi dhleacht, dá mba nár achtaíodh an mhír seo, luach na comaoine nó na maoine in ionannas na comaoine sin arb é luach é ar arb iníoctha dleacht eastáit.

(4) (a) Más rud é—

(i) go ndearna an t-éagach tráth ar bith, roimh dháta nó tar éis dáta an Achta seo a rith, diúscairt maoine i bhfabhar cuideachta faoi rialú an éagaigh, agus

(ii) go raibh, tráth ar bith laistigh de chúig bliana ó dháta a bháis, fáil nó teachtadh aige ar ioncam nó ar shochair ón gcuideachta seachas díbhinní nó ús ar stoc, scaireanna, nó bintiúir de chuid na cuideachta,

measfar go raibh leas aige a scoir tráth a bháis i nglansóchmhainní na cuideachta de réir brí mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, ach na focail “holder of an office, or” a eisiamh as an mír sin.

(b) Measfar gurb é an leas dá dtagraíonn mír (a) den fho-alt seo blianacht is comhionann leis an meánmhéid bhliantúil a fuarthas nó a teachtadh i bhfoirm ioncaim nó sochar sa tréimhse iomchuí, is é sin le rá, an tréimhse chúig bliana díreach roimh bhás an éagaigh agus maidir leis an leas sin beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(i) i gcás inarb éard nó ina bhfolaíonn na sochair a teachtadh áitiú nó seilbh tailte nó airnéisí, cinnfear luach an áitithe nó na seilbhe sa tslí chéanna ina ndéanfar luach sochar dá samhail a chinneadh faoi fhorálacha fho-alt (5) d'alt 21 den Acht seo;

(ii) i gcás ina n-airbheartófar gurb éard nó ina bhfolaíonn an t-ioncam nó luach saothair i leith seirbhísí a thug an t-éagach don chuideachta, asbhainfidh na Coimisinéirí Ioncaim as an meánmhéid bhliantúil sin cibé suim is dóigh leo is luach saothair réasúnach in imthoscaí uile an cháis.

(c) Nuair a bheidh fo-alt (7) d'alt (1) den Finance Act, 1894, á chur chun feidhme maidir le scor leasa dá dtagraíonn mír (a) den fho-alt seo—

(i) measfar gurb é glan-ioncam bliantúil na cuideachta meánmhéid an ghlan-ioncaim uile a fuarthas sna blianta cuntasaíochta go léir nó sna codanna de bhlianta cuntasaíochta sa tréimhse iomchuí dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo;

(ii) ríomhfar glanluach sócmhainní na cuideachta trí dhliteanais na cuideachta a asbhaint as luach phríomhshuim shócmhainní comhlána na cuideachta ar dháta báis an éagaigh, ar dliteanais iad seachas fiacha nó dliteanais a bheidh dlite do ghaol leis an éagach agus nach ndeachthas fúthu bona fide i leith chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid a thug an gaol don chuideachta.

(5) I gcás ina dtarlóidh ar bhás go n-aistreoidh urrúis, cibé acu stoc nó scaireanna nó bintiúir iad, i gcuideachta neamhthrádálach is cuideachta faoi rialú an éagaigh, is é luach na n-urrús, chun gach críche dleachta báis, cibé suim ab iníoctha ina leith lena n-úinéir dá mba rud é gur foirceannadh an chuideachta go saorálach agus gur réadaíodh na sócmhainní go léir ar an dáta arb ina leith a bheidh an luach le cinneadh.

I gcás ina bhfolaíonn sócmhainní na cuideachta urrúis dara cuideachta neamhthrádálaí, déanfar amach an luach ar an bhforas go ndearnadh freisin an dara cuideachta a fhoirceannadh go saorálach agus a sócmhainní a réadú ar an dáta iomchuí, agus má fholaíonn sócmhainní an dara cuideachta urrúis tríú cuideachta neamhthrádálaí, déanfar amach an luach ar an bhforas go ndearnadh, freisin, an tríú cuideachta a fhoirceannadh go saorálach agus a sócmhaínní a réadú ar an dáta iomchuí agus mar sin de.

