An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHLÁRÚ TEIDIL, 1964) Ar Aghaidh (CUID II Clárlann na Talún, Cláir, Údaráis Chlárúcháin agus Dlínse)

16 1964

AN tACHT UM CHLÁRÚ TEIDIL, 1964

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Chlárú Teidil, 1964 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú.

Léiriú.

1891, c. 66.

1857, c. 60.

1872, c. 58.

1872, c. 57.

1888, c. 44.

1847, c. 32.

1842, c. 89.

1863, c. 88.

1854, Uimh. 25.

1850, c. 29.

1847, c. 32.

1869, c. 42.

1707, c. 2.

1844, c. 90.

1924, Uimh. 27 .

1869, c. 42.

1879, c. 58.

3. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1891” an Registration of Title Act, 1891;

tá le “sannadh de bhun díola” an bhrí a thugtar dó le halt 24;

ciallaíonn “na hAchtanna Féimheachta” an Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, an Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872, an Debtors Act (Ireland), 1872, agus an Local Bankruptcy (Ireland) Act, 1888;

tá le “an phríomhoifig” an bhrí a thugtar dó le halt 7;

tá le “tíolacas” an bhrí chéanna atá le “conveyance” sna hAchtanna Tíolactha;

tá le “tíolacas de bhun díola” an bhrí a thugtar dó le halt 24;

ciallaíonn na hAchtanna Tíolactha” na Conveyancing Acts, 1881 to 1911;

tá le “an chúirt” an bhrí a thugtar dó le halt 18;

folaíonn “diúscairt” aistriú agus muirearú;

folaíonn “muirear siltin” aon mhuirear is iníoctha faoin Landed Property Improvement (Ireland) Act, 1847, nó faoin Drainage (Ireland) Act, 1842, agus freisin aon mhuirear is iníoctha faoin Drainage and Improvement of Land (Ireland) Act, 1863, nó faoi aon Ordú sealadach faoin Acht sin a daingníodh go cuí, nó faoi aon Acht eile chun tailte a fheabhsú nó a shiltean.

ciallaíonn “ar marthain” ar marthain díreach roimh thosach feidhme an Achta seo;

folaíonn “feo simplí” eastáit ar teachtadh faoi dheontais feofheirme agus deontais suthaineachta;

tá le “sean-choróinchíos” an bhrí chéanna atá leis san Acht Maoine Stáit, 1954 ;

ciallaíonn “talamh ruílse” talamh arb eastát i bhfeo simplí a lán-úinéireacht;

ciallaíonn “rialacha ginearálta” rialacha faoi alt 126;

tá le “eire” an bhrí chéanna atá le “incumbrance” sna hAchtanna Tíolactha;

ciallaíonn “morgáiste breithiúnais” mionnscríbhinn úinéireachta a cláraíodh faoin Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850;

folaíonn “talamh”—

(a) talamh ar aon chineál tionachta;

(b) talamh faoi uisce;

(c) tithe nó foirgnimh nó déanmhais eile de shaghas ar bith agus codanna d'aon tithe, foirgnimh nó déanmhais den sórt sin, cibé acu go hingearach, go cothrománach nó ar dhóigh eile atá na codanna roinnte;

(d) mianaigh agus mianraí, cibé acu ar leithligh ón dromchla nó nach ea atá siad ar teachtadh;

(e) oidhreachtáin neamhchorpracha;

tá le “deimhniú talún” an bhrí a thugtar dó le halt 28;

ciallaíonn “Coimisiún na Talún” Coimisiún Talún na hÉireann;

folaíonn “muirear feabhsaithe talún” aon mhuirear le haghaidh iasachtaí feabhsaithe talún is iníoctha le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn faoin Landed Property Improvement (Ireland) Act, 1847;

folaíonn “na hAchtanna Talamh-Cheannaigh” an Irish Church Act, 1869, agus Achtanna Bhord na gCeantar Cúng (Éire);

tá le “Clárlann na Talún” an bhrí a thugtar dó le halt 7;

ciallaíonn “léas” aon chonradh tionóntachta agus folaíonn sé comhaontú le haghaidh léasa;

ciallaíonn “leas léasach” leas i dtalamh faoi léas ar feadh téarma blianta a bhfuil níos mó ná bliain is fiche díobh gan chaitheamh ar dháta an chláraithe, nach téarma chun airgead a urrú, i dteannta nó d'éagmais cúnaint athnuachana, agus folaíonn sé leas a theachtar ar cíos faoi léas saoil nó saolta, nó is infhoirceanta ar chríochnú saoil nó saolta, agus i gcás léas i seilbh agus léas frithdhílse a ghlacfaidh éifeacht i seilbh ar dhul in éag don léas céadluaite a bheith ar teachtadh amhlaidh ar dhóigh gur leis an duine céanna faoin gceart céanna an leas sa dá léas, measfar, sa mhéid go mbaineann siad le talamh a áirítear sa dá léas, go mbunaíonn na léasanna sin aon téarma comhleanúnach amháin i seilbh;

