|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Eiseachadadh i gCoitinne) | Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Aisghairm) |
AN tACHT UM EISEACHADADH, 1965
[EN] | ||||||
[EN] |
CUID III Formhuiniú agus Forghníomhú Barántas Áirithe | |||||
[EN] |
Áiteanna lena mbaineann Cuid III. |
41. —Baineann an Chuid seo le gach áit acu seo a leanas, eadhon, Tuaisceart Éireann, Sasana agus an Bhreatain Bheag, Albain, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht. | ||||
[EN] |
Mínithe. |
42. —Sa Chuid seo— | ||||
[EN] | folaíonn “Coimisinéir an Gharda Síochána” agus “Coimisinéir” Leas-Choimisinéir agus Coimisinéir Cúnta; | |||||
[EN] | ciallaíonn “dúiche” dúiche chúirte dúiche; | |||||
[EN] | ní fholaíonn “cion indíotáilte,” maidir le cion faoi dhlí áite lena mbaineann an Chuid seo, cion nach bhfuil intriailte ar díotáil ach amháin ar thionscnamh, nó le toiliú, an chúisí; | |||||
[EN] | folaíonn “toghairm” aon ghairm nó ordú a chuirfear an dhuine a chúisítear i gcion chun láithriú os comhair cúirte in aon áit lena mbaineann an Chuid seo chun an cúiseamh a fhreagairt. | |||||
[EN] |
Barántais a fhormhuiniú. |
43. —(1) Más rud é— | ||||
[EN] | (a) go mbeidh údarás breithiúnach tar éis barántas a eisiúint in áit lena mbaineann an Chuid seo chun duine a ghabháil atá á chúiseamh, nó a ciontaíodh, i gcion faoi dhlí na háite sin, ar cion indíotáilte é nó cion atá inphionóis ar dhuine a chiontú ann go hachomair le príosúnacht ar feadh uastréimhse sé mhí ar a laghad, agus | |||||
[EN] | (b) ar an mbarántas a thabhairt ar aird do Choimisinéir an Gharda Síochána gur dóigh leis an gCoimisinéir go bhféadfaí an duine atá ainmnithe nó tuairiscithe ann a fháil sa Stát, | |||||
[EN] | déanfaidh an Coimisinéir, faoi réir forálacha na Coda seo, an barántas a fhormhuiniú lena fhorghníomhú. | |||||
[EN] | (2) Is san fhoirm seo a leanas a bheidh an formhuiniú: | |||||
[EN] | “Mise, A.B. Coimisinéir [nó Leas-Choimisinéir nó Coimisinéir Cúnta] an Gharda Síochána, údaraím leis seo forghníomhú an bharántais seo sa Stát ag aon chomhalta den Gharda Síochána. | |||||
| ||||||
[EN] | (3) Ní dhéanfar barántas chun duine a ghabháil a ciontaíodh i gcion faoi dhlí áite lena mbaineann an Chuid seo a fhormhuiniú faoin alt seo murab é cuspóir na gabhála— | |||||
[EN] | (a) é a thabhairt os comhair cúirte san áit sin le haghaidh pianbhreithe i leith an chiontaithe, nó | |||||
[EN] | (b) é a thabhairt go dtí áit a mbeidh sé le bheith faoi phríosúnacht ann faoin bpianbhreith sin, nach príosúnacht as neamhíoc fíneála nó suime eile. | |||||
[EN] |
Srianta le formhuiniú. |
44. —(1) Ní dhéanfar barántas a fhormhuiniú lena fhorghníomhú faoin gCuid seo, más rud é, go dtabharfaidh an tAire, nó an Ard-Chúirt ar an gceist a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte ag an Aire, ordú, de réir an ailt seo, gan é a fhormhuiniú amhlaidh. | ||||
[EN] | (2) Féadfar ordú faoin alt seo a thabhairt más é tuairim an Aire nó na Cúirte, cibé acu é, go bhfuil an cion lena mbaineann an barántas— | |||||
[EN] | (a) ina chion polaitiúil nó ina chion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil, nó | |||||
[EN] | (b) ina chion faoin dlí míleata nach cion faoin ngnáthdhlí coiriúil, nó | |||||
[EN] | (c) ina chion ioncaim, | |||||