Nuair a bheidh an tsuim sin á cinneadh, ní dhéanfar aon áireamh i leith costais aon chuideachta a fhoirceannadh nó a sócmhainní a réadú.

(6) I gcás ina raibh rialú go díreach nó go neamhdhíreach ag aon duine amháin nó níos mó de na héagaigh agus de ghaolta an éagaigh ar chuideachta de bhíthin úinéireacht ar scaireanna—

(a) i gcás ina bhfuair an t-éagach bás dhá bhliain nó níos mó tar éis dáta an Achta seo a rith, laistigh den tréimhse chúig bliana roimh an mbás,

(b) in aon chás eile, laistigh den tréimhse dar tosach trí bliana roimh dháta an Achta seo a rith agus dar críoch dáta an bháis,

déanfar, chun gach críche dleachta báis, luach gach scaire den sórt sin a d'aistrigh nó a mheasfar a d'aistrigh ar bhás an éagaigh faoina uacht nó faoina dhíthiomnacht nó de bhíthin diúscairt a rinne sé, a chinneadh ionann agus dá mba chuid é de ghrúpa scaireanna ar leor a líon chun rialú na cuideachta a thabhairt d'úinéir an ghrúpa.

(7) Má bhíonn ar áireamh i maoin a d'aistrigh ar bhás fiach a dhlitear don éagach ó chuideachta faoi rialú an éagaigh, déanfar luach an fhéich a chinneadh chun gach críche dleachta báis ar an bhforas gurbh iníoctha an fiach láithreach ar an dáta arb i ndáil leis a bheidh an luach le déanamh amach.

(8) Aon diúscairt chun nó chun sochair gaoil de chuid an éagaigh a rinne cuideachta a bhí faoi rialú an éagaigh agus ar cuideachta í a bhí faoi rialú an éagaigh amháin tráth na diúscartha nó tráth ar bith laistigh de thréimhse bliana roimhe sin measfar, chun gach críche dleachta báis, gur diúscairt í a rinne an t-éagach chun nó chun sochair an ghaoil, agus aon chomaoin i leith na diúscartha a tugadh don chuideachta measfar gur comaoin í a tugadh don éagach maidir leis an diúscairt a mheasfar amhlaidh a rinne sé.

Iontaobhais lánroghnacha.

21. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “tairbhí” duine is cuspóir don iontaobhas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo;

ciallaíonn “margadh-luach” an praghas is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim a rachadh an mhaoin lena mbaineann fo-alt (5) den alt seo dá ndíolfaí í ar an margadh oscailte;

ciallaíonn “íocaíocht” aon diúscairt maoine i bhfabhar tairbhí;

ciallaíonn “tréimhse iomchuí” maidir le duine éagtha, an tréimhse chúig bliana roimh dháta a bháis nó an tréimhse ó dháta tosach feidhme an iontaobhais lánroghnaigh suas go dtí dáta a bháis, cibé acu is giorra.

(2) I gcás maoin a dhílsiú d'iontaobhaí ar iontaobhais faoina bhféadfar ioncam nó caipiteal na maoine a íoc le duine amháin nó níos mó d'uimhir nó d'aicme daoine a roghnóidh an t-iontaobhaí nó aon duine eile dá rogha féin agus go bhfaighidh duine nó daoine acu sin bás le linn marthain an iontaobhais lánroghnaigh agus tar éis dáta an Achta seo a rith, ansin, chun gach críche dleachta eastáit, measfar go raibh leas ag aon duine a gheobhaidh bás amhlaidh sa mhaoin a d'fhoircheannfadh ar é d'fháil bháis.

(3) Measfar gurbh éard é an leas dá dtagraíonn fo-alt (2) den alt seo blianacht comhionann le meánmhéid bhliantúil chomhshuim na n-íocaíochtaí uile a rinneadh as caipiteal nó ioncam na maoine leis an duine éagtha nó a fuair nó a theachtaigh sé i gcaitheamh na tréimhse iomchuí nó a rinneadh le haon duine eile nó a fuair nó a dhiúscair aon duine eile thar a cheann i rith na tréimhse sin, ach sin faoi réir na bhfo-alt ina dhiaidh seo den alt seo.

