An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) Ar Aghaidh (CUID III Formhuiniú agus Forghníomhú Barántas Áirithe)

17 1965

AN tACHT UM EISEACHADADH, 1965

CUID II

Eiseachadadh i gCoitinne

Feidhm Chuid II.

8. —(1) Más rud é, trí aon chomhaontú nó coinbhinsiún idirnáisiúnta a mbeidh an Stát ina pháirtí ann, go ndéanfar comhshocraíocht (dá ngairtear comhshocraíocht um eiseachadadh san Acht seo) le tír eile chun go dtabharfaidh an dá thír suas dá chéile daoine a bhfuil lorg orthu lena n-ionchúiseamh nó lena bpionósú, nó más deimhin leis an Rialtas go gcuirfidh tír eile saoráidí cómhalartacha leis an éifeacht sin ar fáil, féadfaidh an Rialtas, le hordú, an Chuid seo a chur chun feidhme maidir leis an tír sin.

(2) Má dhéanann an Rialtas comhshocraíocht ag leasú comhaontú um eiseachadadh, féadfaidh an Rialtas, le hordú, é sin a dhearbhú agus air sin beidh éifeacht ag an gcomhaontú um eiseachadadh arna leasú amhlaidh.

(3) Déanfar in ordú a bhaineann le comhaontú um eiseachadadh, nó le leasú air, téarmaí an chomhaontaithe nó an leasaithe a aithris nó a chorprú agus beidh an t-ordú ina fhianaise go ndearnadh an comhaontú nó an leasú agus ar a théarmaí.

(4) Féadfaidh ordú a chuirfidh an Chuid seo chun feidhme maidir le haon tír ar dhóigh seachas de bhun comhaontú um eiseachadadh, a bheith faoi réir cibé coinníollacha, eisceachtaí agus cáilithe a shonrófar san ordú.

(5) Gach comhaontú um eiseachadadh, agus gach ordú a chuirfidh an Chuid seo chun feidhme ar dhóigh seachas de bhun comhaontú um eiseachadadh, beidh éifeacht dlí acu de réir a dtéarmaí, faoi réir forálacha na Coda seo.

(6) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(7) Ar ordú a chuireann an Chuid seo chun feidhme maidir le haon tír a chúlghairm, scoirfidh an Chuid seo d'fheidhm a bheith aici maidir leis an tír sin.

(8) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo, foilseofar é san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir.

Oibleagáid chun eiseachadadh a dhéanamh.

[Airt. 1]

9. —Má dhéanann tír a bhfuil feidhm ag an gCuid seo maidir léi iarratas go cuí go dtabharfaí suas duine a bhfuil imeachtaí ina choinne á dtionscnamh sa tír sin i leith ciona, nó a bhfuil an tír sin á lorg chun pianbhreith a chur i gcrích, déanfar, faoi réir agus de réir forálacha na Coda seo, an duine sin a thabhairt suas don tír sin.

Cionta ineiseachadta.

[Airt. 2]

10. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní dheonófar eiseachadadh ach amháin i leith ciona atá inphionóis faoi dhlíthe na tíre iarrthaí agus an Stáit le príosúnacht ar feadh uastréimhse bliana ar a laghad nó le pionós is déine ná sin agus a ndearnadh ina leith, má rinneadh ciontú agus gur tugadh pianbhreith sa tír iarrthach, príosúnacht ar feadh ceithre mhí ar a laghad nó pionós is déine ná sin a ghearradh.

(2) Má dhéantar iarraidh ar eiseachadadh i leith ciona lena mbaineann fo-alt (1) agus go n-áireofar freisin san iarraidh aon chion eile atá inphionóis faoi dhlíthe na tíre iarrthaí nó an Stáit ach nach gcomhlíonann an iarraidh na coinníollacha maidir leis an tréimhse phríosúnachta is inghearrtha, nó a gearradh, ansin féadfar, faoi réir forálacha na Coda seo, eiseachadadh a dheonú freisin i leith an chiona deiridh sin.

(3) San alt seo déanfar tagairtí do chion atá inphionóis faoi dhlíthe an Stáit a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do ghníomh ar chion den sórt sin a bheadh ann dá mba sa Stát a rinneadh é.

Cionta polaitiúla.

