Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL ACHTACHÁIN A AISGHATIRTEAR)

29 1964


Uimhir 29 de 1964.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA), 1964

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA), 1878 GO 1962. [28 Iúil, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “áit chontúirteach” tochaltán, cairéal, clais, tobar, taiscumar, lochán, sruthán, damba, port, láithreán fuílligh, sloc nó talamh arb é tuairim an údaráis sláintíochta ar ina cheantar sláintíochta atá sé go bhfuil sé, nó gur dóigh dó bheith, contúirteach do dhuine ar bith;

ciallaíonn “déanmhas contúirteach”—

(a) aon fhoirgneamh, balla nó déanmhas eile de chineál ar bith, nó

(b) aon chuid, nó aon rud atá greamaithe, d'fhoirgneamh, de bhalla nó de dhéanmhas eile de chineál ar bith,

arb é tuairim an údaráis sláintíochta ar ina cheantar sláintíochta atá sé go bhfuil sé, nó gur dóigh dó bheith, contúirteach do dhuine nó do mhaoin ar bith;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

Cumhachtaí údarás sláintíochta maidir le háiteanna contúirteacha.

2. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta, más cuí leo é, maidir le haon áit chontúirteach ina gceantar sláintíochta—

(a) cibé oibreacha a dhéanamh, trína seirbhísigh nó trína ngníomhairí, a bhéarfaidh, i dtuairim an údaráis, nach mbeidh an áit ina áit chontúirteach, nó

(b) arna iarraidh sin don úinéir (focal a chiallaíonn, san alt seo agus in ailt 3, 7, 10 agus 18 den Acht seo, duine ar bith (seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh) atá, de thuras na huaire, i dteideal feo simplí na talún a n-úsáidtear an focal ina leith a dhíol nó a dhiúscairt ar dhóigh eile, nó i dteideal aon téarma blianta atá ar marthain de thuras na huaire i leith na talún agus ar faide ná bliain a bhfuil gan caitheamh de) a áitíonn an áit nó a bhfuil teideal aige é a áitiú nó óna bhfuil sé ar teachtadh ag duine nach é an t-úinéir é—

(i) na hoibreacha réamhráite a dhéanamh, trína seirbhísigh nó a ngníomhairí, agus a cheangal ar an úinéir sin íocaíocht de cibé méid is cuí leis an údarás a dhéanamh i leith costas na n-oibreacha, nó

(ii) ranníoc a thabhairt de cibé méid is cuí leis an údarás i leith costas déanta na n-oibreacha réamhráite ag an úinéir sin,

agus féadfaidh siad chun na gcríocha sin, trína seirbhísigh nó a ngníomhairí, dul isteach ar thalamh ar bith.

(2) Roimh dhul ar aghaidh dóibh faoin alt seo maidir le háit, tabharfaidh údarás sláintíochta fógra d'úinéir réamhráite na háite á rá gurb áit chontúirteach an áit agus go bhfuil ar intinn ag an údarás dul ar aghaidh faoin alt seo maidir leis, agus sonrófar san fhógra sin na hoibreacha is gá, i dtuairim an údaráis, a dhéanamh maidir leis an áit chun nach mbeadh sé ina áit chontúirteach agus tabharfar meastachán ann ar chostas na n-oibreacha sin.

(3) Aon uair a thabharfaidh údarás sláintíochta fógra faoin alt seo do dhuine ar bith, déanfaidh an t-údarás, laistigh de sheacht lá tar éis an fógra a thabhairt don duine, cóip den fhógra a chur suas ag an áit lena mbaineann sé nó in aice na háite sin.

(4) Má thugann údarás sláintíochta fógra faoin alt seo maidir le háit ar bith—

(a) i gcás ina gcealóidh an Chúirt Dúiche an fógra faoi alt 5 den Acht seo, ní rachaidh an t-údarás ar aghaidh faoin alt seo maidir leis an áit,

(b) i gcás ina ndéanfar cinneadh ar bith eile ar iarratas chun na Cúirte Dúiche faoi alt 5 den Acht seo maidir leis an bhfógra, ní rachaidh an t-údarás sláintíochta ar aghaidh faoin alt seo maidir leis an áit go dtí go mbeidh ceithre lá dhéag, nó cibé tréimhse a shonróidh an Chúirt, caite tar éis dáta an chinnte, agus

(c) in aon chás eile, ní rachaidh an t-údarás ar aghaidh faoin alt seo maidir leis an áit go dtí go mbeidh lá is fiche caite tar éis dáta an fhógra a thabhairt.

(5) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, féadfaidh údarás sláintíochta íocaíocht de cibé méid a chinnfidh siad faoi fhomhír (i) de mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo a éileamh ar an úinéir réamhráite ar áit a ndearna siad oibreacha maidir léi de bhun na fomhíre sin, trí éileamh i scríbhinn a thabhairt don úinéir sin.

(6) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, i gcás ina dtabharfar éileamh do dhuine de bhun fho-alt (5) den alt seo, beidh an méid a éileofar san éileamh maraon le hús, de réir cúig faoin gcéad sa bhliain, ó dháta an éilimh a thabhairt go dtí dáta a íoctha, inghnóthaithe, gan dochar d'aon mhodh eile chun é a ghnóthú, ag an údarás sláintíochta ón duine dar tugadh é mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(7) I gcás inar mó an méid a éileofar in éileamh de bhun fho-alt (5) den alt seo ná méid an mheastacháin ar chostas na n-oibreacha lena mbaineann an t-éileamh a bhí i bhfógra a tugadh faoin alt seo, ní bheidh an bhreis inghnóthaithe ag an údarás sláintíochta faoin alt seo.