(4) Ní áireofar íocaíocht as caipiteal na maoine iontaobhais mar íocaíocht chun críche fho-alt (3) den alt seo ach amháin i gcás ina mbeidh iontaobhas nó cumhacht chun ioncam a charnadh mar bhreis le caipiteal na maoine iontaobhais agus ansin feadh na méide sin amháin nach rachaidh méid na híocaíochta thar méid an ioncaim a bheidh carnaithe go dtí dáta na híocaíochta sin.

(5) Más rud é, tráth ar bith i gcaitheamh na tréimhse iomchuí, go raibh an duine éagtha ag áitiú nó i seilbh talún nó airnéisí faoi réir an iontaobhais lánroghnaigh ar shlí seachas in aghaidh lánchomaoin in airgead nó i luach airgid a thug sé agus, tar éis foirceannadh na háitíochta nó na seilbhe, go leanann an talamh nó na hairnéisí, nó maoin in ionannas na talún nó na n-airnéisí, de bheith faoi réir an iontaobhais lánroghnaigh, beidh éifeacht ag an bhforáil seo a leanas chun méid na blianachta a chinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo:

In aghaidh gach bliana nó coda de bhliain arbh é an duine éagtha ar a feadh an t-aon tairbhí amháin in áitíocht nó i seilbh, measfar gurbh éard í an áitíocht nó an tseilbhíoc aíocht ioncaim de réir an ráta bhliantúil sé faoin gcéad de mhargadh-luach na talún nó na n-airnéisí (cibé acu é) ar dháta foirceannta na háitíochta nó na seilbhe. In aghaidh gach bliana nó coda de bhliain a bhí líon tairbhithe agus an duine éagtha a áireamh orthu ag áitiú nó i seilbh, measfar gurbh éard í áitíocht nó seilbh an duine éagtha íocaíocht ioncaim de réir ráta bliantúil sé (arna roinnt ar an líon tairbhithe agus an duine éagtha a áireamh orthu) faoin gcéad den mhargadh-luach sin.

(6) I gcás maoine a meastar leis an alt seo leas a bheith inti, beidh éifeacht ag mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, ionann agus dá bhfágfaí an lár “holder of an office, or”.

Leasú ar alt 2 (2) den Finance Act, 1894.

1910, c. 8.

22. —(1) San alt seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Finance Act, 1894.

(2) An díolúine ó dhleacht eastáit is infheidhmithe de bhua fho-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht, ní bheidh feidhm aici maidir le maoin seachas talamh atá lasmuigh den Stát agus, de réir dlí na tíre ina bhfuil sí, arb éard í nó a meastar gurb éard í maoin do-chorraithe agus a aistreoidh nó a measfar í d'aistriú ar bhás a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith más rud é—

(a) gur bás duine é a fuair bás agus sainchónaí air sa Stát agus go n-aistreoidh an mhaoin faoina uacht nó faoina dhíthiomnacht nó trí mharthanas nó go measfar í d'aistriú faoi threoir í a bheith ina hábhar bronntanais inter vivos a rinne sé roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, nó

(b) go n-aistreoidh an mhaoin nó go measfar í d'aistriú faoi réim nó de bhua diúscartha arna déanamh, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin é, ag duine a raibh, ar an dáta a ghlac an diúscairt éifeacht, sainchónaí air sa Stát nó sa limistéar a áirítear anois sa Stát nó faoi dhiúscairt arna déanamh, cibé acu roimh dháta an Achta seo é nó dá éis sin go díreach nó go neamhdhíreach, thar ceann duine a raibh sainchónaí air mar a dúradh ar an dáta sin nó ar chostas an duine sin nó as cistí a chuir sé ar fáil.

(3) Ní bheidh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo maidir le bás an diúscróra i gcás—

(a) ina bhfaighidh an diúscróir bás agus sainchónaí air lasmuigh den Stát, agus

(b) inarb éard í an diúscairt bronntanas láithreach inter vivos uaidh roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin.