Airt. 3]

11. —(1) Ní dheonófar eiseachadadh i leith ciona is cion polaitiúil nó is cion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil.

(2) Beidh feidhm ag an riail chéanna má bhíonnn fáthanna substaintiúla ann chun a chreidiúint gur chun duine a ionchúiseamh nó a phionósú mar gheall ar a chine, a chreideamh, a náisiúntacht nó a thuairimí polaitíochta a iarradh eiseachadadh i leith gnáthchiona choiriúil nó go bhféadfadh dochar a bheith ann do chás an duine sin ar aon chúis acu sin.

Cionta míleata,

[Airt. 4]

12. —Ní dheonófar eiseachadadh i leith cionta faoin dlí míleata nach cionta faoin ngnáthdhlí coiriúil.

Cionta ioncaim.

[Airt. 5]

13. —Ní dheonófar eiseachadadh i leith cionta ioncaim.

Saoránaigh Éireannacha.

[Airt. 6.1 (a)]

14. —Ní dheonófar eiseachadadh i gcás inar saoránach d'Éirinn duine a éilítear, mura bhforálann na forálacha iomchuí um eiseachadadh a mhalairt.

An áit a ndearnadh an cion.

[Airt. 7]

15. —Ní dheonófar eiseachadadh má mheastar faoi dhlí an Stáit gur sa Stát a rinneadh an cion a bhfuil an t-eiseachadadh á iarraidh ina leith.

Imeachtaí ar feitheamh i leith an chiona chéanna.

[Airt. 8]

16. —Ní dheonófar eiseachadadh má bhíonn ionchúiseamh ar feitheamh sa Stát i gcoinne an duine a éilítear mar gheall ar an gcion a n-iarrtar eiseachadadh ina leith.

Non bis in idem.

Airt. 9]

17. —(1) Ní dheonófar eiseachadadh má bhítear tar éis breithiúnas críochnaitheach a thabhairt sa Stát nó i dtríú tír ar an duine a éilítear mar gheall ar an gcion a n-iarrtar eiseachadadh ina leith.

(2) Féadfaidh an tAire eiseachadadh a dhiúltú i leith ciona is cion faoi dhlí an Stáit freisin, má bhíonn an tArd-Aighne tar éis a chinneadh gan imeachtaí a thionscnamh i gcoinne an duine a éilítear mar gheall ar an gcion nó tar éis deireadh a chur le himeachtaí ina choinne.

Imeacht aimsire.

[Airt. 10]

18. —Ní dheonófar eiseachadadh má bhíonn an duine a éilítear tar éis teacht, de réir dlí na tíre iarrthaí nó an Stáit, chun bheith díolmhaithe mar gheall ar imeacht aimsire ó ionchúiseamh nó ó phionós.

Pionós báis.

[Airt. 11]

19. —Ní dheonófar eiseachadadh i leith ciona atá inphionóis le bás faoi dhlí na tíre iarrthaí ach atá d'earnáil nach bhforáiltear pionós an bháis di de réir dlí an Stáit, nó nach gnáth é a chur i bhfeidhm, mura dtabharfaidh an tír iarrthach cibé deimhniú is leor leis an Aire nach gcuirfear an pionós báis i bhfeidhm.

Riail na speisialtachta.

[Airt. 14]

20. —(1) Ní dheonófar eiseachadadh mura bhforáiltear le dlí na tíre iarrthaí nó leis an gcomhaontú um eiseachadadh—

(a) nach ndéanfar imeachtaí a shaothrú i gcoinne an duine a éilítear, ná pianbhreith a chur air ná é a choinneáil d'fhonn pianbhreith nó ordú coinneála a chur i gcrích, ná é a shrianadh ar dhóigh eile ina shaoirse phearsanta, mar gheall ar aon chion a rinneadh roimh é a thabhairt suas seachas an cion a n-iarrtar a eiseachadadh ina leith, ach amháin sna cásanna seo a leanas—

(i) le toiliú an Aire, nó

(ii) i gcás caoi a bheith ag an duine sin críoch na tíre sin a fhágáil agus nach mbeidh sin déanta aige laistigh de chúig lá is daichead óna scaoileadh críochnaitheach i leith an chiona ar mar gheall air a eiseachadadh é, nó go mbeidh sé tar éis filleadh ar chríoch na tíre sin tar éis í a fhágáil, agus

(b) i gcás tuairisc an chiona inar cúisíodh duine sa tír iarrthach a athrú i gcúrsa imeachtaí, nach saothrófar imeachtaí ina choinne ná nach dtabharfar pianbhreith air ach amháin sa mhéid go dtaispeánfaidh comhábhair an chiona faoina thuairisc nua gur cion é ar cead eiseachadadh ina leith.