tá le “an oifig áitiúil” an bhrí a thugtar dó le halt 7;

ciallaíonn “an cláraitheoir áitiúil” an cláraitheoir contae do chontae ag gníomhú dó de bhua alt 10;

tá le “morgáiste” an bhrí chéanna atá leis sna hAchtanna Tíolactha;

ciallaíonn “ionadaí pearsanta” an seiceadóir, bunaidh nó trí ionadaíocht, nó an riarthóir do dhuine marbh;

ciallaíonn “seilbh” fáil na gcíosanna agus na mbrabús;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacha ginearálta;

ciallaíonn “clár” clár a chothabháiltear faoin Acht seo;

ciallaíonn “talamh cláraithe” talamh a bhfuil úinéir air cláraithe, nó a measfar é a bheith cláraithe, faoin Acht seo;

ciallaíonn “údarás clárúcháin” an Cláraitheoir nó cláraitheoir áitiúil;

ciallaíonn “an Cláraitheoir” Cláraitheoir na dTeideal;

ciallaíonn “Clárlann na nGníomhas” an oifig a bunaíodh leis an Acht um Chlárú Gníomhas, 1707;

ciallaíonn “Clárlann na mBreithiúnas” an oifig a bunaíodh leis an Judgments (Ireland) Act, 1844;

tá le “léarscáil chlárlainne” an bhrí a thugtar dó le halt 84;

ciallaíonn “achtacháin aisghairthe” na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, a aisghairtear leis an Acht seo;

folaíonn “ceart” eastát, leas, cothromas agus cumhacht;

ciallaíonn “na hAchtanna um Thalamh Socraithe” na Settled Land Acts, 1882 to 1890;

tá le “socraíocht”, “talamh socraithe”, “tionónta saoil” agus “iontaobhaithe na socraíochta” faoi seach na bríonna céanna atá le “settlement”, “settled land”, “tenant for life” agus “trustees of the settlement” faoi seach sna hAchtanna um Thalamh Socraithe;

ciallaíonn “banna Stáit” banna ina ndeachthas le haon duine ag gníomhú dó thar ceann an Stáit, lena n-áirítear, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, banna ina ndeachthas leis an Aire Airgeadais faoi alt 39 den Acht Airgid, 1924 , agus banna Corónach;

ciallaíonn “údarás reachtúil”—

(a) Aire Stáit,

(b) Coimisiún na Talún,

(c) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn,

(d) aon údarás áitiúil nó údarás poiblí, nó

(e) aon chuideachta nó comhlacht eile daoine a bunaíodh le haon achtachán nó faoi threorú aon achtacháin;

folaíonn “cíosmhuirear deachún” aon suim bhliantúil is iníoctha le Coimisiún na Talún faoi alt 32 den Irish Church Act, 1869;

ciallaíonn “talamh neamhchláraithe” talamh nach bhfuil úinéir air cláraithe, nó nach meastar úinéir air a bheith cláraithe, faoin Acht seo;

folaíonn “uacht” codaisíl.

(2) Chun críocha an Achta seo, aon eastát nó leas i bhfuíoll nó i bhfrithdhílse nár diúscraíodh le socraíocht agus a fhrithdhílsíonn don socraitheoir, nó a thiteann chun oidhre an tiomnóra, beidh sé ina eastát nó ina leas a chuimsítear in ábhar na socraíochta.

(3) San Acht seo, déanfar tagairtí d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

(4) San Acht seo, aon tagairt de réir uimhreach a dhéantar d'alt is tagairt í don alt den Acht seo ar a bhfuil an uimhir sin mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'Acht éigin eile í.

Caiteachas.

4. —Déanfar, a mhéad a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachfar ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

5. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a aisghairm a mhéad a shonraítear sa tríú colún.

Oifigigh, oifigí, cláir, ionstraimí agus doiciméid láithreacha a choimeád ar bun.

6. —(1) Gach údarás clárúcháin agus gach oifigeach eile atá ag gníomhú faoi na hachtacháin aisghairthe, leanfaidh siad de bheith ag gníomhiú amhail is dá mba faoin Acht seo a ceapadh iad.

(2) Gach oifig a bunaíodh faoi na hachtacháin aisghairthe, leanfar de bheith á húsáid faoin Acht seo.

(3) Aon chlár atá á chothabháil faoi na hachtacháin aisghairthe, beidh sé ina chuid den chlár iomchuí faoin Acht seo.

(4) Gach ionstraim agus doicimeád a rinneadh nó a eisíodh faoi na hachtacháin aisghairthe, má bhí siad i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus beidh bailíocht acu ionann is dá mba faoin Acht seo a rinneadh nó a eisíodh iad.