(4) Maidir le maoin lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (5) d'alt 7 den Phríomh-Acht ná ag fo-alt (3) d'alt 60 den Finance (1909-10) Act, 1910;

(b) i gcás ina raibh an t-éagach inniúil ar an maoin sin a dhiúscairt de réir bhrí an Phríomh-Achta, beidh a sheiceadóir (mar a mhínítear é le mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 22 den Acht sin), i dteannta aon duine eile, freagrach i leith na dleachta agus beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt 8 den Phríomh-Acht ionann agus dá bhfágfaí ar lár na focail a thagraíonn don seiceadóir a bheith neamhfhreagrach;

(c) an muirear i leith dleachta ar an gcéanna de bhua fo-alt (1) d'alt 9 den Phríomh-Acht beidh feidhm aige maidir le sócmhainní arb éard iad na fáltais ó aon diúscairt ar an maoin nó a ionadaíonn í ar aon bhealach eile de thuras na huaire go díreach nó go neamhdhíreach agus beidh éifeacht dá réir sin ag an gcoinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin agus ag aon achtachán eile a bhaineann leis an muirear a fhorchuirtear faoin alt sin.

Leathnú ar alt 30 den Acht Airgeadais, 1941 , etc.

23. —(1) Más rud é, tar éis dáta an Achta seo a rith, go mbeidh duine a bhfuil leas aige i maoin a fhoirceannfaidh ar bhás mar a mhínítear le halt 27 den Acht Airgeadais, 1941 , tar éis an mhaoin nó gach leas nó aon leas eile sa mhaoin sin a fháil, measfar an fáil sin a bheith ina fhoirceannadh ar an leas a fhoirceannfaidh mar a dúradh, de réir bhrí alt 30 den Acht sin.

(2) I gcás fáil lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a bheith déanta, ar mhodh ceannaigh laistigh de chúig bliana ón mbás arb ar a tharlú a d'fhoirceannfadh an leas, ag an éagach nó as aon mhaoin nó trí aon mhaoin a bheadh tar éis aistriú nó a measfaí go raibh sé tar éis aistriú ar a bhás dá mba rud é go bhfuair sé bás díreach roimh an ceannach sin, ansin, chun gach críche dleachta eastáit, measfar suim airgid ar cóimhéid leis an gcomaoin a tugadh i leith an cheannaigh a bheith ina maoin a glacadh faoi dhiúscairt a rinne an t-éagach laistigh de chúig bliana dá bhás a d'airbheartaigh a oibriú mar bhronntanas inter vivos don duine óna ndearnadh an ceannach.

(3) Más rud é—

(a) tráth ar bith tar éis dáta an Achta seo a rith agus laistigh de chúig bliain roimh bhás, ar tráth é nuair a bhí in aon mhaoin leas a d'fhoirceannfadh ar an mbás mar a mhínítear in alt 27 den Acht Airgeadais, 1941 , go ndearnadh leas eile sa mhaoin sin feifeach ar an leas, nó faoi réir an leasa a d'fhoirceannfadh amhlaidh a cheannach ag an éagach nó as nó trí aon mhaoin a d'fhoirceannfadh chun críocha dleachta eastáit ar a bhás dá bhfaigheadh sé bás díreach roimh an gceannach,

(b) go n-aistreoidh an leas eile nó go measfar é d'aistriú nó, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, go n-aistreodh nó go measfaí é d'aistriú amhlaidh ar an mbás chun críocha dleachta eastáit, agus

(c) nach bhfuil feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le ceannach an leasa eile,

measfar go mbeidh ar áireamh sa mhaoin a aistreoidh ar an mbás in áit agus in ionad an leasa eile sin a dúradh suim airgid ar cóimhéid leis an gcomaoin a tugadh i leith an cheannaigh agus eisiafar an leas eile sin a dúradh ón maoin a aistreoidh amhlaidh.

(4) I gcás inarb éard é an leas a fhoirceannfaidh ar bhás lena mbaineann fo-alt (1) nó mír (a) d'fho-alt (3) den alt seo leas go mbeidh an mhaoin ina raibh sé ar marthain le háireamh, ar an leas sin foirceannadh, chun críocha dleachta eastáit, mar mhaoin nach n-aistreodh ach go feadh méid áirithe nó méid theoranta, ansin, chun críche an ailt seo, áireofar go ndearnadh laghdú comhréire ar an gcomaoin i leith an cheannaigh lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo nó an mhír sin (a) cibé acu é.