(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), más rud é go gceadaíonn dlí na tíre iarrthaí aon bhearta is gá a dhéanamh chun an duine a aistriú amach as a críoch nó aon bhearta is gá faoina dlí, lena n-áirítear imeachtaí trí mhainneachtain, chun cosc a chur le haon éifeachtaí dlíthiúla a thiocfadh as imeacht aimsire, ní chuirfidh sé sin ann féin cosc lena eiseachadadh.

(3) Ní thabharfar toiliú an Aire mura n-iarrfaidh an tír iarrthach a thoiliú, agus go gcuirfear mar thaca leis an iarraidh na doiciméid a luaitear in alt 25 agus taifead dlíthiúil d'aon ráiteas a rinne an duine eiseachadta i leith an chiona a bheidh i gceist.

(4) Tabharfar toiliú an Aire má bhíonn an cion a n-iarrtar an toiliú ina leith ina chion a bhfuil sé d'oibleagáid eiseachadadh a dheonú ina leith.

Ath-eiseachadadh go dtí an tríú tír.

[Airt. 15]

21. —(1) Ní dheonófar eiseachadadh mura mbeidh foráil déanta le dlí na tíre iarrthaí nó leis an gcomhaontú um eiseachadadh nach dtabharfaidh an tír sin suas do thír eile duine a tugadh suas don tír iarrthach agus atá á lorg ag an tír eile mar gheall ar chion a rinneadh roimh é a thabhairt suas don tír iarrthach, ach amháin sna cásanna seo a leanas—

(a) le toiliú an Aire, nó

(b) i gcás caoi a bheith ag an duine sin críoch na tíre sin a fhágáil agus nach mbeidh sin déanta aige laistigh de chúig lá is daichead óna scaoileadh críochnaitheach i leith an chiona ar mar gheall air a eiseachadadh é, nó go mbeidh sé tar éis filleadh ar chríoch na tíre sin tar éis í a fhágáil.

(2) Sula ngéillfidh an tAire d'iarraidh ar thoiliú le heiseachadadh duine lena mbaineann fo-alt (1), féadfaidh sé a iarraidh go dtabharfar ar aird na doiciméid a luaitear in alt 25.

(3) Ní dhéanfar duine a bheidh tugtha suas don Stát ag tír iarrtha a thabhairt suas don tríú tír mar gheall ar chion a rinneadh roimh é a thabhairt suas, ach amháin sna cásanna seo a leanas—

(a) le toiliú na tíre iarrtha arna chur in iúl faoi shéala aire stáit de chuid na tíre sin, agus tabharfar aird bhreithiúnach ar an séala sin, nó

(b) i gcás caoi a bheith ag an duine sin an Stát a fhágáil agus nach mbeidh sin déanta aige laistigh de chúig lá is daichead óna scaoileadh críochnaitheach i leith an chiona ar mar gheall air a tugadh suas don Stát é, nó go mbeidh sé tar éis filleadh ar an Stát tar éis é a fhágáil.

Fianaise go ndearna an duine a éilítear an cion.

22. —I gcás ina gceanglaítear leis na forálacha iomchuí um eiseachadadh go dtabharfaidh an tír iarrthach ar aird fianaise go ndearna an duine a éilítear an cion a n-iarrtar eiseachadadh ina leith, ní dheonófar eiseachadadh mura dtabharfar leorfhianaise ar aird chun an ceanglas a shásamh.

Iarraidh ar eiseachadadh.

[Airt. 12.1]

23. —Is i scríbhinn a dhéanfar iarraidh chun aon duine a eiseachadadh agus cuirfear in iúl é—

(a) trí ghníomhaire taidhleoireachta don tír iarrthach, atá creidiúnaithe don Stát, nó

(b) ar aon dóigh eile a fhoráiltear sna forálacha iomchuí um eiseachadadh.

