|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1962, a Leasú.) |
AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE (LEASÚ), 1964
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1960, a Leasú. | |
[EN] |
Léiriú agus comhlua. |
6. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960 . | |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1964, a ghairm de na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 to 1960, agus den Chuid seo den Acht seo le chéile. | |
[EN] |
Alt 3 den Phríomh-Acht a leasú. |
7. —Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2) d'alt 3 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 8 d'Acht 1960: |
[EN] | “(1) Íocfar mar thuarastal leis an Taoiseach suim bhliantúil nach mó ná £3,300 agus íocfar mar thuarastal le gach comhalta eile den Rialtas suim bhliantúil nach mó ná suim £2,200. | |
[EN] | (2) Íocfar mar thuarastal le gach Rúnaí Parlaiminte a cheaptar faoi alt 7 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 , agus nach ndearbhaítear, le téarmaí a cheaptha, é a bheith á cheapadh gan tuarastal, suim bhliantúil nach mó ná £1,320”. | |
[EN] | (2) Measfar an t-alt seo agus na ceithre alt ina dhiaidh seo a theacht i ngníomh an lú lá de Mheitheamh, 1964. | |
[EN] |
Alt 4 den Phríomh-Acht a leasú. |
8. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 4 den Phríomh-Acht arna leasú le hAlt 9 d'Acht 1960: |
[EN] | “4. Íocfar mar thuarastal leis an Ard-Aighne suim bhliantúil nach mó ná suim £3,850.” | |
[EN] |
Alt 5 den Phríomh-Acht a leasú. |
9. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht arna leasú le halt 10 d'Acht 1960: |
[EN] | “(1) Íocfar mar thuarastal le Cathaoirleach Dháil Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £2,200, agus íocfar mar thuarastal le Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £935.” | |
[EN] |
Alt 6 den Phríomh-Acht a leasú. |
10. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 6 den Phríomh-Acht arna leasú le halt 11 d'Acht 1960: |
[EN] | “(1) Íocfar mar thuarastal le Cathaoirleach Sheanad Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £1,375, agus íocfar mar thuarastal le Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £550.” | |
[EN] |
Alt 10 den Phríomh-Acht a leasú. |
11. —Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) go (3) d'alt 10 den Phríomh-Acht arna leasú le halt 13 d'Acht 1960: |
[EN] | “(1) I gcás a mbeidh Páirtí cháilithe amháin, agus nach mbeidh níos mó ná sin ann, íocfar mar liúntas le haghaidh costas le Treoraí an Pháirtí sin suim bhliantúil £5,040. | |
[EN] | (2) I gcás a mbeidh dhá Pháirtí cáilithe, agus nach mbeidh níos mó ná sin, ann— | |
[EN] | (a) íocfar mar liúntas le haghaidh costas le Treoraí an chinn sin is mo líon i nDáil Éireann de na Páirtithe cáilithe suim bhliantúil £3,360, agus | |
[EN] | (b) íocfar mar liúntas le haghaidh costas le Treoraí an Pháirtí cháilithe eile suim bhliantúil £1,680. | |
[EN] | (3) I gcás a mbeidh trí Pháirtí cháilithe nó níos mó ann— | |
[EN] | (a) íocfar mar liúntas le haghaidh costas le Treoraí an chinn sin is mó líon i nDáil Éireann de na Páirtithe cáilithe suim bhliantúil £2,520, | |
[EN] | (b) íocfar mar liúntas le haghaidh costas le gach duine de Threoraithe na bPáirtithe cáilithe eile suim bhliantúil £2,520 arna roinnt ar uimhir na bPáirtithe cáilithe eile.” |