20 1965


Uimhir 20 de 1965.


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1965

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSEAN SEANAOISE, 1908 GO 1964, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1964, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1964, NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH (LIÚNTAIS LEANAÍ), 1944 GO 1963, AGUS NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1964. [29 Iúil, 1965.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1933, Uimh. 46 .

1935, Uimh. 29 .

1952, Uimh. 11 .

1960, Uimh. 25 .

1962, Uimh. 17 .

1963, Uimh. 26 .

1964, Uimh. 28 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1964;

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 ;

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960 ;

ciallaíonn “Acht 1962” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1962 ;

ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1963 ;

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh.

Rátaí pinsean seanaoise a mhéadú.

2. —(1) Déantar leis seo alt 77 d'Acht 1952 a leasú—

(a) trí “céad caoga is sé phunt” a chur in ionad “céad daichead is trí phunt” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1964),

(b) trí “céad daichead is trí phunt” a chur in ionad “céad agus tríocha punt” san fho-alt sin, agus

(c) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt sin:

“AN TABLA

An Ráta Pinsin

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Rátaí Seachtainiúla

Éilitheoir nó pinsinéir, gan aon leanbh cáilithe

Éilitheoir nó pinsinéir, leanbh cáilithe amháin

Éilitheoir nó pinsinéir, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

s. 

d.

s.

d.

s.

d.

Má bhíonn acmhainn bhliantúil an éilitheora nó an phinsinéara arna ríomh go cuí—

gan bheith níos mó ná £26 5s. 0d.     ..     ..     ..

47

6

57

6

67

6

Móide, ma bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, cúig scilling i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná £26 5s. 0d. gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d.     ..     ..     ..     ..

42

6

52

6

62

6

níos mó ná £52 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £65 10s. 0d.     ..     ..     ..     ..

37

6

47

6

57

6

níos mó ná £65 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £78 10s. 0d.     ..     ..     ..

32

6

42

6

52

6

níos mó ná £78 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £104 15s. 0d.     ..     ..     ..

27

6

37

6

47

6

níos mó ná £104 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £117 15s. 0d.     ..     ..     ..

22

6

32

6

42

6

níos mó ná £117 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £130 15s. 0d.     ..     ..     ..

17

6

27

6

37

6

níos mó ná £130 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £143 15s. 0d.     ..     ..     ..

12

6

22

6

32

6

níos mó ná £143 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £156 15s. 0d.     ..     ..     ..

7

6

17

6

27

6

”.

(2) Déantar leis seo alt 8 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 , a leasú trí “céad caoga is sé phunt” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “céad daichead is trí phunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1964).

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1965.

Rátaí cúnamh dífhostaíochta a mhéadú.

3. —(1) Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in Acht 1933 in ionad an Sceidil a cuireadh ag gabháil leis an Acht sin le halt 3 d'Acht 1964:

“AN SCEIDEAL

Rátaí Cúnamh Dífhostaíochta.

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnamh dífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An ráta cúnamh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon limistéar uirbeach

An ráta cúnamh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile

Sa tseachtain

Sa tseachtain

Duine gan chleithiúnaí     ..

34s.

0d.

28s.

0d.

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ..

62s.

6d.

54s.

6d.

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin     ..     ..

72s.

6d.

64s.

6d.

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..

82s.

6d. móide,

74s.

6d. móide,

má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin

44s.

0d.

38s.

0d.

Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..     ..

54s.

0d. móide,

48s.

0d. móide,

má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiún- aigh de bhreis ar bheirt.

má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1965.

Rátaí pinsean baintreach (neamhranníocach) a mhéadú.