[EN] | nó go bhfuil fáthanna substaintiúla ann chun a chreidiúint go ndéanfar an duine atá ainmnithe nó tuairiscithe sa bharántas, má aistrítear amach as an Stát é faoin gCuid seo, a ionchúiseamh nó a choinneáil mar gheall ar chion polaitiúil nó ar chion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil nó ar chion faoin dlí míleata nach cion faoin ngnáthdhlí coiriúil. | |||||
[EN] |
Barántais a fhorghníomhú. |
45. —(1) Féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána barántas a fhormhuineofar faoi alt 43 a fhorghníomhú in aon chuid den Stát. | ||||
[EN] | (2) Ar an duine a bheidh ainmnithe nó tuairiscithe sa bharántas a ghabháil, tabharfar é os comhair breithimh den Chúirt Dúiche don dúiche inar gabhadh é, má bhíonn breitheamh ar fáil láithreach. | |||||
[EN] | (3) Mura mbíonn, déanfar, a luaithe is féidir, é a thabhairt os comhair feidhmeannaigh shíochána sa dúiche sin. | |||||
[EN] |
Duine gafa a athchur chun na Cúirte Dúiche. |
46. —(1) Déanfaidh feidhmeannach síochána a dtabharfar duine gafa os a chomhair faoi alt 45 é a athchur, i gcoimeád nó faoi bhannaí, chuig an suí is luaithe is féidir den Chúirt Dúiche sa dúiche ina bhfuil sé ag gníomhú, ar suí é a chuirfear ar bun laistigh d'ocht lá tar éis na gabhála. | ||||
[EN] | (2) Má mhainníonn duine a athchuireadh faoi bhannaí faoi fho-alt (1) láithriú mar a bheidh ceangailte air lena chúirtbhanna, féadfaidh an breitheamh a shuífidh ag an gcúirt ar ceanglaíodh air láithriú os a comhair barántas a eisiúint chun é a ghabháil; agus ar é a ghabháil déileálfar leis amhail is dá mba faoin mbarántas faoinar gabhadh é roimhe sin a gabhadh é an uair sin. | |||||
[EN] |
Imeachtaí os comhair na Cúirte Dúiche. |
47. —(1) Más rud é go mbeidh duine a bheidh ainmnithe nó tuairiscithe i mbarántas os comhair na Cúirte Dúiche de bhun na Coda seo, déanfaidh an Chúirt sin, faoi réir forálacha na Coda seo, ordú chun é a sheachadadh ag pointe caothúil éigin imeachta ón Stát i gcoimeád comhalta d'fhórsa póilíneachta ón áit inar eisíodh an barántas, lena thabhairt go dtí an áit sin, agus é a athchur go dtí go seachadfar amhlaidh é. | ||||
[EN] | (2) Ní dhéanfar ordú faoi fho-alt (1) más dóigh leis an gCúirt nach bhfuil an cion a shonraítear sa bharántas ag comhfhreagairt d'aon chion faoi dhlí an Stáit ar cion indíotáilte é nó cion atá inphionóis ar dhuine a chiontú ann go hachomair le príosúnacht ar feadh uastréimhse sé mhí ar a laghad. | |||||
[EN] | (3) In aon chás nach ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi fho-alt (1), ordóidh an Chúirt an duine atá ainmnithe nó tuairiscithe sa bharántas a scaoileadh saor. | |||||
[EN] | (4) Beidh cumhachtaí ag an gCúirt maidir le hatráthú agus le hathchur ionann is dá mb'amhlaidh a tugadh an duine a bheidh i gceist os comhair na Cúirte agus é cúisithe i gcion indíotáilte. | |||||
[EN] | (5) Ní bheidh aon achomharc indéanta chun na Cúirte Cuarda i gcoinne ordú ón gCúirt faoin alt seo. | |||||
[EN] |
Imeacht aimsire roimh dhuine gafa a sheachadadh. |
48. —(1) Ní dhéanfar duine lena mbaineann ordú faoi alt 47, ach amháin lena thoiliú, arna thabhairt os comhair breithimh den Chúirt Dúiche nó feidhmeannaigh shíochána, a sheachadadh faoin ordú go dtí go mbeidh cúig lá dhéag caite ó dháta an ordaithe. | ||||
[EN] | (2) Más rud é, laistigh den tréimhse sin, go ndéanfaidh sé féin, nó go ndéanfar thar a cheann, iarratas ar ordú habeas corpus chun é a scaoileadh saor faoi alt 50, ní sheachadfar é fad a bheidh an t-iarratas ar feitheamh. | |||||