Cumhachtaí údarás sláintíochta maidir le déanmhais chontúirteacha.

1878, c. 52.

3. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta, más cuí leo é, fógra a thabhairt don úinéir a áitíonn déanmhas contúirteach i limistéar feidhmiúcháin an údaráis, nó atá i dteideal é a áitiú, nó óna bhfuil sé ar teachtadh ag duine nach é an t-úinéir é, agus, más féidir é a fhionnadh le fiosrú réasúnach, d'áititheoir an déanmhais, á cheangal ar an úinéir sin, laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra agus is cuí leis an údarás—

(a) cibé oibreacha a dhéanamh (lena n-áirítear an déanmhas nó aon chuid de a scartáil agus a láthair a ghlanadh agus a chothromú) a shonrófar san fhógra agus a bhéarfaidh, i dtuairim an údaráis, nach mbeidh an déanmhas ina dhéanmhas contúirteach, aon treascarnach a aistriú agus balla nó bacainn a thógáil idir aon limistéar oscailte a bheidh ann mar gheall ar na hoibreacha agus aon bhóthar, sráid nó áit phoiblí, agus

(b) úsáid an déanmhais nó aon choda de a fhoirceannadh nó a mhodhnú,

agus féadfaidh an t-úinéir sin, a sheirbhísigh nó a ghníomhairí, na hoibreacha a bheidh sonraithe san fhógra a dhéanamh, agus féadfaidh siad, chuige sin, dul isteach ar thalamh ar bith.

(2) (a) Más é tuairim údaráis sláintíochta gur gá é ar mhaithe le sábháilteacht duine ar bith, féadfaidh an t-údarás, trína seirbhísigh nó a ngníomhairí, cibé oibreacha a dhéanamh ar dhéanmhas contúirteach ina limistéar sláintíochta (lena n-áirítear an déanmhas nó aon chuid de a scartáil agus láthair an déanmhais a ghlanadh agus a chothromú) a bhéarfaidh, i dtuairim an údaráis, nach mbeidh an déanmhas ina dhéanmhas contúirteach, agus chuige sin féadfaidh an t-údarás, trína seirbhísigh nó a ngníomhairí dul isteach ar thalamh ar bith.

(b) I gcás ina rachaidh údarás sláintíochta isteach, nó ina mbeartóidh siad dul isteach, ar thalamh ar bith de bhun mhír (a) den fho-alt seo chun oibreacha a dhéanamh ar dhéanmhas contúirteach, tabharfaidh siad, a luaithe is féidir, d'úinéir réamhráite déanmhais agus, más féidir é a fhionnadh le fiosrú réasúnach, dá áititheoir, fógra á rá go bhfuil siad tar éis dul isteach nó go bhfuil beartaithe acu dul isteach ar an talamh agus ag sonrú na n-oibreacha atá déanta acu nó a bhfuil beartaithe acu iad a dhéanamh ar an talamh sin.

(3) Féadfar a cheangal le fógra ó údarás sláintíochta faoi fho-alt (1) den alt seo go dtosófar láithreach ar na hoibreacha a dhéanamh a shonrófar san fhógra agus go ndéanfar iad de réir cibé coinníollacha (más ann) a shonrófar san fhógra agus is cuí leis an údarás agus ar cibé modh a shonrófar san fhógra.

(4) Duine ar ar seirbheáladh fógra faoi fho-alt (1) den alt seo agus nach gcomhlíonfaidh téarmaí an fhógra, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(5) Má seirbheáladh fógra faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le déanmhas contúirteach ar dhuine agus nár chomhlíon sé téarmaí an fhógra, féadfaidh an Chúirt Dúiche, ar iarratas ón údarás sláintíochta a thug an fógra, le hordú—

(a) (i) a ordú don duine sin na hoibreacha a sonraíodh san fhógra a dhéanamh laistigh de cibé am is réasúnach leis an gCúirt agus a shonróidh sí san ordú agus de réir téarmaí an fhógra, agus a údarú don údarás sláintíochta na hoibreacha réamhráite a dhéanamh mura gcomhlíonfaidh an duine sin forálacha an ordaithe, nó

(ii) a údarú don údarás sláintíochta na hoibreacha a sonraíodh san fhógra a dhéanamh,

agus

(b) toirmeasc a chur le húsáid an déanmhais nó aon choda de nó toirmeasc a chur le húsáid an déanmhais nó aon choda de chun cibé críche nó críocha a shonrófar san ordú.

(6) Mura gcomhlíonfaidh duine ordú ón gCúirt Dúiche faoi fho-alt (5) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(7) (a) I gcás aon chaiteachais nó costais (lena n-áirítear costais maidir le himeachtaí sa Chúirt Dúiche faoin alt seo) faoina ndeachaidh údarás sláintíochta faoin alt seo maidir le déanmhas contúirteach a bheith gan íoc ag úinéir réamhráite an déanmhais laistigh de cheithre lá dhéag tar éis éileamh orthu i scríbhinn a thabhairt dó, féadfar an tsuim a éilíodh san éileamh maraon le hús, de réir cúig faoin gcéad sa bhliain, ó dháta an éilimh a thabhairt go dtí dáta a íoctha, a ghnóthú uaidh, gan dochar d'aon mhodh eile chun iad a ghnóthú—

(i) tríd an údarás do dhíol aon ábhar a bheidh ar fáil de thoradh na n-oibreacha a rinne an t-údarás maidir leis an déanmhas agus do choinneáil cibé cion d'fháltais an díola is ionann agus méid na gcaiteachas sin, nó

(ii) mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(b) Aon airgead barrachais a gheofar as díol de bhun fhomhír (i) de mhír (a) den fho-alt seo, déanfaidh an t-údarás a choinneoidh an t-airgead é a íoc le húinéir an déanmhais nó, má bhíonn níos mó ná úinéir amháin ann, le gach úinéir acu, i cibé cionúireachtaí ar a gcomhaontóidh na húinéirí, nó (cheal comhaontaithe) ar a gcinnfidh an Chúirt Dúiche ar iarratas ó aon úinéir acu sin.

