9 1965


Uimhir 9 de 1965.


AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1965

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA FORBARTHA MÓNA, 1946 GO 1961. [29 Meitheamh, 1965.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Airleacain don Bhord as an bPríomh-Chiste.

1946, Uimh. 10 .

1961, Uimh. 46 .

1. —(1) Déantar leis seo alt 53 den Acht Forbartha Móna, 1946 , a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach ann le fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1961 ):

“(1) Chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, faoin alt seo agus ar mholadh an Aire, cibé suimeanna (nach mó san iomlán ná fiche is ocht milliún punt) a iarrfaidh an Bord ó am go ham a airleacan don Bhord ó am go ham as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.”

(2) Aisghairtear leis seo alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1961 .

Leasú ar alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957 .

1957, Uimh. 10 .

2. —Déantar leis seo alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957 (a bhaineann le cumhachtaí áirithe de chuid an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht) a leasú trí “fiche is ocht milliún punt” a chur in ionad “ceithre mhilliún is fiche punt” (a cuireadh isteach ann le halt 2 den Acht Forbartha Móna, 1961 ).

Aisghairm ar at 14 den Acht Forbartha Móna, 1953 .

1953, Uimh. 19 .

3. —Aisghairtear leis seo alt 4 den Acht Forbartha Móna, 1953 .

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1965 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1961, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1965, a ghairm díobh le chéile.