(5) Aon suim airgid a mheasfar faoin alt seo d'aistriú ar bhás déanfar, chun críocha fho-alt (10) d'alt 7 den Finance Act, 1894, í a áireamh mar ní ar leithligh ó aon mhaoin eile a aistreoidh nó a mheasfar d'aistriú ar an mbás.

(6) Aon mhaoin nó aon leas i maoin ab ábhar d'fháil lena mbaineann na fo-ailt sin roimhe seo ní mheasfar, maidir le haon mhaoin eile a aistreoidh nó a mheasfar d'aistriú ar bhás, gur comaoin í de réir bhrí alt 3 den Finance Act, 1894.

Sochair a fhaibhreoidh de bhun scéimeanna aoisliúntais.

1914 (Sess. 1), c. 10.

1955, Uimh. 13 .

24. —(1) (a) Beidh éifeacht ag forálacha an fho-ailt seo maidir le sochar báis is iníoctha faoi scéim aoisliúntais neamhranníocach.

(b) Measfar—

(i) chun gach críche dleachta eastáit, gurb éard é sochar báis leas a cheannaigh nó a sholáthraigh an t-éagach agus a d'aistrigh de dhroim diúscairt a rinne sé,

(ii) chun gach críche dleachta comharbais, gurb éard é sochar báis comharbas dhíorthaigh ón éagach mar réamhtheachtaí agus uaidh sin amháin.

(c) I gcás ina mbeidh sochar báis iníoctha le gach duine nó le haon duine amháin nó níos mó d'aicme daoine measfar gach duine ar leithligh acu sin a bheith tar éis teacht chun teideal a bheith aige ar an mbás chun gach íocaíochta a rinneadh leis d'ainneoin gur dílsíodh d'aon duine áirithe cumhacht cheapacháin, roghnaithe nó ainmniúcháin i leith na n-íocaíochtaí.

(d) (i) I gcás nach mó ná £5,000 luach comhiomlán na sochar báis uile is iníoctha ar bhás, beidh na sochair díolmhaithe ó dhleacht eastáit a mhéid a thiocfaidh siad chun bheith iníoctha le baintreach nó leanaí cléithiúnacha, nó chun sochair do bhaintreach nó do leanaí cleithiúnacha, an éagaigh.

(d) (ii) I gcás inar mó ná £5,000 luach comhiomlán sochar báis is iníoctha ar bhás le baintreach nó leanaí cleithiúnacha, nó chun sochair do bhaintreach nó do leanaí cleithiúnacha, an éagaigh, ní rachaidh an dleacht eastáit is inmhuirir i leith na sochar sin thar an méid a bheidh ag an luach comhiomlán sin de bhreis ar £5,000, ach aon laghdú faoin mír seo ar an dleacht is inmhuirir ar shochar báis ní dhéanfaidh sé aon laghdú ar an dleacht eastáit ar mhaoin eile faoi fho-alt (1) d'alt 13 den Finance Act, 1914, nó faoi mhír (b) d'fho-alt (2) nó faoi fho-alt (3) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1955 .

(e) I gcás inarbé éard sochar báis maoin seachas airgead, déanfar aon tagairtí san alt seo do shochar a bheith iníoctha nó d'íocaíochtaí a fhorléiriú dá réir sin.

(f) San fho-alt seo—

ciallaíonn “sochar báis” aon sochar a fhaibhreoidh de bhun scéim aoisliúntais ar bhas nó maidir le bás, a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith, le linn seirbhíse nó tar éis scoir;

ciallaíonn “an t-éagach” an duine ar ar a bhás nó maidir lena bhás a fhaibhreoidh sochar báis;

ciallaíonn “leanbh cleithiúnach” leanbh (lena n-áirítear leanbh arna uchtáil faoi fhorálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964) nach raibh sé bliana déag d'aois slán aige ar dháta báis an éagaigh nó a bhí an tráth sin ag fáil teagaisc lánaimsire in aon choláiste ollscoile, scoil nó bunachas eile oideachais;

ciallaíonn “neamhranníocach” maidir le scéim aoisliúntais, nach ndearna an t-éagach aon ranníoc airgid leis an scéim;

folaíonn “scéim aoisliúntais” aon chomhshocraíocht a bhaineann le fostaíocht;

folaíonn “fostaíocht” fostaíocht mar stiúrthóir ar chomhlacht corpraithe.