4. —(1) Déantar leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935, a leasú—

(a) trí “dhá chéad is ocht bpunt agus cúig scilling déag” a chur in ionad “céad nócha is cúig phunt agus cúig scilling déag” (a cuireadh isteach le hAcht 1964) i mír (b) (a cuireadh isteach le hAcht 1962) d'fho-alt (1),

(b) trí “dhá chéad fiche is aon phunt agus cúig scilling déag” a chur in ionad “dhá chéad is ocht bpunt agus cúig scilling déag” (a cuireadh isteach le hAcht 1964) i bhfomhír (i) den mhír sin (b),

(c) trí “céad nócha is cúig phunt agus cúig scilling déag” a chur in ionad “céad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag” (a cuireadh isteach le hAcht 1964), “dhá chéad is ocht bpunt agus cúig scilling déag” a chur in ionad “céad nócha is cúig phunt agus cúig scilling déag” (a cuireadh isteach le hAcht 1964) agus “chéad nócha is cúig phunt cúig scilling déag is pingin” a chur in ionad “chéad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag agus pingin” (a cuireadh isteach le hAcht 1964) i bhfomhír (ii) den mhír sin (b), agus

(d) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad Tábla B:

“TABLA B

Rátaí Seachtainiúla Pinsean Baintreach (Neamhranníocach)

Acmhainn na Baintrí

Baintreach, gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

s.

 d.

s.

 d.

s.

 d.

Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí—

gan bheith níos mó ná £26 5s. 0d.     ..     ..

46

0

56

0

66

0

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, cúig scilling i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

Níos mó ná £26 5s. 0d. gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d.     ..     ..

41

0

51

0

61

0

níos mó ná £52 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £65 10s. 0d.     ..     ..     ..

36

0

46

0

56

0

níos mó ná £65 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £78 10s. 0d.     ..     ..     ..

31

0

41

0

51

0

níos mó ná £78 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £104 15s. 0d.     ..     ..     ..

26

0

36

0

46

0

níos mó ná £104 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £117 15s. 0d.     ..     ..     ..

21

0

31

0

41

0

níos mó ná £117 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £130 15s. 0d.     ..     ..     ..

16

0

26

0

36

0

níos mó ná £130 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £143 15s. 0d.     ..     ..     ..

11

0

21

0

31

0

níos mó ná £143 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £156 15s. 0d.     ..     ..     ..

6

0

16

0

26

0

níos mó ná £156 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £169 15s. 0d.     ..     ..     ..

Neamhní

11

0

21

0

níos mó ná £169 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £182 15s. 0d.     ..     ..     ..

Neamhní

6

0

16

0

níos mó ná £182 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £195 15s. 0d.     ..     ..     ..

Neamhní

Neamhní

11

0

níos mó ná £195 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £208 15s. 0d.     ..     ..     ..

Neamhní

Neamhní

6

0

”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1965.

Rátaí pinsean dílleachtaí (neamhranníocach) a mhéadú.

1960, Uimh. 28 .

5. —(1) Sa Tábla a ghabhann le halt 25 d'Acht 1935, is é sin, an t-alt a cuireadh isteach le halt 106 d'Acht 1952, in ionad na rátaí (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960 ) atá leagtha amach ann cuirtear, leis seo, na rátaí atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

“AN TÁBLA

Rátaí Seachtainiúla Pinsean Dílleachtaí (Neamhranníocach)

Acmhainn an dílleachta

Rátaí seachtainiúla

s.

 d.

Má bhíonn acmhainn bhliantúil an dílleachta, arna ríomh go cuí—

gan bheith níos mó ná £6 12s. 6d.     ..     ..     ..

20

0

níos mó ná £6 12s. 6d. gan bheith níos mó ná £13 2s. 6d.

16

0

níos mó ná £13 2s. 6d. gan bheith níos mó ná £19 12s. 6d.

12

0

níos mó ná £19 12s. 6d. gan bheith níos mó ná £26 5s. 0d.

8

0

níos mó ná £26 5s. 0d. gan bheith níos mó ná £32 17s. 6d.

4

0

níos mó ná £32 17s. 6d.     ..     ..     ..     ..

Neamhní

”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1965.

Teorainn le luach saothair i gcás daoine árachaithe.

1958, Uimh. 36 .

6. —(1) Déantar leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a leasú tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 1 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1958 ) de Chuid II:

“1. Fostaíocht, nach obair láimhe, de réir ráta luach saothair is fiú níos mó ná dhá chéad déag punt sa bhliain, nó i gcásanna nach ngabhann ach seirbhís pháirtaimsire leis an bhfostaíocht sin, de réir ráta luach saothair is ionann agus ráta luach saothair is mó ná dhá chéad déag punt sa bhliain do sheirbhís lánaimsire.”