(c) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh aici faoin bhfo-alt seo, tabharfaidh an Chúirt Dúiche aird ar leasanna, oibleagáidí agus dliteanais, faoi seach, úinéirí an déanmhais maidir leis an déanmhas.

(8) (a) I gcás aon chostais nó caiteachais faoina ndeachaigh údarás sláintíochta faoin alt seo maidir le déanmhas a bheith gan íoc, féadfaidh an Chúirt Dúiche, ar iarratas ón údarás, deisiú nó ligean an déanmhais, nó déanamh aon oibreacha ar an láthair ar a raibh an déanmhas, cibé acu é, a thoirmeasc, le hordú, go dtí go n-íocfar leis an údarás an tsuim a bheidh dlite don údarás i leith na gcaiteachas réamhráite agus i leith costas an iarratais, agus ar an tsuim réamhráite a bheith íoctha scoirfidh an t-ordú de bheith i bhfeidhm.

(b) Aon duine nach gcomhlíonfaidh ordú ón gCúirt Dúiche faoin bhfo-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(c) Coimeádfaidh údarás sláintíochta clár ina mbeidh sonraí na n-orduithe go léir a rinneadh ó am go ham faoin bhfo-alt seo maidir le déanmhais ina limistéar sláintíochta agus coimeádfaidh siad an clár ar fáil chun a scrúdaithe gach tráth réasúnach agus, mura ndéanfar sonraí ordaithe faoin bhfo-alt seo a thaifeadadh sa chlár iomchuí, laistigh de dheich lá tar éis dáta an ordaithe a dhéanamh, scoirfidh an t-ordú d'aon fheidhm nó éifeacht a bheith aige.

(9) (a) Más é tuairim údaráis sláintíochta gur gá é ar mhaithe le sábháilteacht duine ar bith, féadfaidh an t-údarás a cheangal ar áititheoir déanmhais chontúirtigh nó a chúirtealáiste, nó aon déanmhais nó a chúirtealáiste sa chomharsanacht, nó ar aon duine ann, an déanmhas nó a chúirtealáiste a fhágáil agus a mhaoin (más aon mhaoin é) a aistriú amach as.

(b) Mura ndéanfaidh duine de réir ceanglais ó údarás sláintíochta faoi mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh an Chúirt Dúiche, ar iarratas ón údarás, a ordú don duine sin déanamh de réir an cheanglais laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san ordú agus is réasúnach leis an gCúirt.

(c) Aon duine nach gcomhlíonfaidh ordú ón gCúirt Dúiche faoin bhfo-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(d) Más rud é, ar ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo á ordú do dhuine déanamh de réir ceanglais ó údarás sláintíochta, nach ndéanfaidh an duine sin de réir an cheanglais laistigh den tréimhse a sonraíodh san ordú, féadfaidh oifigigh don údarás, agus cibé forneart is gá sna himthosca á oibriú acu, dul isteach sa déanmhas lena mbaineann an ceanglas agus an duine agus a mhaoin (más aon mhaoin é) a aistriú amach as.

(e) Féadfaidh údarás sláintíochta a iarraidh ar chomhalta den Gharda Síochána cabhrú leo i bhfeidhmiú a gcumhachtaí faoi mhír (d) den fho-alt seo agus déanfaidh an comhalta de réir mar a iarrfar air.

(10) Féadfaidh údarás sláintíochta, más cuí leo é—

(a) cóiríocht chónaithe eile a sholáthar d'áititheoir teaghaise a d'fhág teaghais de bhun ceanglais faoi fho-alt (9) den alt seo,

(b) deontas de cibé méid is cuí leo a thabhairt don áititheoir sin chun a chur ar a chumas cóiríocht chónaithe eile a fháil.

(11) (a) Féadfaidh údarás sláintíochta, más cuí leo é, deontas de cibé méid is cuí leo a thabhairt d'aon duine—

(i) a d'fhág nó a fhágfaidh, ar an 1 Meitheamh, 1963, nó dá éis, déanmhas contúirteach ar an údarás dá iarraidh sin nó de bhun ceanglais faoi fho-alt (9) den alt seo,

(ii) a raibh trádáil nó gnó á sheoladh aige sa déanmhas díreach roimh é a fhágáil amhlaidh, agus

(iii) ar cuireadh, nó a gcuirfear, cruatan air, i dtuairim an údaráis, mar gheall ar é a fhágáil amhlaidh.

(b) Nuair a bheidh méid aon deontais do dhuine faoin bhfo-alt seo á chinneadh acu, tabharfaidh údarás sláintíochta aird ar fhad na tréimhse a raibh trádáil nó gnó á sheoladh ag an duine sa déanmhas ar ina leith atá sé beartaithe an deontas a thabhairt.

(12) Ní bhainfidh alt 274 den Public Health (Ireland) Act, 1878, le feidhmiú aon chumhachtaí a thugtar dóibh leis an alt seo ag údarás sláintíochta.

Údaráis sláintíochta do bhaint uisce as taiscumair de chuid Bhord Soláthair an Leictreachais.

1878, c. 52.

1942, Uimh. 1 .

1942, Uimh. 1 .

1942, Uimh. 1 .

4. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta agus an Bord comhaontú a dhéanamh (dá ngairtear comhaontú uisce san alt seo) trína bhféadfaidh an t-údarás sláintíochta, agus trína bhféadfaidh an Bord a cheadú dóibh, uisce a bheidh loctha ag an mBord i dtaiscumar a bhaint as an taiscumar ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar sa chomhaontú.

(2) Aon uair is cuí leis an Aire é agus a ordóidh sé amhlaidh, ar iarratas ó údarás sláintíochta agus tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Iompair agus Cumhachta agus leis an Aire Tailte, déanfaidh an t-údarás sláintíochta agus an Bord comhaontú uisce ina mbeidh cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Iompair agus Cumhachta agus leis an Aire Tailte.

(3) Measfar chun críocha an Public Health (Ireland) Act, 1878, comhaontú uisce a bheith ina chonradh chun uisce a sholáthar a rinne an t-údarás sláintíochta a bheidh i gceist leis an mBord faoi alt 61 den Acht sin agus, dá réir sin, beidh feidhm agus éifeacht (faoi réir na modhnuithe a luaitear san alt seo) ag na forálacha den Acht sin (ach amháin ailt 35 agus 36) a bhaineann le huisce a sholáthar ag údarás sláintíochta, agus le talamh a cheannach ag údarás sláintíochta, maidir le déanamh na n-oibreacha uisce is gá agus le comhlíonadh an chomhaontaithe ag an údarás sláintíochta.

(4) Chun na forálacha réamhráite den Public Health (Ireland) Act, 1878, a chur chun feidhme maidir le déanamh na n-oibreacha uisce is gá chun comhaontú uisce a chomhlíonadh agus chun an comhaontú a chomhlíonadh ar dhóigheanna eile, beidh éifeacht ag na modhnuithe seo a leanas ar na forálacha sin, is é sin le rá:

(a) cuirfear tréimhse míosa in ionad na tréimhse dhá mhí a luaitear in alt 63 den Acht sin, agus

(b) forléireofar “water mains” in alt 64 den Acht sin mar ní a fholaíonn uiscrianta, seolphíopaí, lintéir agus tolláin chun uisce a sheoladh chun críocha soláthar uisce.

(5) (a) Ní dhéanfaidh údarás sláintíochta comhaontú uisce gan toiliú an Aire.

(b) Sula gcinnfidh an tAire cé acu a thoileoidh sé nó nach dtoileoidh sé le húdarás sláintíochta do dhéanamh comhaontú uisce, rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire Tailte, agus, sa chinneadh sin, tabharfaidh an tAire aird ar aon dliteanas a bheidh ar an mBord chun uisce a scaoileadh as an taiscumar lena mbaineann an comhaontú amach san abhainn ar a bhfuil an taiscumar síos le sruth ón taiscumar.

(6) I gcás ina mbeartóidh údarás sláintíochta comhaontú uisce a dhéanamh, déanfaidh an t-údarás, mí ar a laghad roimh an gcomhaontú a dhéanamh, fógra a fhoilsiú i nuachtán a léitear ina limistéar sláintíochta agus i nuachtán a léitear sa limistéar sláintíochta ina bhfuil an taiscumar lena mbaineann an comhaontú atá beartaithe á chur in iúl—

(a) go bhfuil ar intinn acu an comhaontú a dhéanamh,

(b) cad é an áit ina mbeartaítear uisce a bhaint as an taiscumar,

(c) cad é an méid uasta uisce a bheartaítear a bhaint as in imeacht lae,

(d) cad chuige a mbeartaítear an t-uisce a bhaint as, agus

(e) cad é an cineál iad aon oibreacha a bheartaítear a dhéanamh de bhun an chomhaontaithe.

(7) I gcás comhaontú uisce a dhéanamh, beidh feidhm agus éifeacht ag alt 13 den Acht Soláthairtí Uisce, 1942 , a mhéid a thugann sé cumhacht d'údarás sláintíochta uisce a thógáil de réir bheartú faoi alt 2 den Acht sin as an bhfoinse uisce lena mbaineann an beartú, ag alt 14 (ach amháin fo-ailt (2) agus (3)) agus ag ailt 15 agus 16 den Acht sin amhail is dá mba bheartú faoin alt sin 2 an comhaontú uisce, faoi réir na modhnuithe nach ndéanfar iarratas faoin alt sin 14 tar éis dhá bhliain a bheith caite ón dáta a thiocfaidh an comhaontú uisce i bhfeidhm agus nach n-íocfaidh údarás sláintíochta cúiteamh i ndamáiste faoin Acht sin má bhíonn cúiteamh sa damáiste sin íoctha ag an mBord.

(8) Ní íocfaidh an Bord cúiteamh i ndamáiste má bhíonn cúiteamh sa damáiste sin íoctha ag údarás sláintíochta faoin Acht Soláthairtí Uisce, 1942 .

(9) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, ní bheidh feidhm ag an Acht Soláthairtí Uisce, 1942 , maidir le húdarás sláintíochta do bhaint uisce as taiscumar ina mbeidh uisce loctha ag an mBord.

(10) San alt seo, ciallaíonn “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais.

Iarratas chun na Cúirte Dúiche chun fógra faoi alt 2 a ncamhniú.