[EN] | (3) Nuair a dhéanfaidh an Chúirt ordú faoi alt 47, cuirfidh sí i bhfios don duine lena mbainfidh an t-ordú go bhfuil sé de cheart aige an t-iarratas sin a dhéanamh agus nach seachadfar é i rith na tréimhse cúig lá dhéag sin, ach amháin lena thoiliú, ná fad a bheidh aon iarratas den sórt sin ar feitheamh. | |||||
[EN] | (4) Áireofar iarratas chun na hArd-Chúirte mar iarratas atá ar feitheamh go dtí go mbeidh aon achomharc sna himeachtaí curtha i gcrích, agus measfar achomharc a bheith curtha i gcrích i ndeireadh na tréimhse le haghaidh achomhairc más rud é nach mbeidh aon achomharc déanta. | |||||
[EN] |
Barántais shealadacha. |
49. —(1) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche, ar fhaisnéis faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire— | ||||
[EN] | (a) go bhfuil cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil barántas eisithe ag údarás breithiúnach in áit lena mbaineann an Chuid seo chun duine a ghabháil atá cúisithe, nó a ciontaíodh, i gcion indíotáilte faoi dhlí na háite sin, ach nach bhfuil an barántas ina sheilbh fós, agus | |||||
[EN] | (b) go bhfuil sé tar éis iarraidh a fháil, a rinneadh ar an bhforas gur bhain práinn leis, ó fhórsa póilíneachta san áit sin, nó thar a cheann, chun barántas a eisiúint sa Stát leis an duine sin a ghabháil, agus | |||||
[EN] | (c) go bhfuil cúis aige chun a chreidiúint go bhféadfaí an duine sin a fháil sa Stát, | |||||
[EN] | barántas (dá ngairtear barántas sealadach san alt seo) a eisiúint chun an duine sin a ghabháil. | |||||
[EN] | (2) I gcás an barántas a eisíodh san áit sin a bheith ina bharántas chun duine ciontaithe a ghabháil, ní eiseofar barántas sealadach mura ndéarfaidh an comhalta den Gharda Síochána, faoi mhionn, go bhfuil cúis aige chun a chreidiúint gur comhlíonadh ceanglais fho-alt (3) d'alt 43. | |||||
[EN] | (3) Ar an duine a bheidh ainmnithe nó tuairiscithe sa bharántas sealadach a ghabháil, tabharfar é os comhair breithimh den Chúirt Dúiche don dúiche inar gabhadh é, má bhíonn breitheamh ar fáil láithreach. | |||||
[EN] | (4) Mura mbíonn, déanfar, a luaithe is féidir, é a thabhairt os comhair feidhmeannaigh shíochána sa dúiche sin. | |||||
[EN] | (5) Má thugtar ar aird don bhreitheamh nó don fheidhmeannach síochána an barántas a eisíodh chun é a ghabháil in áit lena mbaineann an Chuid seo, agus é formhuinithe de réir alt 43, rachaidh an breitheamh nó an feidhmeannach síochána ar aghaidh ionann is dá mb'amhlaidh a gabhadh é an tráth sin faoin mbarántas sin. | |||||
[EN] | (6) In aon chás eile, féadfaidh an breitheamh nó an feidhmeannach síochána é a athchur, i gcoimeád nó faoi bhannaí, go ceann trí lá ar a mhéad. | |||||
[EN] | (7) Más rud é, tráth ar bith, go dtabharfar ar aird don duine a mbeidh duine a athchuireadh faoin alt seo ina choimeád an barántas a eisíodh i leith an duine sin in áit lena mbaineann an Chuid seo, agus é formhuinithe de réir alt 43, beidh deireadh le tréimhse a athchurtha, agus déileálfar leis as sin amach ionann is dá mb'amhlaidh a gabhadh é an tráth sin faoin mbarántas sin. | |||||
[EN] | Mura dtabharfar an barántas ar aird amhlaidh i rith tréimhse a athchurtha, scaoilfear saor an duine a athchuireadh. | |||||
[EN] | (8) Féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána barántas sealadach a fhorghníomhú in aon chuid den Stát, ach ní bheidh an barántas sin ina údarás chun duine a ghabháil breis is cúig lá tar éis dáta a eisithe. | |||||
[EN] |
