1 1965


Uimhir 1 de 1965.


AN tACHT UM OLA-THRUAILLIÚ NA FARRAIGE (LEASÚ), 1965

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHTA DO LEASUITHE ÁIRITHE AR AN gCOINBHINSIÚN IDIRNÁISIÚNTA CHUN TRUAILLIÚ NA FARRAIGE LE hOLA A CHOSC 1954, AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN AGUS CHUN CRÍOCHA EILE DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM OLA-THRUAILLIÚ NA FARRAIGE, 1956 .

[2 Márta, 1965.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Tosach feidhme.

1. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críocha forálacha éagsúla.

An Príomh-Acht.

1956, Uimh. 25 .

2. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956 .

Ola a scaoileadh amach in aon áit ar farraige.

3. —(1) Beidh úinéir agus fós máistir aon loinge atá cláraithe sa Stát (is é sin, long fiche míle tonna olltonnáiste nó níos mó ar tar éis tosach feidhme an ailt seo a rinneadh an conradh chun a déanta) agus a scaoilfidh ola nó meascán olach amach in aon áit ar farraige, ciontach i gcion faoin bPríomh-Acht.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo—

(a) le hola nó meascán olach a scaoileadh amach as long lasmuigh de na réigiúin toirmiscthe i gcás imthosca speisialta a bheith ann a fhágann, i dtuairim mháistir na loinge, nach mbeadh sé réasúnach ná indéanta an ola nó an meascán olach a choinneáil sa long,

(b) le hola nó meascán olach a scaoileadh amach as long chun aon long a dhéanamh sábháilte, chun damáiste d'aon long nó dá lasta a chosc, nó chun duine a tharrtháil, má bhí an scaoileadh sin riachtanach agus réasúnach sna himthosca áirithe, nó

(c) le héalú ola nó meascáin olaigh as long, de dheasca damáiste don árthach nó de dheasca aon tsilte aisti, nach neamhchúram míréasúnach faoi deara é, má glacadh gach cúram réasúnach tar éis an damáiste a bheith déanta nó an sileadh a bheith faighte amach chun an t-éalú a chosc nó é a laghdú an méid ab fhéidir.

(3) Chun éifeacht a thabhairt d'aon athrú ar Choinbhinsiún 1954 nó ar aon choinbhinsiún ina dhiaidh sin, féadfaidh an tAire, le hordú, na forálacha sin roimhe seo den alt seo a chur chun feidhme maidir le longa de cibé aicmí a shonrófar san ordú.

(4) Beidh feidhm ag fo-alt (5) d'alt 10 den Phríomh-Acht maidir le fo-alt (7) den alt seo.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “ola” ola lena mbaineann alt 10 den Phríomh-Acht;

ciallaíonn “meascán olach” aon mheascán ina mbeidh cuid nach lú ná céad rann d'ola lena mbaineann an t-alt sin 10 i milliún rann den mheascán.

Réigiúin thoirmiscthe do longa atá cláraithe sa Stát.

4. —Is réigiúin thoirmiscthe do gach long atá cláraithe sa Stát na limistéir farraige is réigiúin thoirmiscthe do theaincéirí i dtosach feidhme an ailt seo.

Saoráidí i scaglanna ola agus i longcheártaí chun ola agus iarmhar olach a scaoileadh amach as longa.

5. —(1) Aon uair is dóigh leis an Aire go bhfuil gá le saoráidí chun ola agus iarmhar olach a scaoileadh amach as longa agus a ghlacadh astu agus le socruithe chun iad a dhiúscairt in áitreabh atá áitithe ag scaglann ola nó i gclós tógála nó deisithe long nó nach leor na saoráidí atá sna háitribh sin, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle le húinéir na scaglainne nó an chlóis, a cheangal ar an úinéir cibé socrú is gá leis a dhéanamh laistigh de cibé tréimhse a mheasfaidh sé is gá agus féadfaidh sé cur leis an tréimhse chun aon cheanglas den sórt sin a chomhlíonadh.

(2) Mura gcomhlíonfaidh úinéir scaglainne ola nó clóis tógála nó deisithe long téarmaí aon cheanglais faoin alt seo maidir leis an scaglann nó an clós, beidh sé ciontach i gcion faoin bPríomh-Acht.

Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht.

6. —Déantar leis seo alt 10 den Phríomh-Acht a leasú trí fho-ailt (3) agus (4) a scriosadh agus an fo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(3) Beidh úinéir agus fós máistir aon loinge atá cláraithe sa Stát ciontach i gcion má scaoileann an long amach, i réigiún atá ina réigiún toirmiscthe don long sin, aon ola lena mbaineann an t-alt seo nó aon mheascán ina mbeidh cuid nach lú atá ann ná céad rann d'ola lena mbaineann an t-alt seo i milliún rann den mheascán.”

Ola a scaoileadh amach as long chun longa eile a dhéanamh sábháilte.

7. —Ní bhainfidh ailt 10 agus 11 den Phríomh-Acht le scaoileadh ola nó meascáin olaigh amach as long chun aon long eile a dhéanamh sábháilte, nó chun damáiste d'aon long eile nó dá lasta a chosc.

Alt 17 den Phríomh-Acht a leathnú.

8. —Beidh feidhm ag na forálacha d'alt 17 den Phríomh-Acht a bhaineann le taifid a choimeád i dtaobh scaoileadh amach ola nó meascáin olaigh—

(a) maidir le hola nó meascán olach a scaoileadh amach as long lasmuigh de na réigiúin thoirmiscthe i gcás imthosca speisialta a bheith ann a fhágann, i dtuairim mháistir na loinge, nach mbeadh sé réasúnach ná indéanta an ola nó an meascán olach a choinneáil sa long, agus

(b) maidir le hola nó meascán olach a scaoileadh amach as long chun aon long eile a dhéanamh sábháilte nó chun damáiste d'aon long eile nó dá lasta a chosc.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

9. —(1) Féadfar an tAcht um Ola-Thruailliú na Farraige (Leasú), 1965 , a ghairm den Acht seo.

 (2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

 (3) Féadfar na hAchtanna um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956 agus 1965, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.