(2) (a) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, na rátaí luach saothair a shonraítear sa mhír sin 1, a athrú.

(b) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo (lena n-áirítear ordú faoin mír seo) a leasú nó a chúlghairm.

(c) Má bheartaítear ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, leagfar dréacht de faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag aontú leis an dréacht rite ag gach Teach acu sin.

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i gníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Ranníocaí a chreidiúnú.

7. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin faoin alt seo, a fhoráil go ndéanfar, in aghaidh cibé tréimhsí a shonróidh an tAire sna rialacháin, ranníocaí a chreidiúnú do dhuine árachaithe a thiocfaidh, i dtosach feidhme fho-ailt (1) agus (2) d'alt 6 den Acht seo, chun bheith de bhua an ailt sin ina ranníocóir fostaithe agus a bhí de bhua mhír 1 de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 gan bheith díreach roimh an tosach feidhme sin ina ranníocóir fostaithe faoi réir an choinníll nach mbeidh na ranníocaí a chreidiúnófar amhlaidh inríofa chun críocha pinsin bhaintrí (ranníocach) ná pinsin seanaoise (ranníocach) agus faoi réir cibé coinníollacha eile (más ann) a shonróidh an tAire sna rialacháin.

Acmhainn daoine áirithe a ríomh chun críocha cúnamh dífhostaíochta.

8. —(1) Faoi réir forálacha ailt 9 agus 10 den Acht seo measfar, chun críocha mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1933, gurb é luach bliantúil aon tairbhe a fhaibhreoidh chun duine a mbeidh cónaí air i limistéar a bheidh sonraithe de thuras na huaire in ordú faoi fho-alt (3) den alt seo as úsáid talún a bheidh á húsáid nó á sealbhú go pearsanta ag an duine ná méid arna ríomh de réir fiche punt in aghaidh gach punt de luacháil inrátaithe na talún agus de réir ráta chomhréirigh in aghaidh aon chuid de phunt dá luacháil.

(2) (a) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a athrú.

(b) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a chúlghairm nó a leasú.

(3) (a) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, limistéir a shonrú chun críocha fho-alt (1) den alt seo.

(b) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a chúlghairm nó a leasú.

(4) Gach ordú a dhéanfaidh an Rialtas faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin ina dhiaidh sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag cur an ordaithe ar neamhní, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Modh eile a úsáid chun acmhainn daoine áirithe a ríomh chun críocha cúnamh dífhostaíochta.

1934, R. & O.R., Uimh. 34.

9. —Más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus ag féachaint d'imthosca speisialta, go bhfeicfear don Aire gur gá é chun nach dtarlódh éagothroime ná éagóir, féadfaidh sé, d'ainneoin forálacha alt 8 den Acht seo, a ordú go ndéanfar, chun críocha mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1933, luach bliantúil aon tairbhe a fhaibhreoidh chun duine a mbeidh cónaí air i limistéar a bheidh sonraithe de thuras na huaire in ordú faoi fho-alt (3) den alt sin as úsáid talún a bheidh á húsáid nó á sealbhú go pearsanta ag an duine a ríomh de réir forálacha mhír (3) de Rialachán 3 den Ordú um Chongnamh Dhíomhaointis (Rialacháin um Áireamh Acfuinne), 1934.

Foráil speisialta do thréimhse theoranta maidir le hacmhainn daoine áirithe a ríomh chun críocha cúnamh dífhostaíochta.

1934, R. & O.R., Uimh. 34.

10. —(1) D'ainneoin forálacha alt 8 den Acht seo, i rith na tréimhse cúig bliana dar tosach an 3ú lá d'Eanáir, 1966—

(a) más rud é, díreach roimh an 3ú lá d'Eanáir, 1966, go mbeidh duine—

(i) ina shealbhóir ar dheimhniú cáilíochta faoi na hAchtanna,

(ii) ina áititheoir ar thalamh atá á úsáid nó á shealbhú go pearsanta aige,

(iii) ina chónaí i limistéar a bheidh sonraithe in ordú faoi fho-alt (3) d'alt 8 den Acht seo,

ansin, chun críocha mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1933, is é luach bliantúil aon tairbhe a fhaibhreoidh chun an duine sin as úsáid na talún sin ná an luach arna ríomh de réir alt 8 den Acht seo nó an luach arna ríomh de réir forálacha mhír (3) de Rialachán 3 den Ordú um Chongnamh Dhíomhaointis (Rialacháin um Áireamh Acfuinne), 1934, cibé acu is 1ú, agus