Daoine a gabhadh a scaoileadh saor. |
50. —(1) Déanfar duine a gabhadh faoin gCuid seo a scaoileadh saor má ordaíonn an Ard-Chúirt nó an tAire amhlaidh de réir an ailt seo. | ||||
[EN] | (2) Féadfaidh an Ard-Chúirt ordú faoin alt seo a thabhairt, más é tuairim na Cúirte— | |||||
[EN] | (a) go bhfuil an cion lena mbaineann an barántas— | |||||
[EN] | (i) ina chion polaitiúil nó ina chion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil, nó | |||||
[EN] | (ii) ina chion faoin dlí míleata nach cion faoin ngnáthdhlí coiriúil, nó | |||||
[EN] | (iii) ina chion ioncaim, nó | |||||
[EN] | (b) go bhfuil fáthanna substaintiúla ann chun a chreidiúint go ndéanfar an duine atá ainmnithe nó tuairiscithe sa bharántas, má aistrítear amach as an Stát é faoin gCuid seo, a ionchúiseamh nó a choinneáil mar gheall ar chion polaitiúil nó ar chion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil nó ar chion faoin dlí míleata nach cion faoin ngnáthdhlí coiriúil, nó | |||||
[EN] | (c) nach bhfuil an cion a shonraítear sa bharántas ag comhfhreagairt d'aon chion faoi dhlí an Stáit ar cion indíotáilte é nó cion atá inphionóis ar dhuine a chiontú ann go hachomair le príosúnacht ar feadh uastréimhse sé mhí ar a laghad. | |||||
[EN] | (3) Féadfar ordú ón gCúirt faoin alt seo a thabhairt ar iarratas ón duine a bheidh i gceist, nó thar a cheann, nó ar an gceist a chur faoi bhráid na Cúirte ag an Aire. | |||||
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire ordú a thabhairt faoin alt seo ar aon fhoras dá bhfuil leagtha amach i mír (a) nó (b) d'fho-alt (2). | |||||
[EN] |
Forálacha speisialta maidir le cionta achomaire. |
51. —(1) Ní dhéanfar barántas chun duine a ghabháil a bheidh cúisithe i gcion is cion achomair faoi dhlí na háite a bheidh i gceist, cibé acu is cion indíotáilte é freisin nó nach ea, a fhormhuiniú faoin gCuid seo mura rud é— | ||||
[EN] | (a) gur mhainnigh sé láithriú mar fhreagra ar thoghairm á cheangal air teacht os comhair cúirte san áit sin chun an cion a thriail agus, tráth nach 1ú ná ceithre lá dhéag roimh an dáta a ainmníodh sa toghairm lena láithriú, go ndearna comhalta den Gharda Síochána an toghairm a sheirbheáil air go pearsanta san áit sin nó fógra gur eisíodh an toghairm, mar aon le cóip den toghairm, a sheirbheáil air go pearsanta, nó | |||||
[EN] | (b) tar éis dó dul faoi chúirtbhanna, nó faoi bhanna, go láithreodh sé os comhair cúirte san áit sin chun an cion a thriail, gur mhainnigh sé láithriú de bhun an chúirtbhanna, nó an bhanna, nó | |||||
[EN] | (c) tar éis dó láithriú os comhair cúirte san áit sin chun an cion a thriail, gur mhainnigh sé ina dhiaidh sin láithriú ar aon dáta ar cuireadh na himeachtaí ar atráth chuige. | |||||
[EN] | (2) (a) Ní foláir fógra faoi mhír (a) d'fho-alt (1) a bheith sínithe ag comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire. | |||||
[EN] | (b) Déanfar an fógra a sheirbheáil trí chóip den fhógra a sheachadadh don chúisí. | |||||
[EN] | (c) Beidh dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála, arna fhormhuiniú ar chúl an fhógra bhunaidh, ina fhianaise gur seirbheáladh é. | |||||
[EN] | (d) San alt seo, folaíonn “triail” aon imeachtaí i ndáil leis an gcion. | |||||
[EN] |
Athchur. |
52. —(1) Féadfar duine a athchuirfear i gcoimeád faoin gCuid seo a choinneáil i bpríosún (nó, mura bhfuil sé thar bliain is fiche d'aois, i bhforas athchuir) nó, ar feadh tréimhse nach mó ná ocht n-uaire is daichead, i stáisiún Garda Síochána. | ||||