Iarrthaí codarsnacha.

[Airt. 17]

24. —Má dhéanann níos mó ná tír amháin eiseachadadh a iarraidh i gcomhthráth, i leith an chiona chéanna nó i leith cionta éagsúla, cinnfidh an tAire cé acu iarraidh acu, más aon cheann é, a rachfar chun cinn leis faoin gCuid seo, ag féachaint do na himthosca go léir agus go speisialta do thromchúiseacht chomparáideach na gcionta agus d'áit a ndéanta, do dháta gach iarraidh faoi seach, do náisiúntacht an duine a éilítear, agus don chosúlacht atá ann go mb'fhéidir go dtabharfaí suas é ina dhiaidh sin do thír eile.

Doiciméid mar thaca le hiarraidh.

[Airt. 12.2]

25. —Tabharfar na doiciméid seo a leanas mar thaca le hiarraidh ar eiseachadadh—

(a) scríbhinn bhunaidh, nó cóip fhíordheimhnithe de scríbhinn bhunaidh, an ordaithe ciontaithe agus pianbhreithe nó coinneála is inchurtha i bhfeidhm láithreach nó, de réir mar a bheidh, an bharántais ghabhála, nó an ordaithe eile leis an éifeacht chéanna, a eisíodh de réir an nós imeachta atá leagtha síos i ndlí na tíre iarrthaí;

(b) ráiteas faoi gach cion a bhfuiltear ag iarraidh eiseachadadh ina leith a sonrófar ann, chomh cruinn agus is féidir, am agus áit a dhéanta, a thuairisc dhlíthiúil agus tagairt do na forálacha iomchuí de dhlí na tíre iarrthaí;

(c) cóip d'achtacháin iomchuí na tíre iarrthaí nó, i gcás nach féidir sin, ráiteas faoin dlí iomchuí;

(d) tuairisc chomh cruinn agus is féidir ar an duine a éilítear agus aon eolas eile a chabhróidh chun a chéannacht agus a náisiúntacht a shuíomh, agus

(e) aon doiciméad eile is gá faoi na forálacha iomchuí um eiseachadadh.

Barántas gabhála.

26. —(1) Má fhaigheann an tAire iarraidh arna déanamh de réir na Coda seo chun aon duine a eiseachadadh, ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, cuirfidh sé in iúl, le hordú, do bhreitheamh den Chúirt Dúiche go bhfuiltear tar éis an iarraidh a dhéanamh agus eiseoidh an breitheamh barántas chun an duine sin a ghabháil.

(2) Féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána barántas a eiseofar faoin alt seo a fhorghníomhú in aon chuid den Stát.

(3) Más é tuairim an Aire nach leor an t-eolas a tugadh dó de bhun ailt 25, féadfaidh sé a iarraidh ar an tír iarrthach cibé eolas breise is cuí leis a thabhairt agus féadfaidh sé teorainn ama a cheapadh chun é sin a fháil.

(4) Féadfaidh an tAire eiseachadadh a dhiúltú más é a thuairim gur cás é ina dtoirmisctear eiseachadadh faoi aon fhoráil den Chuid seo nó faoi na forálacha iomchuí um eiseachadadh.

(5) Déanfar duine a ghabhfar faoi bharántas arna eisiúint faoin alt seo a thabhairt os comhair breithimh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, nó os comhair cibé breithimh eile a ordóidh an tAire faoi alt 28.

Gabháil shealadach.

[Airt. 16]

27. —(1) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche más cuí leis é, gan ordú ón Aire faoi alt 26, barántas a eisiúint chun aon duine a ghabháil ar fhaisnéis faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire go ndearnadh iarraidh chun an duine sin a ghabháil go sealadach, ar an bhforas go mbaineann práinn leis, thar ceann tíre a bhfuil feidhm ag an gCuid seo maidir léi, agus ar a bheith deimhin dó go gcomhlíonann an iarraidh ceanglais an ailt seo.