(2) (a) Beidh feidhm ag forálacha mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo maidir le sochair bháis is iníoctha faoi scéim aoisliúntais seachas scéim aoisliúntais neamhranníocach le baintreach nó leanaí cleithiúnacha, nó chun sochair do bhaintreach nó do leanaí cleithiúnacha, an éagaigh.

(b) San fho-alt seo tá le “sochair bháis”, “scéim aoisliúntais”, “neamhranníocach”, “leanaí cleithiúnacha” agus “an t-éagach” na bríonna céanna atá leo i bhfo-alt (1) den alt seo.

Deireadh leis an gcoinníoll a ghabhann le halt 4 den Finance Act, 1894, ach amháin maidir le maoin áirithe.

25. —(1) Scoirfidh an coinníoll a ghabhann le halt 4 den Finance Act, 1894, d'éifeacht a bheith aige maidir le maoin a aistreoidh nó a mheasfar d'aistriú ar bhás a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le maoin a gcruthófar maidir léi chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim nár aistrigh sí agus nach meastar, leis an Acht seo nó le haon Acht eile, gur aistrigh sí faoi dhiúscairt nó go díreach nó go neamhdhíreach de dhroim diúscairt a rinne an t-éagach.

(3) Chun críocha an ailt seo folaíonn “diúscairt” íocaíocht airgid.

Forálacha maidir le polasaithe árachais áirithe.

1889, c. 7.

26. —Maidir le polasaí árachais lena mbaineann fo-alt (1) d'alt 11 den Customs and Inland Revenue Act, 1889, agus a dílsíodh go dochloíte i ndeontaí roimh thosach feidhme na tréimhse (dá ngairtear an tréimhse iomchuí san Acht seo) chúig bliana dar críoch dáta báis an duine árachaithe, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas más tar éis dáta an Achta seo a rith a gheobhaidh an duine árachaithe bás:

(a) déanfar cuid den airgead a gheofar faoin bpolasaí a eisiamh ón maoin a aistreoidh nó a mheasfar d'aistriú ar bhás an duine árachaithe agus is é a bheidh sa chuid sin:

(i) oiread den airgead sin agus is comhionann leis an bpraghas is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim a rachadh an polasaí dá ndíolfaí é ar an margadh oscailte i dtosach na tréimhse iomchuí, agus

(ii) má ba é a bhí in aon cheann de na préimheanna a íocadh ar an bpolasaí i rith na tréimhse iomchuí préimheanna nár íoc an duine árachaithe, oiread d'iarmhéid an airgid sin agus a mbeidh idir í agus iomlán na hiarmhéide sin an cothrom céanna a bheidh idir iomlán na bpréimheanna sin agus iomlán na bpréimheanna uile a íocadh ar an bpolasaí i gcaitheamh na tréimhse iomchuí;

(b) cibé cuid den airgead a gheofar faoin bpolasaí agus a bheidh fágtha tar éis an eisiaimh faoin mír roimhe seo, déanfar, chun gach críche dleachta eastáit, é a áireamh mar airgead arb éard atá ann nó ar cuid de na bronntanais a mheastar faoin gcéad mhír eile a bheith tugtha ag an duine árachaithe don deontaí,

(c) measfar gur thug an duine árachaithe, ar gach dáta le linn na tréimhse iomchuí ar ar íoc sé préimh ar an bpolasaí, bronntanas don deontaí de cibé méid den chuid sin a luaitear sa mhír roimhe seo den airgead a gheofar faoin bpolasaí a mbeidh idir í agus iomlán na coda sin an cothrom céanna a bheidh idir an bpréimh agus iomlán na bpréimheanna a d'íoc an duine árachaithe ar an bpolasaí i rith na tréimhse iomchuí.