(b) faoi réir forálacha alt 9 den Acht seo, aon uair a bheidh an luach bliantúil réamhráite arna ríomh de réir forálacha na míre sin (3) cothrom leis an luach bliantúil sin arna ríomh de réir forálacha alt 8 den Acht seo nó níos mó ná é, déanfar, chun críocha na míre sin (c), an luach bliantúil sin a ríomh de réir forálacha na míre sin 8 agus é a ríomh amhlaidh uaidh sin amach.

(2) Ní bhainfidh mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo le duine—

(a) is sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta faoi na hAchtanna díreach roimh an 3ú lá d'Eanáir, 1966,

(b) a fuair an deimhniú roimh thosach na bliana dar críoch an 3ú lá d'Eanáir, 1966, agus

(c) nár iarr, ná nach bhfuair, cúnamh dífhostaíochta faoi na hAchtanna i rith na bliana dar críoch an 3ú lá d'Eanáir, 1966.

Leasú ar alt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960 .

1960, Uimh. 28 .

11. —Déantar leis seo alt 8 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960 , a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) I gcás ina ndéanfar pinsean duine a leithreasú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an duine is feighilteoir, de réir bhrí an Achta réamhráite, ar an áit ina bhfuil an duine ar coinneáil, nó, má bhíonn an duine ar coinneáil sa Phríomh-Ghealtlann Choiriúil, Dún Droma, de réir bhrí an Achta réamhráite, féadfaidh Lia Cónaitheach agus Gobharnóir na Príomh-Ghealtlainne Coiriúla sin, dá rogha féin amháin, ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá:

(a) cibé cuid (nach mó ná punt sa tseachtain) is cuí leis sna himthosca áirithe den phinsean a íoc leis an duine chun a úsáide féin, más dóigh leis gur féidir leis an duine an chuid a íocfar amhlaidh a úsáid i gceart,

(b) íocaíocht a dhéanamh as an bpinsean san iomlán nó sa chuid den oiread sin de na híocaíochtaí seo a leanas is cuí leis an bhfeighilteoir a dhéanamh sna himthosca agus a thagann chun bheith le déanamh ag an duine, is é sin le rá, cíos, bunchíos, rátaí (lena n-áirítear rátaí uisce), blianachtaí talamh-cheannaigh, íocaíochtaí i leith muirear nó morgáistí, blianachtaí ceannaigh iostán, tráthchodanna is iníoctha faoi chomhaontuithe fruilcheannaigh nó díola creidmheasa agus préimheanna árachais.”

Leasú ar alt 6 d'Acht 1952.

12. —(1) Déantar leis seo alt 6 d'Acht 1952 a leasú trí—

(a) “trí scilling agus seacht bpingin” a chur in ionad “trí scilling agus pingin” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i mír (a) d'fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1960), agus

(b) “seacht scilling agus trí phingin” a chur in ionad “sé scilling” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i mír (b) den fho-alt sin (2).

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Eanáir, 1966.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

1956, I.R. Uimh. 236.

13. —(1) (a) Déantar leis seo an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a leasú trí—

(i) “7s. 4d.” a chur in ionad “5s. 11d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) agus “6s. 3d.” a chur in ionad “4s. 10d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i bhfomhír (a) de mhír 1,

(ii) “7s. 4d.” a chur in ionad “5s. 11d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) agus “7s. 0d.” a chur in ionad “5s. 7d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i bhfomhír (b) den mhír sin 1,

(iii) “5s. 1d.” a chur in ionad “3s. 8d.” (a cuireadh isteach sa dá fhomhír le hAcht 1963) i bhfomhíreanna (a) agus (b) de mhír 2,