[EN] | (2) I gcás cumhacht a bheith ag breitheamh den Chúirt Dúiche nó ag feidhmeannach síochána, faoi fho-alt (1) d'alt 47 nó fo-alt (6) d'alt 49, duine a athchur faoi bhannaí, féadfaidh sé— | |||||
[EN] | (a) cúirtbhanna a ghlacadh uaidh, le hurraí nó gan urraí, faoi choinníollacha mar a fhoráiltear i bhfo-alt (3), nó | |||||
[EN] | (b) méid an chúirtbhanna a shocrú lena ghlacadh níos déanaí, agus idir an dá linn é a chur i gcoimeád comhalta den Gharda Síochána atá i gceannas stáisiúin Gharda Síochána. | |||||
[EN] | (3) Cuirfear le cúirtbhanna a ghlacfar ó dhuine faoin alt seo coinníoll go dtabharfaidh sé é féin suas do chomhalta den Gharda Síochána atá i gceannas stáisiúin shonraithe den Gharda Síochána an tráth a luafar i bhfógra i scríbhinn a bheidh le seirbheáil air ag an gcomhalta sin nó thar a cheann, ach ní bheidh an tráth a luafar i bhfógra a sheirbheálfar amhlaidh níos faide ná ceithre huaire is fiche a chloig roimh an am is dóigh leis an gcomhalta sin a bheidh deireadh leis an tréimhse athchuir. | |||||
[EN] | (4) I gcaitheamh na tréimhse idir an tráth a thabharfaidh duine é féin suas mar a dúradh agus deireadh na tréimhse athchuir, déileálfar leis amhail is dá mbeadh sé curtha i gcoimeád an chomhalta den Gharda Síochána atá i gceannas an stáisiúin sin, ach más dóigh leis an gcomhalta sin go mbainfidh moill gan choinne le deireadh na tréimhse athchuir, scaoilfidh sé saor é ar é a dhul faoi chúirtbhanna, le hurraí nó gan urraí, lena ngabhfaidh coinníoll mar a fhoráiltear i bhfo-alt (3). | |||||
[EN] | (5) Más rud é go mainneóidh duine é féin a thabhairt suas mar a dúradh, agus go sáróidh sé amhlaidh cúirtbhanna a glacadh uaidh faoin alt seo, ansin, gan dochar do chur i bhfeidhm an chúirtbhanna, féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche barántas a eisiúint chun é a ghabháil; agus ar é a ghabháil faoin mbarántas beidh feidhm ag fo-alt (4) amhail is dá mbeadh sé tar éis é féin a thabhairt suas don chomhalta den Gharda Síochána i gceannas an staisiúin Gharda Síochána a sonraíodh sa chúirtbhanna, ach ní scaoilfidh an comhalta sin saor é mar a fhoráiltear leis an bhfo-alt sin mura deimhin leis gur cuí é sin a dhéanamh. | |||||
[EN] |
Daoine nach n-aistrítear amach as an Stát a scaoileadh saor. |
53. —(1) Más rud é nach ndéanfar an duine a ndearnadh ordú ina leith faoi alt 47 a sheachadadh faoin ordú laistigh de mhí tar éis a dhéanta, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ón duine sin nó thar a cheann, a ordú é a scaoileadh saor, mura suífear cúis réasúnach leis an moill. | ||||
[EN] | (2) Más rud é, i gcás duine a ndearnadh ordú ina leith faoi alt 47, go bhfeicfear do bhreitheamh den Chúirt Dúiche don dúiche ina ndearnadh an t-ordú nach dteastaíonn a thuilleadh ar chúis ar bith ó fhórsa póilíneachta na háite inar eisíodh an barántas gabhála go ndéanfaí an duine sin a sheachadadh ina gcoimeád, ordóidh sí é a scaoileadh saor. | |||||
[EN] |
Glacadh doiciméad ag Coimisinéir an Gharda Síochána. |