Leasú ar alt 59 den Finance (1909-10) Act, 1910, agus ar achtacháin áirithe eile.

1940, Uimh. 14 .

1961, Uimh. 23 .

1914 (Sess. 1), c. 10.

1955, Uimh. 13 .

27. —(1) I bhfo-alt (1) d'alt 59 den Finance (1909-10) Act, 1910, déantar leis seo “five years” a chur in ionad “three years” sa dá áit ina bhfuil na focail deiridh sin.

(2) I bhfo-alt (2) d'alt 59 den Finance (1909-10) Act, 1910, déantar leis seo “five hundred pounds” a chur in ionad “one hundred pounds”.

(3) Déantar leis seo—

(i) i mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894,

(ii) i mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1940 ,

(iii) i bhfo-alt (4) d'alt 25 den Acht sin,

(iv) i bhfo-alt (2) d'alt 30 den Acht Airgeadais, 1941 ,

(v) i bhfo-alt (1) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1961 , agus

(vi) i mír (b) d'fho-alt (3) den alt sin,

tagairt do chúig bliana a chur in ionad na tagartha do thrí bliana.

(4) Nuair a bheifear, chun críche dleachta eastáit, ag cinneadh luach aon mhaoine a mheasfar d'aistriú ar bhás—

(a) mar mhaoin a glacadh faoi dhiúscairt a airbheartaíonn a oibriú mar bhronntanas láithreach inter vivos de réir brí mhír (c) nó mhír (e) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, nó

(b) faoi fhorálacha fho-alt (1) d'alt 30 den Acht Airgeadais, 1941 ,

ar bás é a tharlóidh sa tríú bliain, sa cheathrú bliain nó sa bhliain deiridh den tréimhse chúig bliana, laghdófar luach príomhúil na maoine—

(i) cúig déag faoin gcéad de, más sa tríú bliain a tharlóidh an bás,

(ii) tríocha faoin gcéad, más sa cheathrú bliain a tharlóidh an bás,

(iii) seasca faoin gcéad, más sa chúigiú bliain a tharlóidh an bás,

San fho-alt seo, ciallaíonn “an tréimhse chúig bliana” an tréimhse chúig bliana dar tosach dáta diúscartha iomchuí maoine nó dáta diúscartha iomchuí nó foirceannta iomchuí an úis theoranta, cibé acu é.

(5) Más rud é, chun críocha dleachta eastáit, gur mó ná £500 luach nó méid comhiomlán bronntanas a tugadh do dheontaí laistigh de chúig bliana roimh bhás an deontóra, ní rachaidh an dleacht eastáit is inmhuirir i leith na mbronntanas thar an tsuim ar mó ná £500 an luach nó an méid sin, ach ní rachaidh aon laghdú faoin bhfo-alt seo ar an dleacht is inmhuirir ar bhronntanas in éifeacht ar aon laghdú ar an dleacht eastáit ar aon mhaoin eile faoi fho-alt (1) d'alt 13 den Finance Act, 1914, nó faoi mhír (b) d'fho-alt (2) nó d'fho-alt (3) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1955 .

(6) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin i gcásanna ina bhfaighidh an t-éagach bás tar éis dáta an Achta seo a rith agus go ndearnadh an diúscairt, an géilleadh, an forcinntiú, an cur i leataobh, an foirceannadh nó an t-idirbheart iomchuí eile tar éis trí bliana nó laistigh de thrí bliana ó dháta an Achta seo a rith.

Leasú ar alt 59 (2) den Finance (1909-10) Act, 1910, ar alt 27 (a) den Acht Airgeadais, 1938 , agus ar alt 24 (3) (a) den Acht Airgeadais, 1961 .

1938, Uimh. 25 .