(2) San iarraidh chun aon duine a ghabháil go sealadach—

(a) luafar go bhfuil ceann de na doiciméid a luaitear i mír (a) d'alt 25 ar fáil maidir leis an duine sin agus go bhfuiltear ar intinn iarraidh ar a eiseachadadh a chur ar aghaidh,

(b) sonrófar cineál an chiona agus an t-am agus an áit a líomhnaítear a rinneadh an cion, agus

(c) tabharfar tuairisc an duine a bhfuil a ghabháil á lorg.

(3) Féadfar iarraidh ar ghabháil shealadach a chur ar aghaidh leis an bpost nó le teileagraf nó ar aon dóigh eile a thabharfaidh fianaise i scríbhinn.

(4) Féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána barántas a eiseofar faoin alt seo a fhorghníomhú in aon chuid den Stát.

(5) Nuair a eiseoidh breitheamh barántas faoi fho-alt (1) cuirfidh sé in iúl láithreach don Aire gur eisíodh an barántas, agus féadfaidh an tAire, más cuí leis é, a ordú an barántas a chealú agus an duine a gabhadh faoi a scaoileadh saor.

(6) Aon duine a ghabhfar faoi bharántas arna eisiúint faoin alt seo, déanfar, mura gcealaítear an barántas faoi fho-alt (5), é a thabhairt os comhair breithimh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, nó os comhair cibé breithimh eile a ordóidh an tAire faoi alt 28, agus déanfaidh an breitheamh an duine sin a athchur, i gcoimeád nó faoi bhannaí, go dtí go bhfaighidh sé ordú ón Aire á chur in iúl go bhfuarthas go cuí an iarraidh ar eiseachadadh, nó go dtí go scaoilfear an duine sin faoi alt 35, agus chuige sin beidh cumhachtaí ag an mbreitheamh maidir le hathchur ionann is dá mb'amhlaidh a tugadh an duine sin os a chomhair agus é cúisithe i gcion indíotáilte.

(7) Más rud é, laistigh de thréimhse ocht lá dhéag tar éis an duine sin a ghabháil, nach bhfaighfear aon ordú den sórt sin, scaoilfear saor é.

(8) Ní dhéanfaidh scaoileadh aon duine faoi fho-alt (5) nó (7) dochar dá athghabháil agus dá eiseachadadh má dhéantar iarraidh ar a eiseachadadh ina dhiaidh sin.

Feidhmiú dhlínse na Cúirte Dúiche.

28. —Nuair a bheifear tar éis duine a ghabháil de bhun barántais arna eisiúint faoi alt 26 nó 27, féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú go n-éistfear an cás os comhair breithimh a bheidh sannta don dúiche a ainmneofar san ordú agus, sa chás sin, déanfar an duine a gabhadh a thabhairt os comhair an bhreithimh sin.

Cimiú nó scaoileadh duine a n-iarrtar a eiseachadadh.

1960, Uimh. 27 .

29. —(1) I gcás ina mbeidh duine os comhair na Cúirte Dúiche faoi alt 26 nó 27 agus gur deimhin leis an gCúirt—

(a) go bhfuiltear tar éis eiseachadadh an duine sin a iarraidh go cuí, agus

(b) go bhfuil feidhm ag an gCuid seo maidir leis an tír iarrthach, agus

(c) nach dtoirmisctear leis an gCuid seo, ná leis na forálacha iomchuí um eiseachadadh, eiseachadadh an duine a éilítear, agus

(d) go bhfuiltear tar éis na doiciméid is gá mar thaca le hiarraidh ar eiseachadadh faoi alt 25 a thabhairt ar aird,

déanfaidh an Chúirt ordú ag cimiú an duine sin chun príosúin (nó, mura bhfuil sé os cionn bliain is fiche d'aois, chun forais athchuir) le feitheamh ansin ar ordú an Aire chun é a eiseachadadh.

(2) Féadfaidh an Chúirt, más é a tuairim nach leor an t-eolas a tugadh faoi alt 25 chun go bhféadfar cinneadh a dhéanamh, an éisteacht a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt ionas go bhféadfar tuilleadh faisnéise a thabhairt ar aird, agus fad a bheifear ag feitheamh ar bhreithniú an cháis beidh cumhachtaí ag an gCúirt maidir le hatráthú agus le hathchur ionann is dá mb'amhlaidh a tugadh an duine a éilítear os a comhair agus é cúisithe i gcion indíotáilte.