5. —(1) Aon duine a bheidh éagóirithe ag fógra faoi alt 2 den Acht seo, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná lá is fiche tar éis dáta an fhógra a thabhairt, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche á iarraidh an fógra a neamhniú agus—

(a) i gcás inarb é tuairim na Cúirte nach é atá in aon chuid den áit lena mbaineann an fógra, tochaltán, cairéal, clais, tobar, taiscumar, lochán, sruthán, damba, port, láithreán fuílligh, sloc nó talamh atá, nó ar dóigh dó bheith, contúirteach do dhuine ar bith, déanfaidh sí, le hordú, an fógra a neamhniú,

(b) i gcás inarb é tuairim na Cúirte nach bhfuil ach i gcuid den áit tochaltán, cairéal, clais, tobar, taiscumar, lochán, sruthán, damba, port, láithreán fuílligh, sloc nó talamh atá, nó ar dóigh dó bheith, contúirteach do dhuine ar bith, déanfaidh sí, le hordú, an fógra a neamhniú, nó le toiliú an údaráis sláintíochta a thug an fógra, an fógra a leasú trína fheidhm a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach leis an gcuid den áit arb é atá ann, i dtuairim na Cúirte, tochaltán, cairéal, clais, tobar, taiscumar, lochán, sruthán, damba, port, láithreán fuílligh, sloc, nó talamh atá, nó ar dóigh dó bheith, contúirteach do dhuine ar bith, agus air sin measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an fógra arna leasú amhlaidh an fógra faoin alt sin 2, agus

(c) in aon chás eile díbhfidh an Chúirt an t-iarratas.

(2) Má dhéantar iarratas faoin alt seo a tharraingt siar, measfar gur foirceannadh air é a tharraingt siar, agus chun críocha an Achta seo measfar go ndearnadh an t-iarratas a dhíbhe.

(3) Is breith chríochnaitheach neamh-inachomhairc breith ón gCúirt Dúiche faoin alt seo.

Cumhacht chun talamh a fháil atá nó a bhí ina áit chontúirteach.

6. —Féadfaidh údarás sláintíochta aon talamh ina limistéar sláintíochta a fháil trí chomhaontú nó go héigeantach más áit chontúirteach é nó má tá scortha aige, mar gheall ar na hoibreacha faoin Acht seo a dhéanamh ag an údarás, de bheith ina áit chontúirteach.

Fógra go bhfuiltear ar intinn talamh a fháil go héigeantach faoi alt 6.

7. —(1) Déanfaidh údarás sláintíochta a mbeidh ar intinn acu aon talamh a fháil go héigeantach faoi alt 6 den Acht seo—

(a) léarscáil nó plean den talamh a thaisceadh ina n-oifigí agus an léarscáil nó an plean a choimeád ar fáil lena scrúdú tráthanna réasúnacha,

(b) fógra á rá go bhfuil ar intinn acu an talamh a fháil go héigeantach faoin Acht seo a fhoilsiú i nuachtán a léitear sa limistéar ina bhfuil an talamh,

(c) fógra á rá go bhfuil ar intinn acu an talamh a fháil go héigeantach a chur suas ar an talamh nó in aice na talún, agus

(d) cóip den fhógra dá dtagraítear i mír (c) den fho-alt seo a thabhairt—

(i) do gach áititheoir (más ann) ar an talamh, agus

(ii) do gach úinéir (más ann) ar an talamh, ar féidir leis an údarás sláintíochta a ainm agus an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fhionnadh le fiosrú réasúnach.

(2) Na fógraí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) beidh siad i cibé foirm a ordóidh an tAire le rialacháin faoi alt 19 den Acht seo,

(b) déarfaidh siad, mura bhfuil léarscáil nó plean iontu den talamh dá dtagraíonn siad, go bhfuil léarscáil nó plean den talamh taiscthe in oifigí an údaráis sláintíochta agus go gcuirtear ar fáil é lena scrúdú tráthanna réasúnacha,

(c) déarfaidh siad go bhféadfar agóid ó aon áititheoir nó úinéir ar an talamh i gcoinne fáil na talún a chur faoi bhráid an údaráis sláintíochta, agus

(d) luafaidh siad an t-am ar laistigh de a fhéadfar agóid mar atá ráite a chur faoi bhráid an údaráis sláintíochta.

Agóid i gcoinne talamh a fháil go héigeantach.

8. —(1) Féadfaidh an t-áititheoir nó aon úinéir ar thalamh a mbeidh fógra faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 7 den Acht seo foilsithe ina leith ag údarás sláintíochta, laistigh de mhí tar éis dáta an fhógra a fhoilsiú, agóid a chur faoi bhráid an údaráis i gcoinne an talamh dá dtagraítear san fhógra a fháil go héigeantach.

(2) Féadfaidh an duine a chuir agóid isteach i gcoinne aon talamh a fháil go héigeantach an agóid a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a chuirfear chuig an údarás sláintíochta nó chuig an Aire.

(3) Má dhéantar, maidir le cás ina mbeidh sé beartaithe ag údarás sláintíochta aon talamh a fháil go héigeantach, agóid a chur faoi bhráid an údaráis de réir fho-alt (1) den alt seo agus nach dtarraingeofar siar í, ní bhfaighidh an t-údarás an talamh go héigeantach gan toiliú an Aire.

(4) Beidh ag gabháil le hiarratas ó údarás sláintíochta ag iarraidh toiliú an Aire le haon talamh a fháil go héigeantach faoin Acht seo—

(a) cóip den nuachtán ina raibh an fógra dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 7 den Acht seo,

(b) cóip den fhógra dá dtagraítear i mír (c) den fho-alt sin (1),

(c) cóip de léarscáil nó plean na talún, a taisceadh de bhun an fho-ailt sin (1), agus

(d) cóip d'aon agóid a cuireadh faoi bhráid an údaráis sláintíochta de bhun an ailt seo maidir leis an bhfáil éigeantach agus nár tarraingíodh siar dá éis sin,

agus tabharfaidh an t-údarás don Aire cibé eolas eile a theastóidh ón Aire maidir le fáil na talún go héigeantach.