(iv) “3s. 11d.” a chur in ionad “2s. 10d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i bhfomhír (a) de mhír 3 agus “4s. 10d.” a chur in ionad “3s. 8d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i bhfomhír (b) den mhír sin 3,

(v) “4s. 8d.” a chur in ionad “3s. 7d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i bhfomhír (a) de mhír 3A (a cuireadh isteach le hAcht 1960) agus “5s. 7d.” a chur in ionad “4s. 5d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i bhfomhír (b) den mhír sin 3A,

(vi) “1s. 9d.” a chur in ionad “1s. 6d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i bhfomhír (a) de mhír (4) (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) agus “1s. 10d.” a chur in ionad “1s. 7d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i bhfomhír (b) den mhír sin 4,

(vii) “1s. 9d.” a chur in ionad “1s. 6d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i bhfomhír (b) de mhír 5 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956),

(viii) “5s. 7d.” a chur in ionad “4s. 2d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i bhfomhír (a) de mhír 6 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956), agus “7s. 0d.” a chur in ionad “5s. 7d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i bhfomhír (b) den mhír sin 6, agus

(ix) “5s. 7d.” a chur in ionad “4s. 2d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i bhfomhír (a) de mhír 7 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956), agus “6s. 1d.” a chur in ionad “4s. 8d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i bhfomhír (b) den mhír sin 7.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “Rialacháin 1956” na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Arachas), 1956.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Eanáir, 1966.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

14. —(1) Déantar leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a leasú trí na Codanna seo a leanas a chur in ionad Chuid I (a cuireadh isteach le hAcht 1963) agus Chuid II:

“CUID I

Rátaí na Sochar Tréimhsiúil agus Rátaí na Méaduithe Orthu.

An cineál sochair

Ráta Seach- tainiúil

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

Méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

scilling

scilling

scilling

scilling

1. Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta:

(a) i gcás daoine os cionn ocht mbliana déag d'aois—

(i) fear, bean singil nó baintreach, bean phósta atá ina cóna í ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil óna fearchéile nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile

52½

40

13

8

(ii) aon bhean phósta eile     ...     ...

40

--

--

--

(b) i gcás daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois—

má tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe     ...     ...     ...     ...

52½

40

13

8

mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine     ...     ...     ...     ...

40

--

--

--

2. Liúntas Máithreachais     ...     ...     ...

55

--

--

--

3. Pinsean Baintrí (ranníocach): má tá teideal ag an mbaintreach chun méadú i leith linbh cháilithe nó

leanaí cáilithe     ...     ...     ...

55

--

13

8

mura bhfuil teideal den sórt sin ag an mbaintreach     ...     ...     ...

52½

--

--

--

4. Liúntas Dílleachta (ranníocach)     ...     ...

35

--

--

--

5. Pinsean Seanaoise (ranníocach)     ...     ...

60

47½

--

--

CUID II

Méid na nDeontas.

An cineál deontais

Méid

(1)

(2)

Puint

1. Deontas Pósta

..

..

..

10

2. Deontas Máithreachais

..

..

  4

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le Cuid II den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952, ar an lú lá d'Eanáir, 1966,

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, sochar dífhostaíochta agus liúntas máithreachais, ar an 3ú lá d'Eanáir, 1966, agus

(c) a mhéid a bhaineann sé le pinsean baintrí (ranníocach), le liúntas dílleachta (ranníocach) agus le pinsean seanaoise (ranníocach) ar an 7ú lá d'Eanáir, 1966.

Leasú ar an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

1960, Uimh. 28 .

1965, Uimh. 2 .

15. —Déantar leis seo an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a leasú—

(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (e) de mhír (II) de Riail 1:

“(e)  (i) aon ioncam ó eagraíocht charthanúil, ar comhlacht í a bhfuil a gníomhaíochtaí á seoladh ar dhóigh seachas le haghaidh brabúis (ach aon údarás poiblí nó áitiúil a eisiamh) agus ar feidhm dá cuid cabhrú le daoine i ngátar trí dheontais airgid a thabhairt dóibh, agus

(ii) aon ioncam, seachas ioncam den sórt a shonraítear i gclásal (i) den fhomhír seo, as íocaíochtaí saorálacha nó as aiscí sa mhéid nach mó é ná £52 5s. 0d. sa bhliain”,