(3) Ar ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) don Chúirt—

(a) cuirfidh sí i bhfios don duine lena mbaineann sé nach dtabharfar suas é, ach amháin lena thoiliú, go dtí go mbeidh cúig lá dhéag caite ó dháta a chimithe, agus cuirfidh sí i bhfios dó freisin forálacha alt 4.2° d'Airteagal 40 den Bhunreacht (a bhaineann le gearán a dhéanamh ag duine ar bith nó thar a cheann leis an Ard-Chúirt á rá go bhfuil an duine sin á choinneáil ina bhrá go haindleathach), agus

(b) cuirfidh sí faoi deara go gcuirfear deimhniú an chimithe ar aghaidh láithreach chun an Aire.

(4) I gcás nach ndéanfar faoi fho-alt (1) an duine a éilítear a chimiú, ordóidh an Chúirt é a scaoileadh saor.

(5) Ní bheidh aon achomarc indéanta chun na Cúirte Cuarda in aghaidh ordú ón gCúirt faoin alt seo.

(6) Bainfidh ailt 10 agus 11 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 , le duine a chimeofar chuig foras athchuir faoin alt seo.

Duine cimithe a aistriú go dtí ospidéal nó áit eile.

30. —Féadfaidh an tAire, le hordú, a chur faoi deara go ndéanfar duine a cimíodh faoi alt 29 a aistriú go dtí ospidéal nó áit ar bith eile más dóigh leis an Aire gur gá sin ar mhaithe lena shláinte, agus fad a bheidh an duine sin á choinneáil san ospidéal nó san áit sin beidh sé i gcoimeád dleathach.

Imeacht aimsire roimh dhuine a thabhairt suas.

31. —Duine a chimeofar faoi alt 29, ní thabharfar suas é, ach amháin lena thoiliú, arna thabhairt os comhair breithimh den Chúirt Dúiche, don tír iarrthach go dtí go mbeidh cúig lá dhéag caite ó dháta a chimithe nó go dtí go gcríochnófar aon imeachtaí habeas corpus a thionscnóidh sé nó a thionscnófar thar a cheann, cibé ní acu sin is déanaí.

Tabhairt suas a chur siar.

[Airt. 19.1]

32. —Féadfaidh an tAire tabhairt suas duine a éilítear a chur siar ionas go bhféadfar imeachtaí a shaothrú ina choinne sa Stát, nó (má táthar tar éis é a chointú cheana féin) ionas go bhféadfaidh sé aon phianbhreith a tugadh air sa Stát a chur isteach, mar gheall ar chion seachas an cion a bhfuil a eiseachadadh á iarraidh ina leith.

Príosúnach a thabhairt suas faoi ordú ón Aire.

[Airt. 21.6]

33. —(1) Faoi réir ailt 31 agus 32, féadfaidh an tAire, mura ndéantar an duine a cimíodh a scaoileadh saor le breith na hArd-Chúirte in imeachtaí habeas corpus, a ordú, le hordú, an duine sin a thabhairt suas do cibé duine eile is dóigh leis an Aire a bheith údaraithe go cuí ag an tír iarrthach chun é a ghlacadh, agus tabharfar suas é dá réir sin.

(2) Aon duine a n-ordófar le hordú faoi fho-alt (1) duine a thabhairt suas dó, féadfaidh sé an duine a thabharfar suas amhlaidh a ghlacadh, a choinneáil i gcoimeád, agus a thabhairt amach as an Stát, agus má éalaíonn an duine a tugadh suas amhlaidh as aon choimeád inar seachadadh é de bhun an ordaithe sin dlífear é a athghabháil sa dóigh chéanna le haon duine a d'éalódh as coimeád dleathach.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1) más é a thuairim go dtiocfaidh d'eiseachadadh an duine a n-iarrtar é a thabhairt suas go mbeadh air gabháil trí aon chríoch a bhfuil cúis ann chun a chreidiúint go mbeadh a bheo nó a shaoirse i mbaol ann mar gheall ar a chine, a chreideamh, a náisiúntacht nó a thuairimí polaitíochta.

Príosúnach a scaoileadh saor mura n-aistrítear amach as an Stát é.