(5) Ar iarratas faoi fho-alt (4) den alt seo maidir le haon talamh dá ndearnadh tagairt i bhfógra a d'fhoilsigh údarás sláintíochta faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 7 den Acht seo—

(a) más é tuairim an Aire nach bhfuil in aon chuid den talamh, tochaltán, cairéal, clais, tobar, taiscumar, lochán, sruthán, damba, port, láithreán fuílligh, sloc nó talamh atá, nó ar dóigh dó bheith, contúirteach do dhuine ar bith nó a bhfuil scortha aige, mar gheall ar obair a rinne an t-údarás sláintíochta faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht seo, de bheith contúirteach nó ina dhóigh chontúirte do dhuine ar bith, diúltóidh sé a thoiliú a thabhairt chun go bhfaighidh an t-údarás an talamh go héigeantach, agus

(b) más é tuairim an Aire gurb é atá sa talamh go léir, tochaltán, cairéal, clais, tobar, taiscumar, lochán, sruthán, damba, port, láithreán fuílligh, sloc nó talamh atá, nó ar dóigh dó bheith, contúirteach do dhuine ar bith nó a bhfuil scortha aige, mar gheall ar obair a rinne an t-údarás sláintíochta faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht seo, de bheith contúirteach nó ina dhóigh chontúirte do dhuine ar bith, féadfaidh sé a thoiliú a thabhairt chun go bhfaighidh an t-údarás sláintíochta an talamh go héigeantach, agus

(c) más é tuairim an Aire nach bhfuil ach i gcuid den talamh, tochaltán, cairéal, clais, tobar, taiscumar, lochán, sruthán, damba, port, láithreán fuílligh, sloc nó talamh atá, nó ar dóigh dó bheith, contúirteach do dhuine ar bith nó a bhfuil scortha aige, mar gheall ar obair a rinne an t-údarás sláintíochta faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht seo, de bheith contúirteach nó ina dhóigh chontúirte do dhuine ar bith, féadfaidh sé a thoiliú a thabhairt chun go bhfaighidh an t-údarás sláintíochta an chuid sin den talamh go héigeantach agus diúltóidh sé a thoiliú a thabhairt chun go bhfaighidh an t-údarás an chuid eile den talamh go héigeantach,

(d) d'ainneoin aon ní sa chuid sin roimhe seo den fho-alt seo, más é tuairim an Aire nár chomhlíon an t-údarás sláintíochta forálacha alt 7 den Acht seo maidir leis an talamh nó le haon chuid de, diúltóidh sé a thoiliú a thabhairt chun go bhfaighidh an t-údarás sláintíochta an talamh nó an chuid, cibé acu é, go héigeantach.

Ordú dílseacháin.

9. —(1) Más rud é, maidir le haon talamh a mbeidh forálacha alt 7 den Acht seo comhlíonta ina leith ag údarás sláintíochta—

(a) nach gcuirfear aon agóid faoi bhráid an údaráis de réir alt 8 den Acht seo,

(b) go ndéanfar aon agóid a cuireadh isteach mar a dúradh a tharraingt siar ina dhiaidh sin,

(c) go dtabharfaidh an tAire a thoiliú chun go bhfaigheadh an t-údarás an talamh go héigeantach, nó

(d) go mbeidh aon tráth, nach giorra ná trí mhí—

(i) tar éis d'aon chúirt aon ordú a dhéanamh chun suim a íoc a bheidh dlite don údarás faoi alt 2 den Acht seo, nó

(ii) i gcás achomhairc i gcoinne an ordaithe réamhráite, tar éis an t-achomharc a chinneadh go críochnaitheach,

suim ar bith (lena n-áirítear aon suim i leith costas) dlite fós don údarás de bhun an ordaithe réamhráite,

féadfaidh an t-údarás le hordú (dá ngairtear ordú dílseacháin san Acht seo) an talamh a fháil.

(2) I gcás ina bhfaighidh údarás sláintíochta, sula ndéanfar ordú dílseacháin, fios go bhfuil an talamh atáthar chun a fháil leis an ordú faoi réir aon bhlianachta nó íocaíochta eile (cibé acu leis féin nó i dteannta talún eile é) le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, nó faoi réir aon mhuirir le haghaidh dleachta eastáit nó dleachta comharbais is iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhás aon duine, cuirfidh an t-údarás in iúl láithreach do Choimisiún Talún na hÉireann, do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó do na Coimisinéirí Ioncaim, de réir mar a bheidh, go bhfuiltear ar intinn an t-ordú a dhéanamh.

(3) Aon uair a dhéanfaidh údarás sláintíochta ordú dílseacháin, déanfaidh siad, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an t-ordú a dhéanamh—

(a) fógra ina mbeidh cóip den ordú a chur suas ar an talamh nó in aice na talún, agus

(b) cóip den ordú a thabhairt do gach áititheoir (más ann) ar an talamh agus do gach úinéir (más ann) ar an talamh ar féidir leis an údarás sláintíochta a ainm agus an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fhionnadh le fiosrú réasúnach.

Foirm agus éifeacht orduithe dílseacháin agus teideal a fuarthas fúthu a chlárú faoi na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942.

10. —(1) Is san fhoirm a ordóidh an tAire le rialacháin faoi alt 19 den Acht seo a bheidh gach ordú dílseacháin lena bhfaighidh údarás sláintíochta aon talamh faoin Acht seo agus déarfar san ordú go ndéanann sé, agus oibreoidh sé chun go ndéanfaidh sé, an talamh a dhílsiú don údarás sláintíochta i bhfeo simplí saor ó eirí agus ó gach eastát, ceart, teideal agus leas de shaghas ar bith ar dháta sonraithe nach luaithe ná seacht lá tar éis an t-ordú a dhéanamh.