28. —Maidir le diúscairt arna déanamh nó le bronntanas arna thabhairt roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, ag duine a gheobhaidh bás tar éis an rite sin—

(i) léifear fomhír (2) d'alt 59 den Finance (1909-10) Act, 1910, ionann agus dá gcuirfí isteach ann díreach i ndiaidh an fhocail “marriage” na focail “to or for the benefit of a party to the marriage or of issue of the marriage,”

(ii) léifear mír (a) d'alt 27 den Acht Airgeadais, 1938 , ionann agus dá ndéanfaí “nó a tugadh do pháirtí sa phósadh nó de shliocht an phósta nó a rinneadh chun sochair don chéanna” a chur isteach ann i ndiaidh “i gcomaoin pósta”, agus

(iii) léifear mír (c) d'fho-alt (3) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1961 , ionann agus dá ndéanfaí “le páirtí sa phósadh nó de shliocht an phósta nó chun sochair don chéanna” a chur isteach ann i ndiaidh “i gcomaoin pósta.”

Laghdú ar dhleacht eastáit.

29. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “sochar” an mhaoin go léir agus gach leas i maoin a aistreoidh nó a fhaibhreoidh chun cleithiúnaí ar bhás an éagaigh arb ina leith is iníoctha dleacht eastáit;

ciallaíonn “leanbh” leanbh (lena n-áirítear leanbh arna uchtáil faoi fhorálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964) leis an éagach a bhí beo tráth a bháis agus nach raibh sé bliana déag d'aois slán aige an tráth sin nó a bhí an tráth sin ag fáil teagaisc lánaimsire in aon choláiste ollscoile, scoil nó bunachas eile oideachais;

ciallaíonn “éagach” duine a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith agus sainchónaí air sa Stát;

ciallaíonn “cleithiúnaí” an bhaintreach nó leanbh;

ach amháin i bhfo-alt (4), ciallaíonn “baintreach” baintreach an éagaigh.

(2) I gcás inarb ían bhaintreach an t-aon chleithiúnaí amháin a bheidh i dteideal sochair ar bhás an éagaigh, déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith an tsochair sin a laghdú de shuim £250 maraon le suim £150 i leith gach linbh.

(3) Má bhíonn níos mó ná cleithiúnaí amháin, lena n-áirítear an bhaintreach, i dteideal sochar, déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith na sochar sin a laghdú na méideanna seo a leanas:

(a) i gcás sochar na baintrí, de shuim £250 mar aon le suim £150 i leith gach linbh nach mbeidh i dteideal sochair;

(b) i gcás sochair linbh, de shuim £150.

(4) I gcás inar bhaintreach í an t-éagach, déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith sochair a laghdú de shuim £150.

(5) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) go (4) den alt seo faoi réir an choinníll—

(a) i gcás nach ndéanfaidh dliteanas i leith dleacht eastáit a éireoidh i ndáil le bás an éagaigh difear do mhéid sochair, nach ndéanfar aon laghdú faoi na fo-ailt sin i leith an tsochair sin;

(b) i gcás ina ndéanfaidh dliteanas den sórt sin difear do mhéid sochair agus gur lú an difear a dhéanfar dó amhlaidh ná méid an laghdaithe sin faoi na fo-ailt sin i leith an tsochair ab iomchuí ar leithligh ón mír seo, go ndéanfar an lagdhú faoi na fo-ailt sin i leith an tsochair a laghdú go dtí an méid sin.

(6) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) go (5) den alt seo faoi réir an choinníll nach mbeidh feidhm acu i gcás inar mó ná £15,000 glanluach na maoine go léir a aistreoidh nó a mheasfar d'aistriú ar bhás an éagaigh arb ina leith is iníoctha dleacht eastáit.

Dleacht leagáide agus dleacht comharbais ar ceal i gcásanna áirithe.

30. —(1) Ní bheidh an dleacht leagáide ná an dleacht comharbais is iníoctha de réir ráta aon faoin gcéad ná an dleacht comharbais bhreise de réir ráta deich scilling faoin gcéad inmhuirir ar leagáid a ghabhfar ó thiomnóir nó ó dhíthiomnóir a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith ná ní bheidh an céanna inmhuirir ar chomharbas a bhronnfar tar éis dáta an rite sin.

(2) Chun críocha an ailt seo folaíonn “leagáid” iarmhar agus cion d'iarmhar.

(3) Ní oibreoidh na forálacha roimhe seo den alt seo chun cosc a chur le díolúine a dheonú a bheadh dleathach dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.