[Airt 18, cuid]

34. —(1) Faoi réir alt 32 agus fho-alt (2) den alt seo, mura ndéantar aon duine atá ag feitheamh ar a thabhairt suas faoin gCuid seo a thabhairt suas agus a thabhairt amach as an Stát laistigh de mhí tar éis a chimithe, nó laistigh de mhí tar éis críochnú imeachtaí habeas corpus a thionscain sé nó a tionscnaíodh thar a cheann, cibé acu sin is deanaí, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ón duine sin nó thar a cheann agus ar a chruthú gur tugadh fógra réasúnach don Aire go mbeadh an t-iarratas á dhéanamh, a ordú an duine a scaoileadh as coimeád.

(2) Más deimhin leis a Ard-Chúirt, de thoradh iarratais chuici faoi fho-alt (1)—

(a) nárbh fhéidir an duine a éilítear a thabhairt amach as an Stát mar gheall ar a shláinte nó ar imthosca eile nach raibh neart ag an Stát nó ag an tír iarrthach orthu, agus

(b) gur dócha laistigh d'am réasúnach nach mbeidh na himthosca sin ina gcosc a thuilleadh ar é a aistriú, féadfaidh an Chúirt tréimhse a shocrú chun é a thabhairt suas, agus scaoilfear saor é mura dtugtar amach as an Stát é laistigh den tréimhse sin.

Cumhacht ghinearálta an Aire chun duine a scaoileadh saor.

35. —(1) Aon uair is dóigh leis an Aire, maidir le duine atá de thuras na huaire ar athchur nó ag feitheamh ar a thabhairt suas faoin gCuid seo, go dtoirmisctear eiseachadadh faoi aon fhoráil den Chuid seo nó de na forálacha iomchuí um eiseachadadh, féadfaidh an tAire tráth ar bith eiseachadadh a dhiúltú, agus air sin, má tá an duine i gcoimeád, ordóidh sé é a scaoileadh saor.

(2) Má fheictear don Aire nach bhfuiltear ag dul chun cinn leis an iarraidh, nó leis an iarraidh bheartaithe ar eiseachadadh, féadfaidh an tAire a ordú an duine sin a scaoileadh saor, má tá sé i gcoimeád.

Maoin a urghabháil agus a thabhairt suas.

[Airt. 20]

36. —(1) Féadfaidh comhalta don Gharda Síochána a mbeidh barántas faoi alt 26 nó 27 á fhorghníomhú aige aon mhaoin a urghabháil agus a choinneáil—

(a) más dóigh leis í a bheith ag teastáil de réir réasúin mar fhianaise chun an cion a líomhnaítear a chruthú, nó

(b) más dóigh leis gur de thoradh an chiona a líomhnaítear a fuarthas í agus—

(i) más maoin í a gheofar tráth na gabhála i seilbh an duine a ghabhtar faoin mbarántas, nó

(ii) má fhionntar í ina dhiaidh sin.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcas aon mhaoin a urghabháil faoi fho-alt (1), déanfar, má eisíonn an tAire ordú faoi alt 33 chun an duine a éilítear a thabhairt suas, í a thabhairt ar láimh aon duine is dóigh leis an Aire atá údaraithe go cuí ag an tír iarrthach chun í a fháil, a luaithe is féidir tar éis an t-ordú a eisiúint, agus tabharfar an mhaoin sin ar láimh amhlaidh d'ainneoin nach féidir an t-eiseachadadh áirithe a chur i gcrích toisc an duine a éilítear d'fháil bháis nó d'éalú.

(3) Aon mhaoin a urghabhfar amhlaidh, féadfar, má bhíonn aon imeachtaí coiriúla lena mbaineann an mhaoin ar feitheamh sa Stát, í a choimeád sa Stát de réir dlí go dtí go gcríochnófar na himeachtaí sin, nó féadfar, má ordaíonn an tAire amhlaidh, í a thabhairt ar laimh ar choinníoll go gcuirfidh an tír iarrthach ar ais í.

(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar d'aon chearta, ná ní bhainfidh sé ó aon chearta, a bheidh faighte go dleathach ag an Stát nó ag aon duine sa Stát in aon mhaoin a bheidh le tabhairt ar láimh faoin alt seo, agus má bhíonn aon chearta den sórt sin ann ní thabharfar an mhaoin ar láimh ach amháin ar choinníoll go gcuirfidh an tír iarrthach ar ais í a luaithe is féidir tar éis triail an duine a tugadh suas agus gan aon íocaíocht a bheith ar an Stát nó ar an duine a bhfuil na cearta sin aige.