(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, i gcás ina mbeidh údarás sláintíochta le hordú dílseacháin, tar éis talamh a fháil faoin Acht seo atá, leis féin nó i dteannta talún eile, faoi réir blianachta ceannaigh, íocaíochta in ionad cíosa, nó suime bliantúla eile (nach é amháin atá inti cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, tiocfaidh an t-údarás chun bheith, agus beidh siad, faoi dhliteanas, amhail ón dáta a dhílseofar an talamh dóibh leis an ordú dílseacháin, chun an bhlianacht cheannaigh, an íocaíocht in ionad cíosa nó an tsuim bhliantúil, nó cibé cuid den chéanna a chionroinnfidh Coimisiún Talún na hÉireann nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, cibé acu é, ar an talamh, a íoc le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, cibé acu é, amhail is dá mbeadh an talamh aistrithe chun an údaráis ag a úinéir ar an dáta sin.

(3) Nuair a dhéanfaidh údarás sláintíochta ordú dílseacháin faoin Acht seo maidir le haon talamh, cuirfidh siad an t-ordú, maraon le léarscáil den talamh, chuig an údarás clárúcháin faoi na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, agus air sin, faoi réir forálacha na nAchtanna sin agus ar an táille iomchuí is inmhuirir fúthu a íoc, cuirfidh an t-údarás clárúcháin faoi deara go gclárófar an t-údarás sláintíochta faoi na hAchtanna sin mar úinéir na talún de réir an ordaithe.

Cúiteamh.

1919, c. 57.

1931, Uimh. 50 .

11. —(1) Más rud é, díreach sula ndéanfaidh údarás sláintíochta ordú dílseacháin faoin Acht seo, go mbeidh ag duine ar bith aon eastát nó leas sa talamh, nó aon cheart aige i leith na talún, a gheofar leis an ordú, féadfaidh an duine cúiteamh i leith an eastáit, an leasa nó an chirt a iarraidh ar an údarás tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an t-ordú a dhéanamh, agus air sin, déanfaidh an t-údarás, faoi réir fho-ailt (3) agus (4) den alt seo, suim is comhionann le luach (más aon luach é) an eastáit, an leasa nó an chirt a íoc leis an duine i modh cúitimh.

(2) Déanfar an cúiteamh a bheidh le híoc ag údarás sláintíochta faoin alt seo i leith aon eastáit nó leasa i dtalamh, nó aon chirt i leith talún, a chinneadh, cheal comhaontaithe, le headráin faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, arna leasú, ach, faoi réir fho-ailt (3) agus (4) den alt seo, déanfar, san eadráin sin, méid an chúitimh a chinneadh de réir na Rialacha atá i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 .

(3) Nuair a bheifear ag cinneadh méid an chúitimh is iníoctha le duine faoin alt seo ag údarás sláintíochta maidir le haon talamh, tabharfar aird ar aon chaiteachas faoina ndeachaigh an t-údarás faoi alt 2 den Acht seo maidir leis an talamh.

(4) Más rud é, tar éis d'údarás sláintíochta ordú dílseacháin a dhéanamh faoin Acht seo maidir le haon talamh, go mbeidh aon suim (lena n-áirítear aon suim i leith costas) dlite fós don údarás ó aon duine de bhun ordú ó aon chúirt chun suim a íoc atá dlite don údarás faoi alt 2 den Acht seo—

(a) más lú an tsuim réamhráite ná méid an chúitimh is iníoctha leis an duine faoin alt seo, laghdófar méid an chúitimh de mhéid na suime, agus

(b) mura lú an tsuim réamhráite ná méid an chúitimh réamhráite, ní bheidh an cúiteamh iníoctha.

Talamh a gheofar faoin Acht seo a fheabhsú.

12. —Aon uair a bheidh údarás sláintíochta tar éis aon talamh a fháil faoin Acht seo, déanfaidh siad, a luaithe chaothúla is féidir, gach beart is gá chun nach mbeadh an talamh ina chúis dochair don tsláinte nó do thaitneamhachtaí na comharsanachta, agus chuige sin féadfaidh siad an talamh a ghlanadh, a chothromú, a dhraenáil, a fhálú, agus é a fheabhsú agus a fhorbairt thairis sin agus, más áit chontúirteach an talamh, déanfaidh siad cibé oibreacha is dóigh leo a bhéarfaidh nach mbeidh sé ina áit chontúirteach.

Talamh a gheofar faoin Acht seo a úsáid.

1854, c. 103.

13. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta aon talamh a gheobhaidh siad faoin Acht seo a úsáid chun aon chríche a bhaineann lena gcumhachtaí agus a ndualgais.

(2) I gcás nach mbeidh an t-iomlán nó aon chuid d'aon talamh a bheidh faighte faoin Acht seo ag teastáil aon tráth ón údarás sláintíochta a fuair é, féadfaidh an t-údarás, le toiliú an Aire, an t-iomlán nó an chuid sin (de réir mar a bheidh) den talamh, a dhíol, a ligean nó a mhalartú.

(3) (a) I gcás ina bhfaighidh údarás sláintíochta aon talamh faoin Acht seo, féadfaidh an t-údarás, le toiliú an Aire, an talamh a aistriú, le hordú, chun údaráis sláintíochta eile nó, más i mbaile ar a bhfuil Baile-Choimisinéirí faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, atá an talamh, chun Coimisinéirí an bhaile, agus oibreoidh an t-ordú de réir a théarmaí mar thíolacas ag tíolacadh na talún ach ní gá é a stampáil mar thiolacas nó aistriú maoine.