54. —(1) Nuair a gheobhaidh an Coimisinéir doiciméad a dhealróidh a bheith ina bharántas a d'eisigh údarás breithiúnach in áit lena mbaineann an Chuid seo, mar aon le mionnscríbhinn ag fíorú an tsínithe ar an mbarántas a dhealróidh a bheith arna mionnú i láthair duine a bhí údaraithe go cuí chun mionnscríbhinní a ghlacadh de réir dlí na háite sin, féadfaidh an Coimisinéir, gan a thuilleadh fianaise, glacadh leis an doiciméad mar bharántas den sórt sin agus mar dhoiciméad a síníodh agus a eisíodh go cuí ag údarás breithiúnach de réir dlí na háite sin agus mar fhianaise gur cion faoi dhlí na háite sin an cion ar eisíodh an barántas ina leith agus gur mionnaíodh an mhionnscríbhinn go cuí os comhair duine a bhí údaraithe mar a dúradh. | ||||
[EN] | (2) Aon deimhniú a dhealróidh a bheith tugtha ag an údarás nó ag cléireach nó oifigeach eile an údaráis a d'eisigh barántas, agus a dheimhneoidh gur cion indíotáilte, de réir dlí na háite atá i gceist, an cion lena mbaineann sé, agus nach cion achomair é freisin, nó gur cion achomair é atá inphionóis le huastréimhse shonraithe príosúnachta, féadfaidh an Coimisinéir, gan a thuilleadh fianaise, glacadh leis mar fhianaise ar na nithe a bheidh deimhnithe amhlaidh. | |||||
[EN] | (3) Aon doiciméad a dhealróidh a bheith ina chóip de thoghairm lena mbaineann mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 51 agus a bheith deimhnithe ag an údarás a d'eisigh é nó ag cléireach nó oifigeach eile an údaráis sin, agus aon doiciméad a dhealróidh a bheith ina chóip de mhionnscríbhinn nó de dhearbhú eile gur seirbheáladh aon toghairm den sórt sin, agus aon mhionnscríbhinn nó ráiteas eile i scríbhinn a airbheartóidh a bheith mionnaithe ag cléireach nó oifigeach eile na cúirte a mbeidh ceangailte ar dhuine láithriú os a comhair, cibé acu mar fhreagra ar aon toghairm den sórt sin nó de bhun cúirtbhanna é nó ar aon dáta ar cuireadh na himeachtaí chun cion a thriail ar atráth chuige, á rá gur mhainnigh an duine sin láithriú amhlaidh, féadfaidh an Coimisinéir glacadh leo, gan a thuilleadh fianaise, mar fhianaise ar an toghairm, an tseirbheáil agus an mhainneachtain sin faoi seach. | |||||
[EN] |
Fianaise in imeachtaí. |
55. —(1) In aon imeachtaí, mura léir don Chúirt go bhfuil cúis mhaith lena mhalairt— | ||||
[EN] | (a) féadfar doiciméad a dhealróidh a bheith ina bharántas a d'eisigh údarás breithiúnach in áit lena mbaineann an Chuid seo chun duine a ghabháil mar gheall ar chion, má bhíonn an síniú ar an mbarántas fíoraithe mar a chuirtear in iúl i bhfo-alt (1) d'alt 54, a ghlacadh i bhfianaise mar bharántas den sórt sin agus é arna shíniú agus arna eisiúint go cuí ag údarás breithiúnach de réir dlí na háite sin; | |||||
[EN] | (b) féadfar doiciméad a dhealróidh a bheith ina chóip de thoghairm lena mbaineann mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 51, agus a bheith deimhnithe de réir fho-alt 3 d'alt 54, a ghlacadh mar fhianaise ar an toghairm sin, agus féadfar doiciméad a dhealróidh a bheith ina chóip de mhionnscríbhinn nó de dhearbhú eile gur seirbheáladh an toghairm a ghlacadh mar fhianaise ar a seirbheáil; | |||||
[EN] | (c) féadfar deimhniú a dhealróidh a bheith arna thabhairt de réir fho-alt (2) d'alt 54 a ghlacadh mar fhianaise ar na nithe a bheidh deimhnithe ann, | |||||
[EN] | flan a thuilleadh fianaise. | |||||
[EN] | (2) In aon imeachtaí, measfar, mura gcruthaítear a mhalairt, barántas a airbheartóidh a bheith arna fhormhuiniú ag Coimisinéir an Gharda Síochána a bheith formhuinithe go cuí, gan cruthúnas ar shíniú an duine a n-airbheartóidh sé a bheith formhuinithe aige, ná cruthúnas gurb é an Coimisinéir sin é nó, roimh é a fhormhuiniú, gur tugadh ar aird dó an mhionnscríbhinn dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d'alt 54. |