Fianaise doiciméad.

37. —Déanfar doiciméad a bheidh ina thaca le hiarraidh ar eiseachadadh a ghlacadh i bhfianaise gan a thuilleadh cruthúnais má airbheartaíonn sé a bheith sínithe nó deimhnithe ag breitheamh, giúistís nó oifigeach don tír iarrthach agus a bheith fíordheimhnithe faoi mhionn finné éigin nó a bheith séalaithe le séala oifigiúil aire stáit de chuid na tíre sin agus tabharfar aird bhreithiúnach ar an séala sin.

Cionta ar an gcoigrích ag saoránaigh Éireannacha.

[cf. Airt. 6.2]

38. —(1) Má dhéanann aon saoránach d'Éirinn aon ghníomh lasmuigh den Stát ar cion é a ndlífí a eiseachadadh mar gheall air mura mbeadh gur saoránach d'Éirinn é, beidh sé ciontach sa chion céanna, agus ar a chiontú ann dlífear an pionós céanna a chur air, agus dá mba sa Stát a rinneadh an gníomh.

(2) Ní thionscnófar aon imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (1) ach amháin ar ordú ón Ard-Aighne, arna thabhairt tar éis iarraidh dá réir sin arna déanamh mar a fhoráiltear in alt 23 ag an tír ar laistigh dá críoch a líomhnaítear a rinneadh an gníomh.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo ach amháin le gníomartha a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo.

(4) Chun dlínse a fheidhmiú, maidir le cion lena mbaineann fo-alt (1), ag aon chúirt dlínse inniúla, measfar an gníomh arb é an cion é a bheith déanta laistigh de cheantar Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

Riail na speisialtachta á cur chun feidhme ag an Stát.

[Airt. 14]

39. —(1) Baineann an t-alt seo le duine a bheidh tugtha suas don Stát ag tír iarrtha.

(2) Ní shraothrófar imeachtaí ina choinne, ná ní thabharfar pianbhreith air ná ní phríosúnófar é, ná ní shrianfar ar dhóigh eile é ina shaoirse phearsanta, mar gheall ar aon chion a rinneadh roimh é a thabhairt suas seachas an cion ar mar gheall air a tugadh suas é, ach amháin sna cásanna seo a leanas—

(a) le toiliú na tíre iarrtha, arna chur in iúl faoi shéala aire stáit de chuid na tíre sin, agus tabharfar aird bhreithiúnach ar an séala sin, nó

(b) i gcás caoi a bheith ag an duine sin an Stát a fhágáil agus nach mbeidh sin déanta aige lasistigh de chúig lá is daichead óna scaoileadh críochnaitheach i leith an chiona ar mar gheall air a tugadh suas é nó go mbeidh sé tar éis filleadh ar an Stát tar éis é a fhágáil.

(3) I gcás tuairisc an chiona inar cúisíodh duine a athrú i gcúrsa imeachtaí, ní shaothrófar imeachtaí ina choinne ná ní thabharfar pianbhreith air ach amháin sa mhéid go dtaispeánfaidh comhábhair an chiona faoina thuairisc nua gur cion é a ndlífí é a thabhairt suas don Stát mar gheall air.

Idirthuras.

[Airt. 21]

40. —(1) Féadfaidh an tAire, i gcás duine a bheidh á thabhairt ó thír go tír eile ar é a thabhairt suas de bhun comhaontú de chineál comhaontú um eiseachadadh, gabháil an duine sin ar idirthuras tríd an Stát a cheadú, faoi réir aon chionníollacha iomchuí um eiseachadadh agus faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is cuí leis an Aire, má dhéanann an tír a bhfuil sé á thabhairt chuici iarraidh dá réir sin.

(2) Féadfaidh an tAire a shrocrú go ndéanfaidh an Garda Síochána maoirseacht ar an idirthuras sin agus measfar an duine a bheidh i gceist a bheith i gcoimeád aon chomhalta den Gharda Síochána a bheidh á thionlacan de bhun an tsocraithe sin.