(b) Ní dhéanfar aistriú faoin bhfo-alt seo gan toiliú an údaráis sláintíochta nó na gCoimisinéirí a mbeartófar an t-aistriú a dhéanamh chucu.

(4) I gcás ina mbeifear tar éis aon talamh a aistriú faoi fho-alt (3) den alt seo, beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (1) agus (2) den alt seo agus ag an gcéad alt ina dhiaidh seo amhail is dá mba údarás sláintíochta a fuair an talamh faoin Acht seo an t-údarás sláintíochta nó na Coimisinéirí chun ar aistríodh é.

Úsáid suimeanna a gheofar as talamh a fuarthas faoin Acht seo a dhíol nó a léasadh.

14. —Gach suim a gheobhaidh údarás sláintíochta i leith talamh a bheidh faighte acu faoin Acht seo a dhíol nó a léasadh, úsáidfidh an t-údarás í chun críche a gcumhachtaí agus a ndualgas i cibé slí is cuí leis an údarás, le toiliú an Aire.

Cumhacht chun eolas a éileamh maidir le húinéireacht áiteanna contúirteacha agus déanmhas contúirteach.

15. —Féadfaidh údarás sláintíochta, chun go gcumasófar dóibh an úinéireacht ar áit chontúirteach nó ar dhéanmhas contúirteach a fhionnadh, fógra i scríbhinn a thabhairt d'aon duine arb é áititheoir na háite nó an déanmhais é nó a fhaigheann, go díreach nó go neamhdhíreach, cíos i leith na háite nó an déanmhais, á cheangal air an cineál leasa atá aige féin sa chéanna a chur in iúl i scríbhinn agus freisin ainm agus seoladh aon duine eile arb eol dó leas a bheith aige sa chéanna, cibé acu mar úinéir i bhfeo simplí, mar mhorgáistí nó léasaí nó eile é, agus aon duine a mbeidh údarás sláintíochta tar éis a cheangal air le fógra i scríbhinn de bhun an ailt seo aon eolas a thabhairt dóibh agus a mhainneoidh an t-eolas sin a thabhairt dóibh nó a dhéanfaidh, go feasach, aon mhíráiteas ina leith, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

Talamh a iniúchadh.

16. —(1) Aon duine a cheapfaidh an tAire nó údarás sláintíochta chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo, féadfaidh sé, chun aon eolas a fháil a theastóidh ón Aire nó ón údarás, cibé acu é, chun críocha an Achta seo, dul isteach ar aon talamh agus é a iniúchadh.

(2) Aon duine a choiscfidh nó a bhacfaidh oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta a thugtar leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(3) Déanfaidh an tAire nó an t-údarás sláintíochta, cibé acu é, deimhniú a cheaptha mar oifigeach údaraithe a thabhairt d'oifigeach údaraithe, agus nuair a bheidh oifigeach údaraithe ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar leis an Acht seo tabharfaidh sé an deimhniú ar aird d'aon duine a mbeidh éifeacht aige air má iarrann an duine sin air é.

Pionós mar gheal ar chosc.

17. —Aon duine a choiscfidh nó a bhacfaidh—

(a) údarás sláintíochta ó chumhacht a fheidhmiú a dhílsítear dóibh faoi réim nó de bhua an Achta seo, nó

(b) duine ar bith ó fhorálacha an Achta seo nó aon fhógra faoin Acht seo a chomhlíonadh,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Doiciméid a thabhairt faoin Acht seo.

1963, Uimh. 33 .

18. —(1) I gcás ina gceanglaítear nó ina n-údaraítear leis an Acht seo d'údarás sláintíochta aon doiciméad a thabhairt do dhuine, díreofar an doiciméad chun an duine agus tabharfar dó é i slí acu seo a leanas, is é sin le rá:

(a) trína sheachadadh don duine;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine, nó más fógra faoi alt 3 den Acht seo é, trína ghreamú den déanmhas contúirteach lena mbaineann sé, nó

(c) trína chur leis an bpost i litir réamhíoctha chláraithe a dhíreofar chuig an duine ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air.

(2) I gcás nach féidir úinéir na háite nó an déanmhais lena mbaineann fógra faoi alt 2 nó 3 den Acht seo a fhionnadh nó a aimsiú le fiosrú réasúnach, féadfar an fógra a thabhairt don úinéir trína chur suas ag an áit nó an déanmhas nó in aice na háite nó an déanmhais.

(3) Chun doiciméad a thabhairt, de bhun an Achta seo, do chuideachta a cláraíodh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , measfar gnáthchónaí a bheith ar an gcuideachta ag a hoifig chláraithe.

(4) Chun doiciméad a thabhairt, de bhun an Achta seo, do chomhlacht corpraithe (seachas aon chuideachta den sórt a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo) nó do chomhlacht neamhchorpraithe, measfar gnáthchónaí a bheith ar an gcomhlacht ag a phríomhoifig nó a phríomháit ghnó.

Rialachain.

19. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an Achta seo.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

Cosaint do shéadchomharthaí náisiúnta.

20. —Ní shrianfaidh ná ní dhochróidh aon ní san Acht seo cumhachtaí nó dualgais, ná ní dhéanfaidh sé difear do chumhachtaí nó dualgais, an Aire Airgeadais, Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, nó aon údaráis áitiúil faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 agus 1954, maidir le séadchomharthaí náisiúnta mar a mhínítear iad leis na hAchtanna sin nó aon séadchomhartha áirithe den sórt sin.

Caiteachais an Aire.

21. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

22. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

23. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1962, mar aon ní amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1962, agus den Acht seo le chéile.