(b) trí “£65” a chur in ionad “£52” sa dá áit a bhfuil sé, “£52” a chur in ionad “£39” sa dá áit a bhfuil sé, agus “£39” a chur in ionad “£26” sa dá áit a bhfuil sé, i bhfomhír (h) de mhír (II) de Riail 1,

(c) trí “a tuilleamh go léir as a saothar pearsanta” a chur in ionad “a tuilleamh go léir ó fhostaíocht is fostaíocht a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo” i bhfomhír (j) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960 ) de mhír (II) de Riail 1,

(d) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (k) (a cuireadh isteach le hAcht 1962) i mír (II) de Riail 1:

“(l) aon ioncam a éireoidh i modh íocaíochta nó íocaíochtaí bliantúla faoi alt 6 den Acht Talún, 1965 , sa mhéid nach mó ná £156 sa bhliain an íocaíocht nó na híocaíochtaí sin”, agus

(e) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míreanna (a), (b) agus (c) i Riail 4:

“(a) má bhíonn leanbh cáilithe amháin (agus gan níos mó ná sin) ina chónaí go rialta léi—aon acmhainn leis an leanbh (gan aon ioncam airgid as saothar pearsanta a áireamh) sa mhéid nach mó ná £26 sa bhliain acmhainn an linbh,

(b) má bhíonn beirt leanbh cháilithe nó níos mó ina gcónaí go rialta léi—aon acmhainn leis na leanaí (gan aon ioncam airgid as saothar pearsanta a áireamh) sa mhéid nach mó ná £52 sa bhliain acmhainn na leanaí”.

Dáta feidhme breitheanna áirithe maidir le cúnamh dífhostaíochta.

16. —(1) Nuair a dhéanfaidh duine iarratas mar a ordaítear faoi na hAchtanna ar dheimhniú cáilíochta faoi na hAchtanna, agus go gcinnfidh oifigeach breithiúnachta nó oifigeach achomhairc faoi na hAchtanna go bhfuil an duine i dteideal deimhniú cáilíochta a shealbhú—

(a) measfar, chun críocha na nAchtanna, éifeacht a bheith ag an gcinneadh amhail ar dháta an iarratais a dhéanamh agus ón dáta sin nó ar cibé dáta ina dhiaidh is iomchuí agus ón dáta sin, agus

(b) measfar, chun críocha na nAchtanna, an duine sin a bheith ina shealbhóir ar dheimhniú cáilíochta amhail ar an dáta agus ón dáta a tháinig an cinneadh in éifeacht.

(2) An t-iarratas a dhéanfaidh duine a thiocfaidh i dteideal deimhniú cáilíochta ar chúnamh dífhostaíochta, féadfar a mheas go ndearnadh é ar an dáta ónar tháinig an cinneadh maidir le hiarratas an duine ar an deimhniú in éifeacht nó ó cibé dáta ina dhiaidh sin is iomchuí.

Leanbh cáilithe chun críocha an Achta Liúntas Leanbhaí (Leasú), 1946 .

1946, Uimh. 8 .

17. —D'ainneoin forálacha alt 4 den Acht Liúntas Leanbhaí (Leasú), 1946 , is leanbh cáilithe chun críocha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1963, leanbh a chónaíonn leis an athair le linn an t-athair, agus é ina chomhalta d'Óglaigh na hÉireann nó de státseirbhís an Rialtais nó an Stáit, a bheith lasmuigh den Stát i seirbhís an Stáit, an Rialtais nó eagraíochta idirnáisiúnta.

Rátaí liúntas leanaí i gcás ilbhreitheanna áirithe.

18. —D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1963, is é liúntas míosúil is iníoctha le duine cáilithe faoi na hAchtanna sin i leith linbh cháilithe faoi na hAchtanna sin a saolaíodh in ilbhreith triúr leanbh nó níos mó a bhfanfaidh triúr ar a laghad díobh cáilithe ná dúbailt an liúntais a bheadh iníoctha dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

19. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1965 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1964, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1965, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1964, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1965, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1964, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1965, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1963, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1965, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1964, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1965, a ghairm díobh le chéile.